Sa Bhrasaíl, is mó ná riamh an tóir atá ar na creidimh atá bunaithe ar úsáid tae Santo Daime – nó Ayahuasca, mar is fearr aithne air san Eoraip. Chuaigh Alex Hijmans go dufair na hAmasóine chun blaiseadh den tae rúndiamhrach seo.
Thosaigh mo thaithí le Santo Daime le tae eile ar fad – an tae glas. Tógaim buidéal den tae glas liom gach lá go dtí an t-ionad aclaíochta sa chathair ina bhfuil conaí orm, Salvador, in oirthuaisceart na Brasaíle. Bíonn úinéir an ionaid aclaíochta ag magadh fúm: “Cén mhaith atá sa tae sin?” Lá amháin, thug mé pacáiste de dhuilleoga tae glas dó mar bhronntanas. Chuir mé ceist air céard a cheap sé de seachtain ina dhiaidh sin. “Thug mé do mo mháthair é,” a dúirt sé. “Ní maith liom tae. An t-aon tae a ólaim ná tae Santo Daime.” Ba bheag nár thit mo bhéal ar oscailt. Bhí cloiste agam faoi Santo Daime: tae rúndiamhrach as an Amasóin a chuireann siabhrán ort. Baineann reachtaíocht righin lena úsáid. Ní ceadmhach é a ól ach i gcomhthéacs creidimh amháin: áirítear mar dhruga é, agus tá cosc air sa chuid is mó de thíortha an domhain.
“Ólann tusa Santo Daime?” a d’fhiafraigh mé d’úinéir an ionaid aclaíochta, nach bhfuil an chuma air a bheag nó a mhór go mbacfadh sé le rud a bhfuil blas an nua-aoiseachais air. “Cá háit?” “Anseo,” a dúirt sé, straois leathan gháire ar a aghaidh. “Bíonn deasghnáth againn i seomra na n-ealaíon troda gach ré Domhnach.”
Domhnach an Iomraimh
Cúpla Domhnach ina dhiaidh sin, bhí mé féin i mo shuí sa seomra sin, mo chéad chupán den tae faoin bhfiacail agam (tá blas garg air.) Bhí cúigear againn ann: úinéir an ionaid aclaíochta, beirt fhear eile a thraenálann ann, agus deartháir úinéir an ionaid aclaíochta, Luciano.
Thosaigh Luciano, léachtóir staire i gceann d’ollscoileanna Salvador, ag ól Santo Daime breis is scór go leith bliain ó shin, nuair a bhí a leithéid go hiomlán i gcoinne an dlí. Sa lá atá inniu ann, is ball é den Barquinha (‘An Báidín’) mar a thugtar ar chraobh amháin de chrann na n-eaglaisí Santo Daime, a bhfuil a fhréamhacha i ndufair na hAmasóine. Is é a reachtálann deasghnáth an Barquinha i gcathair Salvador. Cheal áit níos oiriúnaí, úsáideann sé ionad aclaíochta a dhearthár mar theampall.
Dhá chomhábhar atá sa tae: duilleog agus féitheach nach bhfásann ach i ndufair na hAmasóine. Tá dhá fheidhm éagsúla acu. Tá damhna sa duilleog a chothaíonn riocht sicideileach; ach tá einsím i mbéal an duine a scriosann í. Tá damhna eile san fhéitheach, áfach, a chuireann cosc ar an einsím seo: in uireasa an fhéithigh, ní bheadh tionchar ag an duilleog. Cén chaoi ar oibrigh dúchasaigh na hAmasóine – a ólann an tae le cuimhne na ndaoine – seo amach? Na spioraid a d’inis an rún dóibh, a deir siad féin.
I seomra na n-ealaíon troda san ionad aclaíochta, táim ag iarraidh cuimhneamh ar seo go léir, fad is atá an Choróin Mhuire á rá ag an gcuid eile. Meascán den Chaitliceachas, de chreidimh dhúchais na hAmasóine agus ruainne de na creidimh Afra-Bhrasaíleacha atá sna creidimh Santo Daime. Tá an Choróin Mhuire ceaptha drochspioraid a choinneáil i bhfad uainn fad is atáimid faoi thionchar an tae.
Ní thagann aon siabhrán orm. Ach éirím ciúin, thar a bheith ciúin: táim go domhain istigh ionam féin. Nuair a thagaim abhaile ní chodlaím néal: tá mo chéadfaí ar fad, mo chluasa ach go háirithe, ar bior: cloisim fuaimeanna nár thug mé suntas dóibh cheana. An mhaidin dár gcionn, tá soiléire neamhghnách ar an saol, amhail is gur baineadh díom spéaclóirí gréine a bhí orm i ngan fhios dom féin. Agus ní ar an saol fisiciúil amháin atá cuma níos gléine, ach ar mo chuid smaointe freisin. Tá ord agus eagar ar gach rud; feicim go soiléir cé hiad na rudaí a bhfuil tábhacht leo agus cé na rudaí nach bhfuil.
Marbh le Tae is Marbh gan É
Leathbhliain ina dhiaidh sin, táim i mo shuí i dteampall an Barquinha in Rio Branco, ardchathair Acre, an stáit as a dtagann an tae, in iarthar na Brasaíle ar fad. Tá an tae á ól go tráthrialta agam faoin am seo, cupán in aghaidh na coicíse, ach seo an chéad uair a ólaim dhá chupán le linn an aon deasghnátha amháin. Tá tionchar sa bhreis ag an dara cupán láithreach. Mothaím troime ag teacht orm, mar a bheadh cumhacht do mo choinneáil i mo shuí sa chathaoir. Mo shúile dúnta, feicim breacnú de línte ar dhathanna éagsúla á lúbadh féin isteach ina chéile, ag casadh, ag spraoi, timpeall agus timpeall orthu féin. Ag an am céanna, téann cantaireacht agus urnaí na gcreidmheach ar aghaidh gan stad gan staonadh. De réir a chéile, tagaim ar thuiscint dhomhain – a mhalairt ar fad den tuiscint a mbeifeá ag súil leis, b’fhéidir.
B’fhacthas dom níos mó ná riamh nach é – maith dom an Béarlachas agus an t-imeartas focal – creideamh eagraithe ‘mo chupán tae’. Má bhí teachtaireacht thábhachtach ag tae na ndúchasach dom, ba é seo é.
Scríbhneoir agus comhfhreagraí idirnáisiúnta é Alex Hijmans a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl. Tá an leabhar is déanaí uaidh, ‘Splancanna ó shaol eile’ (Cois Life), ar fáil ó An Siopa Gathering