Tá cáil bainte amach ag Muireann Nic Amhlaoibh le roinnt blianta anuas mar amhránaí agus ceoltóir leis an ghrúpa traidisiúnta Danú. Anois, áfach, agus sos fada á thógáil ag an ghrúpa, tá deis ag Muireann a halbam nua a phoibliú agus cur lena taithí. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoin dúshlán nua ina saol.
Is duine í Muireann Nic Amhlaoibh a bhfuil ag domhan siúlta aici le roinnt blianta anuas, mar bhall den ghrúpa traidisiúnta Dánú, ach is léir nach bhfuil áit is fearr léi ná a ceantar dúchais, Dún Chaoin i nGaeltacht Chiarraí. Nuair a bhuail mé léi i mBaile Átha Cliath le gairid chun labhairt léi faoina halbam nua, Daybreak: Fáinne an lae, rinne sí tagairt go minic le linn ár gcomhrá don bhaile agus don dáimh a bhraitheann sí le muintir a dúiche féin.
Ní haon ionadh é, mar sin, gur chinn sí ar an chéad albam aonair seo a sheoladh ina ceantar dúchais.
“Bhí seoladh iontach againn thíos i nDún Chaoin i mí na Bealtaine, i dteannta cúpla cara liom: Eamonn Doorley, Julie Fowlis agus Tony Byrne. Bhí muintir na háite ar fad ann agus bhí sé sin go deas. Thug sé misneach millteach dom.”
Tá sí tar éis canadh agus seinm ar thrí albam de chuid Danú sna trí bliana atá caite aici sa ghrúpa ach ba dhúshlán an-mhór é di an dlúthdhiosca aonair seo a chur le chéile.
“Is liomsa an dlúthdhiosca seo. Is mise a dhein an taifeadadh ar fad agus a chuir an urraíocht ar fad ar fáil.”
An raibh strus ag baint leis an tionscadal, ar bhraith sí faoi bhrú sa stiúideo de bhrí gurbh í féin a bhí ag íoc na mbillí go léir?
“Bhí strus ag baint leis ach istigh sa stiúideo dearúdann tú go bhfuil tú ag díol as agus bíonn tú ag seinnt leat. Bhí cairde mórthimpeall orm; fiú amháin an t-innealtóir a bhí ag obair sa stiúideo, Ivan O’Shea, cara mór liom is ea é. Arú, bhí gach éinne lán de thacaíocht agus bhí oiread craice againn. Ar shlí, tá níos mó struis ag baint leis anois go bhfuil sé amuigh agus go gcaithfidh mé dul ar camchuairt agus bheith ag déanamh na n-agallamh seo agus bheith cinnte go bhfuil gach aon rud á dhéanamh i gceart agam. Tá sé sin difriúil ó bheith le Danú nuair is duine de sheachtar ceoltóirí tú.”
De bhrí go raibh Muireann féin ag íoc as an stiúideo, chiallaigh sé nach bhféadfadh sí an oiread sin ama a chaitheamh i mbun an taifeadta. Bhí an réamhullmhúchán ríthábhachtach mar sin.
“Mar atá a fhios agat, bhíodh Danú ar an mbóthar formhór na bliana go dtí seo. Bhí dhá sheisiún agam sa stiúideo i Grouse Lodge, i gContae na hIarmhí. Nuair a bhíos ar an mbóthar
thug sé seans dom bheith ag déanamh ullmhúcháin agus taighde agus a leithéid, mar bíonn ana-chuid ama agat sa veain nó sa seomra san óstán nó pé rud. Bhí ana-chuid ama agam leis an taighde a dhéanamh agus leis an ullmhúchán a dhéanamh ach ní raibh an oiread sin ama agam chun an taifeadadh a dhéanamh so bhí sé ana-thábhachtach go rabhas ullmhaithe i gceart.
“Bhí dhá sheisiún againn de dhá nó trí lá agus bhí an taifeadadh déanta laistigh de sheachtain. Deineadh an meascadh ansin laistigh d’aon lá amháin, ansin dhein Compass [an comhlacht ceirníní] máistriú air. Bhí lá amháin sa bhreis agam aga baile san árasán i mBaile Átha Cliath le hOisín McAuley. Tá an trealamh ag Oisín chomh maith agus theastaigh uaim dhá phort a chur ar an dlúthdhiosca ach ní raibh deis agam é sin a dhéanamh sa stiúideo, mar sin dheineamar é sin san árasán. So, dheineamar ana-thapaidh é. An t-albam deireanach de chuid Danú, dheineamar é sin laistigh de sheachtain chomh maith, sa stiúideo céanna.”
Tuigeann Muireann go dtógfaidh sé tamall fada uirthi an t-airgead atá sí tar éis a infheistiú san albam a fháil ar ais ach níl sí róbhuartha faoi sin.
“Níl sé chomh tábhachtach sin dom é a fháil ar ais díreach anois – táim sásta go bhfuil an t-albam déanta agam. Dúshlán millteach ab ea é domsa, go mór mór gan bheith i dteannta Danú, rud éigin a dhéanamh mé féinig. Tá mé chomh sásta go bhfuil sé sin déanta agam.”
Tá go leor amhrán comhaimseartha ar an dlúthdhiosca seo, cinn le Richard Thompson agus Gerry O’Beirne ina measc, agus fiafraím di an léiríonn sé sin go measann sí go bhfuil na hamhráin thraidisiúnta rótheoranta, ó thaobh ábhair agus mothúchán de.
“Cuireann ceisteanna mar sin isteach orm! Déarfaidh mé leat cad ina thaobh. Tá gach aon diabhal rud atá ar an dlúthdhiosca comhaimseartha domsa. Seo iad na hamhráin a chloisinnse mórthimpeall orm i gcónaí. Bíodh siad traidisiúnta nó comhaimseartha, níl aon difríocht ann domsa mar tá suim agamsa sa cheol ar fad. Níl mé ag dul go dtí iarsmalann ag lorg an tseanacheoil – ní mar sin atá sé. Tá sé chomh beo agus mórthimpeall orm aga baile nach chím aon difríocht idir an dá shórt rud.
“Má théann tú go seisiún ceoil sa Daingean, abair, cloisfidh tú gach aon sórt amhrán. Ní dóigh liom go bhfuilimse ag déanamh aon dochar don traidisiún, sin é an príomhrud, agus fhad is nach bhfuil aon dochar á dhéanamh agam, táim ana-shásta!”
Tá sí breá sásta leis na léirmheasanna a scríobhadh mar gheall ar an albam go dtí seo ach an raibh sí neirbhíseach agus imníoch faoin mhéid a déarfadh na criticeoirí?
“Ní rabhas riamh neirbhíseach ag léamh léirmheasanna agus mé le Danú, mar tá an oiread sin muiníne agam as an ngrúpa. Leis an dlúthdhiosca nua, bhíos ábhairín neirbhíseach ach, buíochas le Dia, ní bhfuaras drochléirmheas fós. Ach tarlóidh sé fós, b’fhéidir!”
Múinteoir faoi leith
Nuair a bhuail mé le Muireann, bhí sí díreach i ndiaidh pilleadh as Ciarraí, áit a ndeachaigh sí cúpla lá roimhe sin le freastal ar thórramh seanmhúinteora dá cuid ón bhunscoil, Mícheál Ó Dubhshláine. Ba léir, ón dóigh ar labhair sí mar gheall ar Mhícheál, gur fear faoi leith a bhí ann a chuaigh i gcion go mór ar go leor daoine.
Ceapadh Mícheál ina phríomhoide ar Scoil Dhún Chaoin i 1970 ach rinne Rialtas na linne cinneadh an scoil a dhúnadh. Bhí sé mar pholasaí ag an Roinn Oideachais ag an am scoileanna beaga a dhúnadh agus ba pholasaí é seo a rinne díobháil mhór don Ghaeilge. Chuir
tuismitheoirí Dhún Chaoin go mór i gcoinne dhúnadh na scoile ansin agus cuireadh tús le feachtas a mheall tacaíocht ó gach cearn den tír. D’íoc bunadh na háite tuarastal Mhíchíl Uí Dhubhshláine go dtí Aibreán na bliana 1973, go dtí gur chinn an comhrialtas nua a tháinig i gcumhacht ar chinneadh na Roinne Oideachais a mhalartú. Chuir sé fearg ar Mhuireann agus ar go leor daoine eile gur dhiúltaigh an Roinn aitheantas a thabhairt do na blianta sin a d’oibrigh Mícheál gan pá ón Stát agus, dá bharr sin, go raibh air blianta breise a oibriú nuair a bhain sé aois an phinsin amach. Ba ghránna an mhaise don Stát a leithéid a dhéanamh, dar léi, go háirithe i gcás duine a bhí tar éis oideachas chomh leathan sin a chur ar fáil thar na blianta.
Abair seo linn ...
*Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair? *
The Secret Life of Bees le Sue Monk Kidd
*Cén ceol is fearr leat? *
Aon sórt ceoil le dealramh. Beagáinín de gach rud is dócha, cé nach n-éistim le mórán popcheoil.
*Cén scannán is fearr a chonaic tú riamh? *
Dearúdaim scannáin laistigh de chúpla lá (tá cuimhne an "goldfish" agam!) ach thaitin The Cooler go mór liom.
*Cá dtéann tú ar saoire? *
Abhaile go Dún Chaoin gan dabht! Is saoire é domsa a bheith ag baile tar éis an taistil ar fad a dheinim.
*Cé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh agus cá raibh tú? *
Trí huaire déag, go Ceanada, na Stáit Aontaithe, an Ind, an Danmhairg, an Iodáil, Sasana, agus Albain (agus uair amháin go Cléire).
*Cén bhialann is fearr leat? *
Is breá liom Pad-Thai ar Shráid Camden i mBaile Átha Cliath agus The Stone House ar Cheann Sléibhe i gCiarraí.
Cén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?
Mo Mham is mo Dhaid.
*Cén duine is mó a chuaigh i bhfeidhm ort agus tú níos óige? *
Mícheál Ó Dubhshláine, mo mháistir scoile i nDún Chaoin a d’éag an tseachtain seo.
*Cén rud is mó agus an duine is mó a chuireann isteach ort? *
Daoine a bheith déanach, truailliú agus Robbie Williams.
*Cad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain? *
Ní fheadar. Uaireanta ní stopaim ó bheith ag obair agus uaireanta eile bíonn sé ana-chiúin. Sin saol an duine fhéinfhostaithe is dócha.
*Cad iad na rudaí a chuireann strus ort? *
Taisteal agus trácht.
An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an mhéid atá bainte amach agat?
Ana-shásta go dtí seo, buíochas le Dia.
“Nuair a bhíomarna ar scoil chuir sé béim mhillteach ar aon rud a bhí bainteach le stair nó ealaín nó nádúr. An litríocht ar fad a tháinig ón mBlascaod, bhí sé sin ar fad déanta againn faoin séú rang. Bhí Shakespeare déanta againn, bhí Yeats déanta againn, bhí Wordsworth déanta againn. Thug sé an ceol iontach seo dúinn, na hamhráin ar fad a bhí aga baile agus ceol ó Shasana, ceol ó Mheiriceá. Éinne a bhíodh ag tabhairt cuairte ar Dhún Chaoin, ó thír eile nó ó chultúr eile, thagaidís isteach go dtí an scoil againn chun labhairt linn. Thógadh sé ar shiúlóidí sinn. Dá mbeadh an lá go deas, théimis amach ag imirt. Théimis suas ar Shliabh an Iolair agus bhíodh sé ag múineadh ainmneacha Gaelainne na mbláthanna dúinn agus na hainmneacha a bhí ar gach aon ghort, na logainmneacha.
“Ana-chuid daoine a bhí ar scoil liom, tá siad imithe isteach go dtí jabanna ana-dhifriúil nó neamhchoitianta, rudaí ana-chruthaitheach.”
Luann sí triúr dá comhdhaltaí atá anois ag déanamh obair chruthaitheach: Bríd Ní Luasaigh a thóg na grianghraif áille de Mhuireann atá le feiceáil ar a suíomh (www.muireann.ie), Seán Mistéil ar aisteoir é le “Ros na Rún” ar TG4 agus Dónall Ó Bric, atá ag saothrú a bheatha mar bheochantóir agus mar ealaíontóir.
“Thángamar ar fad amach as an scoil sin agus dearcadh difriúil ar an saol againn agus leis an oideachas leathan seo nach bhfaighfeá sa mheánscoil toisc easpa ama agus brú na scrúduithe. Do thuig Mícheál é sin agus do chuir sé ina luí orainn go léir an tábhacht a bhain le d’áit féinig a fháil sa saol, do chuid oibre féinig a dhéanamh. Ní rabhamar ar fad riamh suite síos ag obair go dian gan bheith ag caint. Bhímis ar fad ag siúl timpeall, ag déanamh ar dtaighde féinig ar pé rud a bhí ar siúl againn. Chuaigh sé go mór i bhfeidhm ormsa mar dhuine. Agus mhúin sé dom conas an fheadóg stáin a sheinnt chomh maith.
“Nuair a chuamar isteach sa mheánscoil ní raibh aon taithí againn ar bheith suite síos agus bheith ciúin, cé go rabhamar ana-bhéasach. Is cuimhin liomsa mo chéad lá sa mheánscoil sa Daingean; bhí orm dul go dtí an leithreas agus díreach d’éiríos agus d’fhágas. Sin an rud a dheinimis i Scoil Dhún Chaoin. Nuair a thángas ar ais is cuimhin liom an múinteoir ag rá, ‘Cá rabhais?’!”
Sos
Tá cinneadh déanta ag Danú sos a thógáil go mí an Mhárta seo chugainn agus ansin gan oiread taistil a dhéanamh thar lear.
“Tá plean nua ag Danú gan bheith ar an mbóthar an oiread sin, dhá nó trí chamchuairt sa bhliain a dhéanamh, seachtain nó coicís ar fhad. Is breá linn bheith ag ceol le chéile; is é an t-aon rud a bhí ag cur isteach orainn ná bheith as baile an oiread sin. Tá leanaí óga ag na ladsanois agus tá sé ródheacair dóibh bheith imithe as baile. Ach anois tá sé chomh deas an dá rud a bheith agam: an seans a bheith agam mo rud féinig a dhéanamh agus an seans a bheith agam bheith i dteannta Danú. Ní bheidh aon saghas leadráin ag baint leis.”
Cuireann an taisteal isteach ar Mhuireann, cé go ndeir sí go réitíonn baill an ghrúpa go maith le chéile agus iad ar an bhóthar.
“Ó thaobh an taistil de, is dócha gurb é an rud is mó a chuireann isteach orm ná bheith i leaba dhifriúil gach aon oíche, gan aon saghas ceangail bheith agam le mo theaghlach, le mo chairde, mar is duine ana-shóisialta mé agus is breá liom bheith ina dteannta siúd. So, cuireann sé sin isteach orm. Ach réitímid ar fad sa ghrúpa le chéile – tá an t-ádh linn go réitíonn mar bheadh sé sin níos measa fós dá mba rud é go raibh aon easaontas eadrainn. Bíonn teannas ann uaireanta ach bíonn sé sin i ngach aon ghrúpa. Bíonn sé deacair uaireanta bheith mar an t-aon chailín, i measc seisear fear. Ach is seisear fear iontach iad agus, faoin dtráth seo, tá siad mar a bheadh mo dheartháireacha ann. Ag an am céanna, braitheann tú uait na cailíní uaireanta!”
Cé go mbraitheann sí go raibh go leor den taisteal go dtí seo dian, thaitin an sciuird a thug Danú ar an Ind anuraidh go mór léi. Fuair an grúpa cuireadh ó Rialtas na hÉireann bheith mar chuid de thoscaireacht a bhí ag dul ansin leis an nasc idir an dá thír a láidriú agus, cé go raibh siad gnóthach ag an am, chonaic siad é seo mar dheis nár mhór dóibh a thapú.
“Bhíomar i Nua Delhi agus Bombay. B’in an chéad uair dúinn bheith san Ind. Bhíomar amuigh i dteannta an Taoisigh agus na n-airí stáit. Tar éis dóibh lá oibre a dhéanamh, agus tar éis dóibh bheith in éineacht airí na hInde agus daoine mór le rá eile, bhí na ceolchoirmeacha sin acu agus bhí sé chomh deas sin. Bhí an Taoiseach suite díreach os ár gcomhair agus is cuimhin liom go raibh Mícheál Martin ansin, John O’Donoghue agus iad ar fad. Bhíomar ana-neirbhíseach ach bhíomar chomh bródúil a bheith ann. Ba mhór an onóir dúinn é agus theastaigh uainn jab maith a dhéanamh.
“Ní
rabhamar san Ind ach ar feadh timpeall trí nó ceithre lá. Agus sinn ann, dheineamar, chomh maith leis na ceolchoirmeacha, clár faisnéise le Fionn Mac Giolla Chuda, cara mór linn, fear ceamara ón Rinn, mar gheall ar Dhanú san Ind. Mar sin bhíomar ana-chúramach agus sinn sa tír. Bhíomar ag seinnt, ag cleachtadh agus ag déanamh an scannáin seo. Leis an jetlag agus na táibléidí maláire, bhíomar chomh breoite sin. Agus ansin, chríochnaíomar in Bombay ar an Aoine; d’fhágamar slán ag gach aon duine, chuamar ar an eitleán agus d’eitlíomar go Birmingham agus dheineamar gig ansin, láithreach bonn! Ag smaoineamh siar air, níl a fhios agam conas a dheineamar é.”
Fiafraím di an éiríonn sí an-tuirseach le linn turais agus an mbíonn a guth faoi bhrú.
“Is dóigh liom go gcoinníonn an adrenalin é ag obair agus ansin nuair a thagaim abhaile titim as a chéile ar fad agus caithim tabhairt faoin leaba ar feadh cúpla lá. Coimeádann tú ort ag dul agus ní bhraitheann tú é. Ní bhraitheann tú tuirseach ach, ag an am céanna, bíonn saghas mearbhaill ort an t-am ar fad. Baineann tú an oiread sin sásaimh as na gigeanna go gcoimeádann sé sin sa tsiúl tú – tugann sé breis fuinnimh duit. Braitheann tú go minic ag tús na hoíche, ‘Níl sé agam anocht, ní féidir liom é a dhéanamh anocht. Ní féidir liom an fuinneamh a fháil. Conas a dhéanfaidh mé é?’ Ach téann tú amach ar an stáitse agus déanann tú é. Agus nuair a bhíonn an cheolchoirm críochnaithe, bíonn tú lán d’fhuinneamh. Ach is fadhb é sin mar caitheann tú dul a chodladh ansin, mar ní bhíonn agat ach ceithre nó cúig huaire an chloig le codladh. Ach bíonn tú lán adrenalin, bíonn tú ar high.”
Neirbhíseach
Deir Muireann go mbíonn sí neirbhíseach agus í ag canadh ina haonar, go mbraitheann sí uaithi an tacaíocht a bhíonn le fáil ón seisear ball eile de chuid Danú.
“Agus tú le Danú, bíonn sé deacair drochoíche bheith agat, toisc go bhfuil an seachtar againn ann. Pé rud a tharlaíonn, má bhíonn duine as form, beidh duine éigin eile in ann cabhrú leis. Tá an tacaíocht sin go hiontach ar fad. Fiú amháin má dheinimse botún agus mé ar an stáitse, is annamh a thugtar faoi deara é mar tá an tuiscint sin idir na lads ar fad. Tá an scéal ana-dhifriúil agus tú ag seinnt i d’aonar.”
Tá sí ag dul i dtaithí de réir a chéile ar bheith ag canadh agus ag seinm taobh amuigh den ghrúpa, áfach.
“Táim go hainnis ar fad ach táim ag dul i bhfeabhas. An chéad chúpla gig a bhí agam leis na hamhráin nua, bhíos breoite ar fad, bhíos go hainnis ar fad. Tá feabhas ag teacht ar an scéal. Beidh gig agam i Whelan’s [i mBaile Átha Cliath] ar an tríú lá de mhí Iúil; tá sé sin á eagrú anois agam, so beidh mé sásta nuair a bheidh sé thart.
“Faighim ana-neirbhíseach ag seinnt i mBaile Átha Cliath. Ní fheadar cad ina thaobh. Ní bhím riamh neirbhíseach thar lear.”
An bhfuil eagla uirthi, b’fhéidir, roimh na criticeoirí, go scríobhfaidh siad léirmheas diúltach mar gheall ar cheolchoirm dá cuid?
“B’fhéidir é. Ach, chomh maith leis sin, nuair a bhíonn tú ag seinnt in áiteanna mar Whelan’s, agus an stair sin agus an cháil sin ar an áit, braitheann tú go gcaithfidh tú jab maith a dhéanamh de.”
Níl aon aiféala uirthi go ndearna sí cinneadh dul leis an cheol, áfach, agus ní chuireann an easpa seasmhachta isteach an oiread sin uirthi. An mbíonn brú uirthi ó thaobh ioncaim de go rialta?
“Bíonn, ach buíochas le Dia, níl an t-airgead róthábhachtach dom faoi láthair. Tá a fhios agam go mbeidh amach anseo, is dócha, má theastaíonn uaim tigh a cheannach agus táim ag dul a phósadh i mí Mheán Fómhair. Faoi láthair, nílim ag cur mórán brú orm féin ó thaobh airgead a dhéanamh, díreach bheith in ann leanúint liom agus an cíos a íoc gach aon mhí – sin uile! Níl sé [a gairm] rialta agus níl sé socair in aon chor agus bíonn sé sin deacair. Bíonn sé ana-dheacair diúltú d’aon rud mar bíonn eagla ort nach dtiocfaidh aon rud eile. Caitheann tú gach aon diabhal jab a thagann a thógaint. Ní bhíonn seans agat laethanta saoire, abair, a leagan amach duit féinig nó aon rud mar sin. Ach, ag an am céanna, is fiú é domsa mar táim chomh sásta faoi láthair bheith i mo bhoss féinig, táim ag baint ana-thaitnimh as sin. Tá a fhios agam go bhfuilim ag déanamh ana-chuid botún ach, ag an am céanna, is iad mo chuid botún féinig iad. Tá sé sin go deas.”
Fiafraím di cad iad na tionscadail eile ar mian léi tabhairt fúthu amach anseo.
“Teastaíonn uaim cúpla camchuairt a dhéanamh liom féinig agus bheith sásta leo, an misneach sin bheith agam agus an taithí sin a bheith agam. Cheana féin, tá mé saghas ag cuimhneamh ar dhlúthdhiosca eile a dhéanamh mar tá amhráin nua ag teacht chugam agus ba dheas liom dul ag obair orthu. Ach tá a fhios agam gur cheart dom sos a thógaint mar beidh dlúthdhiosca nua á dhéanamh ag Danú an bhliain seo chugainn. B’fhéidir go dtiocfaidh sé sin ar dtús agus ansin mo cheann féinig.
“Chomh maith leis sin, tá caint ar dul ag taifeadadh le Julie Fowlis [an t-amhránaí Albanach]. Éiríonn go hiontach linn nuair a dheinimid gigeanna le chéile agus réitímid ana-mhaith le chéile chomh maith. Is dóigh liom go bhfuil suim mhillteach sa tionscnamh atá againn mar níl an oiread sin rudaí ag tarlú idir an Ghaelainn agus an Ghàidhlig, ó thaobh an cheoil de. Dheineamar camchuairt an samhradh seo in Éirinn agus in Albain agus bhí sé go hiontach ar fad.”
Tá sé beartaithe aici go leor ama a chaitheamh i measc a muintire féin an samhradh seo.
“Táim chun mí an Mheithimh a chaitheamh aga baile i nDún Chaoin agus déanfaidh mé cúpla ceolchoirm i séipéal Naomh Séamas sa Daingean, i dteannta Gerry O’Beirne agus cúpla ceoltóir eile. Táim ag súil go mór leis sin.
“Is féidir liom anois gigeanna beaga a dhéanamh agus bheith aga baile. Is breá liom bheith aga baile, is breá liom bheith ag canadh agus ag seinnt in Éirinn. Tá an tuiscint sin aga baile don cheol; is breá liom bheith in ann an ceol a thabhairt do dhaoine nach bhfuil sé cloiste acu cheana féin ach bainim an oiread céanna pléisiúir as bheith ag féachaint ar lucht éisteachta a bhfuil na focail ar eolas acu agus iad ag canadh i mo theannta. Táim ag súil leis an samhradh, mar sin, mar beidh ana-chuid ama aga baile agam.”