AR NA SAOLTA SEO
Náisiúntacht
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Is féidir a mhaíomh nach lia náisiúntóirí ná cineálacha náisiúntachta. Ar a laghad ar bith, ní ar aon intinn atá Roddy Doyle agus Robert McMillen faoi cheist na náisiúntachta Éireannaí.

I mí Meán Fómhair 1940, scríobh an scoláire Ceilteach, T.F. Healey, alt dar teideal ‘Shakespeare Was An Irishman’ ar an iris The American Mercury. Is léir don dall, áfach, nach bhfuil aon cheangal ginealaigh, polaitiúil ná cultúir ag an Bhard leis an tír seo ach bhí Healey sásta tabhairt faoin teoiric ar aon nós. Nuair a léigh mé teideal an ailt, rinne mé gáire mhór chroíúil mar ba mhinic agus is minic fós go dtugtar Briotanach ar Éireannaigh cháiliúla, iad sin i saol na healaíne ach go háirithe.

D’imigh mórtas cine na nÉireannach as réimse scála Richter in 1982 nuair a scríobh Seamus Heaney litir oscailte ag gearán go raibh dánta dá chuid foilsithe sa Penguin Book of Contemporary British Poetry.

“Be advised, my passport’s green/No glass of ours was ever raised/To toast the Queen,” a scríobh sé. Anois, tá an bród a léiríonn Heaney míle míle ar shiúl ón méid a dúirt iarchroinicí aicme oibre Bhaile Átha Cliath, Roddy Doyle. Ag caint leis an nuachtán Sasanach, The Guardian, mhaígh sé: “Until quite recently, to be Irish meant to be not-English.” Grrr. Seans mór go bhfeadfadh Doyle a bheith ag tagairt do na Sé Chontae, limistéar ina bhfuil riail na Breataine i réim agus thuigfeá dóibh dá mbeadh na dúchasaigh ag iarraidh a bheith “neamh-Shasanach”.

saoirse de shaghas éigin bainte amach ag na 26 Chontae, mar sin tá cead acu a bheith chomh hÉireannach agus is mian leo (ahem!), ach ó thuaidh, b’fhurasta a chreidbheáil go raibh an naimhdeas don stát agus don “mhórthír” bunaithe ar fhríth-Shasanachas. (Ní chreidim gur ann don choincheap “An Bhreatain” nó “An Bhreatain Mhór” nó don aidiacht “Briotanach” ach amháin i gcúrsaí tíreolaíochta).

An Fhéiniontaoibh

dearcadh níos folláine ag Éireannaigh an tuaiscirt ar cheist na féiniúlachta. Labhraíonn bunús na nGaeilgeoirí ó thuaidh an teanga cionn is go measann siad gur áis luachmhar í ar féidir an-sult a bhaint aisti. Ní labhraíonn siad í le cur isteach ar Phrotastúnaigh, amhail is dá mba stink bomb cultúrtha a bhí sa Ghaeilge. Tá Gaeil i bhfad níos oscailte maidir le cultúir choimhthíocha i mo thaithíse fosta.

Ólaim Guinness, ní cionn is gur branda Éireannach é, ach, i ndiaidh a bheith ag caint Gaeilge le mo chairde ag cluiche iomána sa chineál drochaimsire a roinneann muid leis an tSasanach, níl rud ar bith níos deise na pionta den leann dubh leis an teas a chur ar ais i mo chorp ná é. Amharcann Gaeil ar chluichí Gaelacha cionn is go bhfuil siad míle uair níos taitneamhaí ná sacair nó rugbaí. Cuireann siad cluiche ceannais chomórtas Chorn an Domhain i gcomórtas le cluiche ceannais na hiomána i bPáirc an Chrócaigh i mbliana. Níl sé neamh-Shasanach a rá go raibh an domhnaíocht difríochta eatarthu. Is léir don dall gur cluiche i bhfad níos fearr é an iomáint, an cluiche is fearr ar domhain, b’fhéidir, beag beann ar Carlsberg.

Bíonn náisiúnaithe an tuaiscirt i bhfách le foireann na hÉireann agus iad ag imirt le liathróid ubhchruthach agus fiú nuair is sacair atá ar bun agus an fhoireann dá réir, na 26 Chontae, ach ní ní leo foireann sacair Thuaisceart (sic) Éireann. Chuir mé ceist ar chara de mo chuid cad é mar is féidir leis tacaíocht a thabhairt don fhoireann chríochdheighilte ó dheas. “Cionn is gur mian leo a bheith ina nÉireannaigh,” ar sé - ainneoin gur Sasanaigh, Albanach agus Iodálach a bhí ar an fhoireann chéanna agus bainisteoir Sasanach ina bun ach san allagar náisiúnta, tá na himreoirí seo mar chuid den “buíon dar slua, thar toinn do ráinig chugainn”!

Ar Son na Tíre

raicín ar siúl ó thuaidh faoi láthair cionn is gur tharraing imreoir óg sacair, Adam Barton, amach as scuad Thuaisceart Éireann do chluichí cáilithe i gCraobh na hEorpa 2012 cionn is gur mhaith leis imirt do thír eile. Níl an IFA ag iarraidh an cás a thabhairt a fhad leis na cúirteanna mar a rinne siad le Darron Gibson, Marc Wilson agus Shane Duffy arbh fhearr leo imirt d’fhoireann Trappatoni. Beag an baol! Creideann Adam cóir go bhfuil sé maith go leor le háit a fháil ar fhoireann Fabio Capello. “Ceart is cóir,” dar leis an IFA, tá sé ag iarraidh imirt don mháthairthír. Fadhb ar bith. Ach dá mbeadh na cáilíochtaí aige imirt don Phoblacht, an mbeadh an IFA chomh caoinfhulaingteach céanna?

Tá an fhéiniúlacht/náisiúntacht ag éirí níos doiléire i gcúrsaí spóirt de réir a chéile, sa Ghearmáin féin, mar a raibh imreoirí darbh ainm Khedira, Cacau agus Özil ag imirt don fhoireann náisiúnta. Tá an fhéiniúlacht iontach tábhachtach agus bímis mórtasach as tréithe maithe ár náisiúin, ach ná téimis thar fóir léi.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.