AGALLAMH BEO
Seán Ó Coileáin
Alan Desmond Alan Desmond Alan Desmond

Seán Ó Coileáin, an tOllamh le Gaeilge i Roinn na Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh ag dul ar scor go luath. Labhair le hAlan Desmond faoina shaol ag éirí aníos i gCorcaigh, faoin aithne a bhí aige ar Sheán Ó Ríordáin agus faoin obair atá déanta aige i réimse an léinn.

Íomhá
Íomhá
Bheanntraí
Íomhá
Ollscoil Harvard
Íomhá

Agus sa bhliain dheireanach san ollscoil i gCorcaigh, d’fhreastail ar mhodúl a bhí á mhúineadh ag an Ollamh Seán Ó Coileáin, “Prós Déanach na Nua-Ghaeilge Luaithe”. Ba bheag teagmháil a bhí agam leis roimhe sin agus bhí cloiste agam ó dhuine beirt gur duine mífhoighneach a bhí ann. Caithfidh go raibh duine eile ar fad ar intinn acusan a chuir an cháim sin i leith Choileáin. háibhéil a go bhfuil ar na léachtóirí is foighní agus tuisceanaí a casadh orm agus ar an ollscoil.

Thug aire do mhic léinn nach dtugtar ar ollscoil de ghnáth. Bhí daoine áirithe ann a raibh líon suntasach ranganna caillte acu toiscfadhbannaéagsúla bheith acu. An fhadhb ba mhó a bhíodh ag na mic léinn seo, dar liom, go mbíodh an-iomarca spraoi ar siúl acu. Ach chuir an Coileánach é féin ar fáil dóibh le seans a thabhairt dóibh bheith ar aon leibhéal le daoine a bhíodh ag freastal go rialta ar na ranganna.

chuirfeadh an saghas seo spéise i mic léinn ionadh orm mba léachtóir óg glas a bhí i gceist agus é ag iarraidh aird a tharraingt air féin agus dul chun cinn a dhéanamh sa saol acadúil. Ach ba dhuine é Seán Ó Coileáin a raibh a chúlfhiacla curtha go maith aige agus go leor leor bainte amach aige ina shaol gairmiúil.

Ach is léir ón méid a deir an Coileánach le linn an agallaimh gur tábhachtach leis na mic léinn. Luann léachtóir Laidine a bhí aige féin agus é sa choláiste a chuaigh i bhfeidhm go mór air.

John Fogarty ab ainm . Is cuimhin liom go dtagadh isteach sa rang. Abair go mbeadh trí fichid ag déanamh na Laidine san am san. D’fhiafraíodh de gach aon duine sa rang cad ab ainm agus cárbh as é agus mar sin. Agus thagadh isteach an dara agus ghlaodh as a ainm ar gach aon duine des na trí fichid sin. Bhí spéis aige i ndaoine, bhí spéis aige i mic léinn.”

haon ionadh, mar sin, go ndeir an Coileánach go mbeidh fós ar fáil do mhic léinn iarchéime, fiú agus é éirithe as.

Bhuail le Seán Ó Coileáin ina oifig i Roinn na Gaeilge, atá suite in Áras Raithille, foirgneamh nua-aimseartha in aice le Leabharlann Boole ar champas na hollscoile. Seomra simplí go leor a bhí i gceist: seilfeanna líon lán de leabhair, deasc ar a raibh leabhair caite anseo is ansiúd go míchúramach agus ríomhaire a raibh cuma nua-aimseartha air. Bhí an chuma ar an ríomhaire, leis, nach raibh mórán úsáide bainte as. Níor chuir ionadh orm nuair a luaigh an tOllamh Ó Coileáin i ndiaidh an agallaimh nach bhfuil eolach ar an idirlíon.

Rugadh Seán Ó Coileáin i mBeanntraí i gContae Chorcaí sa bhliain 1945. Is i mBeanntraí a chuaigh ar an meánscoil agus bhí an t-ádh leis go raibh a leithéid d’institiúid ann agus é in aois dalta meánscoile.

raibh aon mheánscoil ann go dtí 1958. Do chuir an tEaspag Ó Luasa an tAthair Liam Leader síos chun dul i mbun scoile. bheinn ar aon mheánscoil riamh murach gur osclaíodh an scoil sin an bhliain sin mar fhéadfainn dul in aon áit eile.”

Deir Ó Coileáin go mbeidh buíoch go deo den Athair Leader mar gheall ar an scoil sin a chur ar bun. Agus cad a dhéanfadh muna mbeadh an mheánscoil sin ann?

Níl a fhios agam. raibh aon le fáil timpeall ar Bheanntraí ach go háirithe. Daoine a bhí ar aon aois liom féin is dócha gur chuaigh a bhformhór go Sasana.”

Ba é sin díreach a rinne deartháir le Seán a bhí dhá bhliain níos sine é. Cailleadh é thall agus gan ach trí bliana is caoga slánaithe aige.

Is cinnte nach gcuirfí ar scoil chónaithe áit éigin i gCorcaigh é.

bheadh an acmhainn sin ag mo mhuintir. Cailleadh m’athair nuair rabhas ach cúig bliana déag d’aois.”

Ba shiúinéir é athair Choileáin agus i ndiaidh a bháis is beag a bhí ag máthair Choileáin agus a cúigear clainne. ionadh go leagann Ó Coileáin béim ar a bhuíche atá den Athair Leader as an meánscoil a bhunú i mBeanntraí.

Bhí an t-ádh liom agus leis an mbaile go léir go deimhin. Thug misneach don mbaile, hamháin dos na daltaí mar mise.”

Diomaite d’athair a mháthar, raibh an Ghaeilge ag muintir Choileáin.

Cainteoir dúchais ab ea é mo sheanathair ach níor mhór an chaint a dheineas leis siúd in aon teanga riamh.”

Luann Ó Coileáin go mbíodh seanbhlas ag daoine ar an nGaeilge agus é óg. Cad é, mar sin, a chuir i dtreo na teanga é?

Bhí dúil faoi leith agam sa Ghaolainn, ar chuma éigin,” is ea a deir . Ach is amhlaidh gur spéis leis teangacha i gcoitinne. “Is cuimhin liom gurbh é an Laidin an t-ábhar ab fhearr liom riamh ar scoil. Laidin, Gaeilge, Béarlasin iad na trí teangacha a bhí againn ar an meánscoil.”

San ollscoil

I 1963 chuir Ó Coileáin isteach ar scoláireacht iontrála go dtí an Coláiste Ollscoile i gCorcaigh. Bhí sa dara háit sna scrúduithe iontrála agus d’fhág sin go raibh scoláireacht aige. raibh sa scoláireacht seo ach an chéad duais a ghnóthódh an Coileánach as feabhas a chuid oibre acadúla.

Sna scrúduithe ag deireadh na chéad bhliana san ollscoil, fuair Ó Coileáin céad onóracha i ngach ceann de na ceithre ábhar a bhí aige agus d’éirigh leis an chéad áit a fháil i dtrí cinn de na hábhair sin. Dhein staidéar ar an mBéarla agus ar an nGaeilge ansin don chéim BA. Is amhlaidh gur ghnóthaigh torthaí níb airde i scrúdú céime an Bhéarla mar a fuair sa cheann Gaeilge.

Bhíos ag cuimhneamh ar leanúint leis an mBéarla ar fad,” a deir an tOllamh seo le Gaeilge agus gáire beag á dhéanamh aige, “ach raibh aon aithreachas riamh orm gur leanas leis an nGaolainn, caithfidh a !”

Ghnóthaigh Scoláireacht Chiste Theach an Ard-Mhéara i 1966 agus Staidéaracht Taistil Ollscoil na hÉireann i 1967. Thug tréimhse na staidéarachta in Ollscoil Harvard agus b’ann a bronnadh dochtúireacht air sa bhliain 1972. Ba é teideal an tráchtais a scríobh The Guaire cycle: a study in Irish tradition”.Tugadh post mar léachtóir le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Chorcaí gan mhoill ina dhiaidh sin.

Duine a chuaigh i bhfeidhm ar an gCoileánach agus é ina léachtóir an file Seán Ó Ríordáin. Thagadh an Ríordánach cúpla tráth sa tseachtain le bualadh leis na mic léinn i Roinn na Gaeilge. “Ach eagla orm gur féin agus Séamas Caomhánach, léachtóir eile, is a bhíodh ag caint leis seachas na mic léinn. Bhíodh na mic léinn ag fanacht agus sinn istigh ag déanamh grinn, ag caint agus ag cadráil.”

Labhraíodh an Ríordánach leis na mic léinn, dhéanaidís aistí beaga agus cheartaíodh iad. Ach is féidir talamh slán a dhéanamh de nach mar léachtóir a d’fhéach Ó Ríordáin air féin.

Bheadh sórt ceann faoi air ndéarfaí gur léachtóir ab ea é siúd. raibh ann chun an córas a chosaint. Bhí ann chun an córas a cheistiú, agus an córas a leagadh mb’fhéidir leis.”

Agus an Ríordánach ag bualadh leis na mic léinn labhraíodh ar a chuid véarsaí féin chomh maith. Deir Ó Coileáin, áfach, nach n-úsáidfeadh an focalfilíochtgo deo, go mbeadh náire air luafaí sin. An bhfágann sin go raibh coimpléasc ísleachta de shaghas éigin ar an bhfile?

dóigh liom é. Bhí teann go maith as féin ar shlí. mbeadh duine eile ag iarraidh an t-ísliú céime a thabhairt , ghlacfadh leis.”

Ach admhaíonn Ó Coileáin gur nós leis an Ríordánach bheith ag caitheamh anuas air féin ar gach aon saghas slí agus go raibh uiríseal os comhair daoine. Measann go raibh an Ríordánachábhairín scáfar ar shlite áirithe”.

Ach creideann Ó Coileáin, mar sin féin, go raibh an-iontaoibh ag an Ríordánach as féin.

Is dóigh liom gur cuimhin liom go ndúirt liom amháin gur bhraith riamh gur duine gairmiúil ab ea é. sin nuair a tháinig chuige, chomh fada lena ghnó féin, rud a déarfadh , sa chroí istigh thuig go raibh an cheird aige. Agus bhí ábalta ar fhreagra a thabhairt do dhaoine a déarfadh a mhalairt.”

Is dócha gurb é a ritheann linn agus ainm an Ríordánaigh á lua an eitinn agus an ghruaim. Cén saghas duine a bhí ann? Ar chuideachta mhaith an duine seo a mbíodh véarsaí éadóchais á scríobh aige?

tusa an chéad duine a chuir an sórt seo ceiste orm. Ach níl aon amhras gur fear grinn ab ea é. Mar a déarfadh féin mar gheall ar dhaoine, bhí an diabhal ina bholg. Ardchuideachta ab ea é.”

Abair seo linn ...

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?

William Tyndale: If God Spare My Life, le Brian Moynahan.

*Cén ceol is fearr leat? *

Is eagal liom go bhfuilim sáite fós sna seascaidíleithéidí Joan Baez, Joni Mitchell, Judy Collins. Ag druidim i leith go dtí an am i láthair, is maith liom James Taylor agus Nanci Griffith.

*Cén scannán is fearr a chonaic riamh? *

A Man For All Seasons, gur léir dom go raibh Thomas More chomh neamhscrupallach le héinne eile lena linn.

* dtéann ar saoire? *

Is breá liom an Iodáil, an Tuscáin go háirithe. Faraor gan oiread aimsire airgid a bheith agam a ligfeadh dom dul ann níos minicí.

* mhéad uair a bhí thar lear anuraidh agus raibh ? *

Tamall beag i Montana sna Stáit Aontaithe agus tamall beag eile in Iostanbúl.

*Cén bhialann is fearr leat? *

Man Friday i gCionn tSáile agus Mary Ann’s i mBaile an Chaisleáin in iarthar Chorcaí.

Cén duine is a bhfuil meas agat air/uirthi?

TK Whitaker, státseirbhíseach den seandéanamh a thug a shaol ag obair ar son na tíre agus nár shantaigh rachmas onóir lasmuigh de san. Mór idir é agus gaigí mórchúiseacha na haimsire seo.

*Cén duine is a chuaigh i bhfeidhm ort agus níos óige? *

Cuimhním ar mhúinteoirí meánscoile agus ollscoile a bhí agam: leithéidí Liam Leader agus Jim Keevers ar an meánscoil; Seán Lucy, Seán Ó Tuama, RA Breatnach agus Séamus Caomhánach ar an ollscoil i gCorcaigh; John Kelleher agus Albert Lord a bhí mar ollúna agam i Harvard.

*Cén rud is a chuireann isteach ort? *

An maíomh so gan náire nach foláir le daoine a dhéanamh anoisgalar is ea é atá forleathan sna hollscoileanna féin anois. “Go réidh a bhean na dtrí mbó ... “ Deirtí thiar go leaghfadh maíomh Cruach Mhárthan.

*Cad iad na huaireanta a oibríonn gach seachtain? *

Bhí tamall go bhféadfainn bheith ag obair de is d’oíche; anois beag dom na huaireanta oifige. Dar ndóigh, bheidh aon teora feasta liom agus ar scor!

*Cad iad na rudaí a chuireann strus ort? *

Laethanta a thabhairt ar bheagán tairbheag líonadh foirmeacha do dhaoine feadair siad féin cad is ceart a dhéanamh leo. Droch-chomhartha is ea an iomad den gceistiúchán, comhartha fuil an freagra ag fear na ceiste a chur.

An bhfuil sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?

Nílim; sin é an fáth gur chuireas romham éirí as mo phost go luath chun go mbeadh aga agam ar na nithe go léir nár éirigh liom a dhéanamh go dtí so a chur i gcrích. Cífeam.

ag tagairt don ghreann ar fad atá Ó Coileáin nuair a deir gur ardchuideachta ab ea an Ríordánach.

Is tráthnóna a chaitheas leis anseo sa choláiste agus, go deimhin, turasanna ar ospidéal ó am go ham agus mar sin agus caithfidh a nár chuas abhaile riamh á liom féin, ‘Bhuel, an tráthnóna curtha amú agam. Bheadh rud éigin agat de bharr an aistir. Agus nílim á go mbeifeá á lorg ach go mbeadh ag soláthar i gcónaí ar chuma éigin.

Bhí rud éigin ag titim amach i gcónaí ina aigne. cuimhin liom riamh é a bheith leamh.”

Deir Ó Coileáin gurbh é an focalleamhan focal ba mheasa ina bhéal ar shlí.

Is é sin an cáineadh is a bheadh aige ar dhuine ach is deimhnitheach nach bhféadfadh aon duine a gur duine leamh ab ea é féin.”

Cailleadh an Ríordánach i 1977 agus scríobh Ó Coileáin beathaisnéis an fhile, Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar, a tháinig amach i 1982 agus a bhuaigh duais liteartha na hInstitiúide Cultúrtha Gael-Mheiriceánaí i 1984.

An raibh rún aige tabhairt faoina leithéid de leabhar agus an Ríordánach fós ar an saol? Arbh é seo ba chúis leis bheith i gcuideachta Ríordáin?

ag faire ar an mbeathaisnéis a bhí le scríobh agam a bhíos, raibh aon chuimhneamh agam ar an mbeathaisnéis. Níl ann ach gur thaitin an comhluadar liom, gur ardchomhluadar ab ea é.”

Dialanna an Ríordánaigh

Nuair a cailleadh an Ríordánach bhí Ó Coileáin agus Seán Ó Mórdha, déantóir clár faisnéise agus eagarthóir, ag labhairt le Tadhg Ó Ríordáin, deartháir leis an bhfile. hamháin go ndúirt Tadhg go mba chóir don bheirt dialanna a dhearthár a thabhairt leo, ach rinne na dialanna a sholáthar dóibh gan aon scrúdú a dhéanamh orthu le feiceáil an mbeadh aon ábhar iontu nár mhaith leis daoine eile bheith a léamh.

Sin é nuair a thuigeas gur cheart rud éigin a dhéanamh leo. Is dócha gur thuigeas i gcónaí é ach raibh ráite agam gur mise a dhéanfadh é.”

Bhí an t-ábhar seo ag Ó Coileáin nuair a fógraíodh scéim faoina dtabharfaí pinginí do dhaoine a scríobhfadh beathaisnéis daoine áirithe. Chuir an Coileánach isteach ar an scéim ag go dtabharfadh faoi bheathaisnéis Sheáin Ríordáin. B’air a bronnadh an chéad choimisiún faoin scéim sin agus ba é Seán Ó Ríordáin: Beatha agus Saothar a bhí mar thoradh air.

dialanna Ríordáin á gcoimeád anois i leabharlann Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Deir Ó Coileáin gurléamh an-mhíshláintiúil is ea na dialanna seo.” Is léir gur fhág siad a rian ar an gCoileánach agus é ag plé leo, agus rian dearfach a bhí i gceist.

Is é an aigne a bhíonn le fáil sna dialanna aigne na breoiteachta, an aigne a bhíonn ag duine ar a ar a trí ar a ceathair ar maidin nuair is laige a bhíonn an misneach. ana-dheacair bheith ag plé leis an aigne sin ar feadh trí bliana mar a bhíos-sa. Is deimhnitheach gur rud é déanfad arís.”

Dar le beathaisnéisí Ríordáin gur as an réigiún céanna den aigne a tháinig an fhilíocht agus na dialanna. Agus téann machnamh gruama na ndialann i gcion ar an a bhíonn ag dul i ngleic leo.

Goilleann a leithéid ort. Cuid den ghalar san, cuid den drochmhisneach san, cuireann sin isteach ar dhuine. Is galar tógálach cuid de sin, is dóigh liom, agus bhraitheas ar chuma éigin go rabhas róghairid . Is maith liom a bheith réidh leis.

Is é an leabhar mór eile de chuid an Choileánaigh an t-eagrán de An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain a tháinig amach in 2002. Thug an-ghean don leabhar riamh, leabhar a léigh den chéad uair agus é ar an meánscoil, a bhuíochas sin ar an Athair Leader.

Aigne eile ar fad a bhí ag Tomás Ó Criomhthain”, dar leis, i gcomparáid le haigne an Ríordánaigh. “Aigne chrua ar chuma éigin a ligeann cur síos ar gach aon sórt tubaiste, agus tubaistí pearsanta.”

Measann Ó Coileáin gurb é ba chúis leis gean a thabhairt do shaothar Chriomhthain gur bhraith go raibhmacalla na Gaolainne ag dul siar i bhfadle fáil sa leabhar.

Caighdeán na Gaeilge san ollscoil

Chomh maith le bheith ag gabháil don scríbhneoireacht agus don eagarthóireacht, léachtaí agus ranganna á múineadh ag Seán Ó Coileáin leis na blianta. Bíonn an-chuid cainte sa atá inniu ann ar chaighdeán na Gaeilge agus ar chaighdeán na mac léinn a bhíonn ag déanamh staidéir uirthi ar ollscoil. An bhfuil tugtha faoi deara ag Ó Coileáin go bhfuil an caighdeán ag dul chun donachta? Na mic léinn is fearr atá ann inniu, “táid gach pioc chomh maith”, dar leis, leis na mic léinn ab fhearr a bhí ann daichead bliain ó shin. Admhaíonn nár mhaith leis dul i gcomórtas le roinnt de na daoine óga is fearr atá ag plé leis an léann faoi láthair.

Agus é éirithe as, seachas bheith ag tabhairt comhairle do mhic léinn iarchéime, is iad na tionscadail is atá curtha ag Ó Coileáin roimhe féin aistí próis Sheáin Ríordáin a ullmhú don chló agus saothar seanchais John Kelleher a thabhairt chun críche.

Bhí Kelleher mar oide ag Ó Coileáin agus é ag déanamh staidéir in Ollscoil Harvard. an t-eagrán aige den An tOileánach tiomnaithe do Kelleher, rud a léiríonn an meas atá ag an gCoileánach air. I lár na n-ochtóidí, ceapadh Ó Coileáin ina Ollamh le Léann na hÉireann i Harvard mar chomharba ar Kelleher agus thug féin, a bhean agus a gceathrar iníonacha aghaidh ar Mheiriceá ag an am sin. go rómhaith a réitigh cúrsaí leis ansin, áfach, agus i ndiaidh bliana bhí muintir Choileáin ar ais i gCorcaigh agus Seán ceaptha ina Ollamh le Nua-Ghaeilge.

an turas bliana seo chun na Stát ar na rudaí is a bhfuil aiféala ar Ó Coileáin faoi. Ach fealsúnach ar phointe seo an aiféala - dar leis gur faoi gach duine a dhearmaid féin a dhéanamh.

Bheifí ag súil nach mbeidh ina aithreachas gur éirigh as a phost cúpla bliain roimh aois an phinsin. Ach muna mbeidh an fear féin thíos leis, is cinnte gurb iad na mic léinn sna blianta atá amach romhainn a bheidh caillteach leis nach mbeidh a leithéid de mhúinteoir acu.

Is Corcaíoch é Alan Desmond. ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí Dheireadh Fómhair 2003 ann.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.