Tá John Mac Con Choille den bharúil go bhfuilimid i ndiaidh tarchéimniú ar ár mbealach aniar ar bhóthar forbartha sochaí na hÉireann le heachtra a naisc an nuatheicneolaíocht agus an ceol.
Naisc:
Ar chlúdach na hirise ‘Nós’ i mí Bealtaine, ‘Ceol na Coiribe’ a bhí mar phríomhscéal. ‘Athbheochan’ a bhí ar siúl ar cheol san iarthar, de réir dealraimh. Go deimhin, athbheochan a tháinig. Ar chlúdach eagráin na míosa seo, tá an athbheochan seo feiceálach ar aghaidheanna gásúir Choláiste Lurgan. Tar éis léiriú daltaí an choláiste samhraidh uilig agus an banna ‘Seo Linn’ ar an Late Late Show, tá na mílte i ndiaidh breathnú ar an bhfíseán ar Youtube. Tá an athbheochan seo i bhfad níos fairsinge fós ná mar a samhlaíodh a thitfeadh amach. B’fhéidir gur ag Nós a bhí briseadh scéil, ach is cinnte gur ag an scéal atá briseadh nóis...
Agus saol na Gaeilge ag cuimhneamh ar shamradh na bliana seo, is ar amhránaíocht Choláiste Lurgan a chuimhneoidh roinnt mhaith daoine. Ar TG Lurgan, bealach Youtube an choláiste samhraidh in Indreabhán, casadh amhráin mhóra an tsamhraidh i nGaeilge. Níl ríomh ar a leithéid de rath cheana i gceol pop na Gaeilge. Ó chúig cúigí na hÉireann, bhí saol na hÉireann ar fad faoi gheasa ag amhránaíocht mhic léinn an choláiste. Is léir sin ón bpoiblíocht ar fad a luaigh cáil an Late Late Show.
Saíocht Splanctha Ár Linne
Leagtar an-béim ar chaomhnú na teanga seo, ach baineann tábhacht i gcónaí le hathnuachan na teanga. Ag splanc na hóige atá an mhúscailt seo idir ‘Wake me Up’, ‘Anois an tAm’ agus a leithéidí, ba é seo teacht i dtír na Gaeilge ar chultúr splanctha nó ‘viral’ na linne seo.
Ag breathnú siar ar ré ársa nach raibh cothú den chineál seo le feiceáil ann, is mór i gceist focla Mháirtín Uí Chadhain i ‘Do na Firéin’: ‘Ní cultúr atá uainn. TRÁCHTÁIL’. Bhíodh cúrsaí cultúir ar bhealach a n-aimhleasa mar gheall ar thráchtáil agus cultúr a bheith ag teacht salach ar a chéíle, tráth dá raibh. Bhí an chúilfhéith i bhfad siar ar Mháirtín agus luigh an ráiteas le ciall ag an am, ach tá glúin tagtha ina dhiaidh a bhfuil an cultúr le bheith casta ina thráchtáil acu. Sa ré nua seo, is ag béal na hóige atá an chaint ar thodhchaí na Gaeilge. “Diabhal fhios a’am go bhfuil deireadh le mo scéal; Ach táim ar an mbealach ceart”, a casadh ar an Late Late Show. Os comhair phobal na tíre, ba chosúil gur ag caint ar son na teanga a bhí siad.
Más amhlaidh, tá an ceart acu. Níl eolas an bhealaigh seo romhainn againn féin. Anuas ar sin, is é mo mheas féin gur malairt a chéile a bhíodh na treonna á nglacadh ag dá dhream a roinneann saol na Gaeilge ina dhá leath. Is le blianta anuas atá saol na Gaeilge ar deighilt, idir saol na Gaeltachta ag saol na Galltachta. Cheaptaí nach mbíodh tada ar siúl sna ceantair Ghaeltachta ach bás seanchaillí is mná óga ag pósadh. Tá athrú ar an dearcadh sin anois de réir atá curtha i láthair ag gasúir Lorgan. Tá sampla curtha chun tosaigh acu seo gur féidir comh-oibriú a bheith idir luachanna cultúrtha seanaimseartha agus nua-aimseartha le beocht agus brí a athmhúscailt sa chultúr. Tá an teorainn brúite siar. Go deimhin, ag teorainn ar bith, bíonn a shárú ag an óige i gcónaí ann. Is cuma leis an óige cé gcuirfidh sí a cos!
Tá an Táirge Cruthaithe
Tá acmhainn anois againn má tá an cultúr casta ina thráchtáil ag aos óg na hÉireann. Ní dúshaothrú atá ansin, ach trácht ar an luach chomh mór sin a bhaineann le hóige na tíre seo. Is í seo Tír na hÓige! Theastaigh ó thuismitheoirí na tíre tairbhe na Gaeltachta dá bpáistí a fheiceáil lena súla cinn féin. Tá deimhniú faighte anois acu den tábhacht a bhaineann leis na turasanna chun na Gaeltachta sa samhradh. Turasanna a chosnaíonn suim nach beag airgid orthu san am a bhfuil na pingneacha gann.
Tá bonn níos sláine faoin iarracht go léir. D’fhéadfaí a mhaíomh go raibh a leithéid de thionchar ag coláistí samhraidh le blianta, ach don chéad uair, tá táirge á chur i láthair an tsaoil mhóir ag na coláistí samhraidh. Beidh a thuilleadh cuairteoirí ón iasacht meallta isteach ag cultúr na tíre anois, agus an cultúr sin in ann dul i bhfeidhm orthu ar bhealach úrnua.
Tá bhur nglór cloiste, a mhuintir na Lorgan. Moladh an óige, agus tháinig sí.
Scoláire Gaeilge agus Teangeolaíochta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, is ea John Mac Con Choille. Is comheagarthóir Gaeilge é ar an College Tribune san ollscoil.