CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Oíche go maidin i dteannta fathaigh shéimh
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

Tá Antaine Ó Faracháin an-tógtha le halbam nua Bhreanndáin Uí Bheaglaoich, Oíche go Maidean, a eisíodh le déanaí.

Íomhá
Íomhá
Íomhá

Tar éis an chéad chúpla nóta bhí faoiseamh agam. Agus scamhóga an mhileoidin ag análú isteach is amach, isteach is amach, bhí mé in ann macallaí na gcos seite a chloisteáil ag bualadh ar urlár adhmaid i seomra cúil éicint thiar i mo chuimhne. Bhí íomhánna de theach tábhairne Dan Connell i gCnoc na Graí ag gluaiseacht timpeall an tí, taobh istigh dem chloigeann.

Ba é ba chúis leis an rámhaillí seo ar fad dom ná an chéad phort a bhí á sheinm ag Breanndán Ó Beaglaoich ar a dhlúthdhiosca nua Oíche go Maidean agus mé ag éisteacht leis. “An Port Uaigneach” a thugtar air agus bhí Breanndán á sheinm ina aonar ar a mhileoidean. Cé gurb é “An Port Uaigneach” a chuireann tús leis an gceol ar an diosca seo agus cé gur ceol aonair den chuid is mó atá air, níor mhothaigh mise uaigneach ar chor ar bith agus mé ag éisteacht leis, ach amháin b’fhéidir sa gcaoi is gur thuig mé arís an luach atá agam ar chomhluadar fathaigh shéimh shuáilcigh seo an cheoil agus na n-amhrán.

Rugadh agus tógadh Breanndán Ó Beaglaoich i gCorca Dhuibhne in Iarthar Chiarraí i dteaghlach mór ceolmhar. Tírdhreach álainn, fiáin, fileata atá sa gceantar seo agus tá na tréithe ceannann céanna le brath sa cheol agus sna hamhráin atá ar an diosca seo. Trí rian déag ar fad atá air agus meascán an-deas iontu.

Ó thús deireadh ceol glan, fíor, lom, daonna atá ann. Ceol pearsanta. Ceol gur féidir brath air. Ceol a insíonn duit go bhfuil duine taobh thiar de. Ceol atá beo beathaíoch sainiúil. Ní táirge é seo atá teilgthe amach ar mhargadh an cheoil le blustar agus le bladar.

Tá an rogha atá ar an diosca go hálainn ar fad. Tomhaiste go tuisceanach, pioctha go paiteanta agus leagtha amach in ord a léiríonn tuiscint ar thionchar an cheoil ar an éisteoir.

Ós ag caint ar thionchar atá mé, tá tionchar an bhoscadóra cháiliúil Johnny O’Leary as Sliabh Luachra le mothú go láidir ar an albam seo. Is uaidh siúd a fuair Breanndán an “Port Uaigneach” sin a chuireann tús leis an albam agus uaidh siúd freisin a tháinig na trí phólca atá aige ag a dheireadh. Tá trí rian de phoirt, dhá rian de chornphíopaí, seit amháin de shleamhnáin, de ríleanna agus de phólcaí, fonn mall agus cúig amhrán ar an diosca. Agus tá dhá uirlis cheoil éagsúla á seinm aige, mileoidean D agus cairdín C#D. Éagsúlacht an-bhreá ar fad.

Cé go bhfuil cúpla ceoltóir eile i dteannta Bhreanndáin ar an albam (Neil Martin ar an dordveidhil agus ar an méarchlár, agus Noel O’Grady ar an mbasoucaí) albam aonair atá ann i ndáiríre, léirithe go héifeachtach ag Gavin Ralston agus foilsithe go neamhspleách ag Breanndán féin. Tá roinnt albam eile déanta ag Breanndán cheana, cuid acu mar bhall de na grúpaí Boys of the Lough agus Beginish agus dhá albam aonair - Seana Choirce a tháinig amach i 1987, agus We Won’t Go Home ‘Til Morning a eisíodh cúig bliana ó shin i 1997.

I measc na bpíosaí a sheasann amach domsa ar an dlúthdhiosca nua seo tá dhá amhrán. Taitníonn an leagan atá aige de “There’s the Day” ("Níl ‘na Lá") liom a tháinig chuige ó Kevin Mitchell via Cathal Mc Connell (Boys of the Lough) agus, ar ndóigh, an t-amhrán a d’fhoghlaim sé óna mháthair, “An Buachaillín Bán”, atá go hálainn ar fad. Agus is breá liom go speisialta an fiántas atá sna píosaí a sheinneann sé ar an mileoidean, na poirt “An Port Uaigneach”, “An Dílleachtaí” agus “Muiris Ó Dálaigh”, mar aon leis na ríleanna “Sparán an Fhiachadóra”, “An Sliabh Ghlas”, “Fear a’ Tí” agus “Matt Peoples”.

Domsa is é ceann de na tréithe is tábhachtaí sa cheol ná an croí, agus más amhlaidh atá, seo ceann de fhíormháistrí an cheoil. Mar a deireann Philip King sa réamhrá atá aige don albam seo:

His artistry is elemental like the weather of his homeplace… Language, landscape, tradition and community translate in Breanndán’s music, into a profound expression of all that is true at the heart of human endeavour.

Idir cheol agus amhráin, ní fhaighim locht ar bith air. Is albam é seo a sheinnfidh mé go minic dom féin lem’ chroí a ardú.

Nár laga Dia thú a Bhreanndáin! Nára fada go gcaithfidh muid oíche go maidin arís lena chéile!

Tá tuilleadh eolais agus cóipeanna den albam seo le fáil ó Bhreanndán Ó Beaglaoich ag 353-66-9155399; breanndan@eircom.net

Beidh Breanndán ag casadh ag Féile Amhránaíochta an Chláir a bheas ar siúl in Inis Díomáin i gContae an Chláir idir an 31 Bealtaine agus an 2 Meitheamh.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.