Tá Risteard Mac Gabhann, Uachtarán an Oireachtais 2006, gníomhach i saol na Gaeilge agus i gcúrsaí oideachais le blianta fada anois, ina chathair dhúchais, Doire, agus go náisiúnta. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis faoina óige i nDoire, a chuid oibre i gcoláistí tríú leibhéal an tuaiscirt, agus na leabhair d’fhoghlaimeoirí Gaeilge atá foilsithe aige le tríocha bliain anuas.
Nuair a fógraíodh níos luaithe i mbliana gur Risteard Mac Gabhann a bheadh mar Uachtarán ar an Oireachtas in 2006, is cinnte go raibh go leor daoine go láidir den tuairim go raibh sé tuillte go maith aige. Nuair a bhuail mé leis le gairid ina theach cónaithe ar Bhóthar Dhún an Chreagáin i gCathair Dhoire thagair sé do chúpla duine a raibh a gcion féin, dar leis, déanta acu ar son na Gaeilge, Íosold Ní Dheirg agus Anraí Mac Giolla Chomhaill ina measc. Is daoine iad an dream a luaigh sé atá ag saothrú leo ar son na teanga le fada agus nach bhfuil an oiread sin aitheantais faighte acu agus is dócha go bhféadfaí an rud céanna a rá faoi Risteard féin. Is duine é a bhfuil oiread déanta aige thar na blianta, ní hamháin ó thaobh na teanga de, ach i réimse an oideachais, an cheoil agus an chultúir Ghaelaigh i gcoitinne.
Tá Risteard thar a bheith sásta go bhfuair sé an deis bheith ina Uachtarán ar an Oireachtas ina chathair dhúchais.
“Tá mé iontach bródúil ar fad. Déanfaidh sé maith mhór don chathair seo an tOireachtas a bheith anseo. Déanfaidh sé maith mhór do phobal na Gaeilge sa chathair agus tá súil agam go ndéanfaidh sé maitheas don Oireachtas nó sílim go mbeidh féile mhaith ann. Déarfainn go mbeidh sé ar comhchéim le hOireachtais eile agus b’fhéidir rud beag níos fearr.
“Tá coiste áitiúil ann a bhí ag obair i gcomhar leis an choiste náisiúnta. Bhí Máirín Nic Dhonnchadha agus Liam Ó Maolaodha anseo go han-mhinic ar fad i rith na bliana. Níl mé ag rá go raibh muid ag obair aon dath níos déine ná mar a bhí oifigigh an choiste láir ach idir a saothar siúd agus saothar na ndaoine anseo ar an talamh tá cuid mhór oibre curtha isteach ann ceart go leor.”
Tá an-taithí ag Risteard ar a bheith ag eagrú imeachtaí cultúrtha i nDoire cheana féin. Le roinnt mhaith blianta anois, tá sé ag reáchtáil Ceol Cois Feabhail, sraith de cheolchoirmeacha a bhíonn ar siúl i halla de chuid Choláiste Magee.
“Is ionad galánta é. Níl sé rómhór; tá sé breá fóirsteanach do lucht éisteachta de, b’fhéidir, céad nó céad go leith.
“Ba mhaith liom go dtuigfeadh daoine sa chathair go bhfuil na coirmeacha ceoil seo ceangailte go mór le Gaeilge. An chuid is mó de na ceoltóirí a bhíonn agam, is daoine iad a bhfuil Gaeilge acu agus iarraim orthu i gcónaí úsáid a bhaint as an teanga.”
I measc na gceoltóirí a bhí ag seinm mar chuid de Cheol Cois Feabhail le roinnt blianta anuas tá Máire Bhreathnach, Nollaig Casey agus Arty McGlynn agus an grúpa Cliar as Albain.
“D’éirigh linn an chéad chuspóir a bhí againn a bhaint amach: coirmeacha ceoil d’ardchaighdeán a chur ar siúl i suíomh a thugann urraim don cheol agus don cheoltóir. Is cinnte go ndéantar sin i Magee; tá an halla compordach agus is féidir leat an ceol a chluinstin mar ba cheart é a chluinstin. Ní istigh i dteach tábhairne callánach atá an ceol. Sílim go dtuigeann daoine anseo anois an difear idir seisiún agus coirm cheoil.”
A óige
Rugadh Risteard Mac Gabhann i ndeireadh na dtríochaidí, ar imeall an cheantair a dtugtar Taobh an Bhogaigh anois air.
“Rugadh mise i 1938 agus go gairid ina dhiaidh sin a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda. Ba thréimhse chompordach, rachmasach í sa chathair. Bhí neart oibre ar fáil. Tharla an rud céanna aimsir an Chéad Chogadh Domhanda – bhí neart oibre le fáil ag an am sin fosta. Idir an dá chogadh, bhí lag trá ann ó thaobh fostaíochta de agus bhí cuid mhór bochtanais sa chathair. Ar feadh sé nó seacht de bhlianta i ndiaidh domsa a theacht ar an saol, cathair measartha saibhir a bhí i nDoire – bhí daoine ina suí go te. Ach ansin, thosaigh sé ag sleamhnú síos ina dhiaidh sin, de réir a chéile.
“Oileadh m’athair sa longcheárta anseo. Oileadh é ag tarraingt ar dheireadh an Chéad Chogadh Domhanda agus go gairid ina dhiaidh sin, nuair a bhí sé láncháilithe mar phlátaire, chaill sé a phost. Bhí deireadh leis an longcheárta. Faoin am sin, bhí sé pósta agus cúram clainne air. D’oscail sé siopa agus mar shiopadóir grósaera comharsanachta a thug sé a bheatha i dtír ina dhiaidh sin. Bhí an siopa sin aige go dtí gur éirigh sé as.”
Ba é Risteard ab óige de chúigear páistí agus deir sé go raibh saol ní ba dhéine ag an bheirt ba shine sa teaghlach ná mar a bhí ag an chuid eile acu.
“Bhí cúigear páistí sa teaghlach: triúr girseach agus beirt mhac. D’imigh an bheirt ba shine – an bheirt ghirseacha ba sine sa teaghlach – d’imigh siadsan ag obair i Sasana. Pósadh ansin iad, shocraigh siad síos agus tá siad ina gcónaí ansin go fóill. Faoin am a bhí an tríú duine sa chlann ann, bhí tús á chur le meánoideachas saor sa tuaisceart, i ndiaidh Acht Oideachais 1948. An tríú deirfiúr a bhí agam, ba ise an chéad duine a chuaigh ar an mheánscoil, ansin chuaigh mo dheartháir ar an mheánscoil ina diaidh agus mise ansin. Agus tá sé suntasach gur muidne, an triúr ag deireadh an áil, a d’fhan sa tír, a bhí ábalta fanacht sa tír.”
Fuair Risteard a chuid meánoideachais i gColáiste Cholmcille i nDoire ach is léir óna chuid cainte nach raibh agus nach bhfuil sé róthógtha leis an scoil áirithe sin.
“Scoil í atá clúiteach ar go leor leor bealaí ach scoil chrua a bhí inti. Scoil, dar liom, a loic ar go leor daoine, daoine nach raibh ábalta cur suas leis an réim a bhí ar bun san áit agus a d’fhág é. Cuid mhór de na múinteoirí a bhí ann – níl mé ag rá go raibh sé mar chuid de pholasaí na scoile – bhí siad amhrasach faoi lucht scoláireachtaí, daoine a bhí ag teacht isteach sa scoil ar bhonn scoláireachta, ní ar bhonn shaibhreas an teaghlaigh lenar bhain siad. Is cuimhin liomsa cuid de na múinteoirí san áit ag rá [le daltaí], ‘Níor cheart duit bheith anseo ar chor ar bith.’ Rinneadh an gearán sin am amháin nuair a tháinig leaid beag isteach agus gan an obair bhaile déanta aige. Is dócha nach raibh siad i dtaithí ar an chor nua seo sa tsaol, go raibh daoine ag teacht isteach chucu ó aicmí eile den phobal agus cuid acu fuair siad sin deacair go leor a láimhseáil.”Tá Risteard an-diúltach mar gheall ar an Eleven Plus chomh maith, scrúdú a bhí le déanamh ag gach dalta scoile sa tuaisceart. Iad siúd a n-éiríodh go maith leo sa scrúdú sin, théadh siad chuig scoil ghramadaí agus ní bhíodh an dara rogha ag an dream eile ach freastal ar scoil idirmheánach. Deir Risteard gur aithníodh taobh istigh de thréimhse ghearr gur “sórt boscaí bruscair” a bhí sna scoileanna idirmheánacha seo agus nach raibh mórán i ndán dóibh siúd a bhí ag freastal orthu. Deir sé chomh maith go raibh an caiteachas per capita ar pháistí sna scoileanna gramadaí níos airde ná mar a bhí sé sna scoileanna idirmheánacha.
“An dóigh a raibh sé, cuid mhór de na teaghlaigh i nDoire a raibh páistí dá gcuid ag freastal ar na scoileanna gramadaí ní raibh aon taithí acusan ar shaol agus ar choinbhinsiúin na scoileanna gramadaí. Go minic, rinneadh rudaí ar na páistí agus dá ndéanfaí a leithéid anois chuirfí an dlí ar dhuine éigin. Ach níor tharla rudaí mar sin ag an am sin. Fiú amháin, brúdh daoine amach as an scoil siocair nár fhóir siad ar chúis amháin nó ar chúis eile don scoil. Thug mé faoi deara i gcónaí gur mhinic na daoine ó na teaghlaigh sin nach raibh aon taithí acu ar an chineál seo saoil is mó a bhí thíos leis. Ní minic a tharlódh sé go ruaigfí mac dochtúra nó mac fiaclóra nó mac dlíodóra amach as scoil. Ach dá mbeadh d’athair dífhostaithe nó dá mbeadh sé ina dhugaire is mó an seans go dtarlódh sé.”
Ba Phrotastúnaigh formhór na gcairde a bhí ag Risteard agus é óg agus deir sé nach raibh teannas ar bith eatarthu riamh. “Caithfidh mé a rá gur tógadh mise sa dara sráid ba dhílsí sa chathair, taobh amuigh den Fountain. Athraíodh sin nuair a thóg an Bardas ag an am eastát nua tithíochta, tithíocht phoiblí. Ar ndóigh, dílseoirí a fuair na tithe ag an uair sin [Déanann sé gáire]. Taobh istigh de chúpla lá bhí athrú iomlán déanta ar dhéimeagrafaíocht na sráide. Bhí na dílseoirí uilig bogtha suas go dtí an t-eastát nua seo agus líonadh an tsráid le náisiúnaithe. “So, nuair a bhí mise ag fás aníos, páistí ón taobh sin den phobal is mó a bhí mar chairde agam agus sin mar a bhí sé go ndeachaigh mé ar an mheánscoil. Bhain siad leis an lucht oibre agus ní raibh aon difear eadrainn, le fírinne. An t-aon difear, is dócha, ná go mb’fhéidir go raibh obair ag tuismitheoirí na bpáistí sin.”
Ollscoil na Banríona
Nuair a bhí sé réidh i gColáiste Cholmcille, thug Risteard aghaidh ar Bhéal Feirste agus rinne céim sa Cheiltis in Ollscoil na Banríona. Bhain sé Dioplóma san Oideachas amach ina dhiaidh sin agus chaith sé sé bliana ag múineadh, ní i scoil ghramadaí, ach i scoil idirmheánach i gCaisleán na Deirge, Contae Thír Eoghain.
Le linn na mblianta sa scoil sin, thosaigh sé ag scríobh téacsleabhar Gaeilge de bhrí go raibh ganntanas mór acmhainní teagaisc ann. Agus é i mbun na hoibre sin, áfach, thuig sé go raibh go leor le foghlaim aige faoi shealbhú agus faoi fhoghlaim teanga agus chinn sé, mar sin, ar mháistreacht a dhéanamh sa teangeolaíocht fheidhmeach. Ní raibh ach cúrsa amháin dá leithéid ar fáil sna hoileáin seo, agus b’in in Ollscoil Essex. Go hádhúil, d’éirigh le Risteard comhaltacht mhúinteoireachta a fháil ón Roinn Oideachais leis an MA a dhéanamh. Chaith sé an bhliain acadúil 1967 – 1968 i Sasana, ach seachas dul ar ais chuig an mhúinteoireacht arís, chuir sé isteach ar phost sa choláiste nua i gCúil Raithin agus d’éirigh leis é a fháil.
“Nuair a bhí mise in Essex, fógraíodh go mbeadh an ollscoil ag oscailt agus go mbeadh sé ag glacadh isteach mac léinn an fómhar ina dhiaidh sin. D’fhoilsigh siad a gcéad prospectus agus nuair a chonaic cuid de na scoileanna Caitliceacha sa tuaisceart nach raibh an Ghaeilge ar an chlár léinn acu, thóg siad an-racán. Ag an phointe sin a d’aithin na daoine sinsearacha sa choláiste go raibh meancóg déanta acu, agus d’fhéach siad leis sin a leigheas. Ní raibh aon taithí acu ar an scéal sa tuaisceart agus ghlac siad treoir ó chuid de na státseirbhísigh – agus níor luadh rud ar bith leo faoi chúrsaí Gaeilge.”
Bhí an t-ádh ar Risteard mar gur fhógair an coláiste léachtóireacht le Gaeilge agus teangeolaíocht agus, mar a deir sé féin, “Creidim gur mise an t-aon duine amháin sa tír a raibh an dá cháilíocht sin aige!”
Bhí deis ag mic léinn a chuaigh go Cúil Raithin teangacha mar an Rúisis nár múineadh sna meánscoileanna a fhoghlaim ó thús agus chonaic Risteard go mbeadh buntáiste ag baint leis an deis chéanna a chur ar fáil do dhaoine ar spéis leo an Ghaeilge a dhéanamh mar ábhar.
“D’aithin mise go mbeadh sé sin úsáideach ag lucht na Gaeilge fosta mar go raibh go leor daoine sa tuaisceart nach mbeadh an Ghaeilge ar an mheánscoil acu, go háirithe Protastúnaigh. D’éirigh liom an cúrsa ab initio sa Ghaeilge a chur ar bun ag an phointe sin agus d’éirigh go rathúil leis. Tháinig cuid mhór daoine an-spéisiúla ar fad isteach i saol na Gaeilge de thairbhe an chúrsa sin. Má tá mé bródúil as rud ar bith, déarfainn gur sin an rud is mó a bhfuil mé bródúil as.
“D’oibrigh sé agus mheall sé cuid mhór daoine. De thairbhe go raibh an cúrsa ab initio sin ann, bhí an-éagsúlacht mac léinn páirteach sa Léann Éireannach i gCúil Raithin – chomh maith le Caitlicigh an tuaiscirt agus Protastúnaigh an tuaiscirt, bhí Sasanaigh agus Meiriceánaigh agus daoine ó achan áit ag teacht.”
Nuair a d’fhill Risteard as Essex i 1968, bhí na Trioblóidí díreach ag tosú i nDoire. Deir sé go raibh an pobal náisiúnach ansin den tuairim go raibh “éagóir ar bharr éagóra” déanta ag an rialtas orthu; ghoill sé go mór orthu, mar shampla, gur tógadh an ollscoil nua i gCúil Raithin seachas i nDoire.
“Bhí cuid mhór feirge i bpobal Dhoire ag an am sin. Bhí an rialtas anseo i ndiaidh feall i ndiaidh fill a dhéanamh orthu. An chéad cheann ná nuair a theip orthu an ollscoil a fháil. Bhí sé sin ina chréacht oscailt, mar a déarfá, i rith an ama mar bhí scéalta ag teacht amach ó am go chéile go raibh seo á bhaint de Magee agus do raibh sin á bhaint de Magee.”
Dála go leor de mhuintir Dhoire ag an am, ghlac Risteard páirt sna mórshiúlta cearta sibhialta. Bhí sé i láthair, mar shampla, ag an mhórshiúl ar an 5 Deireadh Fómhair 1968 i nDoire Trasna nuair a d’ionsaigh na B-Specials iadsan a bhí i mbun agóide.
“Ní raibh aon chaidreamh cairdiúil idir na fórsaí slándála anseo agus gnáthphobal Chathair Dhoire. Bhí sé tuigthe ag an chuid is mó de phobal na cathrach go raibh athruithe de dhíth agus bhí dóigheanna éagsúla ann leis na hathruithe sin a thabhairt i gcrích. Bhí dóigh na polaitíochta agus dóigh an fhoréigin ann agus bhí an chuid is mó de na daoine idir an dá chomhairle sin. An chuid is mó den phobal, d’fhan siad dílis don seasamh a bhí glactha ag John Hume – fuair Hume i gcónaí tacaíocht mhór.”
Fiafraím de Risteard a raibh aon bhá aige leis an dream a d’úsáid foréigean i gcoinne na bhfórsaí slándála ag an am agus ar feadh na mblianta ina dhiaidh sin.
“Ní duine foréigin mé. Tá mórán an dearcadh céanna agam is atá ag macasamhail Hume i nDoire: nuair a chuireann tú tús leis an fhoréigean, tá sé iontach deacair smacht a choinneáil air. Ach, ag an am chéanna, agus muid anois ag amharc siar ar an rud, tá cosaint le déanamh ar an bharúil nach mbeadh oiread bainte amach ach go b’é go raibh foréigean nó bagairt an fhoréigin ann agus b’fhéidir go bhfuil sé sin fíor fosta. Is ceann de mhórcheisteanna stair na hÉireann i gcónaí, is dóigh liom, an rogha idir modhanna síochánta agus an foréigean.”
Ag obair i nDoire
Tháinig fás mór ar an Léann Éireannach le linn na mblianta tosaigh sin i gCúil Raithin ach d’fhág Risteard an coláiste i 1974 nuair a d’éirigh leis post a fháil in institiúid nua don oideachas aosach agus don oideachas leantach a bunaíodh i gColáiste Magee. Deir sé go raibh spéis aige sa réimse áirithe sin agus gur theastaigh uaidh bheith ag obair ina chathair dhúchais chomh maith.
Bhí cúrsaí athnuachana á reáchtáil san institiúid do dhaoine a bhain le réimse leathan gairmeacha, oibrithe sóisialta, múinteoirí agus daoine a bhí ag plé leis an leigheas ina measc. Bunaíodh Clár Bonnstaidéir chomh maith a raibh sé mar sprioc aige an dara seans a thabhairt do mhic léinn aosacha nár éirigh leo a gcúrsa meánoideachais a chríochnú.
“Bhí mise freagrach as teicneolaíocht an oideachais – bhí lárionad acmhainní foghlama curtha ar bun san áit agus iarradh orm amharc ina dhiaidh sin. Mar sin, bhí éagsúlacht cúraimí orm san áit. Bhí mé freagrach as cúpla ceann de na modúil a bhí sa bhonnchúrsa agus b’in an ceann is mó a thug sásamh dom as na cúrsaí uilig. Cúrsa fíor-cheannródaíoch a bhí ann maidir le hÉirinn de. Ní raibh aon chúrsa mar é áit ar bith eile – tá siad an-choitianta anois agus bunaithe ar chúrsa Magee atá siad, cuid mhaith.”
Chaith Risteard beagnach tríocha bliain san Institiúid ar fad go dtí go ndeachaigh sé ar scor trí bliana ó shin. An drochrud é fanacht sa phost céanna chomh fada sin?
“D’fhan mise tamall an-fhada i Magee. Bhí mé ansin ó 1974 go dtí gur éirigh mé as in 2003. Is dócha gur drochrud é sin. An t-aon chosaint atá agam ná, taobh istigh den institiúid, bhí cuid mhór athruithe ag tarlú i rith an ama. Gach tríú nó ceathrú bliain, chuirfí cúram eile ort agus d’imeofá i dtreo eile.”
Sna blianta tosaigh i Magee, scríobh Risteard cúrsa Gaeilge d’fhoghlaimeoirí fásta, Cúrsa Closamhairc Gaeilge, agus d’fhoilsigh sé féin an pacáiste chomh maith. Tá cúrsa eile d’aosaigh, Tús Maith, scríofa aige le blianta beaga anuas agus tá sé ar tí an tríú cuid, agus an chuid dheireanach den tsraith seo, a fhoilsiú i ndiaidh na Nollag. Le cois na leabhair seo a fhoilsiú, déanann sé féin iad a dhearadh agus canann sé amhráin idir na ceachtanna!
Ar bhord dhá eagraíocht
Le trí bliana déag anois, tá Risteard ar bhord Iontaobhas Ultach, an eagraíocht atá lonnaithe i mBéal Feirste a bhfuil sé mar sprioc aici an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn traschultúrtha. Bhí an dearg-ghráin ag go leor de náisiúnaithe na sé chontae ar an eagras sna nóchaidí de bhrí gurbh é rialtas na Breataine a chuir maoiniú ar fáil dó ag an am agus chaith go leor acu go suarach leis an té a bhí agus atá i gceannas air, an Béal Feirsteach Aodán Mac Póilín.
“Sílim go bhfuil sé sin athraithe anois ach bhí sé an-dian air. Ag an am bhí cluiche an-chontúirteach á imirt acu maidir le hAidan bocht agus bhí seisean imníoch go leor fá dtaobh de. Bhí clúmhilleadh ar siúl ag cuid de na colúnaithe a bhí ag scríobh ina éadan. Ag an am, bhí go leor gealt ag dul thart a d’amharcfadh air seo agus b’fhéidir a ghlacfadh treoir uaidh agus a dhéanfadh dochar d’Aidan. Sin an eagla is mó a bhí air. Bhí seisean ag siúl thart fá na ceantair seo i rith ama sin, bhí sé ina chónaí i gceartlár Bhaile Andarsan.”
Tá Risteard ar bhord Colmcille chomh maith, an eagraíocht a bhunaigh rialtas na hÉireann agus na Breataine chun nasc níos láidre a chothú idir Gaeil na tíre seo agus na hAlban. An bhfuil sé sásta leis an mhéid atá bainte amach ag an eagraíocht sin?
“Tá mé sásta go bhfuil siad ag dul sa treo ceart. Is eagraíocht an-bheag í – níl ach triúr oifigeach fostaithe ag Colmcille agus príomhfheidhmeannach. Is iontach an méid atá bainte amach acu agus gan ach duine amháin in achan réigiún.”
An dóigh leis go bhfuil ceangal níos láidre idir na Gaeil sa dá thír anois?
“Sílim go bhfuil agus a bhuíochas sin cuid mhaith do Cholmcille. Suimiúil go leor, bhí tagairt do Cholmcille i miontuairiscí Pharlaimint na hAlban ansin le gairid. Rinneadh tagairt ar leith don obair spéisiúil a bhí ar siúl ag Colmcille, nach bhfuil ar siúl ag aon dream eile sa tír – agus aithníodh sin.
“Ní fhéadfá a rá go bhfuil achan rud atá le déanamh á dhéanamh ach taobh istigh de na hacmhainní atá acu tá obair mhaith á déanamh.”
Luaim Institiúid Teangeolaíochta Éireann le Risteard ansin, eagras eile a raibh baint aige leis go dtí gur chuir an rialtas deireadh leis roinnt blianta ó shin. Chuir sé an-díomá ar go leor daoine ag an am go rabhthas ag cur deireadh le hinstitiúid a bhí chomh tábhachtach sin agus fiafraím de Risteard ar chuir sé iontas air nár tógadh raic níos mó mar gheall ar chinneadh an rialtais.
“Bhí sé ina throid reatha san áit ar feadh na mblianta. Bhí cuid de na daoine a bhí oiread fríd a chéile mar gheall ar an mhéid a bhí ag tarlú ann go raibh siad ar shaoire leanúnach tinnis ón obair. Bhí cúpla duine nach bhfaca mé san áit ar feadh roinnt blianta. Agus daoine fiúntacha a bhí iontu, ní daoine a bhí ag iarraidh caimiléireacht ar bith a dhéanamh. Bhí an teannas agus an t-atmaisféar chomh holc san áit, síorthroid agus coimhlint idir pearsantachtaí éagsúla. Bhí sé go dona ar fad. D’fhéach an Roinn Oideachais cúpla uair le réiteach a dhéanamh ar an rud agus theip ar na hiarrachtaí. Agus sin an toradh a bhí air sa deireadh. Bhí sé an-deacair ag an bhord rud ar bith a dhéanamh faoi.”
Agus mura mbeadh an troid sin ann, an mbeadh an institiúid ann go fóill?
“Bheadh cinnte, gan aon dabht.”
Fiafraím de Risteard ag deireadh an agallaimh an bhfuil pleananna móra aige ó thaobh oibre de sa todhchaí nó an bhfuil sé chun a scíth a ligean agus sult a bhaint as an saol.
“Tá mise seasca a hocht anois ach mothaím neart brí agus fuinnimh go fóill. Tá cuid mhór rudaí is mian liom a dhéanamh!”
Ní fear é Risteard Mac Gabhann a bhfuil cleachtadh ar bith aige ar a bheith díomhaoin agus féadann tú bheith cinnte go leanfaidh sé air ag saothrú ar son na teanga agus an chultúir sna blianta atá romhainn.