Tá ceachtanna i dtaobh an gheilleagair le foghlaim dar le John-Paul Mc Carthy ach éisteacht le Léachtaí Reith a thug Niall Ferguson le déanaí.
Cibé uair a chloisim an stairí eacnamaíochta Niall Ferguson ag caint os ard, tagann aiste cháiliúil Friedrich Neitzsche chun cuimhne, Vom Nutzen und Nachteil der Historie für das Leben (1872), ’sé sin “Tábhacht agus laigeachtaí na staire ó thaobh shaol an dhuine de”. Insan aiste shíoraí seo, cháin Nietzsche na staraithe a leag an iomad béime ar thairngreachtaí fadtéarmacha agus a rinne iarracht na mílte bliain a achoimriú le halt aonaránach. Ba léir do Nietzsche gur chur i gcéill an cineál sin obair staire toisc ná féidir na tairngreachtaí teibí seo a fhíorú ná iad a cháineadh. Gach uair a labhraíonn Ferguson fé fhréamhacha ár “sibhialtacht domhanda” nó fés na “killer applications” dar thug an lámh in uachtar don Iarthar nó fé bhorradh as cuimse na Síne, is maith is cuimhin liom an t-alt sin in aiste Nietzsche nuair a mhaíonn:
“What is history then other than the way in which the spirit of man takes in the events which are impenetrable to him, something in which only God knows whether there is a relationship holding it together, in which that spirit replaces an incomprehensible thing with something comprehensible, from the outside underwrites with his ideas of purposefulness a totality which really can be known only from within, and also assumes chance events, where a thousand small causes were at work.”
B’é seo achainí ó Nietzsche tabhairt fé shaothar an lucht staire go humhail agus go ciúin fiú. Cé gur chaith Ferguson cúpla bliain ag obair insa Ghearmáin ar ráta tubaisteach an bhoilscithe i ré Weimar, ní fear umhail ná ciúin é, rud a léiríodh arís le déanaí nuair a thug an BBC cuireadh dó Léachtaí Reith a thabhairt ar an dtéama “the rule of law and its enemies”. Chuir sé ceithre leácht beo i dteannta a chéile fé dheireadh, léachtaí sotalacha a dhéanann tóraíocht ar fhreagraí uilíocha do cheisteanna domhanda.
Buanna Mórálacha agus an Geilleagar
Cé acu gur chóir tús áite a thabhairt dóibh, iompar príobháideach an tsaoránaigh nó forais ghinearálta dár thóg na saoránaigh céanna? An rud dleathach seachas matamaticiúil í sláinte an gheilleagair i ndeireadh báire? An n-éireoidh le Páirtí Cumannach na Síne riamh glúin dúchasach cosúil le Jefferson agus Madison na Meiriceánach a chruthú roimis chúlú i bhforbairt a ngeilleagair?
Bhain ceann amháin des na léachtaí leis an nasc idir an dlí coiteann agus sláinte an gheilleagair. Mhaígh Ferguson anseo go mba chóir éisteacht le Dickens agus an nasc sin á mhionscrúdú, ach go háirithe na haistí uaidh a rinne beag is fiú des na háitimh éagsúla a dhéanadh buanna mórálacha Shasana a adhradh. B’fhearr dúinn, dar le Ferguson, ceacht Bernard Mandeville a fhoghlaim ón ndán fáthchiallach aige siúd a bhaineas leis na beacha, The Fable of the Bees, dán a rinne cur síos ar dhul chun cinn sochaí a bhí lán le daoine laga cantalacha.
“Mandeville’s central point was that societies with the right institutions can flourish even when the individuals who live in them misbehave. It was not Biblical virtue that made 18th Century England richer than almost anywhere in the world, but rather secular vices. It was just that these vices had what economists like to call pretentiously ‘positive network externalities’ - precisely because the institutions of British society at that time were favourable to saving, investment and innovation.”
Seo eiseamláir deas de mhuinín Ferguson agus fadhbanna á scagadh aige. Is féidir leis “ceachtanna” an 18ú aois go léir a achoimriú dúinn, ach amháin uirlisí geilleagair a úsáid sa stair.
Tuilleadh Iasachtaí
Sa tarna léacht, “The Darwinian Economy”, cháin Ferguson saineolaithe Meiriceánacha cosúil le Paul Krugman a deir gur chóir do rialtais ilghnéitheacha an Iarthair breis fiacha a ghineadh ina gcuid géilleagar d’fhonn fostaíocht a chruthú. Dar le Ferguson, ní féidir fuascailt na faidhbe baincéireachta a dh’fháilt trí fhiacha nua a ghineadh ná trí dhiansmacht a chur ar na bancanna ach an oiread. Níor theip bancanna mór le rá Mheiriceá de dheascaibh easpa smachta ón rialtas, ach de dheascaibh drochsmachtú aineolach. “it was the most regulated institutions in the financial system that were in fact the most disaster-prone: big banks on both sides of the Atlantic, not hedge funds.”
Ba chóir do shaoránaigh na hÉireann éisteacht go géar leis sa léacht seo, ach go háirithe nuair a bhaineann sé úsáid as staidéar Walter Bagehot ar chliseadh baincéireachta, Lombard Street (1873). Insa staidéar seo, rinne Bagehot cur síos ar céard a tharlaíonn nuair a thiteann an córas baincéireachta as a chéile, agus thug sé rabhadh freisin: “[e]ven at the last instant of prosperity, the whole structure is delicate.”
Thaithin cur chuige Bagehot go mór le Ferguson. Nuair a theipeann ar bhanc, níl le déanamh chun iad a chur ar bhóthar a leasa arís ach cuimhneamh gurb iad “Very large loans at very high rates are the best remedy”. Ní foláir nó go raibh Ollie Rehn agus M. Trichet ag éisteacht leis i 2009!
- Is scríbhneoir staire ó chathair Chorcaí John-Paul McCarthy.