Beo! (freagraí ar: Ní hé Joe Mc Hugh is Measa ach Enda!) http://beo.ie/alt-ni-he-joe-mc-hugh-is-measa-ach-enda.aspx#comments Creideann Donncha Ó hÉallaithe go mba cheart seans a thabhairt don Aire Stáit nua Gaeltachta, Joe Mc Hugh, socrú isteach sa bpost sara a ndéantar breithiúnas air. ga Cóipcheart Oideas Gael. Fri, 22 Aug 2014 10:26:06 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Brian Mac Lochlainn http://beo.ie/alt-ni-he-joe-mc-hugh-is-measa-ach-enda.aspx#comments Caithfidh sé gur sa Mhumhain atá na milliúin á gcaitheamh mar gur 'púnt' a luaigh Peadar agus caithfidh sé gur sa Mhumhain atá an 'dóthain stádais' mar san áit a bhfuil mé féin is ar an Bhéarla a chaitear na milliúin punt agus cleachtaítear umhlaíocht thar mheon gan trácht ar stádas ar theanga na banríona Sasanaí. Níor luaigh Liam ach oiread leat na milliúin a chuirtear amú ar an Bhéarla. Cá huair a chuirfear deireadh leis an díomailt uafásach airgid seo ar theanga iasachta, an Béarla? Cén fáth go scaoileann sibhse, Gaeilgeoirí is léir, an Béarla as gaiste an cháinte chomh furasta sin? Nach bhfuil Béarla go forleathan in gach cearn den tír cheana féin agus cén fáth go dtacaíonn an dá stát in Éirinn leis sna comhairlí contae, sna hollscoileanna agus sna healaíona? B'fhéidir gur billiúin seachas milliúin atá á gcur amú ar an mBéarla.
Fri, 22 Aug 2014 10:26:06 GMT Liam http://beo.ie/alt-ni-he-joe-mc-hugh-is-measa-ach-enda.aspx#comments Tá cur amú airgid ar earnáil na Gaeilge ach ní féidir a rá go bhfuil a dhóthain stádas ann. Réiteach simplí go leor chun athréimiú na Gaeilge a chur i gcrích- daoine le Gaeilge ag pósadh cainteoirí eile agus na gasúir á thógail le Gaeilge seachas Gaelgeoirí ag pósadh Béarlóirí agus na gasúir a sheoladh chuig an Ghaelscoil rothaí mór an tsaoil arís agus aríst eile
Tue, 19 Aug 2014 17:07:02 GMT Peadar http://beo.ie/alt-ni-he-joe-mc-hugh-is-measa-ach-enda.aspx#comments Tá a dhothain stadais amach ag an Ghaeilge; na milliúin púnt á chaitheamh air gan toradh fiuntach leis. Í bhfad níos fearr bheith realaíoch faoi agus stop den ólagán.
Tue, 19 Aug 2014 16:51:41 GMT Fearn http://beo.ie/alt-ni-he-joe-mc-hugh-is-measa-ach-enda.aspx#comments Cuireann sé sin in iúl dhom caint a bhí ag Máirtín Ó Cadhain:

"Chuala mé sin freisin...go bhfacthas Aire ag teacht amach as teach ósta agsu é mar a bheadh sé ag casadh súgán as a bhéal...Tuigim an cheird sin freisin: airí nuacheaptha a dhul go hÁrainn, báiníní bána agus bróga úrleathair a chur orthu féin, leabhar le Máirtín... Máirtín ó Direáin, cad eile?...faoina n-ascaill, a gcuid ban faoin ascaill eile, giobóigíní beaga de chótaí dearga agus seálta cloth orthu, agus leabhrann siad le bod an bhóthair agus leis an mbanbh thall údan..."

Barbed Wire, lch 146-147
Tue, 12 Aug 2014 14:45:38 GMT Eoin Ó Riain http://beo.ie/alt-ni-he-joe-mc-hugh-is-measa-ach-enda.aspx#comments An alt a Dhonncha. Ní mór dúinn oibriú leis agus is cosúil go dtuigeann sé go bhfuil fearg dearg amuigh ansin. Spéisiúil gur bhuail tú leis agus an spéis a bhí léirithe aige 12 bl ó shin!
Sat, 09 Aug 2014 17:38:03 GMT Páid Ó Donnchú http://beo.ie/alt-ni-he-joe-mc-hugh-is-measa-ach-enda.aspx#comments Aontaím leat a Dhonncha. Tá sé suas dhó féin; tá na fiacla gearrtha go maith aige. Is féidir leis cluiche a imirt nó difríocht a dhéanamh - faraor ní raibh sé de mhisneach ag Dinny an teanga a chuir roimh dhílseacht dá pháirtí. Nuair a bheas sé ag breathnú siar ar a shaol polaitíochta, seans maith go mbeidh aiféala mór air.
Tue, 05 Aug 2014 18:38:58 GMT