RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: ag bogadh go teach nua.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

“Cúlaigh leat,” arsa Máire, agus Seán ag iarraidh an veain a chúlú isteach idir dhá chuaille an gheafta. “Bí cúramach nó bainfidh tú an soc den veain! Tá sé cúng go maith.”

Bhí go leor os coinne Sheáin agus é ag iarraidh dul i dtaithí ar an bheathach de veain a bhí leis agus gan Máire a bheith ag guldarnaigh leis. Níorbh ionann é ar chor ar bith agus tiomáint chairr. B’éigean dó a mhuinéal a chasadh siar chomh fada agus a thiocfadh leis, leathshúil a bheith aige ar an bhealach mhór agus ar an scáthán le déanamh cinnte nach raibh ag teip air “ball dall” ar bith a fheicéail. D’éirigh leis sa deireadh cibé agus tharraing sé an veain suas fá cheann cúpla slat de dhoras tosaigh an tí. D’éirigh Seán amach as an veain agus, le cuidiú Mháire, d’oscail sé na doirse cúil.

“Bhuel,” arsa Máire, “cén dóigh is fusa tabhairt faoi seo?”

“Ó tharla gan ach an bheirt againn a bheith ina cheann, níl a dhath fána choinne ach na bocsaí a thabhairt isteach ceann ar cheann. Tá an oiread sin de chloigeann mhór orm nár smaointigh mé ar throllaí a bheith liom,” arsa Seán.

“Beidh mé i gceart i gceann na mbocsaí beaga,” arsa Máire, “ach níl a fhios agam a mbeidh mé ábalta ag na rudaí móra.”

“Fágfaidh muid iad sin go dtí an deireadh agus impróidh muid eadrainn iad,” ar seisean.

Chaith siad leathuair nó mar sin ag iompar na mbocsaí beaga amach agus isteach agus nuair a tháinig siad a fhad leis an chéad cheann mór, dúirt Máire, “Suigh fút ansin tamall agus déan scíste. Beidh sé uilig de dhíth le dul i gceann na gcuilcigh mhóra seo.”

Chuir Seán a thóin le leic na fuinneoige agus shuigh Máire ar leic an dorais agus lig siad a n-anáil ar feadh cúig nó deich mbomaite.

“Seo bhoil,” arsa Seán, “ní bhogfaidh siad iad féin. Féadann muid muid féin a chraitheadh.”

Shín Seán isteach sa veain, bheir ar bhocsa mór agus rinne sé iarraidh á tharraingt aniar ina threo féin. Níor bhog sé órlach. Léim sé isteach sa veain agus chuaigh sé taobh thiar de agus chuir sé a ghualainn agus a leis leis agus bhrúigh sé an bocsa chun tosaigh.

“Ná bain dó anois go mbeidh muid beirt faoi nó gortóidh tú tú féin,” arsa Seán agus léim sé amach as an veain arís.

“Beir thusa ar an taobh abhus agus rachaidh mise faoin taobh thall,” ar seisean.

“Íosa Mhuire,” arsa Máire, “cad é faoi Dhia atá istigh ann seo? Tá meáchan iontach ann. Ní bheadh ionam á iompar a fhad leis an tseomra suí gan scíste a ghlacadh.”

“Dhéanfaidh muid sin, bhoil,” arsa Seán agus é ag smaointiú go mbeadh sé aníos agus síos le bocsaí i rith an lae más sin an cás.

Ach bíodh sin is eile, bhí an seomra suí breac le bocsaí sula raibh meán lae ann. Bhí siad brúite suas in éadan na mballaí agus trí nó ceithre bhocsa ar mhullach a chéile acu. Leis sin, bhuail Máire a méar ar a ceann agus dúirt os ard, “A dhobhráin!

“Cad é atá contráilte anois?” arsa Seán.

Cad é do mheas, anois?” arsa Máire agus í ag amharc ar na bocsaí.

Sin nuair a thit an phingin. Bhí na lipéidí uilig curtha ar bharr gach bocsa agus nuair a bhí siad uilig i mullach a chéile mar a bhí ní rabhthar ábalta á léamh.

Amadáin déanta,” arsa Seán ach ní raibh mórán a thiocfadh leo a dhéanamh faoi anois agus thiontaigh siad ar an obair arís.

Sin go díreach an tuige a bhfostaítear dreamanna proifisiúnta lena leithéid a dhéanamh,” a dúirt Máire léi féin agus lean sí Seán amach chuig an veain.

“Cad é atá fágtha anois?” ar sise.

“Níl mórán ar bith fágtha ach an ríomhaire agus cúpla lampa,” arsa Seán. “Bhí siad dingthe isteach go maith agam nó bhí eagla mo chroí orm go mbrisfí an ríomhaire nó níl árachas féin agam air.”

“Sílimse gur cheart dúinn na leapacha a dhéanamh suas ar tús nó beidh muid róthuirseach le tabhairt fúthu má fhágann muid go dtí an deireadh iad,” arsa Máire.

Ach ní raibh gar do Mháire a bheith ag caint leis. Siúd suas ar an veain é go bhfeicfeadh sé an raibh an ríomhaire ina phíosa amháin. Ní raibh de dhochar déanta ach go raibh téada na lampaí a bhí taobh leis an ríomhaire in aimhréitigh. “Buíochas do Dhia,” ar seisean.

Phill siad ar an teach. “Cá gcuirfidh mé na comhaid seo?” arsa Máire.

“Ar an tseilf bairr is dócha,” a d’fhreagair sé. “Ach cuir na lámhleabhair ar an tseilf láir agus ar an tseilf buin nó beidh mé ag tagairt daofa sin níos minicí.”

“Féadann siad a bheith fá fhad sínte duit agus tú ag iarradh scarbhileoga a fhoghlaim cibé,” a dúirt Máire.

“Cad é fá na flat packs *seo?” arsa Seán. Bhí leisce air fiú smaointiú orthu ag an phointe seo. Níor lú air an diabhal ná *flat packs. Ní bheadh éalú ó chur an fhútóin le chéile nó bheadh orthu luí ar an urlár gan é, agus chuir Seán scrios agus fiche ar an diabhal rud sula raibh sé i gceann a chéile aige.

“Sin sin,” ar seisean. “Ní rachaidh mé fá fhad scread asail do *flat pack *go ceann bliana.”

Bhí a fhios ag Máire gurbh fhearr neamhiontas a dhéanamh dó anois nuair a bhí an coirice in airde aige agus thosaigh sise a chóiriú an tseomra le cuma níos teolaí a chur air. Chuir sí suas cúpla pictiúr agus scáthán agus chuir sí baitíc mhór ar bhinn na tineadh.

Labhair Máire sa deireadh nuair a chonacthas di go dtáinig sé chuige féin rud inteacht.

“Is dócha go bhfuil tú marbh tuirseach, a thaiscidh,” ar sise.

“An droim atá ag cur orm. Tá na lámha síos liom fosta,” arsa Seán go truacánta, “agus tá mé stiúgtha leis an ocras.”

“Suigh thusa ansin anois,” ar sise, “agus ordóidh mise isteach bia. Chonaic mé clár bí do bhialann Shíneach ansin i measc an chnaip páipéar ag an doras.”

Dhéanfaidh sin mo ghnaithe,” arsa Seán. “Nach bhfuil buidéal fíona i dtaiscidh áit inteacht againn?”

“Tá,” arsa Máire, “agus tá a fhios agamsa go díreach cá bhfuil sé. Gheobhaidh mé na gloiní.”

Shuigh siad siar ag ól an fhíona a fhad agus a bhí siad ag fanacht lena gcuid.

Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.seanod.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.