Bhuaigh Gabriel Rosenstock turas timpeall an domhain do bheirt an bhliain seo caite. Chaith sé féin agus a bhean Eithne nach mór trí mhí ag taisteal agus thug siad cuairt ar shé thír éagsúla san Áis, i Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Theas. Sa sliocht seo as leabhar atá á scríobh aige faoi na heachtraí a tharla dóibh le linn an turais, tá cur síos aige ar an tSeapáin, an tríú tír ar stop siad inti.
An chéad alt sa tsraith An dara halt sa tsraith
Uaigneas mór na ndéithe …
Comhrá agam leis an Ollamh Masazumi Toraiwa. Féachann sé cosúil le seanmháistir as an tsraith theilifíse úd Kung Fu. Labhrann sé faoi na ceithre dúile, an chré, an t-uisce, an tine, an t-aer - agus an cúigiú dúil, an gaol eatarthu go léir. Luaimse nithe leis ar chreid muintir na hÉireann iontu go dtí le deanaí, mar shampla, “Seachain!” a rá leis na daoine maithe agus uisce na gcos á chaitheamh amach ar an tsráid. Croitheann sé a cheann go smaointeach. Tagann tocht air. "Kawa no kamisama doitokure!" ar sé go séimh. Is nath é sin a bhí aige agus é ina gharsún: má bhí sé chun a mhúinín a dhéanamh san abhainn ba ghá foláireamh a thabhairt roimh ré. “A dhéithe na habhann, imigí le bhur dtoil - nó fliuchfar sibh!’ an bhrí atá leis. Cheapfá go rabhadar fliuch a ndóthain cheana féin. Osclaímid buidéal Jameson agus ólaimid sláinte na seandéithe. Táid i mbaol, an dtuigeann tú. Is maith leo a fháil amach nach dearúdta ar fad atá siad.
Cré na beatha …
Kyótó … cuairt ar theampall, sinne agus na mílte eile. Manach Zen agus meangadh gáire air. Féachann sé orm, catsúil fagharthach, súile an tíogair úd a chonaic Blake. As sin síos na sráideanna caola linn go dtí taispeántas cré-earraí le Mituyuki Kawase a rugadh anseo sa bhliain 1933. Na bróga a bhaint i dtosach, gan dabht. Cré-earraí glónraithe á ngrinndearcadh againn agus sinn suite ar an urlár. Coiníní bána ag preabarnach sna plátaí aige, dhá chráifisc i mias, éin faoi shneachta. Óna athair a d’fhoghlaim Kawase a cheird. Ní lámhcheardaíocht í seo mar a thuigimidne í ach sárealaín. An praghas dá réir, faraor; ní hacmhainn linn oiread is ubhchupán a cheannach.
An t-iomlán sa bheagán …
In Kyótó dúinn, ghlac ár gcara Masazumi, an t-ollamh scaipthe, ghlac sé tuairim is ceithre scór grianghraf sa lá lena cheamara digiteach agus thaispeáin sé dúinn ansin iad ar scáileán an ríomhaire ghlúine aige. Teampaill… crainn… gairdíní… clocha. Conas go bhfuil an oiread sin spéise agaibh i gcarraigreacha agus i gclocha, a fhiafraím de. Níl sé féin róchinnte. Clocha aonair i ngairdín, ar sé, is geall le hoileáin san aigéan iad. Nó, chun é a rá ar bhealach eile, is ancairí iad a ligeann don aigne suncáil agus domhainmhachnamh socair a dhéanamh. Muintir an Iarthair, is maith leo pictiúr iomlán a bheith acu i bhfráma. Ach na Seapánaigh, glacann siad grianghraif de chrainn agus ní gá go mbeadh an crann ar fad ann; bainid aoibhneas as an duilliúr, dathanna á dtréigean, glas, buí, dearg, órga. Géaga ag trasnú ar a chéile, patrúin gheoiméadracha, mar a bheadh líníochtaí de chuid Paul Klee, scrábáil páiste, dlúithe an duilliúir agus ansan, ar an imeall, duilleoigín léi féin, scoite amach ar ghéag lom, éan cuideáin… torthúlacht, éagsúlacht agus neamhbhuaine an tsaoil, ciorcal na beatha, na ceithre ráithe… ga gréine, scáth… agus na clocha is na carraigreacha arís, a ndath, a n-uigeacht, a gcruth. Cad is carraig ann? Cad is cloch ann?
Táimid chun aghaidh a thabhairt inniu ar Hiroshima chun cumas scriosta an duine a mheabhrú dúinn féin. Mheabhraigh Eoghan Ó Tuairisc dúinn é, mheabhraigh Deasún Fennell dúinn é; caithfear an focal “Hiroshima” a rá arís is arís eile.
Tá Kyótó timpeallaithe ag cnoic, mar sin bíonn an ghrian ábhairín mall ag éirí agus tugann sí an leaba aoibhinn uirthi féin go luath.
Scadán deataithe agus sóba (niúdail) chun lóin. Toisc é a bheith tamall maith ón bhfarraige - agus toisc an chathair a bheith faoi léigear go minic ag a naimhde - b’éigean dóibh bia mara a leasú. Ní hionadh cáil dhomhanda a bheith ar phicil na háite. Ní goirt ach milis a bhí an t-iasc, é ar snámh sa bhabhla súip. D’itheamar idir iasc is niúdail is d’ólamar an lacht, an babhla á ardú againn seachas spúnóg a úsáid. An freastalaí ag umhlú dúinn agus sinn ag imeacht, mar a dhein leis na céadta bliain - le breis is míle bliain, le bheith cruinn ceart ina thaobh.
Malartaítear cártaí gnó an t-am ar fad sa tSeapáin. Má thugann duine a chárta dhuit is ceart glacadh leis le do dhá lámh, le teann ómóis - agus umhlú beag a dhéanamh, ar ndóigh.
Cad é an míniú is fearr a thabharfá ar Zen, an creideamh a bhfuil a rian chomh láidir sin ar gach gné de shaol is de chultúr na Seapáine? Ná smaoinigh air mar chreideamh, sa chéad áit. Ná smaoinigh in aon chor! Zazen is ea suí, gan smaoineamh. Suigh mar a shuigh an Búda, ní ar néalta neamhshaolta ach ar thalamh an domhain bhraonaigh seo. Tú féin a thalmhú is ea é, tú féin a fhréamhú. Bí id chrann, mar a dúirt an Direánach. (Bhainfeadh an Seapánach brí speisialta as sin). Ná bí i do chrann righin, áfach, Ná bí dúr. Bí solúbtha. Umhlaigh.
Ar an traein go Hiroshima dúinn tháinig cigire na dticéad. Sheas sé go díreach sa charráiste. Labhair sé, á chur féin in aithne agus d’umhlaigh sé dúinn sular chrom sé ar na ticéid a sheiceáil. Deasghnáth beag agus ba dheas é. Cá bhfios nuair a shuífidh sé arís ná go mbeidh dreas beag zazen aige dó féin.
Is dóigh le lucht Zen má chleachtann tú zazen ar mhaithe leat féin nach bhfuil i ndán duit ach Ifreann. Cothaíonn zazen comhbhá agus tuiscint don fhulaingt, don duine eile - agus níl fhios ag éinne cá luíonn an bhróg ar an duine eile.
Mé ag smaoineamh ar an traein go Hiroshima ar aduaine an chultúir seo, cuid de na daoine cairdiúil go leor, cuid eile acu agus b’fhearr leo gan strainséir a bheith ina measc. D’fhiafraigh m’ollaimhín scaipthe, Masazumi, díom cén cur amach atá ag Éireannaigh ar an tSeapáin. Dúrtsa leis gur claoníomhá a fuaireamar inár ngasúir scoile dúinn ó bheith ag léamh na ngreannán Sasanach. (B’fhiú do dhuine éigin staidéar a dhéanamh ar an éifeacht a bhí ag bolscaireacht Shasana orainn go léir, idir ghreannáin agus scannáin). Cruálacht na Seapánach an rud is mó a d’aidhn spéis na ndaltaí scoile agus mise ag éirí aníos, a dúrtsa leis, go háirithe na pionóis a chuirtí ar phríosúnaigh cogaidh. Dheineas scéal grinn, mar dhea, a aithris dó. Príosúnach bocht ceangailte de stáca, ceangal na gcúig gcaol air. Sreang leictreach díreach os a chomhair. É lomnocht. Tagann cailín rince amach, spéirbhean, agus deineann damhsa meallacach os a chomhair. Tagann éirí ar an bpríosúnach bocht; troideann sé go cróga in aghaidh a mhianta ach sa deireadh teagmhaíonn a shlat leis an tsreang leictreach… agus sin sin. Maíonn a gheangháire brónach ar m’ollaimhín agus ligeann osna. Déagóir ab ea é féin le linn an Chogaidh agus fágaimid mar sin é, mar scéal gan chríoch, gan tús.
Tá a ghnó déanta anois ag an gcigire ticéad. Seasann sé ag doras an charráiste - ar chéimeanna Neimhe nó ag geataí Ifrinn, ba dhóigh leat. Féachann sé orainn. Umhlaíonn agus imíonn. Samhlaigh an céapar sin ar fad ar an traein go Cathair na Mart. Déarfaí leis an bhfear bocht éirí amach i mBéal Átha na Sluaighe!
Is file é Gabriel Rosenstock agus eagarthóir leis an nGúm i mBaile Átha Cliath.
Foilseoidh Cló Iar-Chonnachta an leabhar as a bhfuil an sliocht thuas tógtha, *Ólann mo Mhiúil as an nGainséis, ag deireadh an tsamhraidh.*
Seo an t-alt deireanach sa tsraith.