RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag siopadóireacht le déagóir.

Ní raibh Gráinne ag tnúth leis an bhabhta siopadóireachta a bhí roimpi ar chor ar bith agus ba lú ná sin a bhí Aoife ag tnúth leis. Bhí Aoife ina déagóir déanta anois agus níorbh eagla don bheirt chéanna a bheith ar an phort amháin fá na gnóthaí seo. Ach ní raibh dul uaidh – bhí ag Aoife le héadach úr a cheannacht do bhainis agus, mar bharr ar an donas, is sciorta nó culaith a bheadh le ceannacht aici nó bhí bríste cneasta uirthi.

“Seo, caith ort,” arsa Gráinne. “Má fhanann muid i bhfad eile beidh na siopaí dubh le daoine agus ní bhfaighidh muid a theacht thart.”

Bhí Gráinne ag smaointiú go mbeadh a sáith roimpi agus gan í a bheith ag troid a bealaigh fríd slóite daoine.

Rinne Aoife cinéal de ghnúsachtach. B’fhéidir go sílfeadh strainséir gur droch-chomhartha sin ach bhí an oiread sin de chleachtadh ag Gráinne uirthi agus gur thuig sí an difear idir gnúsachtach amháin agus an ceann eile agus ba seo ceann a dúirt: “Rachaidh mé ach ná bí ag dúil liom sult a bhaint as”.

Sa charr a chuaigh siad chuig an ionad siopadóireachta agus, cé go raibh turas fiche bomaite ann, níor labhair ceachtar acu focal. Bhí Gráinne á sabháil féin don rud a bhí roimpi agus bhí soc mór fada ar Aoife cionn is nach dtiocfadh léi brístí a chaitheamh chun na bainse.

Chuir siad an carr sa charrchlós agus fuair Gráinne ticéad ón inneall páircéala. D’amharc sí thart go bhfeicfeadh sí cá raibh Aoife agus bhí sí cúpla céim chun deiridh uirthi mar ba ghnách, nó níor mhaith go bhfeicfeadh aon duine dá cuid cairde í amuigh ag siopadóireacht lena máthair.

“Ní dócha gur smaointigh sí riamh,” arsa Gráinne léi féin, “go mbeinn féin ar an chleas céanna.” Bhí alltacht ar Ghráinne corruair nuair a chonaic sí an éide a bheadh ar Aoife. Ní raibh cuma chóirithe uirthi choíche. Leoga, bhí cuma chomh húcaiste sin uirthi go dtabharfá mionna gur ina luí amuigh seachtain a bhí sí. Ní raibh maith a bheith léi fán ghruaigbhéarfadh sé gráinneog fhéir i do cheann agus bhí cuma shalach, leathnite uirthi i gcónaí. Agus an t-éadach, bhí a bhunús dubh ach gur ceadaíodh gur corr-rud mire dearg nó corcra anois agus arís, a fhad is go raibh an dubh in uachtar.

Bhí Aoife chomh caol le cú ach bheadh sé chomh maith aici a bheith mar a bheadh taobh cnoic ann, nó ní fheicfeá a cruth faoin éadach mór musach a chaith sí. Bhí muinchillí gach geansaí dá raibh uirthi síos thart fá ailt a cuid méar agus an geansaí féin beagnach síos go dtí an dá ghlúin uirthi. Bhí péire brístí uirthi a bhí mar a bheadh seoltaí báid ann agus bhí an fháithim chomh fada sin go raibh sé ag bualadh an talaimh, agus bhéarfá mionna go raibh ainmhní inteacht i ndiaidh a bheith ag cognadh uirthi. Níos minicí ná a mhalairt bheadh siad báite fosta, nó lá fearthainne bheadh an t-uisce suaite suas cúpla orlach ar chúl gach cois.

“Déan deifre, a Aoife,” arsa Gráinne. “Rachaidh muid go *Debenhams *ar tús.”

Debenhams!” arsa Aoife.

“Cad é atá contráilte le Debenhams!”

“Sin siopa seandaoine,” arsa Aoife.

“Seandaoine!” arsa Gráinne. “Ní hé leoga. Siúil leat agus féadann tú an smut sin a chaitheamh díot anois nó scanróidh tú lucht an tsiopa.”

“Nach tú atá greannmhar,” arsa Aoife agus pus uirthi.

Dhiúltaigh Aoife gach ball dár thairg Gráinne di i Debenhams. Thug Gráinne suas sa deireadh. “Tá mé tinn ag amharc ort ag cur gaosáin ort féin. Cá bhfuil tusa ag iarraidh a dhul?” arsa Gráinne.

Cult,” arsa Aoife agus d’imigh sí ar chos in airde i dtreo an dorais.

Thit croí Ghráinne nuair a chonaic sí Cult. Bhí sé ag siúl le déagóirí agus bhí an ceol chomh hard sin go dócha go mbeadh gach duine dearg acu bodhar sula mbeadh siad daichead. Ba léir nach raibh Aoife ag iarraidh í a dhul isteach, ach is isteach a rachadh sí, nó is aici a bhí an sparán. Ní ag déanamh scéal fada gairid atá mé nuair a deirim ach raibh siad ag teacht le chéile fá éadach a phioc Aoife ach ghéill Gráinne sa deireadh nó bhí an dá chos síos léi, bhí sí leathbhodhar agus thuig sí go raibh fiche máthair eile ar a laghad amuigh ansin a raibh iníon acu a bhí ar chuma Aoife. B’fhéidir go mbeadh cúpla duine acu ag an bhainis.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.