AR NA SAOLTA SEO
Seal sna sléibhte
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Tá cur síos ag Tony Birtill an mhí seo ar chuid de na heachtraí a bhain dó agus é ar chúrsa i sléibhte na hAlban.

Íomhá
Íomhá
Coire nan Lochan

Rinne mé cúrsa traenála i ndreapadóireacht leac oighir in Albain ar na mallaibh. Shíl mé gur athrú deas a bheadh ann ón ghnáthshaol anseo i Learpholl, agus mheas mé go mbeadh na scileanna úsáideach dom mar go bhfuil mé ag déanamh cúrsa teastais do cheannairí siúl sléibhe geimhridh le Bord Oiliúna Sléibhe na hAlban faoi láthair.

Ach tháinig drochscéala ón Bhreatain Bheag sular fhág mé an baile - bhíothas i ndiaidh ionsaí a dhéanamh ar an leacht cuimhneacháin i bhFrongoch do na príosúnaigh Éireannacha a bhí i ngéibheann ansin i ndiaidh Éirí Amach 1916 (cf. Beo!, Meitheamh 2002). D’inis mo chara Gwyn Sion Ifan ó Chumann na Breatnaise dom go raibh an focal “killers” péinteáilte go mór air.

Bhí náire ar mhuintir na háite faoi seo, mar is cúis bhróid dóibh go bhfuil an leac ann, agus bhí siadsan gníomhach san fheachtas chun é a thógáil. Chuir Gwyn in iúl dom go raibh trioblóid sa cheantar le cúpla mí, go raibh duine nó daoine ag scrios fógraí Breatnaise, agus mar sin de. “Ní bhíonn ag teastáil ach amadán nó beirt,” ar seisean. Ar aon nós, bhí Graffix, díothóir graffiti, aige agus bhí siad i ndiaidh an leacht a ghlanadh.

Suas liom go hAlbain, mar sin. Cúig bliana is fiche ó shin ba ghnách linn dul go Dún Éideann ó Learpholl ar an traein le haghaidh lá saor. Bhí an turas níos lú na trí huaire bealach amháin agus bhí ticéad fillte saor go leor, mar bhí an córas faoi smacht an stáit ansin. Ach ansin tháinig rialtas Margaret Thatcher i réim i 1979 agus scrios siad an córas ar mhaithe le “fiontraíocht phríobháideach”. Agus, de réir mar a thuigim, tá Rialtas na hÉireann ag moladh an pholasaí chéanna anois!

Dhá uair déag a ghlacann an turas traenach go dtí na Garbhchríocha sa lá atá inniu ann, ach ní ghlacann sé ach seacht nó ocht n-uaire sa charr. Ní raibh an dara rogha agam ach an bóthar a bhualadh sa charr.

“Fáilte go Alba” a deir an fógra nuair a théann tú thar an teorainn, agus cé gur siombail bheag é seo, tá sé tábhachtach domsa mar Ghaeilgeoir mar mothaím nach bhfuil muid go hiomlán inár n-aonar. Bhí sé in am dom téip de chuid Runrig a chur sa *stereo *chun an t-atmaisféar ceart a chruthú sa charr.

De réir na tuarascála oifigiúla “A Fresh Start for Gaelic” a tháinig roimh an pharlaimint i nDún Éideann i mí na Bealtaine anuraidh, tá níos lú ná 50,000 Gàidhligeoir sa tír anois, cuid mhaith acu aosta. Sin as daonra de chúig mhilliún. Cé go bhfuil borradh ar an mhéid daltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghàidhlig, go mór mhór sna bailte móra, tá an líon cainteoirí ag titim go fóill mar go bhfuil níos mó sean-Ghàidhligeoirí ag fáil bháis gach bliain.

“I have made my support for Gaelic clear,” arsa Mike Watson, an tAire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt. “Gaelic language and culture are essential parts of the heritage and history of Scotland and in particular of the cultural identity of the Highlands and Islands.”

“Am cinniúnach é seo don Ghàidhlig,” arsa John MacLeod ón ghrúpa FÁS, atá ag iarraidh gníomhartha in ionad na cainte.

Ach cibé atá ag tarlú i gcás na teanga labhartha, ar a laghad tá na logainmneacha i gceart ar na léarscáileanna, rud atá tábhachtach do shléibhteoirí. Seo ceist as an scrúdú do na ceannairí siúl sléibhe geimhridh: “What do the following Gaelic words mean?: Ruadh, Stob, Garbh, Bealach”.

Má bhíonn a fhios agat cad is ciall le “Druim Fada” ar an léarscáil, beidh níos mó seans agat é a aimsiú nuair a bheas tú amuigh ar na sléibhte. Ach in Éirinn caithfidh muid cur suas le seafóid mar “Crockrawer” in ionad “Cnoc Ramhar”, agus “Gull Island” in ionad “Tor Róisín”.

Inspioráid

Faighim inspioráid i gcónaí sna Garbhchríocha. Chomh luath agus a fheicim an fógra “Fáilte don Ghaidhealtachd” mothaím sásta. Seo iad na sléibhte is airde ar na hoileáin seo, atá chomh fada céanna ó thuaidh leis An Iorua. Bíonn sé garbh anseo sa gheimhreadh - bhí an grúpa as Éirinn atá ar Everest faoi láthair (www.irisheverest2003.com) ag traenáil in Albain sular imigh siad go Neipeal, mar shampla.

Bhí mé féin ag stopadh san ionad Outward Bound atá congárach do Chorpaich, ach rófhada ón teach tábhairne! Tá Corpaich thart fá chúig mhíle ón Ghearasdan. Thug na Sasanaigh Fort William ar an áit nuair a thóg siad é i 1690, ach bhaist muintir na háite Gearasdan Dubh Inbhir Lochaidh air.

Ní raibh ach ceathrar againn ag déanamh an chúrsa, agus teagascóir amháin do gach beirt. Caithfidh tú dul suas ar eas reoite thuas sna sléibhte, dhá phiocóid oighir i do lámh agat, crampóin ar do chosa agus rópa thart ar do choim. Bíonn an turas suas go dtí an t-eas deacair go leor mar go mbíonn an méid sin trealamh trom leat agus bíonn an aimsir go dona de ghnáth. Bhí leoraí de cuid arm Shasana sa charrchlós i nGleann Comhann an chéad mhaidin, agus líne fhada saighdiúirí ag dul suas ar na cnoic. Go hádhúil, ní raibh ach oifigeach amháin i láthair nuair a bhain muid Coire nan Lochan amach. Bhí sé ina sheasamh in aice leis an eas reoite, ag déanamh taiscealaíochta do na saighdiúirí eile, is dócha. Ní raibh sé sásta sinne a fheiceáil mar nach raibh go leor spáis ar an eas dúinne agus do chomplacht saighdiúirí fosta. B’as Fort Augustus é, a d’inis sé dúinn i mblas cainte ardnósach.

Lean muid ar aghaidh ar scor ar bith ag déanamh gach rud réidh don dreapadh. Chuaigh mé féin agus Jamie, stócach Albanach, suas gan mórán stró, agus rinne muid rópadóireacht síos arís.

“Bain triail as le piocóid oighir amháin an t-am seo,” arsa Andy, an teagascóir, liom. “Cuirfidh tú níos mó béime ar d’aclaíocht choise mar sin.”

“Maith go leor,” arsa mise, agus lean mé ar aghaidh. Ní raibh mórán déanta agam go raibh mé i dtrioblóid - ní raibh mé ábalta an phiocóid oighir a bhaint as an oighear. Rinne mé mo dhícheall léi agus tháinig sí amach go tobann. Tailm! Bhuail mé mé féin os cionn na súile deise. Dóbair dom titim síos. Le mo shúil chlé chonaic mé mo chuid fola féin ag doirteadh síos ar an oighear. Tá sé in am dul síos, a dúirt mé liom féin.

Bhí Jamie ag gáire nuair a thuirling mé, agus caithfidh mé a admháil go raibh sé greannmhar. Tar éis scrúdú gasta ó Andy lean mé ar aghaidh arís, mé ag cur níos mó béime ar m’aclaíocht choise.

Tar éis cúpla uair, thug muid faoi deara go raibh muid timpeallaithe ag saighdiúirí, iad ag fanacht le dreapadh. D’imigh muid abhaile agus muid traochta.

Rinne mé meancóg amháin eile ar an chúrsa. Oíche Déardaoin fuair mé síob go dtí An Gearasdan le dream ón chúrsa siúl sléibhe. Ní raibh deoch agam le cúpla lá agus nuair a chonaic mé an lipéad “Leann an Eileann” ar an chaidéal láimhe sa Nevis Bar, shíl mé go raibh sé de dhualgas orm tacaíocht a thabhairt don gheilleagar áitiúil ar an Eilean Sgiathanach, áit a ndéantar an leann. Bhí aithreachas orm, áfach, an lá dár gcionn agus mé ag rópadóireacht síos arís.

Is de bhunadh Éireannach é Tony Birtill agus rugadh i Learpholl é. Tá sé ag obair sa chathair sin mar mhúinteoir agus mar shaoririseoir.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.