Níl Pádraig Ó hAoláin ag feidhmiú mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta ach le bliain anuas ach tá go leor pleananna curtha le chéile aige cheana féin chun dul i ngleic le meath na Gaeilge sa Ghaeltacht. Labhair sé le Sinéad Ní Ghuidhir faoina shaol agus faoin bhfís atá aige maidir leis an nGaeilge.
Tá saol gnóthach ag Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidmeannach Údarás na Gaeltachta. Bhí sé ar Thoraigh Dé Máirt; gafa le cruinnithe leis an Aire Éamon Ó Cuív agus leis an gCoimisinéir Teanga, agus le gnóthaí eile, Dé Céadaoin; agus díreach tar éis an agallaimh liomsa go moch Déardaoin, bhí sé ag bualadh bóthair go Luimneach agus go ceantar Mhúscraí agus é i mbun oibre ar son na teanga agus mhuintir na Gaeltachta.
Bhuail mé le Pádraig Ó hAoláin ina oifig féin i gceannáras an Údaráis sna Forbacha i nGaillimh. Oifig bhreá chompordach aige, pictiúr áille de chuid JJ Mackey ar an mballa agus neart leabhar ar na seilfeanna, The Death of the Irish Language, Pleanáil Teanga ina measc.
Cá bhfuair sé an spéis seo sa teanga, agus céard a thug go dtí an Ghaeltacht an chéad lá riamh é?
Agus é ag fás aníos i gCloch Shiúrdáin i gContae Thiobraid Árann, bhíodh na múinteoirí ag labhairt Gaeilge leis na daltaí i gcónaí i gclós na scoile, agus nuair a chuaigh sé ar aghaidh go dtí na Bráithre Proinsiasacha i gClóirtheach ina dhiaidh sin, bhí roinnt múinteoirí sa scoil sin a raibh an-spéis acu sa Ghaeilge freisin. Ach ní go dtí go ndeachaigh sé ag obair mar mhac léinn i Londain ar feadh an tsamhraidh ag deireadh na seascaidí, ag déanamh obair thógála ar na tolláin faoi Londain, a thosaigh sé ag labhairt na Gaeilge go rialta.
“Bhí cuid mhór den obair á déanamh ag daoine ó Dhún na nGall nó ó Chonamara. San áit a raibh mise ag obair bhí tromlach an gang a bhí istigh sa tollán áirithe sin ó Chonamara.
“I Sasana, bhuail sé mé ar bhealach an-mhór, mar i nGaeilge a labhair an grúpa seo i gcónaí. Bhí mé i lóistín le ceathrar acu – bhí teach ar cíos acu i Highgate – agus tar éis píosa bhí sé an-suntasach nár iompaigh siad mórán ar an mBéarla, rud atá coitianta anois nuair a bhíonn duine nach bhfuil aige ach Béarla ina measc. Gaeilge is mó a labhair siadsan lena chéile agus linne chomh maith agus, is dócha, nuair is crua don chailleach caithfidh sí rith! Is as sin a tháinig mo shuim i gcúrsaí Gaeilge agus i gConamara.”
D’fhan Pádraig dhá bhliain go leith i Sasana, agus d’fhill sé abhaile ag deireadh 1968. Chríochnaigh sé a chéim in Ollscoil Bhaile Átha Cliath, agus chaith sé trí bliana ag múineadh i gColáiste Belvedere. Chuir sé suim ansin i ndianchúrsa nua Gaeilge do dhaoine fásta a bhí forbartha ag Diarmuid Ó Donnchadha do Ghael Linn. Rinne sé an cúrsa traenála leo, agus thart ar dheireadh 1970 fiafraíodh de an rachadh sé ag múineadh go lánaimseartha ar an gcúrsa. Ghlac sé leis an tairiscint sin.
Mar a tharla sé, an tseachtain a thosaigh sé sa phost sin sheol Gaeltarra Éireann sna Forbacha litir chuig Gael Linn ag iarraidh orthu comhairleoir teanga a chur ar fáil dóibh. Agus is ar an dóigh sin a d’aistrigh Pádraig agus a chlann siar go Conamara, le dul ag obair mar chomhairleoir teanga le Gaeltarra sa bhliain 1970. Bhí obair theagaisc, aistriúcháin agus chomhairleoireachta ar siúl aige, agus é ag múineadh na Gaeilge istigh san ardoifig i rith an lae. Lena chois sin, rinne sé suirbhé sna monarchana éagsúla a raibh Gaeltarra ag plé leo sna Gaeltachtaí go léir; chaith sé tréimhsí ar an mbóthar, ag casadh le coistí áitiúla agus go háirithe le lucht bainistíochta na monarchan, féachaint cén chaoi a raibh cúrsaí Gaeilge sna ceantair éagsúla.
Tar éis trí bliana a chaitheamh mar sin, ceapadh Pádraig mar bhainisteoir ar rannóg nua san eagraíocht, is é sin, rannóg na dtionscal Gaeltachta, agus é freagrach as forbairt phobail, as tionscadail bheaga a d’fhostaigh idir duine agus cúigear, agus as cúrsaí teanga agus cultúir.
I measc na scéimeanna a bhí á bhforbairt ag Roinn na Gaeltachta ag an am, bhí scéim tacaíochta do chomharchumainn Ghaeltachta. Ceann de na comharchumainn ba mhó a bhí ann ná Comharchumann Chois Fharraige. Bhí suas le 50 ag obair ann, agus idir chlódóireacht, fhoilsitheoireacht, chonraitheoireacht agus scéimeanna uisce agus bóthair idir lámha acu, chomh maith le coláistí Gaeilge, nuachtán seachtainiúil agus gníomhaíochtaí eile. I lár na seachtóidí, d’imigh an bainisteoir, Pól Ó Foighil, agus d’fhiafraigh Príomhfheidhmeannach Ghaeltarra agus an Chomharchumainn de Phádraig an mbeadh sé sásta dul i mbun oibre mar bhainisteoir an Chomharchumainn le haghaidh bliana ar bhonn iasachta, a fhad is a bheadh duine eile á lorg acu. Dúirt sé go mbeadh agus d’fhan sé ocht mbliana sa phost!
Bunú an Údaráis Idir an dá linn, i 1980, bunaíodh Údarás na Gaeltachta, agus bhí go leor athruithe ar bun. Bhí tréimhse chorrach chonspóideach ag an Údarás le linn na ré nua seo.
“Bhí go leor athruithe ag tarlú ag an am. Rinneadh athstruchtúrú iomlán ar Chomharchumann Chois Fharraige thart ar an am céanna, agus tháinig mise ar ais go hÚdarás na Gaeltachta.”
San idirlinn, rinne sé céim dlí, agus ansin fógraíodh post mar bhainisteoir cumarsáide san Údarás, nó ceannaire eolais mar a tugadh air ag an am. Chuir Pádraig isteach air, ceapadh é agus chaith sé cúig bliana déag sa phost sin, go dtí an bhliain 2000. Ceapadh é mar Leas-Príomhfheidhmeannach ansin, agus bhí sé freagrach as forbairt réigiúnach, agus an réimse leathan a chlúdaíonn an teideal sin: na hoifigí réigiúnacha, cúrsaí traenála, cúrsaí teanga agus cultúir, cúrsaí an Aontais Eorpaigh agus na comharchumainn. An bhliain seo caite, ceapadh Ó hAoláin ina Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás.
Agus an t-aistear fada sin déanta aige, d’fhiafraigh mé de an gceapann sé, ag breathnú siar, go ndearna an tÚdarás faillí sa teanga, go bhfuil an iomarca béime ar chruthú postanna le blianta fada.
Deir Ó hAoláin nach bhfuil freagra simplí ar an gceist sin. Aontaíonn sé leis an tuairim gur deineadh faillí sa teanga san am a chuaigh thart ach míníonn sé cén fáth ar tharla sé sin. De réir Acht Údarás na Gaeltachta níl aon chumhachtaí ná feidhmeanna leagtha amach don eagras ó thaobh na teanga de. In Alt 8 den Acht, tá ráiteas a deir “déanfaidh an tÚdarás caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomh-mheán chumarsáide a spreagadh...”
“Nuair a thagann sé go cúrsaí forbartha tionsclaíochta in Alt 10, ní hé amháin go leagann sé amach go bhfuil scéimeanna táirgthe fostaíochta le cur chun cinn, ach leagann sé amach an chaoi a bhfuil sé sin le déanamh. Níl sé sin amhlaidh i gcás na teanga.”
An dara fadhb a bhí ann ná go raibh airgead an Údaráis leagtha amach i dtrí chiste: airgead riaracháin, airgead caipitil, agus rud nach bhfuil ann a thuilleadh, airleacain, nó iasachtaí stáit.
“Ní raibh aon chiste curtha ar fáil do Ghaeltarra riamh do chuspóir na teanga, ná go deimhin féin, go dtí gur
tháinig Éamon Ó Cuív isteach mar Aire Stáit, ní raibh aon soláthar ar leith airgid curtha ar fáil ag an státchiste don eagraíocht le Gaeilge a chur chun cinn.”
An rud a tharlaíodh ná nuair a bhíodh an buiséad go léir a bhain le cúrsaí riaracháin caite, roinntí an méid a bhíodh fágtha idir cúrsaí teanga agus cúrsaí forbartha pobail.
Cé go ndearna an tÚdarás a ndícheall taobh istigh de na srianta a bhí orthu scéimeanna a chur chun cinn a rachadh chun leas na teanga, níor tugadh riamh faoin bhfadhb a bhain leis an ráiteas sin san Acht.
“Níor dúradh leis an Rialtas ag aon uair, ‘Féach, ní féidir linn é seo a dhéanamh muna scaoiltear an chuing seo atá orainn, muna gcuirtear soláthar speisialta airgid ar fáil dúinn.’”
Glacadh leis ar feadh roinnt mhaith blianta, a deir sé, gurbh é an ról a bhí ag an Údarás ná forbairt gheilleagrach a chur chun cinn, postanna a chruthú, agus go dtabharfadh an teanga aire di féin ina dhiaidh sin.
“Ach ní mar sin a tharlaíonn sé, faraor. Tá iliomad brúnna eile ar an teanga.”
An fhaillí is mó a fheiceann sé ná nach raibh aon phleanáil teanga ar siúl, nach raibh aon phlean comhtháite le tabhairt faoin speictream iomlán de rudaí a théann i bhfeidhm ar chreimeadh teanga nó ar neartú teanga.
Ceann de na fadhbanna eile a bhí ann go dtí le gairid, a deir Ó hAoláin, ná nach raibh pleananna áitiúla ag coistí áitiúla agus nár léir dóibh go raibh tacaíocht ar fáil chun a leithéid a chur le chéile. Chomh maith leis sin, ní raibh teacht go héasca ag daoine gan Ghaeilge ar bhealaí chun an teanga a fhoghlaim.
Ach tá athruithe ar bun le roinnt blianta anois, agus pleananna nua forbartha ag an Údarás.
“Is é an t-athrú atá anois ann ná go bhfuil cur chuige comhordaithe idir an Roinn [An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta] agus an tÚdarás agus, lena chois sin, tá ciste ar leith airgid curtha ar fáil san Údarás le cúig bliana anuas. Tá soláthar ar leith ann do na naíonraí, le haghaidh cur chun cinn na teanga, do chlubanna óige, do chomharchumainn, do chúrsaí forbartha pobail. Chomh maith leis sin tá sciar den airgead caipitil le caitheamh ar scéimeanna teangabhunaithe.”
Ag tógáil ar an dá rud sin, cuireadh plean nua le chéile agus bunaíodh 30 ionad foghlamtha agus buanaithe teanga ar fud na gceantar Gaeltachta. Tá suirbhé le déanamh i ngach pobal Gaeltachta idir seo agus Meán Fómhair agus cuirfidh saineolaithe comhairle ar fáil do gach pobal maidir le plean forbartha teanga a chur le chéile dá bpobal féin.
Fágfaidh sé sin, faoi dheireadh na bliana seo, go mbeidh tríocha ionad buanaithe teanga ar fáil agus go mbeidh teacht go héasca ag foghlaimeoirí ar chúrsaí grádaithe. Cuirfear imeachtaí Gaeilge ar siúl sna hionaid freisin. Comharchumainn agus grúpaí áitiúla pobail a dhéanfaidh na hionaid a reáchtáil.
“Gaeilge 2010 an teideal atá ar an bplean seo agus táimid ag súil, faoi dheireadh Mheán Fómhair, go mbeidh plean réitithe ag gach pobal don tréimhse suas go 2010, go mbeidh spriocanna ann do gach aon bhliain, go mbeidh na cúrsaí faoi lán seoil agus go gcuirfear leis na himeachtaí de réir a chéile. Is í an mhórsprioc atá againn ná go mbeidh an Ghaeilge níos láidre, níos treise, níos suntasaí ag na leibhéil éagsúla. Seo é an feachtas is mó pleanála teanga ar thug aon eagraíocht Stáit faoi ó bunaíodh an Stát. Tá mé thar a bheith dóchasach faoi.”
Tá an plean á chur i bhfeidhm cheana féin agus monatóireacht á déanamh air chun an múnla is fearr a fhorbairt, agus féachaint cén dul chun cinn is féidir a dhéanamh.
Anuas air seo uilig, tá athbhreithniú ar siúl ar an scéim Fondúireacht an Údaráis féachaint cén chaoi is fearr le dul i bhfeidhm ar an teanga taobh istigh de chomhlachtaí éagsúla an Údaráis. Ceann de na smaointe atá ann ná go mbeidh Oifigeach Gaeilge ag feidhmiú taobh istigh de gach comhlacht, agus tá an tÚdarás ag féachaint ar bhealaí chun spreagadh a thabhairt don duine sin (cúiteamh airgid, seans, a thiocfaidh ón Údarás agus ón gcomhlacht féin) ionas go dtógfaidh sé an post go dáiríre.
“Ní dhearnadh aon rud mar seo cheana, níor tugadh faoi ar bhealach comhtháite leis an nGaeilge a neadú go láidir istigh sna comhlachtaí, agus is dócha gur thit ceist na teanga ag leibhéal an phobail idir dhá stól anuas trí na blianta. Sin an fáth go bhfuil tábhacht leis an gcomhordú atá á dhéanamh anois, go bhfuil an Roinn agus an tÚdarás ag obair as lámh a chéile anois.”
Na scoileanna I dtaca leis na scoileanna Gaeltachta, aithníonn Ó hAoláin go bhfuil cúlú an-mhór ar an nGaeilge sna scoileanna sin, agus nach bhfuil aon amhras ach go bhfuil dúshlán an-mhór ann don Roinn Oideachais, do Roinn na Gaeltachta agus don Údarás féin aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sin.
“Ba mhaith linn ról a bheith againn sa réimse sin. Tá an-bhrú á chur faoi láthair ar an Roinn Oideachais teacht ar thionscnaimh nua le haghaidh a thabhairt ar cheist seo chreimeadh na teanga sna scoileanna Gaeltachta.”
Is aisteach an rud é faoi láthair, a deir sé, gurb é an tÚdarás a chuireann an maoiniú ar fad ar fáil do na naíonraí sa Ghaeltacht, agus gurb é an tÚdarás freisin a mhaoiníonn cúrsaí sa tríú leibhéal, ach nach bhfuil aon bhaint aige mórán leis an dá leibhéal idir an dá cheann sin. Teastaíonn leanúnachas idir na réimsí go léir, dar leis.
Chuir mé ceist ar Ó hAoláin an dúshlán mór é bheith ag tógáil clainne le Gaeilge sa Ghaeltacht na laethanta seo.
Measann sé gur rud an-deacair é ag tuismitheoirí, mar ón nóiméad a shaolaítear an páiste, bíonn an chuid is mó de na seirbhísí ar fáil trí Bhéarla, is é sin, na seirbhísí sláinte, na seirbhísí tacaíochta speisialta a theastaíonn ón máthair nua, ón leanbh, agus ón teaghlach ar fad.
“Tá bearnaí go leor ann,” a deir sé. “Tá muid ag obair leis na Boird Sláinte ar réimse tacaíochta eile, agus táimid féin agus an Roinn ag féachaint ar thionscnamh breise faoi láthair a bhainfidh leis an aoisghrúpa sin ó 0 – 5 bliana.
“Is gá féachaint ar na rudaí sin go léir, mar gan iad, níl iontas ar bith go roghnaíonn daoine an t-aon rud atá ar fáil. Níl aon bhuntáistí breise ná níl aon phribhléidí ag teastáil ó phobal na Gaeltachta. Amanntaí bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil, ach is rud an-mhór é an chothromaíocht a fháil. Ní rogha chothrom atá ann faoi láthair.”
Deiseanna fostaíochta Ceann de na rudaí atá athraithe go mór le blianta beaga anuas ná go bhfuil deiseanna fostaíochta trí Ghaeilge anois ann nach raibh i gceist cúig bliana déag ó shin.
“Is comhartha ann féin é gur chuir níos mó ná 400 duine isteach ar 30 phost mar aistritheoirí agus mar theangairí sa mBruiséal. Tá fostaíocht shuntasach curtha ar fáil i réimse na teilifíse agus san earnáil chlosamhairc. Alpann an réimse cumarsáide daoine a bhfuil gach cineál scil acu.”
Measann Ó hAoláin go dtugann cúrsaí trí Ghaeilge deiseanna breise do dhaoine anois agus gur ábhar misnigh é sin do dhaoine atá ag tógáil clainne trí Ghaeilge.
Tá rud amháin eile a bhfuil Pádraig Ó hAoláin ag súil leis, a chuirfidh go mór le pleananna an Údaráis: an t-athbhreithniú atá le déanamh ar Acht an Údaráis. Tá súil aige go dtarlóidh é sin le linn thréimhse an Rialtais reatha. Tabharfaidh sé solúbthacht níos mó don eagraíocht, ach fiú muna dtéann sé ar aghaidh, leanfaidh siad lena gcuid oibre forbartha pé scéal é.
Dar leis go bhfuil sé an-tábhachtach go mbeadh comhpháirtíocht láidir idir an pobal, an Roinn agus an tÚdarás i dtaca le pleananna forbartha as seo amach.
“A fhad is atá an tÚdarás agus an Roinn ag obair as lámh a chéile, creidim gur féidir deacrachtaí ar bith atá eadrainn a shárú, ach tá imreoir amháin eile atá thar a bheith tábhachtach nach bhfuil linn go fóill agus sin í an Roinn Oideachais agus Eolaíochta. Tá sé thar a bheith práinneach go dtabharfar aghaidh gan mhoill ar an bhfadhb atá ag baint leis an nGaeilge sa chóras oideachais sa Ghaeltacht. Tá tacaíocht ar leith ag teastáil le gur féidir linn a bhfuil ag tarlú sna scoileanna a cheangal leis na pleananna teanga atá sna pobail.”
An-tógtha leis an obair Baineann Ó hAoláin an-sásamh as a ról mar Phríomhfheidhmeannach ar an Údarás. Deir sé gur andúileach é ar bhealach agus gurb é an druga atá aige ná an obair seo atá ar siúl aige. Is ról é a bhfuil tionchar ag baint leis. Tá deis anois aige na rudaí a gcreideann sé go láidir iontu ó thaobh na teanga agus ó thaobh an phobail de a chur chun cinn, ar bhealach nach raibh sé ábalta a dhéanamh roimhe seo.
Nuair nach mbíonn sé ag obair, léann sé an t-uafás; go minic bíonn dhá nó trí leabhar á léamh aige ag an am amháin. Leabhair staire den chuid is mó, agus úrscéalta freisin. Ceannaíonn sé leabhar filíochta beagnach chuile sheachtain, agus is breá leis an ceol freisin. Scríobh sé riar amhrán tráth, agus eisíodh caiséad dá chuid thart ar scór bliain ó shin. Is dócha gurb iad na hamhráin “Cumha” agus “Cóilín Phádraig Shéamuis”na cinn is mó dá chuid a bhfuil daoine eolach orthu.
Le déanaí, rinne an t-amhránaí agus cumadóir Tim Dennehy “Cumha” a aistriú go Béarla agus beidh léiriú agus coiriú nua den amhrán ag Mary MacPartlan, in éineacht le Con Tempo, i mír de chuid Fhéile Ealaíon na Gaillimhe i mbliana. Bhí an-mheas ag Ó hAoláin ar shaothar agus ar chumadóireacht Dennehy agus tá sé an-sásta go deo leis an aistriúchán atá déanta ar a amhrán féin.
Tá Pádraig lonnaithe i gConamara anois le breis is tríocha bliain. D’fhiafraigh mé de an strainséir i gcónaí é. Dúirt sé liom go raibh sé ráite i dtuarascáil a scríobh socheolaí, an Dochtúir Eileen Kane, tráth go bhfanann duine ina strainséir in áit nua go ceann seachtó bliain!
“Tógann sé tréimhse an-fhada ar dhaoine sula stopann siad ag smaoineamh ar an gcúlra agus ar an áit óna dtáinig tú. Is Tiobraid Árannach i gcónaí mé do dhaoine áirithe!”
Ach níl aon amhras ar Ó hAoláin ach go bhfuil sé san áit cheart.
“Theastaigh uaimse teacht ag obair anseo, theastaigh uaim féin mo chuid féin a dhéanamh leis an teanga seo a threisiú agus a neartú agus, lena chois sin, mo shaol féin a chaitheamh ar an mbealach seo mar tá saol an-sásúil gairmiúil agam chomh maith. Ní cros í seo atá le hiompar!”
An bhfuil sé ag obair go róchrua faoi láthair?
“Ní dóigh liom go bhfuil. Chuile dhuine timpeall orm, deir siad go bhfuil ach is breá liom é seo. Bainim sásamh pearsanta as, b’fhéidir, ar bhealach, níos mó ná riamh.”
As Ranalach i mBaile Átha Cliath ó dhúchas í Sinéad Ní Ghuidhir ach tá cónaí uirthi i nGaillimh le deich mbliana anois. D’oibrigh sí in earnáil na teilifíse ar feadh sé bliana agus is múinteoir agus éascaitheoir drámaíochta í anois. Bíonn sí ag teagasc ag gach leibhéal, ón mbunscoil go dtí an ollscoil, agus ag tabhairt ranganna oíche do dhaoine fásta freisin. Scríobhann sí go rialta don iris Upstairs Downstairs, a dháiltear in iarthar na hÉireann.