AR NA SAOLTA SEO
Nasc níos láidre á mholadh idir "na náisiúnaithe bunreachtúla"
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá baill áirithe d’Fhianna Fáil ag caint ar chomhoibriú níos fearr a chothú idir iad féin agus an SDLP. Fiafraíonn Robert McMillen an bhfuil sé seo ag tarlú de bharr go bhfuil Sinn Féin ag éirí níos láidre mar pháirtí.

Íomhá
Jeffrey Donaldson ón UUP - den tuairim go slogfaidh Sinn Féin Fianna Fáil
Íomhá
Gerry Adams, uachtarán Shinn Féin

The Sinn Féin tiger has already swallowed the SDLP.The south (of Ireland) and Fianna Fáil is next.

Bhí an méid sin i ráiteas ó David Burnside agus Jeffrey Donaldson nuair a tharraing siad siar cibé tacacíocht a bhí acu do Chomhaontú Aoine an Chéasta i mí Iúil 2001. Deich mí ar aghaidh, tá cúigear Sinn Féineach ina dTeachtaí Dála i dTeach Laighean agus an chuma ar an pháirtí go bhfuil sé ag dul ó neart go neart ar an taobh ó dheas den teorainn mar aon leis an taobh ó thuaidh.

Cinnte, ní aontódh bunadh an SDLP go bhfuil sé slogtha siar ag Sinn Féin, ainneoin gur léir go bhfuil fadhbanna móra ag páirtí Mark Durkan ó thaobh íomhá, eagair, ballraíochta agus go leor leor eile de i gcomparáid le páirtí Gerry Adams.

B’amaideach a mhaíomh, áfach, go n-íosfadh Sinn Féin Fianna Fáil don bhricfeasta - tá 81 suíochán Dála ag páirtí Bertie i gcomparáid leis na cúig cinn atá ag Sinn Féin. Ach an comhtharlúint é, agus borradh faoi Shinn Féin, go bhfuil comhairleoirí de chuid Fhianna Fáil ag moladh go ndéanfaí cónascadh idir páirtí s’acusan agus an SDLP?

I mí Mhárta na bliana seo, ritheadh rún ag Ardfheis Fhianna Fáil a mhol gur cheart don pháirtí gníomhú ar bhonn 32 chontae. Glacadh leis an rún go mbeadh Fianna Fáil ag eagrú ar fud an oileáin, nó go gcothófaí nasc níos láidre leis an SDLP.

“Ag breathnú ar an chomhthéacs iar-Chomhaontú Aoine an Chéasta, leis na hathruithe atá ag tarlú sa tír seo agus ar fud na hEorpa, níl aon dul as ach go mbeadh an páirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna 26 Chontae ag daingniú na dáimhe atá aige cheana leis an pháirtí náisiúnaíoch bunreachtúil is mó sna Sé Chontae,” arsa Malcolm Byrne, comhairleoir de chuid Fhianna Fáil i nGuaire, Contae Loch Garman atá ar dhuine den dream atá ag iarraidh go mbeadh diminsean uile-Éireann ag baint le Fianna Fáil.

Is fíor-Phoblachtánaigh iad an SDLP agus Fianna Fáil, fíoroidhrí fhealsúnacht Tone a thug iarraidh Caitlicigh, Protastúnaigh agus Easaontóirí a thabhairt le chéile, “chan ionann agus páirtithe eile,” dar le Byrne.

Is léir go bhfuil “mí meala” Shinn Féin thart maidir le páirtí an rialtais ó dheas.

“Bhíothar robhog orthu,” a dúradh le Beo.

Comhghuaillíocht

Dúirt Gerry Adams go raibh an seanréimeas polaitíochta ag athrú agus gur féidir comhghuaillíocht a bhunú idir Sinn Féin, an Páirtí Glas agus Páirtí an Lucht Oibre le clár den eite chlé a chur chun tosaigh. Má éiríonn an Tíogar Ceilteach breoite, tá seans ann go rachaidh daoine chuig na páirtithe sin don leigheas.

Bhí sé suimiúil go raibh gach duine a labhair ag Ardfheis Fhianna Fáil i mí an Mhárta faoi bhun 30 bliain d’aois, daoine a bheas ag dul in iomaíocht le Sinn Féin - a mbeidh bagáiste na streachtailte armtha caite ar leataobh le fada an lá acu - má fhanann siad sa pholaitíocht.

Da mbeadh nasc foirmeálta ag Fianna Fáil leis an SDLP, d’fhéadfadh an páirtí tuaisceartach troid in éadán Shinn Féin ó thuaidh agus an páirtí deisceartach dul in iomaíocht leo ó dheas.

Thiocfadh le Taoiseach de chuid Fhianna Fáil ball den SDLP a cheapadh mar Aire sa rialtas ó dheas i ndiaidh an chéad olltoghchán eile mar a rinne de Valera i 1957 agus Garret Fitzgerald i 1981.

Ach an meallfadh an lánúin seo, an SDLP agus Fianna Fáil, vótóirí breise ó thuaidh? Ní dócha go meallfadh. Tá votóirí óga an tuaiscirt ag dul chuig Sinn Féin. Tá an béarlagair a tharraingíonn daoine óga agus iad sa tréimhse is mó idéalachais dá saol ag na Shinners - ach tá difear an domhain idir a bheith ag spalpadh manaí agus laincisí na cumhachta a bheith ort.

Ach tá an éabhlóid pholaitiúil atá ag dul ar aghaidh an-suimiúil.

Beidh níos mó airde á tabhairt ag pobal na Sé Chontae ar imeachtaí ó dheas. Bhí an t-am ann agus ba leor a bheith ag caint ar athaontú na tíre. Anois, agus próiseas ar bun le sin a chur i gcrích, dar le náisiúnaithe ar aon nós, beidh orthu aithne níos fearr a chur ar a ngaolta deisceartacha.

Tá an éabhlóid ag dul ar aghaidh, go malltriallach, i dtreo pháirtithe uile-Éireann ach cén t-eolas atá ag an ghnáthnáisiúnaí féin ar na hinstitiúidí, ar an phearsanra, nó ar ghnéithe de shaol sóisialta na 26 Chontae?

Fíorbheagán.

Agus cad é fá na haontachtaithe? An cúis imní dóibh é ollpháirtithe náisiúnaíocha eagraithe ar bhonn uile-Éireann?

Ní hea, arsa an tUasal Byrne. Chiallódh sé go mbeadh guth níos láidre ag náisiúnaithe bunreachtúla, daoine a chreideann in Éirinn aontaithe, ach le toil na n-aontachtaithe iad féin, agus mar sin, nár cheart go mbeadh eagla ar bith orthu.

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.