Taisce Focal
Gordon McCoy, Gordon McCoy, Róise Ní Bhaoill Róise Bhaoill

Ábhar d’fhoghlaimeoirí ag an mheán- agus ardleibhéalMaterial for learners at intermediate and advanced levels

Taisce Focal

Sa tsraith seo, cuireann Róise Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach . An mhí seo: Cúrsaí óil (ar lean.)

Bhí an t-ádh dearg ar an cheathrar go bhfuair siad an bus bhí garbh go maith agus raibh fonn laghad orthu tabhairt faoin turas de shiúl na gcos. Bhí an chóisir lom lán daoine fán am seo. Bhí cuid acu crom isteach ar chomhrá agus cuid mhaith acu ar bhuail néal codlata iad.

go raibh an deoch ag breith ar cheathrar s’againne raibh iomrá ar bith ar chodladh. Bhí cannaí beorach agus buidéil cider ceannaithe acu , go raibh an t-airgead gann, ligfeadh an náire do Dhónall tarraingt ar theach Úna agus a dhá láimh chomh fada lena chéile. Cibé, mar a dúirt Cian, “Níl a dhath níos measa cuma na hainnise a bheith ar dhuine.”

Go hádhúil, oíche mar seo, bhí stad na mbus cheann cúpla céad troigh de theach na cóisire. Léim siad den bhus agus thug siad rúid i dtreo an . Bhí an doras foscailte agus siúd leo isteach. raibh Úna le fáil thíos thuas ach níor cronaíodh i bhfad í bhí lán á ndá súil rompu.

Bhí stócach donn-rua ina sheasamh ar leic an dorais agus a cheann crochta os cionn ráillí an staighre. “Bog leat go gasta. siúd caoch agus níl a dhath níos cinntí go mbeidh ag tarraingt orla bomaite ar bith anois,” arsa Deirdre. Bhí an ceart aici. Bhuail an boladh Síle sa bhéal agus tháinig cinéal samhnais uirthi. Ionnach go raibh an cider ag teacht aniar uirthi anois nach raibh cuma air gur chuir amach isteach ar aon duine eile.

Thall ag taobh na fuinneoige bhí péire a bhí chomh caol le . Chuir Cian sonrú sa chuma anbhann mhílítheach a bhí orthu agus, ainneoin féin, thug cluas le héisteacht don chomhrá. “ mo sháith agam,” arsa sise, agus í ag amharc síos ar ghríodán ar thóin a gloine. Ach níor éist an fear fada léi agus steall amach gloine eile. “Slog siar anois é,” ar dhéanfaidh dochair duit.” Níor thóg a ceann ar chor ar bith ach níor ól deor. Thráigh an deoch i ngloine an fhir fhada i bhfaiteadh na súl.

Ina shuí ag bun an staighre bhí fear nach raibh mór míofar beag ramhar. Bhí ar steallaí ar meisce agus bhí an aghaidh chomh lasta sin aige gur chuir fonn ar Chian a dhul anonn agus a ghoradh a dhéanamh leis. Níos faide suas ar choirnéal an staighre bhí plásaí ceart a bhí ag déanamh suas le bean bheag chruinn a raibh lorg an óil uirthi. Le sin, seo anuas thart orthu uilig Úna agus bhí cár millteanach uirthi.

Caidé atá ort?” arsa Cian.

Caidé atá orm!” arsa Úna. “Inseoidh duit caidé atá orm. Chuir duine inteacht rud inteacht i mo dheoch a thiontaigh mo ghoile agus i ndiaidh a bhfuil i mo chorp a chur amach.”

Cinnte chuirfeadh sin cár ar dhuine ar bith ach d’aithin go raibh ruball ar an scéal agus go mbeadh Liam ar an ruball sin. Agus bhí.

An bhfaca Liam?” ar . “Bhí ag dul thart ag líodóireacht ar streabhóg fhionn níos luaithe anocht. Fan go bhfaighidh mise greim air.”

Seanscéal agus coincleach air,” arsa Cian leis féin. “Bheadh an a rachadh eatarthu thíos leis.” dhearna ach deoch uisce a thairiscint di ó tharla í a bheith tinn. “ bhainim de,” arsa Úna agus d’fhág Cian ina sheasamh ansin ina stacán.

Bhí an triúr eile ina suí ag amharc uathu, nuair a chí siad Peadar ag tarraingt orthu.

An bhfeiceann anall!” arsa Dónall. “Caithfidh gur mhothaigh boladh an ólacháin. Sin diúlach nár sheas deoch d’aon duine ariamh. gcuirfeadh a lámh ina phóca, thitfinn thart.”

Órú, caith canna beorach chuige,” arsa Deirdre, “ bheinn gaibhte ag éisteacht leis an lustráil a bheas air ar thóir .”

Ar mhaith leat canna beorach?” arsa Dónall le Peadar.

Nach sin a guth a fuair an freagra,” arsa Síle le Deirdre. “Féadann fad a bhaint as sin a chuid anocht.”

Gur ba buan beo muid an t-am seo ar an bhliain seo chugainn,” arsa Peadar agus shiúil leis.

Suigh fút anois,” arsa Síle le Cian. “Cén siúl a bhí ort cibé?

Bhí ag caint le Úna.”

Caidé a bhí ag cur bhuartha uirthse?”

Ó, an port amháin aici ar fad.”

Liam, a’ beith?” arsa Síle ina chuilceach, ach i ndiaidh sin is eile, beidh ag sodar ina dhiaidh sula mbeidh an oíche amuigh. so-mhaiteach, sin a trioblóid.”

Fuist anois, seo anall Deirdre, agus chuireann sise a soc sa scéal éireoidh raic,” arsa Cian.

raibh gíog míog as Dónall le tamall anois, rud a bhí ag déanamh iontais dona lucht aitheantais. Ach is ag déanamh athchognadh ar an chóisir dheireanach a raibh siad aici a bhí agus labhair sa deireadh.

An bhfuil cuimhne agaibh ar mhaidin Domhnaigh seo a chuaigh thart?” ar seisean.

Ó, ar obair,” arsa Deirdre. “ am baile ann.”

Níl iontas ar bith duitse a bheith ar do sheachaint,” arsa Dónall, “ bhí mar a bheadh an bás ann. Bhí do dhá shúil sáite thiar i do cheann.”

An mothaíonn an fear atá ag caint!” arsa Deirdre. “Bhí féin breá dubh fána súile agus bhí an oiread sin de chloigeann mhór air nach bhfuair muid focal i rith an lae.”

mise a bhí sínte ar shlat mo dhroma ag bun an staighre ar a trí a chlog ar maidin,” arsa Dónall. “B’éigean domh a chaitheamh thar mo ghualainn agus níl mo dhroim i gceart ó shin.”

Is mór sin ort,” arsa Deirdre.

Seo,” arsa Síle, “siúlaigí libh sula mbeidh cogadh dearg idir an bheirt seo.”

Gheobhaidh mise tacsaí,” arsa Cian, agus fuair, raibh suime aige sa tseanrámhailligh a bhí ar Dhónall faoinchloigeann mhór”, “an teangaidh ramhar”, “an goile dóite”, “an samhnas le biatinneas póite”. Bhí cluinste uilig roimhe aige.

Róise Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.