Bhí scríbhneoir The Commitments, The Snapper srl. aniar as Baile Átha Cliath le caint a thabhairt agus le sliocht a léamh as ceann eile dá chuid leabhar i Learpholl. Bhuail Tony Birtill leis sa Chasa Club.
Léigh Roddy Doyle, buaiteoir Duais Booker 1993, sliocht as a úrscéal ‘The Dead Republic’ mar chuid den fhéile scríbhneoireachta ‘Writing on the Wall’ (WOW) i Learpholl ag tús an tsamhraidh.
Ba chúis mórtais dúinn gur tugadh an dara Duais Booker d’Éireannach as Learpholl, JG Farrell ag tús an tsamhraidh fosta, as a leabhar ‘Troubles’, 40 bliain tar éis lá a foilsithe.
“I always enjoy visiting Liverpool. Whenever I’m in Liverpool I never feel too far away from home - which I’m not !” a dúirt Roddy Doyle leis an lucht éisteachta, ar leantóirí dá chuid a bhformhór, sa Chasa club. Bhunaigh dugairí, a chaill a bpostanna san aighneas géar i bPort Learphoill i 1997, an club seo, Casa Club. Baineann sé leis an eite clé agus is ionad tábhachtach é do WOW. Is cuid de fhealsúnacht Roddy Doyle féin, an gnáthdhuine a spreagadh i mbun pinn agus sin é an fáth gur bhunaigh sé ‘Fighting Words’ ionad scríbhneoireachta cruthaitheach i mBaile Átha Cliath i 2009, áit a mbíonn an teagasc saor in aisce do chách.
“I come across an awful lot of people, particularly women, who are trapped in the notion that they can’t do it. I want to show them it’s do-able,” a dúirt sé liom.
Dua Tosaigh na Ceirde
D’inis sé dom cé chomh deacair is a bhí sé foilsitheoir a fháil le haghaidh a chéad úrscéal, ‘The Commitments’. Dúradh leis go raibh sé róghearr agus go mbeadh canúint Bhaile Átha Cliath ródheacair do choimhthígh í a thabhairt leo. Sa deireadh, d’fhoilsigh sé an leabhar é féin, agus anois tá leagan ann in Eabhrais, Seapáinis, Croat, san Íoslainnis fiú- “So clearly non-Dubliners can understand it,” a dúirt sé, ag gáire.
Cuireann léirmheastóirí an dóigh go mbaineann sé feidhm as canúint Bhaile Átha Cliath ina chuid leabhar i gcosúlacht le drámaí Sheáin Ó Casey agus tá Roddy Doyle sásta a thionchar a admháil: “I revere him. I go to see any new productions of his work. But Charles Dickens was also a great inspiration,” a dúirt sé liom.
Ní hamhlaidh le Brendan Behan, áfach, mar ní maith le Roddy Doyle a “íomhá” mar “the hard drinking Irish writer.” Phléasc Roddy amach ag gáire ag an phointe seo, mar bhí pionta beorach ina lámh aige agus é ag caint liom. “Also, Behan did not write a terrible lot. I have not re-read his work since I was a teenager,” a dúirt sé liom.
Admhaíonn Roddy go bhfuil athrú mór ar chaint na ndaoine i mBaile Átha Cliath le 20 bliana anuas, mar gheall ar inimirce le linn ré bhorrtha an gheilleagair: “I wrote ‘The Commitments in 1986 and I suppose it is now like a historical record of the way people in Dublin spoke then.”
Éire Úr
Dúirt sé gur thug sé cuairt ar scoil i mBaile Átha Cliath thiar an tseachtain roimhe, áit a raibh dath dubh ar a thrí ceathrú de na daltaí. Dar leis go mbeidh siadsan ag scríobh faoina dtaithí féin ag fás aníos i mBaile Átha Cliath as seo amach. “At the creative writing centre we have Latvian kids, Poles, and a Rumanian girl who speaks perfect Italian and English,” dúirt sé liom.
Chun na hathruithe seo a chur ina chuid scríbhneoireachta, bíonn Roddy ag éisteacht go cúramach le daoine, tugann sé faoi deara, cuir i gcás, go labhraíonn a lán Afracaigh go foirmiuil agus bíonn siad an-béasach, ag rá “please” go minic. Bíonn Béarla maith ag a lán Polannaigh, ach déanann siad meancóg gramadaí anois is arís, dar leis.
Scríobh Roddy a dhráma deireanach in éineacht le scríbhneoir as an Nigéir. “He wanted to rewrite The Playboy of the Western World with an African in it. It worked well - it did 98% business in the Abbey,” dúirt sé liom.
Bíonn carachtair i leabhair Roddy Doyle ag síoreascainí agus tá an nós sin cáinte ag a lán daoine. Chomh maith le seo, deirtear go bhfuil an dóigh a léiríonn sé saol an lucht oibre diúltach, mar ní thugann sé mórán aird ar ghnáthdhaoine ‘measúla’, daoine nach mbíonn ag eascainí nó ag ól barraíochta. “I’ve been told that. It doesn’t bother me. In The Van, the wife wants respectability- she even has a swear box on the table. If we characterise respectability by being able to talk without using the word ‘fuck’ well, it’s a pretty narrow limitation,” dúirt sé liom.
Cáineadh eile atá ar a chuid scríbhneoireachta ná go mbíonn saol i mbruachbhailte mar Chill Bharróg leadránach go maith, déanta na fírinne, agus ní bhíonn sé chomh ‘sciobtha’ agus a mbíonn sé ina chuid leabhar. Ach de réir Roddy, is é an dúshlán atá roimhe ná dul thairis sin: “It is the wobbles in the routine that make life interesting and worth living,"a dúirt sé.
Spéis Thrasghlúnach
Is é The Snapper, an darna úrscéal aige, an leabhar is ansa leis. Bhí The Commitments éasca go leor a scríobh, dar leis, ach bhí an dara leabhar níos deacra. Thóg sé trí bliana le scríobh - ní raibh aithne aige ar a bhean nuair a thosaigh sé an leabhar, ach bhí sé pósta nuair a bhí sé críochnaithe aige. Bíonn The Snapper ar RTÉ anois is arís agus is cúis áthais dó go suíonn teaghlaigh síos le chéile le féachaint air. “People enjoy it who weren’t even born when I wrote it,” dúirt sé liom.
Dúirt sé gur shuigh sé síos lena theaghlach féin ar na mallaibh le féachaint ar The Commitments agus bhain siad an-sult as, go mór mór nuair a shíl siad go raibh cead acu a rá ‘that was fucking great dad’ leis nuair a bhí sé thart. “I think the coolest thing to them about me is that I was mentioned on Father Ted,” a dúirt sé liom.
Ina léamh as The Dead Republic, bhí cur síos borb ann ar mhúinteoir sádach ag bualadh páiste, rud a chuir i gcuimhne dom an pictiúr diúltach de mhúinteoirí sa leabhar The Woman Who Walked into Doors. An eascraíonn an pictiúr seo as a shaol féin, mar dhalta agus mar mhúinteoir ? “My own secondary education was with the Christian Brothers in Dublin and I didn’t like it. But there are benign teachers in my books as well, for example the headmaster in The Dead Republic,” a dúirt sé liom.
Bhí seisiún ‘cur is cúiteamh’ tar éis an léimh, seisiún a bhí beo agus anamúil agus is léir go bhfuil Roddy Doyle ar a shuaimhneas ar ócáid mar seo, i Learpholl go háirithe. Tá a leabhar ‘Deireadh Seachtaine Craiceáilte’, faoi thriúr as Baile Átha Cliath ar turas go Learpholl , aistrithe ag Cathal Ó Manacháin, le fáil ó newisland