AR NA SAOLTA SEO
Straitéis na hAlban
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

D’fhoilsigh Rialtas na hAlban a bplean do thodhchaí na Gàidhlige ar na mallaibh, ach is mór idir an straitéis seo agus a bhfuil á bheartú don Ghaeilge in Éirinn dar le Breandán Delap

Dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin in aitheasc a thug sé do Bhord Údarás na Gaeltachta, ar an 15 Nollaig 2005, gur “beag suáilcesochar, sonas nó gradam nach bhfuil bronnta go hoifigiúil ar an teanga seo ar bhealach amháin nó ar bhealach eile agus muid ag tabhairt aghaidh ar na deich mbliana cinniúna seo romhainn amach, idir 2006 agus 2016.” Go deimhin nuair a liostálfaí na buanna agus na deiseanna oifigiúla atá ag an Ghaeilge anseo, dar leis, ba dheacair a chreidiúint go bhféadfadh sí a bheith faoi bhrú nó i mbaol ar bhealach ar bith; idir aitheantas Eorpach, aitheantas bunreachtúil mar phríomhtheanga oifigiúil, Acht Teanga, Aire agus Roinn Rialtais a bhfuil an teanga mar chúram ar leith orthu, stáisiún teilifíse is raidió agus dhá nuachtán.

líon na mbuntáistí seo le sonrú nuair a chuirtear staid na Gaeilge i gcomórtas le teangacha mionlaithe eile agus leis na cinn Cheilteacha ach go háirithe. Fad is atá bailchríoch agus snas á chur ar Straitéis Fiche Bliain an Rialtais i leith na Gaeilge, mar shampla, foilsíodh Plean Gàidhlige Rialtas na hAlban i dtús na míosa seo caite. Níor mhiste a rá gur plean é seo atá mantach go leor i gcomórtas lena bhfuil faoi chaibidil in Éirinn. Óir is straitéis í atá lán den bhéal bán ach nach dtéann i ngleic go sásúil le seasamh na teanga i gcúrsaí oideachais, cumarsáideriaracháin. Is léir nach bhfuil pobal labhartha na Gàidhlige ag maireachtáil ach ar an ghannchuid le hais na suáilcí atá ag pobalteanga na Gaeilge.

An ‘Smeadar Gàidhlige’

Ag seoladh an phlean, dúirt Aire Cultúir agus Gnóthaí Eachtracha na hAlban, Fiona Hyslop, go gcuideodh sé le seasamh ‘níos suntasaí’ a thabhairt don teanga i measc an phobail agus go spreagfadh sé daoine chun í a fhoghlaim agus a labhairt. Go deimhin, tá an-bhéim go deo ar infheictheacht na teanga sa phlean seo. Tá sé ráite ann, mar shampla, go gcuirfear cúrsaí ar fáil do fháilteoirí i bhfoirgintí Rialtais lena chinntiú go mbeidh ‘smeadar Gàidhlige’ agus roinnt cora cainte úsáideacha acu le beannú dóibh siúd a labhrann an teanga. Lena chois sin, crochfar comharthaí ‘Fáilte’ dátheangacha i bhforhallaí oifigí na ranna rialtais éagsúla i rith an tsamhraidh bhig seo. Beidh mana dátheangach ar theachtaireachtaí ríomhphoist, ar chártaí gnó agus ar pháipéar ceannchlóite a thagann ón rialtais roimh mhí Meithimh na bliana seo chugainn. Gníomhachtaí dea-chosúlachta iad seo a chinnteos go mbeidh an teanga níos feiceálaí ach is beag tionchar a bheas acu i ndáiríre ar inmharthanacht na teanga.

Ullmhaíodh ‘Plana Gàidhlig Riaghltas na h-Alba’ faoi théarmaí Achd na Gàidhlig (Alba) 2005. Faoin Acht sin, ní mór do gach comhlacht poiblí plean i leith na teangan a chur faoi bhráid Bhord na Gàidhlige. Cuirtear líon na gcainteoirí i gceantar feidhme an chomhlachta agus a gcumas an teanga a úsáid san áireamh sna pleananna seo. Tá sé mar aidhm ag Plean an Rialtais cur chuige a bheachtú i leith úsáid na teangan sa státchóras mar aon lena chur chun cinn agus a fhorbairt. Straitéis cúig bliana atá ann.

Meastar go bhfuil corradh le 58,000 duine ábalta an Ghàidhlig a labhairt. Níl ansin ach 1.2% de dhaonra na hAlban. Sa bhreis ar sin, meastar go bhfuil tuairim is 8,000 duine fásta ag foghlaim na teanga san am i láthair. Maíonn an rialtas go bhfuil sé mar aidhm acu líon na ngcainteoirí a choinneáil seasmhach fán am a chuirfear daonáireamh na bliana 2021 le chéile. Tá sé i gceist acu iniúchadh teangan a dhéanamh ins an chéad bhliain de ghníomhú an phlean ar na ceantair agus na seirbhísí a chaithfear breis soláthair a dhéanamh orthu. Déanfar iniúchadh fosta ar líon na gcainteoirí Gàidhlige atá fostaithe sa státchóras. Maíonn an Rialtas ins an cháipéis seo go gcuirfear le stádas na teanga agus go spreagfar daoine lena foghlaim agus lena húsáid. Bheinn in amhras, áfach, an bhfuil go leor ann leis na spriocanna uaillmhianacha sin a bhaint amach.

Glanmhalairt an Chur Chuige

Níor mhiste a rá ag an staid seo go bhfuil difir feoil is iasc idir staid na Gaeilge is na Gàidhlige. Más gaolmhar ní cosúil. Thiocfadh leis an ghnáth-Albanach a shaol a chaitheamh agus é ainneolach go huile is go hiomlán ar theanga na nGael. In Éirinn, áfach, mura mbronntar díolúine air is dócha ná a mhalairt go gcaithfidh an gnáth-Éireannach suas le trí bliana déag ag foghlaim na Gaeilge ar scoil. Fiú mura mbíonn líofacht cainte aige tar éis na tréimhse sin, beidh tuiscint áirithe aige, ar a laghad, ar an teanga. Ní mhúintear an Ghàidhlig ar chor ar bith sa ghnáthchóras scolaíochta in Albain, cé is moite de chorr eisceacht. Lena chois sin, tá sé de cheart an Ghaeilge a úsáid i dtithe an Oireachtais agus in achan chúirt sa tír. Fiú dá mba amhlaidh an cás in Albain, ní ann dos na Feirsirí Parlaiminte, ná na dlíchleachtóirí leis an teanga a úsáid, arís díomaite de dhornán eisceachtaí. Ar an bhonn sin, caithfear glacadh leis gur chéim chun tosaigh é an plean seo, cé go bhfuil cuma fíorlag air le hais a bhfuil i bhfeidhm in Éirinn.

Cinnteofar de réir plean na hAlban, go mbeidh rogha Gàidhlige ar lasc-chláracha uathoibrithe roimh dheireadh na bliana seo. Aistreofar aon ghlaoch i nGàidhlig chuig an Prìomh-Aonad Fiosrachaidh chuig oifigeach atá ábalta í a labhairt. Áireofar inniúlacht sa teanga mar scil inmhianaithe le post a fháil san aonad seo, ach ní thabharfar tosaíocht do chainteoirí Gàidhlige sa chomórtas fostaíochta. Glacfaidh an rialtas le teachtaireachtaí ríomhphoist i nGàidhlig agus tá gealltanas tugtha acu gur i nGàidhlig a fhreagrófar achan chomhfhreagas a scríobhfar chucu sa teanga sin. Bunófar bunachar sonraí d’eagraíochtaí gur mian leo comhfhreagrais a fháil trí mheán na Gàidhlige agus déanfar iarracht freastal dá réir orthu. Faoi dheireadh na bliana 2011, geallann an rialtas go mbeidh níos mó Gàidhlige le feiceáil ar fhoirmeacha an stáit agus go nglacfar le haon fhoirm a líonfar sa teanga.

Córas Ateangaireachta?

Níl aon soláthar ag Rialtas na hAlban faoi láthair le cruinnithe poiblí a reáchtáil trí mheán na Gàidhlige, ach tá sé i gceist a leithéid a chur ar fáil fá mí na Nollag 2011 i gcásanna a bhainfeadh go sonrach le cainteoirí Gàidhlige. Roimh mí Meitheamh 2012, táthar ag súil go mbeifear ábalta córas ateangaireachta a sholáthar do chruinnithe poiblí a mbeadh go leor de lucht labhartha na teanga ag freastal orthu. Meastar go n-eisítear os cionn 3,000 phreasráiteas thar ceann an rialtais gach bliain agus bheadh sé i gceist treoirlínte a chur le chéile lena chinntiú go mbeadh an sciar díobh siúd a bhainfeadh le cúrsaí cultúir is teangan á n-eisiúint go dátheangach. Anuas ar sin, beidh roinnt foilseacháin rialtais ar fáil sa dá theanga. Is ionann an cás i leith taispeántais oifigiúla áirithe. Cuirfear leis an mhéid Gàidhlige atá ar shuíomh idirlín an rialtais. Ina theannta sin, cuirfear ranganna ar fáil d’éinne ó fhoireann Rialtas na hAlban gur mian leo an teanga a fhoghlaim agus maítear go dtabharfar tuilleadh deiseanna inmheánacha dóibh í a úsáid.

Tá go leor scríofa faoi thábhacht an chóras oideachais i leith caomhnú agus cur chun cinn na teanga ach díol suntais é nach bhfuil aon ghealltanas sonrach úr tugtha ina leith sa bhreis ar a bhfuil ar siúl faoi láthair. Maítear fosta go leanfar le hiarrachtaí an rialtais go mbeidh BBC Alba ar fáil mar Freeview, ach arís eile, níl aon am scála leagtha síos ina leith. Nithe iad seo a dhéanfadh difir níos suntasaí do chinniúint na Gàidhlige ná na nithe siombalacha atá beachtaithe sa phlean.

Fáinne Fí an Éilimh agus na Nósmhaireachta

Argóint a deineadh in Éirinn nuair a bhí Acht Teanga á lorg ag lucht na Gaeilge, ná gur beag ráchairt a bheadh ar sheirbhisí dá gcuirfí ar fáil iad trí mheán na Gaeilge. Os a choinne sin, dúirt lucht feachtais gur bhrúigh an stát an Béarla ar phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge in aon chaidreamh a bhí acu leis. Ba é an Béarla an teanga inar deineadh gnóthaí oifigiúla an stáit agus ghlacfadh sé na glúnta an nósmhaireacht sin a athrú. Ní mheasaim go bhfuil aon ní i bPlana Gàidhlig Riaghltas na h-Alba a éascódh an caidreamh casta sin idir pobal na teanga mionlaithe agus meicníocht riaracháin na tíre a bhíonn ag freastal don chuid is mó ar ghnásanna an tromlaigh. Is beag atá sa phlean seo leis an chainteoir Gàidhlige a spreagadh leis an teanga a labhairt le hoifigigh an stáit.

Ach is é an t-adhmad is mó atá le baint as an phlean do lucht labhartha na Gaeilge, go bhfuil muid blianta móra chun tosaigh ar ár mbráithre in Albain ó thaobh cearta teanga de. Ach i gcead do Harold MacMillan b’fhéidir nach dtuigeann muid chomh maith as is atáimid.

Ins an aitheasc thuasluaite, mhaígh an Coimisinéir Teanga gurb é “an rud atá le déanamh anois ná dul tuilleadh den bhóthar ón reitric, ón teoiric agus ón teibíocht agus díriú níos mó ná riamh ar an réaltacht, an fheidhmiúlacht agus an ghníomh; feoil a chur ar an gcnámh; bearta a dhéanamh de réir na mbriathra.” Is baolach faraor nach bhfuil céim na reitrice go fiú sroichte ag Gàidhlig na hAlban.

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.