Beidh TG4 deich mbliana ar an aer oíche Shamhna. Labhair Éamonn Ó Dónaill le Leascheannasaí an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha, faoin chéad deich mbliana sin, agus faoina shaol féin mar chléireach agus mar scoláire i dtús a shaoil agus sna meáin chumarsáide ina dhiaidh sin.
Nuair a chuaigh TG4 ar an aer den chéad uair, oíche Shamhna 1996, bhí sé deacair a bheith dóchasach faoi thodhchaí na seirbhíse. Bhí go leor daoine i ndiaidh cur ina choinne go fíochmhar, go háirithe colúnaithe de chuid na nuachtán náisiúnta, ag maíomh gur airgead amú amach is amach a bhí ann. Bhí go leor deacrachtaí teicniúla ag an stáisiún chomh maith, go háirithe sa chéad bhliain go leith, agus buiséad an-bheag go deo.
Le deich mbliana anuas, áfach, tá éirithe le TG4 seirbhís den scoth a chur ar fáil, in ainneoin an buiséad bheith beag i gcónaí, agus tá misneach agus spreagadh tugtha ag an stáisiún do phobal Gaeilge na hÉireann.
Nuair a bhuail mé le déanaí le Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, in oifig an stáisiúin i mBaile Átha Cliath, gar do bhun Shráid Fhearchair, ba léir dom go raibh seisean thar a bheith sásta leis an dul chun cinn atá déanta ag an tseirbhís sna deich mbliana atá sí ar an aer. Is é Ó Ciardha an fostaí is faide seirbhíse i TG4 agus is é a smaoinigh ar an mhana “Súil eile” atá in úsáid ón tús.
An raibh TnaG, mar a tugadh ar an tseirbhís sna blianta tosaigh sin, réidh le dhul ar an aer ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair 1996 nó an raibh fonn orthu tamall eile a chaitheamh ar an réamhullmhúchán?
“Bhuel, bhí go leor oibre déanta, an dtuigeann tú, agus cé nach maith liom meafair a úsáid, bhí meafar na heitleoireachta feiliúnach sa gcás seo. Is cuimhin liom go maith muid ag rá ag an am, ‘Tá dhá scil ag teastáil anseo: an scil leis an eitleán seo a chur san aer, agus an dara scil, í a choinneáil san aer. Anois, cuireadh an t-uafás fuinnimh agus acmhainní, agus fulaingt go leor, isteach san eitleán a chur san aer.
“Bhí muid chomh hullamh is a d’fhéadfadh muid a bheith. Is dóigh, ag breathnú siar air, dá mbeadh a fhios againn an uair sin an méid atá a fhios againn anois, b’fhéidir go bhfanfadh muid bliain eile. Ach dá bhfanfadh muid bliain eile, creidim féin go mb’fhéidir nach dtarlódh an tseirbhís ar chor ar bith. Bhí muid óg, bhí muid fuinniúil, bhí an-mhisneach againn.”
Chuir an naimhdeas agus an easpa dea-thola a bhí i gceist i gcás daoine áirithe sna meáin, go háirithe sna meáin chlóite, iontas ar Ó Ciardha agus ar an dream eile a bhí i mbun TG4.
“Níor thuig muid go mbeadh cuid de na nuachtáin chomh naimhdeach is a bhí. Ar an gcéad dul síos ó thaobh an mhéid spáis a bhí siad sásta a thabhairt don eolas faoin sceideal. Bhí muid thíos, agus tá fós i gcuid de na nuachtáin, thíos i gcúinne beag íseal. Go mbeadh an oiread sin fonn ar cholúnaithe an drochrud a rá, cuid acu gan an stáisiún a bheith feicthe acu, cuid acu sular thosaigh an stáisiún ag craoladh. Is dóigh go raibh an-mhisneach againn nuair a chreid muid dá bhféadfaimis áiteamh ar dhaoine, bídís ina n-iriseoirí nó bídís ina mbaill den phobal, breathnú ar na cláracha sula dtabharfaidís breithiúnas, go n-éireodh linn. Agus sin i ndáiríre a rinne muid.”
Thuig Ó Ciardha agus a chomhghleacaithe go raibh go leor daoine diúltach i dtaobh na Gaeilge mar gheall ar a dtaithí ar scoil, go raibh ceangal déanta acu ina n-intinn idir an Ghaeilge agus rudaí diúltacha: an leabhar Peig, mar shampla, nó Bráthair Críostaí éigin a bhuail iad go rialta agus iad óg. Is éard a bhí á rá ag bunadh TG4 ná dearmad a dhéanamh ar na rudaí diúltacha sin agus breithiúnas a thabhairt ar na cláracha a bhí le feiceáil ar an scáileán, amháin.
“Agus a thúisce is a d’éirigh linn an teachtaireacht sin a chur abhaile ar dhaoine, agus sílim gur éirigh linn é a dhéanamh go réasúnta sciobtha, bhí daoine sásta breathnú ar an stáisiún. Bhuel, bhí daoine sásta breathnú ar dtús agus nuair a chonaic siad an méid a chonaic siad, bhí siad ag rá, ‘Bhuel, b’fhéidir nach maith linn chuile shórt ach is maith linn cuid de na rudaí a fheiceann muid.’
“Bhí an chéad bhliain go leith thar a bheith dian ach, ina dhiaidh sin, bhí muid féin níos socraithe ar ár gcúrsa agus, chomh maith leis sin, bhí ár misneach ag neartú. Bhí go leor cairde againn sna tíortha Ceilteacha eile, go háithrid in Albain agus go mór mór sa Bhreatain Bheag. Bhí daoine ansin a bhí in ann a rá linn, ‘Féach, coinnígí bhur gcúrsa. Tiocfaidh an lá agus beidh go leor de na daoine atá ag gearán fúibh anois, beidh siad ag tacú libh agus ag rá gur iad féin an chéad dream a mhol an stáisiún.”
Óige Uí Chiardha
Rugadh agus tógadh Pádhraic Ó Ciardha sna hAille i nGaeltacht Chois Fharraige i gConamara, áit a raibh a thuismitheoirí ag obair mar mhúinteoirí. Ba cheantar ciúin go maith é Indreabhán agus Ó Ciardha ag éirí aníos.
“Baile beag deas tuaithe a bhí ann ag an am. Is dócha go bhféadfá a rá gur bruachbhaile de chuid na Gaillimhe atá anois ann. Nuair a bhí mise i mo ghasúr, is dóigh go raibh thart ar dheich dteach fhichead ar an mbaile agus bhí chuile theach acu sin, ach teach s’againne agus an teach béal dorais, ar mhúinteoirí iad freisin, beo ar an talamh nó ar an bhfarraige. Tá mé ag ceapadh go bhfuil suas le sé scór teach ar an mbaile anois agus má tá teach amháin a bhfuil cúpla bó ann, sin an méid, cheapfainn.”
Fuair Ó Ciardha a chuid meánscolaíochta i gColáiste Iarfhlatha i dTuaim, scoil chónaithe a bhí á rith ag an deoise. Deir sé gur thaitin a thréimhse ansin leis, cé go dtuigeann sé go bhfuil go leor daoine ann nach raibh chomh tógtha céanna leis an scoil.
An raibh na daltaí eile dian air féin agus ar dhaoine eile de bhunadh na Gaeltachta, mar a tharla i scoileanna eile ag an am?
“Ní shílim go raibh. Is dócha go raibh sé mar bhuntáiste agamsa go raibh deartháir liom a bhí níos sinsearaí ná mé agus is dócha gur sheas sé sin an fód dom go pointe. Bhí sruth Gaeltachta sa gcoláiste, cinnte. Scoil chónaithe a bhí inti – bhí Macdara Ó Fátharta as ‘Ros na Rún’ ann, mar shampla, agus bhí daoine eile a chuaigh le craolachán ina dhiaidh sin ann, Seán Ó Tuairisg agus daoine mar sin. Bhí traidisiún Gaeilge sa gcoláiste – tá cáil na Gaeilge ar an gcoláiste ó bunaíodh é. B’ann a bhí an tArdeaspag Mac Éil agus an Canónach de Búrca agus daoine eile mar sin a bhí tábhachtach i ngluaiseacht na hAthbheochana. Ní fhéadfainn a rá gurbh í an Ghaeilge teanga an choláiste mar níorbh í ach ní raibh aon bheagmheas níos mó ar lucht na Gaeltachta ann ná mar a bhí ar aon dream eile. “Bhí an regime dian go maith – scoil chónaithe trí chéad go leith buachaill faoi smacht ag sagairt, cuid acu nach raibh mórán níos sine ná muid féin, is dóigh, cuid acu nach bhfaca níos mó den saol ná an coláiste agus Coláiste Mhá Nuad ina dhiaidh sin, sular cuireadh ar ais díreach iad.”
Thug Ó Ciardha aghaidh ar an chliarscoil i Má Nuad tar éis na hArdteiste, mar ba nós le go leor fear óg a d’fhreastail ar Choláiste Iarfhlatha, áit a ndearna sé céim sa Léann Ceilteach agus MA sa Nua-Ghaeilge ina dhiaidh sin.
“Chaith mé dhá bhliain go leith mar chléireach, ach ar ndóigh, ag déanamh na céime ag an am céanna. Arís, bhí an coláiste athraithe go mór, is dóigh, le cúig bliana déag roimhe sin. Deireadh na seanfhondúirí a bhí ag teagasc ann go raibh sé tar éis athrú go mór sa tréimhse sin, go raibh sé i bhfad níos liobrálaí. Anois, ní cuimhin liomsa go raibh sé ró-liobrálach! I ndáiríre, macasamhail Choláiste Iarfhlatha a bhí ann ach go raibh éadach dubh ann agus is dóigh go raibh cúraimí beaga eile spioradálta ort. An té a bhí ar scoil chónaithe deoise, ní athrú mór a bhí ann dul go Má Nuad, ó thaobh an chleachtais laethúil agus an sórt saoil a bhí ann. Ní raibh cead amach againn chomh minic agus is dóigh gur coinníodh súil orainn i ngan fhios dúinn, gan a bheith ag caint an iomarca leis na cailíní agus leis na mná óga a bhí ag staidéar linn, riail nár chomhlíon cuid againn chomh maith sin!”
D’fhág Ó Ciardha na cléirigh tar éis dhá bhliain go leith ach deir sé nach raibh sé sin chomh dian is a cheapfadh daoine é sin a dhéanamh.
“Caithfidh mé a rá go raibh na húdaráis, na sagairt a bhí ag breathnú inár ndiaidh, ní fhéadfaidís a bheith níos tuisceanaí agus níos deise ná mar a bhí siad linn [na daoine a d’fhág]. Agus an rud céanna i gcás mo mhuintire. An rud seo faoi go mbeadh do mháthair agus d’athair croíbhriste, níor tharla sé sin domsa ar chor ar bith.
“Chreid mé ag dul isteach ann [an chliarscoil] gurbh shin a bhí sa bplean dom. Ach de réir a chéile, chonacthas dom go raibh rudaí eile a theastaigh uaim a dhéanamh, go raibh luí agam le rudaí eile. Ag an am sin, bhí an-suim agam sa léann – bhí mé ag staidéar go dian. Agus, le freagra a thabhairt ar an gceist nár chuir tú, ní raibh mé ag siúl amach le cailín, ní raibh aon chailín a raibh súil agam uirthi. Tháinig sin ina dhiaidh sin agus tarlaíonn sé, an bhean a phós mé i bhfad ina dhiaidh sin, go raibh sí bliain i mo dhiaidh sa gcoláiste agus bhí aithne againn ar a chéile.”
Tar éis an MA a chur de, d’éirigh le Ó Ciardha scoláireacht a fháil le taighde a dhéanamh i Scoil an Léinn Cheiltigh san Institiúid Ardléinn i mBaile Átha Cliath. Rinneadh athnuachan ar an scoláireacht sin sa dara bliain agus rinneadh an tríú bliain a thairiscint dó chomh maith.
“Tairgeadh an tríú bliain dom san Institiúid, rud a deirtear liom atá ina éacht iontach, nár tharla sé ach do chúpla duine. Bhí rún agam glacadh leis ach tharla go raibh folúntas bliana i Má Nuad mar léachtóir sa Nua-Ghaeilge agus d’fhill mé air sin. Chaith mé dhá bhliain ag léachtóireacht i Roinn na Nua-Ghaeilge ansin, obair a thaithnigh thar cionn liom. Thaithnigh an léachtóireacht go mór liom, agus i mo bhealach féin, chuir mé beagáinín nuálachta isteach sa gcúrsa léinn.”
Post le Raidió na Gaeltachta
Bhí fonn ar Ó Ciardha leanúint leis an obair acadúil ach deir sé nach raibh an tuarastal go maith, go háirithe don té a bhí ar tí pósadh agus clann a bheith aige. Tháinig post chun cinn i Raidió na Gaeltachta i mBaile Átha Cliath i 1979, post a d’éirigh leis a fháil.
“Chaith mé ceithre bliana thar a bheith pléisiúrtha agus taitneamhach agus tairbheach ag plé le Raidió na Gaeltachta anseo i mBaile Átha Cliath. An tsaoirse a bhí agam nach raibh ag mórán eile ná go mbínn lá sa Dáil, lá ag cluiche peile, lá ag déanamh léirmheasa ar scannáin agus lá i mbun cláir ceoil. So, thug sé an sórt taithí dom nárbh fhéidir a fháil in aon teanga eile, in aon áit eile. Ach, sa deireadh bhí mé tagtha go dtí an pointe go raibh mór-Ghaeil Bhaile Átha Cliath go léir curtha faoi agallamh agam níos mó ná uair amháin.”
Nuair a bhí ceithre bliana curtha isteach ag Ó Ciardha i Raidió na Gaeltachta, tháinig folúntas chun cinn i nuacht an Bhéarla agus d’éirigh leis post a fháil sa rannóg sin. Gan mhoill ina dhiaidh sin, ceapadh é ina eagarthóir ar chlár nua nuachta, “Morning Ireland”, clár ar éirigh thar barr leis ón tús. Chaith Ó Ciardha trí bliana ag obair ar an chlár agus fuair sé post ina dhiaidh sin mar Chlár Eagarthóir ar Nuacht Ghaeilge RTÉ, idir raidió agus theilifís.
Bhí cur agus cúiteamh ag dul ar aghaidh faoi am sin faoin tseirbhís nua teilifíse Gaeilge a bhí á pleanáil ag an rialtas. Bhí Máire Geoghegan-Quinn díreach ceaptha mar Aire Cumarsáide agus chinn Ó Ciardha ar scríobh chuici agus comhairle a chur uirthi.
“Le croí mór maith, agus gan cuimhneamh orm féin, agus ní chreideann daoine é sin anois, scríobh mé chuici agus dúirt, ‘Bí cinnte go bhfuil tú in ann a theacht ar chomhairle neamhspleách a threoróidh tú trí na farraigí doimhne seo.’ Agus seachtain ina dhiaidh sin, ghlaoigh sí orm agus dúirt sí, ‘Sin an-chomhairle. An bhfuil tú sásta an jab a dhéanamh?’ Dúirt mé, ‘Cén jab?’ agus dúirt sí, ‘Ba mhaith liom tú bheith mar Chomhairleoir Craolacháin Gaeilge lánaimseartha agam, ar iasacht ó RTÉ, le seoladh trí na farraigí doimhne seo. An ndéanfaidh tú é?’ Ní fhéadfá gan é a dhéanamh – deis iontach a bhí ann. Bhí d’ádh orm gur shocraigh a comharba mar aire, Michael D Higgins, an ról céanna a thairiscint dom. ”
Chaith Ó Ciardha dhá bhliain, 1992 go 1994, i mbun na hoibre sin agus chuir sé isteach ar an phost mar Cheannasaí ar TG4 nuair a tháinig sé chun cinn. Níor éirigh leis é a fháil ach chinn an té a ceapadh, Cathal Goan, ar Ó Ciardha a fhostú mar Leascheannasaí. Thosaigh sé ar an phost nua dúshlánach sin i mí na Samhna 1994 agus tá sé ann ó shin.
Fostaíocht
Deir Ó Ciardha go bhfuil suas le ceithre scór duine fostaithe ag an stáisiún i mBaile na hAbhann, áit a bhfuil an ceannáras, agus i mBaile Átha Cliath, timpeall tríocha duine sa seomra nuachta agus na céadta eile sna comhlachtaí neamhspleácha a chuireann cláracha ar fáil don stáisiún.
“Tá mise ag déanamh amach go bhfuil isteach is amach le 600 duine beo ar an tionscadal seo go díreach agus go leor daoine eile go hindíreach, ag cur seirbhísí ar fáil is araile. Sílim go bhfuil an t-ardú misnigh a thugann rud mar TG4 do phobal beag an-tábhachtach. Is minic a deirim gur dóigh liom go bhfuil níos mó déanta ag TG4 do pharóiste na Rinne [i bPort Láirge], mar shampla, ná, b’fhéidir, d’aon áit eile. Tá comhlacht forásach iontach ansin, Nemeton, bunaithe ag fear [Irial Mac Murchú] a bhfuil fís agus cumas gnó aige agus fear a bhfuil a mhéar ar chuisle an mhargaidh. Ní féidir, sílim, luach a chur ar an ardú misnigh sin, nuair a fheiceann pobal mar phobal na Rinne go bhfuil fear áitiúil ábalta gnó a bhunú a bhfuil cáil idirnáisiúnta air agus an t-iomlán á reáchtáil trí Ghaeilge agus cláracha á gcur ar fáil do chainéil eile chomh maith le TG4.
“Sílim gur seo ceann de na rudaí is mó a thugann ardú misnigh domsa, go bhfuil anois glúin óg tagtha ar an bhfód a fheiceann go bhfuil gairm bheatha thaitneamhach, nuálach, ardteicneolaíochta le baint amach sa nGaeilge agus gur féidir leat, nuair a thograíonn tú, imeacht ón nGaeilge agus siúl isteach in aon stáisiún teilifíse eile in aon áit ar domhan agus a mhacasamhail de phost a fháil. Sin é an rud is mó a thugann sásamh domsa.”
Tá sciar 3% den lucht féachana ag TG4 agus deir Ó Ciardha gur leagadh síos sprioc tamall de bhlianta ó shin go n-ardófaí é sin go 5%. Ní dóigh leis, áfach, go bhfuil sé sin chomh réadúil céanna mar sprioc anois, i bhfianaise na n-athruithe atá tarlaithe sa tionscal teilifíse.
“Ag an am gur leag muid síos é sin, is dócha go raibh cúig chainéal déag ar an meán le fáil in aon teaghlach in Éirinn. Bhuel, méadaigh an figiúr sin anois fá sé. Mar sin, tá 5% i bhfad níos airde anois mar sprioc ná mar a bhí sé an uair sin. Ach tá an graf ag dul in airde. Ba é an t-athrú ó TnaG go TG4 an rud is mó a chuir borradh fúinn, mar go ndearna sé cúpla rud. Thug sé ar chuid de na nuachtáin an ceathrú colún a thabhairt dúinn [ar an leathanach teilifíse] ó thaobh spáis don sceideal. Thug sé ar na comhlachtaí cábla muid a bhogadh síos ó na déaga go dtí uimhir 4. Agus bhí figiúr luaite linn, rud a bhí luaite le chuile chainéal eile sa tír ag an am. Sin é an lá, sílim, a tháinig TG4 in aibíocht.”
Is minic a bhíonn lucht na Gaeilge ag gearán go mbíonn an iomarca cláracha Béarla ar TG4. Ní dóigh le Ó Ciardha go bhfuil an gearán seo cóir.
“Tá go leor cláracha Béarla againn ach tá go leor cláracha Gaeilge againn freisin agus cuid den dream a bhíonn ag rá nach bhfuil dóthain cláracha Gaeilge againn go ndéanann siad dearmad díreach cé mhéad cláracha Gaeilge atá againn. Tá isteach is amach le sé huaire an chloig, seacht n-uaire an chloig laethanta, de chláracha Gaeilge againn. Is é fírinne an scéil ná gur bunaíodh muid le uair an chloig sa lá de chláracha nua-léirithe ón earnáil neamhspleách a sholáthar agus uair an chloig eile a fháil ó RTÉ – dhá uair an chloig sa ló. Agus níor tháinig aon ardú pro rata ar an maoiniú a fuaireamar san idirlinn leis sin a mhéadú. “Anois, tuigeadh dúinn ón tús – roimh an tús, go deimhin – nach raibh aon chiall le bheith ag craoladh ar feadh dhá uair an chloig sa ló agus éirí as. Mar sin, bheartaigh muid ón tús go ndéanfadh muid méadú ar an soláthar Gaeilge sin agus go mbainfeadh muid fad as agus go ndéanfadh muid le cabhair athchraolta é agus rudaí eile ar nós imeachtaí Dála agus seanchluichí peile. Dá mbeadh níos mó airgid againn, bheadh níos mó cláracha Gaeilge againn.”
Ceann de na fadhbanna is mó atá ag TG4 ná easpa an-mhór airgid.
“Sa mbliain airgeadais reatha, gheaobhaidh muide €28 milliún ón Státchiste ó thaobh an chuntais reatha atá againn. Faigheann muid soláthar clár 365 uair sa mbliain ó RTÉ, ar neamhchostas dúinn, a gcuireann RTÉ costas €9 milliún nó €10 milliún air, nó mar sin. Tá ioncam fógraíochta de thart ar €4 nó €5 mhilliún sa mbliain againn. Ansin, tá cead againn cur isteach ar airgead ó na cistí sa deisceart – ‘Fuaim agus Fís’ an Choimisiúin Chraolacháin – agus an Ciste Craoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann. Ar ndóigh, ní bhíonn a fhios againn ó bhliain go bliain cé mhéad atá muid ag dul a fháil ó aon cheann acu sin mar cuireann tú isteach ar mhaoiniú ar thionscadail agus éiríonn leat nó ní éiríonn leat. Bíonn liosta daoine eile in iomaíocht leat. Isteach is amach, tá thart ar €45 milliún againn i mbliana.”
Tá Ó Ciardha den tuairim go bhfuil ag éirí le TG4 seirbhís an-mhaith a chur ar fáil in ainneoin bhuiséad teoranta an stáisiúin.
“Measann muide go bhfaigheann an pobal féachana ar an oileán, thuaidh agus theas, ardchaighdeán teilifíse ar an airgead sin. An chomparáid is sláine is féidir a dhéanamh ná comparáid le seirbhís na Breataine Bige agus an t-ioncam atá acusan i mbliana, idir an soláthar ón rialtas agus an soláthar ón BBC, a thugann 550 uair an chloig, dála an scéil, in aghaidh na bliana dóibh. Tá an soláthar atá againne thart ar an ceathrú nó tríú cuid den soláthar atá acusan. Céard atá uainn? Sin atá uainn.
“Measann muide go dtógfadh sé ardú suntasach, sna déaga milliúin, chun an tseirbhís seo a chur ar bhonn sláintiúil sa ré ghéariomaíochta atá amach romhainn.”
Neamhspleáchas
Ó mhí an Aibreáin 2007, beidh TG4 go hiomlán neamhspleách ar RTÉ. Measann Ó Ciardha gur céim mhór chun tosaigh é seo.
“Nuair a glacadh an cinneadh go mbeadh cainéal nua ag teastáil agus gur ghá cainéal nua a thógáil, bhí sé le tuiscint – thuig chuile dhuine agus ghlac chuile dhuine leis – go mbeadh an cainéal seo neamhspleách lá is faide anonn.
“Ar chúiseanna an-simplí ag an am, ní raibh aon údarás craolacháin sa tír ach Údarás RTÉ (agus údarás neamhspleách an IRTC, mar a bhí ag an am) a raibh de chúram reachtúil air cainéal amháin teilifíse a reáchtáil. Níorbh fhéidir muid a chrochadh ar aon tairne eile ach ar thairne RTÉ, tairne a ghlac linn go fonnmhar agus a chaith go maith linn agus a chaitheann go maith linn. Ach bhí sé le tuiscint ón tús – agus bunaíodh na struchtúir ar fad ón tús – go dtiocfadh an lá nuair a bheadh an stáisiún in aibíocht agus go scaoilfí leis le bheith neamhspleách.
“Níl ann ach corrdhéagóir nach mian leis imeacht ón mbaile agus smacht iomlán a bheith aige ar a chinniúint féin. Ní dóigh liom go bhfeicfidh daoine aon athrú mór suntasach ar TG4 ón gcéad lá de mhí Aibreáin na bliana seo chugainn nuair a bheas muid mar entity neamhspleách reachtúil. Creidim go dtugann sé saoirse eagarthóireachta dúinn ar iomlán an ábhair atá againn, rud nach bhfuil baileach againn faoi láthair mar go dtagann cuid den ábhar ó RTÉ agus go bhfuil muid faoi scáth RTÉ. Ach ní shamhlaímse go mbeidh aon athrú mór ar an méid a fheicfidh tú ar an scáileán sa mbaile.”
Tá iontas ar go leor daoine nach mbeidh seirbhís neamhspleách nuachta ag TG4 ach go mbeidh an stáisiún ag fáil na nuachta ó RTÉ go fóill. Measann Ó Ciardha, áfach, go bhfuil an socrú atá déanta le RTÉ sásúil agus tairbheach don dá thaobh agus, ar aon nós, nach raibh sé riamh i gceist go mbeadh TG4 ag cur cláracha le chéile iad féin.
“Is foilsitheoir/craoltóir muid. Níl muid cosúil leis an BBC nó le RTÉ, a bhfuil meitheal mhór daoine ag feidhmiú acu, ag cruthú cláracha. Bunaíodh an stáisiún seo le bheith ina fhoilsitheoir/craoltóir, le clársceideal a chur le chéile agus le dhul ansin go dtí áisíneachtaí eile leis na míreanna éagsúla atá sa gclársceideal sin a líonadh agus a léiriú dúinn.”
“Sílim go n-aontódh aon duine réasúnach go bhfuil an soláthar nuachta a chuireann RTÉ ar fáil dúinn, go bhfuil sé éagsúil ón rud a bhíonn ar a gcuid cainéal eile, go bhfuil an fhoireann lonnaithe sa gceannáras againne i mBaile na hAbhann, go bhfuil an smacht eagarthóireachta atá ansin, go bhfuil sé go háitiúil ann agus go bhfuil blas na Gaeltachta agus na Gaeilge go láidir ar an soláthar sin. Tá muide sásta leis, sílim go bhfuil RTÉ sásta leis, sílim go bhfuil an pobal féachana sásta leis, mar bhí an tráth ann nach mbíodh ach trí nóiméad Gaeilge ar an teilifís, nuair a bhí mise i mo dhéagóir agus níos sine ná sin.”
Fiafraím de Ó Ciardha ag deireadh an agallaimh an éiríonn leis saol a bheith aige nó an gcaitheann sé formhór a chuid ama i bun a phoist.
“Á, éiríonn. Is cineál misean é, ar ndóigh, agus tá sé dian ar dhaoine atá in aontíos leat. Is dóigh go bhfuil an t-ádh orm go bhfuil bean an-tuisceanach agam, agus chomh maith leis sin, go bhfuil beirt mhac agam a bhfuil suim acu sa rud atá muid a dhéanamh.
“Tá suim agam i gcúrsaí spóirt, tá suim agam i gcúrsaí ceoil, tá suim agam i gcúrsaí litríochta. Caithfidh tú saol a bheith agat. An tionscal seo, shúfadh sé an t-anam asat dá dtabharfá do shaol ar fad dó agus is iomaí duine a bhí spíonta agus é ag an aois a bhfuil mise aige anois. Chomh maith leis sin, an té nach bhfuil tuiscint aige ar an saol, feicfidh tú é sin sa stáisiún teilifíse a bhfuil sé páirteach ann. Caithfidh tú na suimeanna céanna a bheith agat nó tuiscint ar na suimeanna céanna is atá ag an bpobal a bhfuil tú ag freastal air.”