RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: Cúrsaí óil (ar lean.)

Bhí an t-ádh dearg ar an cheathrar go bhfuair siad an bus nó bhí sé garbh go maith agus ní raibh fonn dá laghad orthu tabhairt faoin turas de shiúl na gcos. Bhí an chóisir lom lán daoine fán am seo. Bhí cuid acu crom isteach ar chomhrá agus cuid mhaith acu ar bhuail néal codlata iad.

Cé go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s’againne ní raibh iomrá ar bith ar chodladh. Bhí cannaí beorach agus buidéil cider ceannaithe acu nó, cé go raibh an t-airgead gann, ní ligfeadh an náire do Dhónall tarraingt ar theach Úna agus a dhá láimh chomh fada lena chéile. Cibé, mar a dúirt Cian, “Níl a dhath níos measa ná cuma na hainnise a bheith ar dhuine.”

Go hádhúil, oíche mar seo, bhí stad na mbus fá cheann cúpla céad troigh de theach na cóisire. Léim siad den bhus agus thug siad rúid i dtreo an tí. Bhí an doras foscailte agus siúd leo isteach. Ní raibh Úna le fáil thíos ná thuas ach níor cronaíodh i bhfad í nó bhí lán á ndá súil rompu.

Bhí stócach donn-rua ina sheasamh ar leic an dorais agus a cheann crochta os cionn ráillí an staighre. “Bog leat go gasta. Tá sé siúd caoch agus níl a dhath níos cinntí ná go mbeidh sé ag tarraingt orla bomaite ar bith anois,” arsa Deirdre. Bhí an ceart aici. Bhuail an boladh Síle sa bhéal agus tháinig cinéal samhnais uirthi. Ionnach go raibh an cider ag teacht aniar uirthi anois cé nach raibh cuma air gur chuir sé amach ná isteach ar aon duine eile.

Thall ag taobh na fuinneoige bhí péire a bhí chomh caol le cú. Chuir Cian sonrú sa chuma anbhann mhílítheach a bhí orthu agus, dá ainneoin féin, thug sé cluas le héisteacht don chomhrá. “Tá mo sháith agam,” arsa sise, agus í ag amharc síos ar ghríodán dí ar thóin a gloine. Ach níor éist an fear fada léi agus steall sé amach gloine eile. “Slog siar anois é,” ar sé “ní dhéanfaidh sé lá dochair duit.” Níor thóg sí a ceann ar chor ar bith ach níor ól sí deor. Thráigh an deoch i ngloine an fhir fhada i bhfaiteadh na súl.

Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar ná beag ramhar. Bhí sé ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir sé fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis. Níos faide suas ar choirnéal an staighre bhí plásaí ceart a bhí ag déanamh suas le bean bheag chruinn a raibh lorg an óil uirthi. Le sin, seo anuas thart orthu uilig Úna agus bhí cár millteanach uirthi.

“Caidé atá ort?” arsa Cian.

“Caidé atá orm!” arsa Úna. “Inseoidh mé duit caidé atá orm. Chuir duine inteacht rud inteacht i mo dheoch a thiontaigh mo ghoile agus tá mé i ndiaidh a bhfuil i mo chorp a chur amach.”

Cinnte chuirfeadh sin cár ar dhuine ar bith ach d’aithin sé go raibh ruball ar an scéal agus go mbeadh Liam ar an ruball sin. Agus bhí.

“An bhfaca tú Liam?” ar sí. “Bhí sé ag dul thart ag líodóireacht ar streabhóg fhionn níos luaithe anocht. Fan go bhfaighidh mise greim air.”

Seanscéal agus coincleach air,” arsa Cian leis féin. “Bheadh an té a rachadh eatarthu thíos leis.” Ní dhearna sé ach deoch uisce a thairiscint di ó tharla í a bheith tinn. “Ní bhainim de,” arsa Úna agus d’fhág sí Cian ina sheasamh ansin ina stacán.

Bhí an triúr eile ina suí ag amharc uathu, nuair a chí siad Peadar ag tarraingt orthu.

“An bhfeiceann tú anall!” arsa Dónall. “Caithfidh sé gur mhothaigh sé boladh an ólacháin. Sin diúlach nár sheas deoch d’aon duine ariamh. Dá gcuirfeadh sé a lámh ina phóca, thitfinn thart.”

“Órú, caith canna beorach chuige,” arsa Deirdre, “nó ní bheinn gaibhte ag éisteacht leis an lustráil a bheas air ar thóir dí.”

“Ar mhaith leat canna beorach?” arsa Dónall le Peadar.

Nach sin a guth a fuair an freagra,” arsa Síle le Deirdre. “Féadann sé fad a bhaint assin a chuid anocht.”

“Gur ba buan beo muid an t-am seo ar an bhliain seo chugainn,” arsa Peadar agus shiúil sé leis.

Suigh fút anois,” arsa Síle le Cian. “Cén siúl a bhí ort cibé?

“Bhí mé ag caint le Úna.”

“Caidé a bhí ag cur bhuartha uirthse?”

“Ó, tá an port amháin aici ar fad.”

“Liam, a’ beith?” arsa Síle “Tá sé ina chuilceach, ach i ndiaidh sin is eile, beidh sí ag sodar ina dhiaidh sula mbeidh an oíche amuigh. Tá sí so-mhaiteach, sin a trioblóid.”

“Fuist anois, seo anall Deirdre, agus má chuireann sise a soc sa scéal éireoidh raic,” arsa Cian.

Ní raibh gíog ná míog as Dónall le tamall anois, rud a bhí ag déanamh iontais dona lucht aitheantais. Ach is ag déanamh athchognadh ar an chóisir dheireanach a raibh siad aici a bhí sé agus labhair sé sa deireadh.

“An bhfuil cuimhne agaibh ar mhaidin Dé Domhnaigh seo a chuaigh thart?” ar seisean.

“Ó, tá sé ar obair,” arsa Deirdre. “Tá am baile ann.”

“Níl iontas ar bith duitse a bheith ar do sheachaint,” arsa Dónall, “nó bhí tú mar a bheadh an bás ann. Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann.”

“An mothaíonn tú an fear atá ag caint!” arsa Deirdre. “Bhí sé féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.”

“Ní mise a bhí sínte ar shlat mo dhroma ag bun an staighre ar a trí a chlog ar maidin,” arsa Dónall. “B’éigean domh tú a chaitheamh thar mo ghualainn agus níl mo dhroim i gceart ó shin.”

Is mór sin ort,” arsa Deirdre.

“Seo,” arsa Síle, “siúlaigí libh sula mbeidh cogadh dearg idir an bheirt seo.”

“Gheobhaidh mise tacsaí,” arsa Cian, agus fuair, nó ní raibh lá suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoin “chloigeann mhór”, “an teangaidh ramhar”, “an goile dóite”, “an samhnas le bia” nó “tinneas póite”. Bhí sé cluinste uilig roimhe aige.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.