An Nollaig thar lear? Níl aon chailleadh ar an Nua-Shéalainn dar le hAoife Uí Fhaoláin, ach chroch leat an scáth fearthainne.
Bhí an Nollaig a chaith muid sa Nua-Shéalainn cosúil go leor leis an Nollaig in Éirinn, ach amháin go ndeachaigh muid ag raftadh in uisce bán agus le haghaidh suathaireachta in óstán spá Oíche Nollag!
Thuirling muid i Christchurch (Teampall Chríost) cúpla lá roimh Nollaig. Bhí mé ag tnúth go mór leis an turas toisc gurbh é an chéad uair domsa cuairt a thabhairt ar an Nua-Shéalainn. Lár an tsamhraidh a bhí ann ar ndóigh ach mhínigh m’fhear céile dom go raibh an aimsir ní ba chosúla le samhradh Éireannach an uair dheiridh a chaith sé féin an Nollaig ann. Dhírigh mé féin ar an bhfocal ‘samhradh’ agus thug mé neamhaird ar an aidiacht ‘Éireannach’, rud a chiallaigh gur chaith mé an chéad lá i Christchurch ag dul timpeall na siopaí ar thóir cóta báistí agus péire bróg seachas na cuaráin a thóg mé liom! Chaith muid cúpla lá i gcathair Christchurch sular thug muid aghaidh ar an gcuid eile den Oileán Theas. Bhí carr ar cíos againn ach níor tugadh cead domsa é a thiomáint – scéal eile do lá eile é sin.
Is cuimhin liom nár mhaolaigh an bháisteach ar feadh na laethanta agus muid ar ár mbealach trasna an Oileáin Theas. B’álainn an aimsir agus muid ag fanacht i gceantar Loch Tekapo áfach, ceann de na háiteanna is scéimhe dá bhfaca mé riamh. Tá ceantar Wanaka baileach chomh suntasach ó thaobh an tírdhreacha de ach is é Loch Te Anau a fhanann i mo chuimhne óir gurbh ann a thug muid cuairt ar phluaiseanna breochruimheanna. Tosaíonn an turas le bád a thógáil trasna an locha. Ansin, feictear guairneáin agus easanna faoin talamh sula dtógtar níos faide ar aghaidh thú go dtí an fochla dorcha ina maireann na breochruimheanna geala.
I bhFad ó Aifreann an Mheán-Oíche
Thóg an t-aistear sin chomh fada le hOíche Nollag muid agus táim lánchinnte de nach gcaithfidh mé Oíche Nollag mar sin riamh arís. D’éirigh muid go luath i Te Anau chun taisteal suas go dtí cathair Queenstown (Baile na Banríona), áit a ndearna muid raftadh na gcaisí bána abhann. Thaitin an raftadh go mór linn beirt, go háirithe toisc nár thit muid thar bord ar an mbealach síos an abhainn ar luas fiáin. Scata mór de thurasóirí óga a bhí páirteach sa raftadh agus bhí an-chraic againn sna fánsruthanna agus sna mioneasanna. Bhí sé déanach go leor nuair a shroich muid an t-óstán i mBaile na Banríona an tráthnóna sin. Ba mhór an gliondar a bhí orainn nuair a tugadh uasghrádú seomra dúinn agus muid fuar, fliuch báite i ndiaidh na raftála. Ní hamháin sin, ach dúradh linn go raibh spá an óstáin fós ar oscailt dá mba mhian linn dul ann, agus tharla mar sin gur chríochnaigh muid an lá le suathaireacht chumhartheiripe ag a naoi a chlog san oíche. I bhfad ó Aifreann an Mheán Oíche sa bhaile a bhí muid!
In ainneoin na báistí go léir go dtí sin, lá breá tirim a bhí ann nuair a d’éirigh muid maidin Lá Nollag. Chuaigh muid ag an Aifreann i lár an bhaile agus cuimhneoidh mé go deo ar na daoine óga Éireannacha, ar thurasóirí an mhála droma iad go léir, ag rith isteach go cúl an tséipéil go déanach, póit ar chuid acu agus an ghruaig fós fliuch ón gcith. Cé go raibh siad ar an taobh eile den domhan, níor mhaith leo an tAifreann a chailliúnt Lá Nollag, cosúil linn féin. Is é sin ceann de na fáthanna a deirimse go raibh an Nollaig sa Nua-Shéalainn cosúil go leor leis na nósanna a chleachtann muid in Éirinn. Cúis eile ná gur fhill muid ar an óstán i ndiaidh an Aifrinn agus bhí tine chraosach ar lasadh sa bheár, leamhacháin fágtha in aice leis dá mba mhian leat iad a róstadh. San Astráil a chaith muid an Nollaig an dá bhliain roimhe sin agus bhí sé go hiomlán éagsúil leis an Nollaig sa bhaile leis an teas millteanach agus leis an mbia mara. Sa Nua-Shéalainn, bhí na maisiúcháin san óstán, agus timpeall an bhaile, níos gaire do na maisiúcháin a bhíonn againne sa bhaile agus toisc go raibh sé cuíosach fuar an lá sin, bhraith mé den chéad uair le cúpla bliain anuas gur Nollaig cheart a bhí ann. D’ith muid dinnéar traidisiúnta san óstán i lár an lae agus bhí atmaisféar álainn le braistint i measc na n-aíonna agus na foirne araon.
San iarnóin, chuamar isteach go lár an bhaile agus bhí ionadh orm go raibh líon mór daoine timpeall na háite. Níl a fhios agam arbh iad muintir na háite a bhí iontu nó cuairteoirí cosúil linn féin. Bhí an-chuid láithreáin thurasóireachta ar oscailt agus chuaigh muid féin suas ar an gcathaoir chábla, ar a dtugtar an gandala, a thóg sinn suas go barr Bob’s Peak. Tá radharcanna dochreidte de Bhaile na Banríona agus an ceantar máguaird le feiceáil ó bharr na binne seo agus shuigh muid siar sa chaifé ar feadh tamaill ag breathnú anuas ar an mbaile. Nuair a thuirling muid ón mbinn, stop muid chun mionghalf a imirt – rud nach ndéantar go minic in Éirinn Lá Nollag! Tá mé lánchinnte de go raibh an bua agam féin ach d’inseodh m’fhear céile scéal eile. Chríochnaigh muid an lá éagsúil seo le seacláid the as coire mór millteach i siopa seacláide sa bhaile mór – fianaise eile go raibh an aimsir i bhfad níb fhuaire ná aimsir na hAstráile um Nollaig.
D’fhán muid i mBaile na Banríona ar feadh cúpla lá eile sular thug muid aghaidh ar fhiordanna Milford Sound agus ar oighearshruth a dhreapadh ar ár mbealach suas go dtí an tOileán Thuaidh. Ní dhéanfaidh mé dearmad go deo den Nollaig uathúil a chaith muid sa Nua-Shéalainn. Cé go ndearna muid roinnt gníomhaíochtaí nach ndéanfá in Éirinn um Nollaig, bhraith mé nach raibh mé chomh fada sin as baile leis an tírdhreach glas, leis an mbáisteach throm agus le nósanna na Nollag a bhí cosúil go leor leis na nósanna a chleachtar ar an taobh seo den domhan