Ní raibh Ray Yeates, stiúrthóir nua Ionad Ealaíon an Axis i mBaile Munna, ach cúig bliana is fiche nuair a d’éirigh leis post tábhachtach a fháil in Amharclann na Mainistreach i mBaile Átha Cliath. Tar éis cúpla bliain, áfach, briseadh as an bpost sin é agus thosaigh an tóin a thitim as a shaol. Mhínigh sé do Chaoimhe Ní Laighin le gairid conas a shábháil a dhúil sna healaíona é.
Tagann fear gealgháireach, gléasta in uaine, i mo threo. Tá hata ar a cheann agus culaith ornáideach á caitheamh aige. Tá guthanna áthasacha páistí le cloisteáil sa chúlra agus iad ag canadh amhrán na Nollag. Siúlann Daidí na Nollag thar bráid. Tá atmaisféar meidhreach san áit agus tá dreach fáilteach ar aghaidh na ndaoine a gcasaim leo.
Croitheann an fear a bhfuil an chulaith uaine á caitheamh aige mo lámh go láidir. “Is sióg Nollag mé,” a deir sé. “Bhí mé ag cuidiú le Daidí na Nollag i rith na seachtaine!”
Is é an fear atá i gceist ná Ray Yeates, stiúrthóir Ionad Ealaíon an Axis, an t-ionad nua-aimseartha atá lonnaithe i gcroílár Bhaile Munna i dtuaisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Ceapadh Ray sa phost anuraidh agus ó shin i leith tá neart oibre déanta aige.
Faoina chúram, cuireadh tús le “Borradh Buan”, féile drámaíochta Gaeilge ar léiríodh cúig dhráma lena linn mar chuid den *ESB Fringe Festival *i mhí Deireadh Fómhair. Léiríodh roinnt drámaí de chuid compántais ó Bhaile Munna agus de chuid Amharclann na hÓige ar stáitse an ionaid fosta. Le cois na drámaíochta seo, tá sé thaispeántas ealaíne agus grianghrafadóireachta de shaothar ealaíontóirí óga agus ealaíontóirí áitiúla tar éis bheith ar siúl san ionad le sé mhí anuas.
B’údar bróid faoi leith don Ionad Axis, áfach, an dráma *From these Green Heights *le Dermot Bolger, a bhí le feiceáil ansin ag deireadh na bliana seo caite. Sa dráma seo, insítear scéal Bhaile Munna agus a áitritheoirí. Ba é seo an chéad léiriú riamh den dráma seo ó pheann an údair cháiliúil agus bhí an-rath ar an léiriú, i dtéarmaí an lucht féachana agus na léirmheasanna a fuair sé.
Tá Ionad Ealaíon an Axis lonnaithe faoi scáth na dtúr i mBaile Munna, túir a bhfuil an liathróid treascartha i ndán dóibh. D’éireodh leis an dráma seo de chuid Bolger in aon láthair toisc gur scéal daonna é - ach bhí brí faoi leith ag baint le léiriú an scéil, a coimisiúnaíodh go speisialta don ionad, faoi scáth na dtúr.
Nuair a bhuailim le Ray, is léir go bhfuil sé gnóthach. Bíonn cruinniú tapa aige le fear ó bhord bainistíochta an ionaid, agus Ray gléasta go fóill mar shióg Nollag! Tá sé buartha faoi bhronntanas na Nollag fosta, é ag iarraidh iPod ar phraghas réasúnta a cheannach do dhuine dá chúigear páistí.
“Gheall mé go mbeinn in áit éigin eile,” a deir sé. “An bhfuil sé ceart go leor má dhéanaimid agallamh neamhchoinbhinsiúnach sa charr?”
Mar sin de, déanaimid an t-agallamh sa charr! Ach, le linn an agallaimh, tagann sé chun solais gur *duine *neamhchoinbhinsiúnach é Ray. Tá fís agus dearcadh faoi leith aige. Rachadh sé i bhfeidhm ort mar dhuine réchúiseach agus foighneach, duine nach bhfuil fearg ar bith ag baint leis. Is fear mór machnaimh agus síceolaíochta é, a éisteann le ceisteanna agus tuairimí daoine eile go cúramach. Ach, dar leis féin go bhfuil turas fada déanta aige - i dtéarmaí proifisiúnta agus mar dhuine fosta.
Óige Ray
Rugadh Ray i Londain i 1959, de thuismitheoirí Éireannacha. Shocraigh siad go gcuirfidís fúthu in Éirinn arís sna seascaidí nuair a bhí borradh faoin ngeilleagar le linn ré Lemass. Cheannaigh siad teach i mBaile Phib i dtuaisceart na cathrach agus tógadh Ray sa cheantar sin.
“Bhí mé saghas millte mar phaiste,” a deir sé, “toisc gur samhlaíodh Baile Phib mar cheantar garbh ag an am sin. Bhíodh imní ar mo thuismitheoirí i gcónaí go ndéanfaí ionsaí nó rud éigin uafásach orm. Laethanta difriúla ab ea iad. Bheadh sparán mór airgid de dhíth ort chun teach a cheannach sa cheantar sin sa lá atá inniu ann!”
Thaitin a cheantar dúchais go mór leis.
“Bhí spiorad iontach ann,” a deir sé. “Bhí muintir na háite an-eagraithe agus chuiridís imeachtaí iontacha ar fáil dúinn. Ghlac gach duine páirt sna sraithchomórtais pheile agus tógadh páirc imeartha dúinn.”
Cé nach raibh Gaeilge ag a thuismitheoirí, bhíodar báúil le coincheap na nGaelscoileanna agus d’fhreastail Ray ar Choláiste Mhuire, áit a bhfuair sé a chuid bunscolaíochta agus meánscolaíochta. Le linn dó a bheith sa mheánscoil, cuireadh síolta a shuime sna healaíona nuair a ghlac sé páirt i drámaí na scoile.
“Bhí an-chaighdeán sa scoil sin ó thaobh na drámaíochta de,” a deir sé. “Spreagadh muid i gcónaí sna healaíona. Uaireanta bhíodh léiritheoirí ó Amharclann na Mainistreach bainteach leis na drámaí - ag tabhairt comhairle dúinn agus i mbun stiúrthóireachta.”
Thug Ray faoi chéim sa tsíceolaíocht sa Choláiste Ollscoile, Bhaile Átha Cliath mar go raibh an-suim aige san ábhar áirithe sin.
“Ach ní raibh mo chroí i rudaí acadúla na laethanta sin,” a deir sé. “Chaith mé mo chuid ama go léir leis an gCumann Drámaíochta.”
Le linn dó bheith san ollscoil, músclaíodh suim i gcúrsaí léiritheoireachta ann agus léirigh sé cúpla dráma de chuid Paul Mercier.
“Ní dhearna mé lá oibre i mo shaol go dtí go raibh mé beagnach daichead!” a deir Ray, ag magadh faoin tuairim nach obair “cheart” í obair na hamharclainne.
Tá gach saghas oibre déanta san amharclann aige faoin am seo, idir aisteoireacht, léiritheoireacht, stiúrthóireacht, scríbhneoireacht agus mhúineadh na drámaíochta. Chaith sé seal le Scoil Aisteoireachta an Gaeity, an scoil ar a fhreastail leithéidí Colin Farrell. Níor mhúin sé Farrell, ach bhí Don Wycherly, Aisling O’Sullivan agus Félim Drew ina rang.
Cé gur duine é Ray a bhfuil baint ollmhór tar éis bheith aige leis an amharclannaíocht in Éirinn, níl aon rian den *luvvie *le sonrú ann.
Amharclann na Mainistreach
Bronnadh an chéim ar Ray i 1980 agus cúig bliana ina dhiaidh sin, nuair nach raibh sé ach cúig bliana is fiche d’aois, ceapadh é mar Leas-Stiúrthóir Ealaíon in Amharclann na Mainistreach. Ba é Joe Dowling (a bhí mar stiúrthóir na hamharclainne ag an am) a d’aithin a chumas nuair a léirigh Ray Metamorphosis, le Steven Berkoff, san amharclann i 1982.
Tá sé tráthúil go maith bheith i mbun cainte le hiarfhostaí de chuid Amharclann na Mainistreach agus díospóireachtaí leanúnacha ar siúl i dtaobh thodhchaí na hinstitiúide le linn di bheith ag ceiliúradh céad bliain ar an bhfód. Beidh conradh Ben Barnes, an Stiúrthóir Ealaíon reatha, ag críochnú in 2005 agus fógraíodh an folúntas seo go hoifigiúil le linn mhí na Samhna. D’fhógair Eithne Healy, cathaoirleach na hamharclainne, an post mar “Stiúrthóir”. I dtéarmaí na foclaíochta, tá difríocht bheag idir “Stiúrthóir Ealaíon” (teideal an phoist atá ag Barnes faoi láthair) agus an “Stiúrthóir” a bheidh á cheapadh acu in 2005. Ach, dar le Ray, is idirdhealú rí-thábhachtach é. Measann sé go gcaitheann an t-idirdhealú seo anuas ar ról an ealaíontóra i mbainistíocht amharclainne agus, níos measa fós, go dtarraingíonn sé amhras ar an gcruthaitheacht agus ar na healaíona iad féin.
“Is é an rud is measa faoin argóint seo,” a deir Ray, “ná go gceistíonn sé cumas an ealaíontóra. Tugann sé le fios nach bhfuil an t-ealaíontóir in ann a chúrsaí féin a bhainistiú; go bhfuil duine ón ‘saol gnó’ i gcónaí de dhíth. Tugann sé le fios nach daoine stuama agus freagracha muid. Is dearcadh seanfhaiseanta é sin, go mbíonn an t-ealaíontóir scoite amach ó ghnáthdhaoine. Is tuairim sheanchaite é go bhfuil aighneas idir na healaíona agus an gnáthshaol; go bhfuil na healaíona ag feidhmiú i bhfolús agus gan mórán bainte acu le gnáthdhaoine. I ndáiríre, tá na healaíona agus an gnáthshaol fite fuaite lena chéile.”
Cé go bhfuil sé riachtanach smacht a choimeád ar chúrsaí gnó de shíor, rud a thuigeann Ray go maith sa phost atá aige faoi láthair, tá imní air go gcaillfidh an chruthaitheacht in Amharclann na Mainistreach má chuirtear an iomarca béime ar chúrsaí gnó. Cheana féin, a deir sé, “tá an chrógacht imithe. Is amharclann sheanbhunaithe í Amharclann na Mainistreach agus b’fhéidir go bhfuil easpa físe agus easpa nuálaíochta inti. An rud nach dtuigeann an lucht gnó ná go bhféadfaidís bheith nuálaíoch agus cróga gan an iomarca airgid a chaitheamh. Níl siad sásta dul sa tseans, i ndáiríre.”
Tá drogall ar Ray, áfach, an milleán a chur ar Barnes.
“Tá sé fíordheacair duine aonair a cháineadh,” a deir sé. “Tá coinníollacha deacra san amharclann faoi láthair agus tá an t-uafás infheistíochta de dhíth. Féach ar an bhfoirgneamh,” a deir sé, agus muid, trí chomhtharlúint iomlán, ag tiomáint thart leis. “Tá sé go dona. Tá géarghá le láthair nua. Ba bhreá liom ailtirí uile na seascaidí a chur i líne os comhair mheitheal láimhe! Tá sé dochreidte go bhfuil an Amharclann Náisiúnta istigh san fhoirgneamh sin, leis an méid airgid atá sa tír sa lá atá inniu ann. Deir daoine, ‘Tá rudaí níos tábhachtaí ann ná na healaíona’. Ach déanann siad dearmad go bhfuil an saol gearr, ach go maireann na healaíona go deo.”
Aontaíonn sé leis an tuairim go lorgaítear ceap milleáin go minic nuair nach bhfuil rudaí i gceart.
“I ndáiríre, tá trua agam do Barnes,” a deir sé. “Tá an post seo cosúil le bainistíocht sacair. B’fhéidir go mbuafá an chraobh ach go gcaithfí amach as an tsraith thú. Níl a fhios ag aon duine céard í an fhoirmle cheart.”
Le linn dó bheith san Amharclann Náisiúnta, bhíodh Ray bainteach le hAmharclann na Péacóige, atá suite thíos faoin bpríomhamharclann. Chuireadh sé an clár imeachtaí le chéile agus bhíodh baint aige le léiriúcháin agus stiúradh na ndrámaí fosta.
“Bhí sé polaitiúil agus deacair,” a deir Ray ag tagairt don tréimhse a chaith sé ansin, “ach tairbheach ag an am céanna.”
Luann sé na drámaí Gaeilge *Imeachtaí na Saoirse *agus *Ag Ealaín in Éirinn *le hAntoine Ó Flatharta, i dteannta le drámaí WB Yeats, mar bhuaicphointí a sheal san amharclann.
“Briseadh mé as an bpost faoi dheireadh,” a deir sé go hoscailte. “Bhí mé óg agus taghdach ag an am agus déarfainn go raibh sé deacair bheith ag déileáil liom.”
Tá sé deacair an ráiteas sin a thuiscint nuair a bhuaileann tú le fear réchúiseach an lae inniu, ach ba chomhartha í an tréimhse seo go raibh deacrachtaí ag teacht chun cinn i saol Ray, deacrachtaí a mhairfeadh ar feadh na mblianta.
Lag agus goilliúnach
Nuair a d’fhág Ray Amharclann na Mainistreach, deir sé gur thosaigh sé ag “titim as a chéile mar dhuine”.
Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair?
Jolie Blons Bounce, úrscéal le James Lee Burke.
Cén ceol is fearr leat?
Gach rud tá mé an-tógtha le Blink 182.
Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh?
Sin ceist dheacair. *Godfather 2 *[Francis Ford Coppola], is dócha.
Cá dtéann tú ar saoire?
Bhí mé sa Phortaingéil i mbliana.
Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh?
Trí nó ceithre huaire.
Cén bhialann is fearr leat?
Trocadero i lár chathair Bhaile Átha Cliath.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Mahatma Gandhi.
Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige?
Constantin Stanislavski (1863-1938), an t-aisteoir agus stiúrthóir drámaí Rúiseach.
Cén rud is mó a chuireann isteach ort?
Mímhacántacht nó bullaíocht.
Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?
Idir 60-70 uair.
Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?
Mo chuid teorainneacha agus fallaí pearsanta.
An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?
Tá, ach tá mé ag súil gur féidir liom dul níos faide fós.
“Ní raibh mo sheanfhoirmle ag obair a thuilleadh,” a deir sé, “Bhí mé ag obair agus ag obair gan bheith ag éisteacht liom féin - le mo chorp nó le mo mheon. Bhí mé lag mar dhuine - bhí mé róghoilliúnach agus bhí sé éasca an lámh in uachtar a fháil orm. Bhí mé rófheargach freisin, i gcónaí criticiúil mar gheall ar dhaoine eile. Is dócha go raibh mé ródhian orm féin, agus b’in an fáth go raibh mé chomh dian sin ar dhaoine eile.”
Scar sé óna bhean chéile le linn na tréimhse seo fosta.
“Bhí freagra de dhíth orm,” a deir sé. “Thosaigh mé ag déanamh mo dhíchill chun leigheas a fháil. Thug mé faoi yoga, athrú bia, gach uile rud. Ag féachaint siar, fiú roimh an tréimhse dheacair seo, bhíodh mé i gcónaí ag lorg freagraí. Bhí rud éigin in easnamh.”
Aithníonn Ray anois go raibh baint ag a thógáil leis an easpa seo.
“Rugadh mé i dteaghlach alcólach,” a deir sé, “agus bhí tionchar ollmhór ag m’óige orm mar dhuine fásta. Má thógtar tú i dteaghlach alcólach, ní bhíonn féinmhuinín agat; d’fhéadfadh aon rud tarlú duit. D’fhéadfadh an troscán dul amach an fhuinneog - ní féidir leat aon rud a thuar. Cailleann tú féinmhuinín ionat féin agus sa saol. Deirtear go minic sa Bhéarla: ’Children of alcoholics have to guess at what is normal’, agus tá sin fíor gan amhras. Ní thuigeann tú an gnáthshaol agus bíonn dúil chráite agat an ‘freagra’ a fháil i gcónaí.”
D’aithin Ray faoi dheireadh, áfach, nach féidir le duine an freagra a fháil taobh amuigh dó féin.
“Ní féidir leat comhairle nó fírinne duine eile a ghlacadh,” a deir sé, “Má dhéanann tú amhlaidh, beidh tú ag aisteoireacht. Ní féidir leat athrú a dhéanamh muna nglacann tú le d’fhírinne féin. Tuigeann cách conas athruithe a dhéanamh. Tá an t-eolas go léir ann - na leabhair, na seimineáir, na meáin chumarsáide. Tá gach duine ag éisteacht leis na teachtaireachtaí seo ar bhonn laethúil. Ach muna n-athraíonn rud bunúsach ionat féin, ní dhéanfaidh comhairle daoine eile aon difríocht duit.”
D’imigh Ray go Nua-Eabhrac i 1992.
“Bhí sé fíordheacair orm ag an tús,” a deir sé, “mar bhí mo pháistí in Éirinn. Níor chuireadar fúthu sna Stáit Aontaithe liom. Nuair a bhíonn tuismitheoir scartha ó phaistí, nuair nach bhfeiceann sé iad ach ag tráthanna faoi leith, bíonn sé deacair i gcónaí. Ach tá buntáiste éigin ag baint leis freisin, is dócha. Bhreathnaigh mé ar mo pháistí mar dhaoine iontu féin, seachas mar phíosa díomsa. Tá meas agam orthu mar indibhidí.”
Le linn dó bheith sna Stáit Aontaithe, forbraíodh neart nua i Ray. Thosaigh sé ag foghlaim rudaí nua agus daingníodh é mar dhuine.
“Tá go leor cabhrach ar fáil sna Stáit Aontaithe,” a deir sé. “Má theastaíonn uait rud éigin a dhéanamh, níl aon leithscéal agat. Is cuma cén sórt duine atá ionat, gheobhaidh tú grúpa nó cumann a fhreastalóidh ort.”
Toisc go raibh Ray níos láidre mar dhuine, bhí sé níos fusa aige rudaí nua a fhoghlaim. Ceapadh é mar Stiúrthóir Ealaíon ar an Chelsea Playhouse i 1995 agus tháinig forbairt ar a chuid scileanna proifisiúnta agus pearsanta le linn a thréimhse ansin.
“Is cuimhin liom go maith an lá a tharla an soilsiú,” a deir sé. “Dúirt duine éigin liom, ‘réitíonn tú le daoine eile sa tslí chéanna a réitíonn tú leat féin’. Chuaigh sin i bhfeidhm go mór orm. B’in m’fhírinne féin. Bhí orm bheith ar mo shuaimhneas liom féin agus ansin d’fhéadfainn bheith ar mo shuaimhneas le daoine eile. Tháinig mé ar ais ó na Stáit Aontaithe agus mé i mo dhuine difriúil. Is amhlaidh go ndeir daoine anois nach n-aithníonn siad mé ó thaobh mo phearsantachta de.”
Cé go raibh neart nua ag Ray, tháinig sé ar ais go hÉirinn le linn tréimhse deacra. Bhí a iarbhean chéile ag fáil bháis den ailse nuair a d’fhill sé agus deir sé go ndeachaigh sé sin i bhfeidhm, “go leibhéal tubaisteach”, ar gach duine. Fuair sí bás i 1999.
Ghlac Ray le cúram thógáil na bpáistí arís sa bhliain sin.
“Cé go raibh mé ní ba láidre mar dhuine, bhí sé deacair bheith ag déileáil leis an mbás. Ní raibh mé in ann obair chruthaitheach a dhéanamh le linn na tréimhse sin. Rinne mé gach uile rud eile ina háit - d’oibrigh mé le Dell, in óstáin, i siopaí, ag díol seirbhísí fóin ó dhoras go doras. Ainmnigh é, rinne mé é!”
Phós Ray arís agus rugadh páiste nua, Tiernan, dó féin agus dá bhean chéile in 2001.
Thosaigh Ray ag múineadh na drámaíochta arís in 2000; ba theagascóir drámaíochta sa Theatre Space, an amharclann i lár chathair Bhaile Átha Cliath, é agus é ag plé le scoileanna éagsúla. Le linn dó bheith ag múineadh ranganna drámaíochta i gceantar Bhaile Munna, ghlaoigh sé ar an Axis le ceist a chur: ar theastaigh uathu drámaí a dhaltaí a chur ar an ardán san ionad. Diúltaíodh dá iarratas toisc nach raibh stiúrthóir ann ag an am. Cé gur diúltaíodh dó, fuair Ray amach go raibh stiúrthóir de dhíth agus d’iarr sé orthu foirm iarratais a sheoladh chuige.
Dúshlán nua
“Bhí faitíos orm nuair a fuair mé an tairiscint,” a deir sé. “An raibh mé réidh le glacadh leis an bpost? Ach thosaigh mé agus tháinig gach uile rud le chéile. Táim láidir agus socair mar dhuine anois. Tuigim na laigí atá ionam go maith, ach níl mé ag ligean dóibh smacht a choimeád orm.”
Is léir go bhfuil an-mheas ag chuile bhall den fhoireann san ionad ar Ray. Agus léiríonn an tslí ina réitíonn siad lena chéile go bhfuil meas acu ar a chéile. Is léir go bhfuil meas ag an mbainistíocht ar Ray chomh maith toisc gur iarr an bord bainistíochta air glacadh le cúraimí an Phríomhfheidhmeannaigh (le cois na gcúraimí mar Stiúrthóir Ealaíon a bhí air cheana féin) mí Iúil seo caite. Anois, tá Ray freagrach as forbairt chruthaitheach *agus *forbairt airgeadais an ionaid.
“Téann sin ar ais go dtí an pointe a bhí agam níos luaithe,” a deir sé. “Cuirim na cuntais le chéile. Tuigim gach rud a bhaineann le cúrsaí airgeadais an ionaid. Is ealaíontóir mé. Ach, is bainisteoir éifeachtach mé, measaim féin, freisin!”
Is bainisteoir éifeachtach é Ray, ach is fear mór ealaíon agus cruthaitheachta é.
“Ní tharlóidh sé go deo go ndéanfaidh mé faillí i m’fhreagrachtaí cruthaitheachta san Axis toisc go bhfuil an iomarca den obair ghnó le déanamh,” a deir sé. “Ní fheicim aon difríocht idir mo fhreagrachtaí mar bhainisteoir ag ullmhú na gcuntas, agus mo sheal mar shióg Nollag le páistí Bhaile Munna. Tá an dá rud ar comhthábhacht.”
Tá sé an-bhródúil as an méid atá bainte amach aige san ionad, ach cuireann sé béim ar fheabhas a fhoirne agus ar an spreagadh atá faighte acu ó mhuintir Bhaile Munna chomh maith.
“Tá muintir Bhaile Munna saibhir i go leor slite nach bhfuil daoine eile saibhir. Tá taithí, dearcadh agus seasamh faoi leith acu. Ach níl mé sa phost seo ar mhaithe le forbairt shóisialta. Bheadh uasal le híseal á dhéanamh agam ar mhuintir Bhaile Munna dá mbeinn á mhaíomh sin. Táim anseo ar mhaithe le forbairt dhaonna. Is í an fhís atá agam don ionad ná go gcuirfí gach uile dhuine i mBaile Munna san áireamh. Teastaíonn uaim gach tallann, gach páiste le smaoineamh nua, gach duine a bhfuil spéis aige, fiú, a bhogadh i dtreo na n-ealaíon. Shábháil na healaíona mise. Teastaíonn uaim an chumhacht sin a thaispeáint do dhaoine eile.”
Tá sé bródúil, fosta, as “Borradh Buan” agus dóchasach go n-eagróidh siad an fhéile arís.
“Measaim go láidir go bhfuil margadh ann do dhrámaíocht Ghaeilge, cé go maíonn daoine a mhalairt go minic. Ach caithfimid an caighdeán a ardú. D’éirigh linn an amharclann a líonadh le linn léiriúcháin na gcompántas sármhaith. Taibhdearc na Gaillimhe agus Fíbín - is iad siúd na compántais atá ag gníomhú de shíor ar feadh na bliana chun caighdeán fíorard a bhaint amach. Deir daoine go minic nach dtugann pobal na Gaeilge go leor tacaíochta do dhrámaíocht na Gaeilge. Ach cé hiad lucht na Gaeilge? Is daoine iad. Ach teastaíonn ó dhaoine drámaí maithe a fheiceáil - cibé teanga atá i gceist.”
I measc na smaointe atá aige don todhchaí, tá Ray ag cuimhneamh ar thuras chuig na Stáit Aontaithe a eagrú i bpáirt le muintir na háite.
“Is é an coincheap atá agam ná go mbeidh duine amháin áitiúil ag aisteoireacht i ndráma thall i Nua-Eabhrac. Is féidir linn turas a eagrú eadrainn le léiriú an dráma a fheiceáil. Táim i gcónaí ag smaoineamh ar shlite chun suim na ndaoine áitiúla a spreagadh le go mbeidh siad in ann a shamhlú go bhfuil siad páirteach san ionad, gur leo é.”
Is léir go bhfuil buaicphointe sroichte ag Ray ina shaol. Tá dúshláin phearsanta agus phroifisiúnta bainte amach aige ar a bhealach go dtí an buaicphointe seo. Labhraíonn sé le grá faoina chlann agus labhraíonn sé le paisean agus díograis faoina phost. Is duine é atá sásta lena shaol. Mar a deir sé féin, agus imeartas focal á chleachtadh aige, “Seo é Ré an Ray nua!”
Is as Baile Átha Cliath í Caoimhe Ní Laighin. Tá bunchéim aici san iriseoireacht agus bhain sí céim MSc amach i nGnó agus i dTeicneolaíocht an Eolais le Fiontar, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i mbliana.