AR NA SAOLTA SEO/SCÉALTA ÓN ASTRÁIL
Naonúr Bali i mbaol
Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin Dáithí Ó Colchúin

Tá an chuma ar an scéal go ndaorfar chun báis cuid de na hAstrálaigh a gabhadh le déanaí i mBali agus hearóin ina seilbh. Tuairisc ó Dháithí Ó Colchúin.

Íomhá
Beirt de na hAstrálaigh a gabhadh i mBali
Íomhá
Na drugaí a deirtear a bhí i seilbh na nAstrálach a gabhadh
Íomhá
Schapelle Corby faoi ghlas i mBali

Ceann de na scéalta móra sna meáin san Astráil le coicís, baineann sé le “naonúr Bali” mar a thugtar orthu – naonúr as an Astráil a gabhadh i mBali agus a bhfuil sé curtha ina leith go raibh baint acu le hearóin a thabhairt as Bali go dtí an Astráil. Gabhadh cúigear acu ar eitleán i Denpasar a bhí ar a bhealach go Sydney agus ceathrar eile in óstán tamall ina dhiaidh sin. Den chúigear a tógadh ag an aerfort, deir na húdaráis san Indinéis go raibh hearóin ar cheathrar acu i bpacáistí timpeall a gcorp agus tá na pacáistí le feiceáil go soiléir ar scannán. Deirtear go raibh 8 gcileagram hearóin san iomlán sna pacáistí.

Is cosúil gur de thoradh ar chomhoibriú idir na Australian Federal Police (AFP) agus póilíní na hIndinéise a gabhadh iad. Chomh luath is a dúradh é sin, thosaigh roinnt mhaith daoine san Astráil ag cáineadh an AFP, ag rá gur chóir ligean dóibh siúd a bhí ar an eitleán a theacht go Sydney sula ngabhfaí iad. Bhí freagra simplí ag an AFP air sin – gur coir a tharla san Indinéis a bhí i gceist agus, mar sin, gur le póilíní agus cúirteanna na hIndinéise a bhain sé.

Níl aon phionós báis san Astráil anois ach tá san Indinéis agus ceaptar go lorgófar an pionós sin don cheathrar a gabhadh agus na pacáistí orthu ag an aerfort agus téarma deich mbliana don chúigear eile. Go dtí seo is beag plé a rinneadh ar an moráltacht a bhaineann le druga ar nós hearóin a thabhairt isteach go dtí an Astráil agus an dochar a dhéantar do dhaoine dá bharr.

Is cosúil gur daoine aineolacha formhór an naonúir. Dúirt a hathair faoi dhuine den naonúr, an t-aon bhean ina measc, nach raibh sí ar an scalltán ba chliste sa nead. Ní raibh a fhios ag cuid acu go raibh pionós báis ag baint le drugaí san Indinéis, in ainneoin cás eile faoi bhean as Brisbane, Schapelle Corby, atá ar a triail i mBali, bheith ar fud na meán le dhá mhí. Cuireadh ina leith siúd gur thug sí 4.2 cileagram *marijuana *ó Bhrisbane go Bali. Ceapadh go dtí le gairid go bhféadfadh pionós báis a bheith i ndán di dá gciontófaí í ach anois ní cosúil go mbeidh.

Tá sé admhaithe go poiblí ag dlíodóir do bheirt den naonúr go ndearna siad é agus go raibh siad “amaideach”. Le dlíodóir mar sin, is beag gá a bheas le cúisitheoir. Is cosúil gurb é an chosaint a bheas acu go ndearnadh bagairt go marófaí a muintir mura mbeidís sásta na drugaí a iompar.

Cuireadh ceist ar urlabhraí don AFP an dtugtar mórán hearóine isteach san Astráil. Dúirt sé nach dtugtar ach bean ach nach féidir bheith cinnte. Ní mar sin atá. Ní tháirgítear aon hearóin san Astráil. Dá bhrí sin tugtar isteach ar fad é, as an Áis go hiondúil, agus is léir nach bhfuil aon ghanntan ar na sráideanna dóibh siúd a bhfuil gá acu leis.

Tá Dáithí Ó Colchúin ina chónaí i Sydney. Is as an gCeathrú Rua i gConamara ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.