Is as Toulouse i ndeisceart na Fraince í AnneMarie Uí Chonaill agus tá spéis aici sa Ghaeilge le fiche bliain anuas. Míníonn sí anseo cén fáth ar fhoghlaim sí an teanga agus cén chaoi a bhfanann sí i dteagmháil léi ó lá go lá.
Nuair a tháinig mé anuas céimeanna an eitleáin ag aerphort Bhaile Átha Cliath den chéad uair i 1980 ní ábhar iontais a bhí ann dom a bheith ansin. B’ait an mothúchán é seo agus bhí sé as an ghnách freisin: bhraith mé thar lear agus sa bhaile ag an am céanna. Is cuimhin liom grianghraif d’Éirinn a fheiceáil den chéad uair tamall beag roimhe sin, in iris Fhrancach éigin a foilsíodh le cuidiú ó Bhord Fáilte.
Bhí mé an-óg nuair a thit mé i ngrá le hÉirinn. Ach ní grianghraif de chaoirigh agus de thithe beaga le ballaí bána an t-aon chúis a bhí le mo dhíograis i dtús báire, ach an seanchas agus na seanscéalta. Is bean mhór léitheoireachta mé agus is aoibhinn liom teangacha eile a fhoghlaim, teangacha atá difriúil ar fad ó mo theanga dhúchais. Ba mhian liom freisin léamh faoi stair na hÉireann, faoina litríocht agus faoi chúrsaí cultúrtha.
Sula ndeachaigh mé go hÉirinn bhí suim mhór agam i scéalta faoi Fhionn agus na Fianna, agus faoi Dheirdre agus Naoise, cé go raibh siad scríofa sa tSean-Ghaeilge. Ba léir dom ón tús gur theanga dheacair í an Ghaeilge i gcomparáid le mo theanga dhúchais. Bhí Béarla líofa agam ach ní féidir liom a rá go raibh mé iontach sásta leis sin - bhí náire mhór orm gan a bheith ábalta aon fhocal Gaeilge a labhairt.
Nuair atá tú i do chónaí sa Fhrainc, más mian leat an Ghaeilge a fhoghlaim agus mura bhfuil aithne agat ar Ghaeilgeoir éigin, tá sé deacair go leor. Cúpla mí roimh mo chéad chuairt ar Éirinn scríobh mé litir chuig Linguaphone mar chuala mé go raibh rogha iontach leathan cúrsaí acu i dteangacha aite, an Ghaeilge ina measc. Bhí díomá orm, áfach, mar nach raibh mé in ann an téacsleabhar agus an seit trí chaiséad a cheannach de bharr an costas a bhain leo. Ar ndóigh níorbh fhéidir leat cúrsaí Gaeilge a dhéanamh i dToulouse agus rinne mé dearmad ar an teanga ar feadh tamaill.
Bhí mé cinnte go bhfoghlaimeoinn an Ghaeilge lá éigin, áfach, agus choinnigh mé an smaoineamh sin i gcúl m’intinne.
Cainteoirí den scoth
Bliain ina dhiaidh sin chaith mé sé nó seacht de mhíonna i mBaile Átha Cliath ag déanamh staidéir le haghaidh mo dhochtúireachta agus ag múineadh Fraincise i gColáiste Phádraig, Maigh Nuad. Bhuail mé le cainteoirí Gaeilge den scoth sa Teanglann ansin ach cé go raibh fonn orm freastal ar chúrsa teanga, ní raibh misneach go leor agam agus bhí imní chomh maith orm an Ghaeilge a labhairt. Sin an fáth nach bhfuair mé aon cheacht go dtí go raibh mé ar ais i dToulouse. Bhí an t-ádh dearg orm: bhí cara liom ina cónaí cóngarach do m’árasán agus Gaeilge líofa aici.
Bhí mé sásta go leor, gan a bheith muiníneach, áfach. Bhí mé saghas buartha fós faoi mo dhrochblas agus mo chaighdeán íseal. (Bheadh daoine ag magadh fúm, gan dabht.)
Chun scéal fada brónach a dhéanamh gearr, léigh mé fógra faoi chúrsaí teanga i nDún na nGall agus chuala mé go raibh caighdeán ard múinteoireachta i gceist ansin, gan trácht ar an gcraic agus an scléip sna tithe tábhairne gach tráthnóna. (Dala an scéil is cuimhin liom gur dhúirt fear, atá anois ina eagarthóir ar iris éigin idirlín, liom lá amháin ag an gcúrsa sin go raibh sé bréan de bheith ag labhairt Béarla liom, agus mise i mo mhúinteoir Béarla i gceantar in aice le Toulouse.)
Anois bainim taitneamh as an Ghaeilge a labhairt agus bí cinnte nach gcaillim aon deis chun an teanga álainn seo a chloisteáil, go háirithe ós rud é gur thosaigh mé ag canadh amhrán ar an sean-nós. Téim chuig ceardlann bhliantúil amhránaíochta a bhíonn ar siúl i mbaile beag i gceantar Dordogne, in áit darb ainm Tocane Saint Apre. Tagann ceoltóirí agus amhránaithe den chéad scoth ansin. Cé nach féidir liom dul go hÉirinn ach uair nó dhó sa bhliain - agus is mór an trua é sin - faighim cóip de *Foinse *gach seachtain, in éindí le teachtaireachtaí ríomphoist ó mo chairde dílse. Chuala mé go bhfuil litreoir Gaeilge ar fáil tríd an idirlíon anois agus, buíochas le Dia, beidh sé níos éasca as seo amach litir a scríobh chuig mo chairde. Anois freisin tá mé in ann breathnú ar TG4 ar chóras saitilíte Sky sa teach tábhairne Éireannach atá in aice le m’árasán.
Mo bheannacht ar an nuatheicneolaíocht, mar aon leis na meáin chumarsáide nua-aimseartha, mar cabhróidh siad liom feabhas a chur ar mo chuid Gaeilge. Mar a deirtear, tús (réasúnta) maith, leath na hoibre.
Rugadh agus tógadh AnneMarie Uí Chonaill i gcathair Toulouse. Is múinteoir Béarla í.