RANNÓG NA bhFOGHLAIMEOIRÍ/TAISCE FOCAL
Taisce Focal
Róise Ní Bhaoill, Róise Ní Bhaoill, Gordon McCoy Gordon McCoy

Sa tsraith seo, cuireann Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy cora cainte agus focail i láthair atá le fáil sa Ghaeltacht ach nach mbeadh ar eolas ag mórán de lucht foghlamtha na Gaeilge. Díríonn siad ar théama faoi leith gach mí. An mhí seo: teach na faire, gnásanna ag baint leis an bhás.

Íomhá

Ní raibh Kitty sásta leis an chuma a bhí ar an teach lá na faire. Bhí iomghaoth sa doras aici agus d’fhág sin idir pháipéar agus dhuilleogaí ina luí i mbéal an dorais. “A Derek, a chroí, an ndéanfá grá Dé agus an rud atá cruinn thart faoin doras a ghlanadh suas. Tá droch-chuma amach air,” arsa Kitty. Ní raibh a raibh fán doras ag cur lá buartha ar Derek agus mheas sé nár cheart dó a bheith ina ábhar buartha ag duine ar bith a raibh fios gnaithe aige agus iad ag tarraingt ar theach faire. “Ach ina dhiaidh sin agus eile níl a dhath is iontaí ná an duine. Is dócha go mbeidh go leor anseo nach mbeidh ag cur bhuartha orthu ach a ngaosán,” ar seisean leis féin. Chuaigh sé amach cibé agus scuab leis, agus chruinnigh sé suas a raibh amuigh. Ar ndóighe saothar in aisce a bhí ann nó is cinnte go mbeadh sé chomh holc agus a bhí ariamh taobh istigh de dheich mbomaite. Ní raibh fonn air a dhul i gcoinne a mháthar inniu thar lá ar bith eile. Bhí scaifte mór ag tarraingt ar an teach rud nárbh iontach i gceantar tuaithe mar seo. Bhí an nós ann ar fad a dhul ag tórraimheacha na gcomharsan sa dá pharóiste agus lean mac athar sa deasghnáth sin. Bheadh an teach dubh le daoine sula dtiocfadh an oíche. Bhí Myrtle bhocht ina luí thíos sa tseomra leapa cúil. Bhí an fhuinneaog foscailte agus bhí dhá choinneal ar thábla beag sa choirnéal. Ní sásta a bhí na comharsanaigh nuair a chuaigh siad isteach agus cónair dhruidte a fheicéail ina suí rompu. Is cinnte nach raibh sin ag luí le gnás, ach bíodh sin mar atá, mhionnaigh siad di gur sin mar a bheadh nó níor mhian le Myrtle achan duine faoin spéir a bheith ag amharc isteach uirthi ag rá “Orú, nach í atá cosúil léi féin”. Bhí ailse ar Myrtle le dhá bhliain anois agus ionach nach raibh sí imithe as aithne glan. Chrup sí isteach uirthi féin sna míonna deireanacha agus cha raibh pioc feola fágtha uirthi. Bean bhreá aclaí ab í Myrtle ach bhí deireadh sin goidte ag an ghalar bhradach agus in áit an bhláth a bhíodh i gcónaí ar a craiceann bhí imir mhífholláin bhuí. Ní raibh clann ar Myrtle ach bhí dáimh i gcónaí aici le páistí Kitty. Agus bhí siad uilig cruinn thart uirthi anocht. Bhí Bríd bheag sa tseomra ó tháinig an corp agus ní fheicfeá an dá shúil ina ceann leis an chaoineadh. Bhí Damien ina sheasamh sa halla agus gan focal as. Bhí Méabh sa chistin agus í ag cur oird ar achan rud. “Ní thiocfadh leat na ceapairí sceite sin a thabhairt d’aon duine. Caith sa tine iad. Dhéanfaidh muid tuilleadh,” arsa Méabh. Moladh léi nó bhí a fhios ag gach duine dá suífeadh sí bomaite go ligfeadh sí le sruth agus nach mbeadh ceansú le déanamh uirthi. Bhí sí féin agus Myrtle iontach mór le chéile. Chrothnódh sí go millteanach í. Bhí na páistí níos óige ag dul thart ag dáileadh ceapairí agus ag doirteadh tae. Cibé nach raibh istigh bhí siad ag crochadh thart fán doras. “Bagair ar na páistí sin,” arsa Kitty. “Níl siad ach i lár an chosáin.” “Órú, lig daofa,” arsa Nuala. “Nach cuma.” “Leoga, is agat atá an ceart. Tabhair cead a gcinn daofa nó níl ann ach seal ár gcuarta,” arsa Kitty. Bhí an teach lán le seo agus bhí a raibh cruinn isteach ag inse a scéil féin faoi Myrtle. Tharraing scéal amháin scéal eile agus sula raibh an oíche istigh ní raibh corr ná alt dá saol nach raibh pléite. Is iomaí rud a chuala sí an oíche sin faoi Myrtle a chuir a sáith iontais ar Kitty agus ar go leor eile dá raibh cruinn. Ní raibh le cluinstean ach “an raibh a fhios agat go ndearna sí ‘seo’ nó ‘siúd’”. Bhí sé mall agus bhí lá trom rompu amárach. Chuaigh Kitty thart ar theach an torráimh ar thóir a héillín féin. Nuair nach dtiocfadh léi a theacht ar Emer smaoinigh sí nach raibh acmhainn ar bith aici ar thórraimheacha nó ar scaiftí. Is dócha gur éalaigh sí cheana féin. Bhí sé doiligh tabhairt orthu a dhul a luí anois ach bheadh athrach scéil ann nuair a thiocfadh an mhaidin. Tháinig sí ar Damien ina sheasamh san áit ar fágadh é. Bhí a fhios ag Kitty go gcaoinfeadh sé uisce a chinn sula dtiocfadh an mhaidin. Bhí a fhios aici fosta gur sin go díreach an rud a dhéanfadh sí féin. “Bois cois,” arsa sise léi féin agus í ag tarraingt ar dhoras an tseomra. Tá Róise Ní Bhaoill agus Gordon McCoy ag obair le hIontaobhas ULTACH i mBéal Feirste.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.