Scaoileadh Barry George saor ag tús mhí Lúnasa i ndiaidh dó ocht mbliana a chaitheamh sa phríosún sa Bhreatain. Ba i ndúnmharú an láithreora teilifíse Sasanaigh, Jill Dando, a ciontaíodh é sa bhliain 2001, ach bhíothas in amhras riamh faoi iontaofacht na fianaise a úsáideadh ina éadan. Tá cónaí ar Michelle Diskin, deirfiúr George, i gCorcaigh agus labhair Alan Desmond léi le gairid faoina troid leis an gciontú éagórach a chur ar ceal.
Nuair a bhí mé i láthair ag léacht phoiblí a thug Michelle Diskin i mí Eanáir, chuaigh a cumas cainte agus a féinmhuinín i gcion go mór orm. Bhí na tréithe sin fós le tabhairt faoi deara inti nuair a bhuail mé léi in Óstán Kingsley ar an mBóthar Díreach i gCorcaigh le gairid. Ach bhí difríocht mhór amháin i gceist agus chonaic mé í láithreach bonn: ní raibh sí ar tinneall mar a bhí sí i mí Eanáir. Bhí sí soilbhir, gealgháireach agus bhí sé mar a bheadh osna fhada faoisimh ligthe aici. Ar ndóigh, tugadh faoiseamh di i mí Lúnasa nuair a scaoileadh saor a deartháir, Barry George, i ndiaidh dó ocht mbliana a chaitheamh i bpríosún i Sasana mar gheall ar dhúnmharú an láithreora teilifíse, Jill Dando. Ba iomrall ceartais é an ciontú seo nach n-admhófaí riamh murach Michelle Diskin agus an feachtas a rinne sí ar feadh ocht mbliana chun aird na meán is an phobail a dhíriú ar scéal a dearthár.
Bhí uirthi na mílte mílte euro a chaitheamh agus a teaghlach a fhágáil ina diaidh go rialta chun dul go Sasana agus tacaíocht leanúnach a thabhairt do Barry. Labhair sí ar an raidió, ar an teilifís, le hiriseoirí nuachtáin, in ollscoileanna, i hallaí poiblí agus in áiteanna nach iad chun an éagóir a rinneadh ar a deartháir a chur ar súile don saol mór. Ar ndóigh, bhí streachailt agus fulaingt i gceist ach dá dheacra an troid a rinne sí ar son a dearthár, tá toradh a cuid iarrachtaí neamhstaonacha aici anois.
Nuair a fuair Jill Dando bás ar 26 Aibreán 1999, bhí sí 37 bliain d’aois agus bhí sí ar dhuine de na láithreoirí teilifíse ba mhó a raibh muintir na Breataine ceanúil uirthi. Maraíodh í ag 11.30 am ar thairseach a tí ar Gowan Avenue in Fulham, Londain. Scaoileadh urchar aonair léi agus bhí an t-arm chomh gar sin dá ceann gur múchadh fuaim an ghunna. Chuir Póilíní Chathair Londan tús leis an bhfiosrúchán dúnmharaithe ba mhó a rinneadh riamh i bpríomhchathair Shasana chun teacht ar an dúnmharfóir. Ina ainneoin sin, shleamhnaigh bliain thart sular cúisíodh aon duine i leith na coire seo.
Is cuimhin le Michelle go maith an lá a chuala sí go raibh na póilíní tar éis breith ar dhuine éigin i leith dhúnmharú Dando. "25 Bealtaine 2000 a bhí ann. Bhí mé sa bhaile i gCorcaigh agus chuala mé an scéal ar an nuacht. Bhí áthas orm ar son mhuintir Dando. Bhí breis is bliain imithe thart ó dúnmharaíodh a n-iníon agus mheas mé go raibh seans anois go bhfaighidís clabhsúr éigin."
ImníNíorbh fhada, áfach, go raibh cúis imní aici seachas cúis áthais. "I gceann de na ráitis nuachta, luadh gurbh é Barry Bulsara ab ainm don té a gabhadh. Bhí sé mar a bheinn greamaithe den talamh. Bhí an t-ainm sin á úsáid ag mo dheartháir ag an am. Bhí sé de nós ag Barry ainmneacha daoine cáiliúla lena raibh sé dúghafa a úsáid. Ar ndóigh, ba é Bulsara sloinne breithe an cheoltóra Freddie Mercury agus bhí Barry ag rá le daoine ag an am gur chol ceathrar é le Mercury. Dhéanadh sé rudaí den saghas sin chun aithne a chur ar dhaoine agus chun meas daoine a thuilleamh. Tá Barry faoi mhíchumas intleachta – tá éirim an-lag aige – agus níl bua aige ó thaobh scileanna sóisialta de. Nuair a lig sé air gur dhuine muinteartha de chuid Mercury é, thug sé muinín dó teagmháil a dhéanamh le daoine."
Ach cad a rinne Michelle i ndiaidh di an t-ainm Barry Bulsara a chloisteáil? "Chuir mé glao ar mo mháthair a bhí ina cónaí i Londain. Níor theastaigh uaithi a rá liom gurbh é Barry a gabhadh mar bhí a fhios aici go raibh mo chuid fadhbanna féin agam mar gheall ar an ngalar dubhach. Agus pé scéal é, bhí sí cinnte go dtuigfeadh na póilíní nach raibh an duine ceart acu agus go scaoilfidís Barry saor gan mhoill."
Sa deireadh thiar thall, áfach, d’admhaigh máthair Michelle gurbh é a deartháir a bhí gafa agus nuair a cúisíodh é i leith dhúnmharú Dando ar 29 Bealtaine 2000, cuireadh tús le tromluí a chiapfadh Barry George agus a mhuintir go ceann breis is ocht mbliana.
"Ghreamaigh na meáin chumarsáide dínn mar a ghreamaíonn bairneach den charraig. Níor thug siad sos dúinn. Ní raibh mo mháthair in ann a hárasán i Londain a fhágáil ar feadh trí lá dhéag. Bhí ar na comharsana bainne agus earraí bunúsacha den saghas sin a chur ar fáil di. Níor fhéad mo leanaí siúl síos an bóthar gan tuairisceoirí a bheith ag cur ceisteanna orthu faoina n-uncail. Fuair mé iliomad glaonna gutháin ó na meáin sa Bhreataine agus iad ag lorg eolais faoi Barry. Ní raibh mé in ann cabhrú leo, ar ndóigh, mar ní raibh aon eolas agam féin faoin scéal."
Is amhlaidh nach mbíodh Michelle agus a deartháir i dteagmháil lena chéile go minic sular cúisíodh Barry. "Bhíomar an-ghar dá chéile agus muid óg. Bhí cúig bliana agam ar Barry agus thugainn aire dó go minic mar go raibh an Galar Póil air agus bhí NHEA (Neamhord Hipirghníomhaíochta Easnamh Airde) air chomh maith, cé nach raibh diagnóis déanta ar an neamhord faoin am sin. Bhí go leor deacrachtaí i ndiaidh a bheith mo mháthair cheana féin mar fuair deirfiúr liom, Susan, bás i 1985. Bhí an Galar Póil uirthi chomh maith, ach bhí bail i bhfad ní ba thromchúisí uirthi ná mar a bhí ar Barry – bhuaileadh taomanna láidre titimis í.”
Ach tháinig deireadh le ról Michelle mar fheighlí Barry i 1973 nuair a tháinig sí go hÉirinn in aois ocht mbliana déag. Go Luimneach a chuaigh sí ar dtús mar ba as an taobh sin tíre muintir a máthair. Bhí sí le bheith in Éirinn ar saoire coicíse, ach thaitin an tír chomh mór sin léi go ndearna sí cinneadh go bhfanfadh sí sa tír. Bhog sí go Corcaigh agus fuair sí post le Bráithre na Carthanachta ag obair le daoine faoi mhíchumas agus phós sí Sasanach darbh ainm dó Patrick Diskin i 1982.
B’annamh, mar sin, a chonaic Michelle a deartháir tar éis di Éire a roghnú mar áit chónaithe. Níor thug Barry ach dhá sciuird ar an tír seo tar éis dá dheirfiúr cur fúithi anseo agus cé go gcaithidís am i gcuideachta a chéile nuair a d’fhilleadh sí ar Shasana, ní théadh sí ar ais go rómhinic mar gheall ar go raibh na ticéid eitleáin chomh daor sin.
CasadhBhí casadh sa scéal, áfach, agus tharla gurbh éigean do Michelle aire a thabhairt dá deartháir arís agus ón mbliain 1999 i leith, tá cuairteanna gan áireamh tugtha ag Michelle ar Barry i Sasana. Ar ndóigh, níorbh é an laghdú a tháinig ar phraghas na dticéad eitleáin ba chúis leis na cuairteanna sin agus níor chúis áthais é gach cuairt.
"Is ar éigean a bhí mé in ann é a chreidiúint nuair a ciontaíodh Barry i ndúnmharú Dando ar 2 Iúil, 2001. Cuireadh pianbhreith saoil air agus dúirt an breitheamh gur fhear contúirteach é agus gurbh fhearr é a bheith faoi ghlas."
Luaim léi, áfach, gurbh é an giúiré a fuair a deartháir ciontach, seachas an breitheamh féin. "Ach níor tugadh go leor eolais don ghiúiré. Ní dúradh leo, mar shampla, go bhfuil Barry faoi mhíchumas intleachta, go bhfuil fadhb aige maidir le cuimhne ghearrthéarmach, nach bhfuil aon chumas eagraithe aige. Cé gur fear é go fisiceach, is buachaill é taobh istigh."
An é an míchumas intleachta seo is cúis le hiompar urchóideach George? Bhí sé de nós ag George mná nach raibh aon aithne aige orthu a leanúint ar an tsráid agus
thóg sé na mílte grianghraf díobh. "Ach nuair a fhéachann tú ar an iompar sin i gcomhthéacs an mhíchumais, níl sé urchóideach. Iompar buachalla atá ar bheagán scileanna sóisialta atá ann."
Bíodh sé sin mar atá, nach bhfuil sé fíor gur gearradh téarma príosúin ar George as iarracht a dhéanamh bean a éigniú? "Tá sé sin fíor agus is gníomh míofar gránna é an t-ionsaí gnéasach. Ní haon leithscéal é míchumas. Ach ní chiallaíonn ciontú in iarracht bhanéigin gur dúnmharfóir é mo dheartháir."
Ós rud é go raibh cur amach ag Michelle ar iompar agus chiontú a dearthár, ar rith sé riamh léi gurbh é a deartháir a mharaigh Jill Dando? "Níor mheas mé riamh go raibh sé ciontach. Thuig mé go raibh orm féachaint ar an scéal go hoibiachtúil. Bhí orm fiafraí díom féin an raibh aon fhéidearthacht ann in aon chor gurbh eisean a scaoil an t-urchar marfach, ach bhí a fhios agam nach raibh a leithéid d’fhéidearthacht ann."
D’ainneoin fhíorasc an ghiúiré sa chéad triail, bhí Michelle agus a deartháir ag súil go bhfeicfeadh an Chúirt Achomhairc go raibh an fhianaise sa chás thar a bheith lochtach agus go scaoilfí Barry saor. Ach bhí díomá i ndán dóibh arís. "Bhí triúr breithiúna sa Chúirt ina ndearnadh an t-achomharc. Ní hamháin nach bhfuair siad aon locht ar an bhfianaise, rinne siad botúin dá gcuid féin agus iad ag tagairt don fhianaise. Luaigh siad raidhfil Kalashnikov, mar shampla, cé nach raibh a leithéid d’arm riamh i gceist sa chás."
Sa deireadh thiar thall, i mí Iúil 2002, sheas an Chúirt Achomhairc leis an gciontú agus coimeádadh George i gcarcair. I mí na Nollag 2002, dhiúltaigh Teach na dTiarnaí cead a thabhairt do George aon agóid eile a dhéanamh in aghaidh a chiontaithe agus murach Michelle, ba é cinneadh Theach na dTiarnaí an focal scoir a bheadh i gceist sa chás.
Iarratas"Sular tháinig deireadh le himeachtaí i dTeach na dTiarnaí, chuir mé iarratas isteach go Coimisiún Athbhreithnithe na gCásanna Coiriúla i gcoinne thoil Barry agus a dhlíodóirí. Bunaíodh an Coimisiún mar thoradh ar na héagóracha a rinneadh ar an Birmingham Six agus an Guildford Four. Scrúdaíonn sé aon fhianaise nua a thagann chun cinn agus cuireann sé an cás ar ais go dtí an Chúirt Achomhairc má tá sé sásta go bhfuil an fhianaise nua láidir go leor. Ach níor theastaigh ó Barry ná óna dhlíodóirí aon rud a chur go dtí an Coimisiún mar bhí siad deimhin de go bhfaighidís cinneadh dearfach ó Theach na dTiarnaí."
Ar ndóigh, dá seasfaí le breithiúnas na dTiarnaí, ní bheadh cead ag George dul i muinín an Choimisiúin Athbhreithnithe. Is cinnte nach raibh Michelle ina aithreachas nár chloígh sí le toil a dearthár, ná Barry féin ach oiread.
"I mí an Mheithimh 2007, thug an Coimisiún cead do Barry dara achomharc a dhéanamh. Theastaigh uaim go ndíreofaí an babhta seo ar mhíchumas Barry agus ar an tslí nár míníodh an míchumas sin don ghiúiré sa chéad triail. Ach ní bheadh an dara achomharc bunaithe ar aon eolas ná fianaise nua a bhí curtha faoi bhráid an Choimisiúin agamsa ná ag na dlíodóirí. Is amhlaidh go raibh an Coimisiún féin tar éis teacht ar eolas nua faoi cheist na fóiréinsice sa chás.
"Sa chéad triail, leag na hionchúisitheoirí an-bhéim ar cháithnín iarmhar dhíluchtú arm tine a fuarthas i bpóca cóta de chuid George. Ach sular tháinig an lucht fóiréinsice ar an gcáithnín aonair sin i bpóca cóta, úsáideadh éadaí Barry i stiúideo
grianghrafadóireachta de chuid na bpóilíní, áit ar tógadh grianghraif de ghunnaí is d’urchair roimhe sin. Ní dúradh é sin leis an ngiúiré, áfach. Ní dúradh leo ach an oiread go bhféadfadh an cáithnín micreascópach sin teacht ó áiteanna éagsúla. Ní gá go raibh gunna ina phóca ag Barry. Is amhlaidh go mbeifeá ag súil le roinnt mhaith cáithníní dá gcuirfí gunna isteach i bpóca. Agus cén fáth nár thángthas ar oiread is cáithnín amháin nuair a rinneadh scrúdú fóiréinseach ar árasán Barry?"
Ba leis an bhfianaise fhóiréinseach seo a bhain eolas nua an Choimisiúin. "Labhair duine ón gCoimisiún le duine eile a raibh aithne aige ar an bhfinné saineolach a thug fianaise le linn na chéad trialach. Tharla go raibh an finné saineolach seo den tuairim nach raibh an fhianaise fhóiréinseach – is é sin an cáithnín – chomh dochloíte agus a thug na hionchúisitheoirí le fios. Ní hamháin sin, ach bhí sé den tuairim nár chóir Barry a fháil ciontach."
Nár chuir an saineolaí seo a thuairimí in iúl do mhuintir nó do dhlíodóirí Barry i rith nó i ndiaidh na trialach? "Níor chuir," arsa Michelle agus cuma na míthuisceana doimhne ar a haghaidh.
Ciontú ar cealBhí an Coimisiún Athbhreithnithe sásta gurbh fhiú cás Barry a chur ar ais go dtí an Chúirt Achomhairc don dara huair agus an t-eolas nua seo tagtha chun solais. I mí na Samhna 2007, chuir an Chúirt Achomhairc ciontú Barry George ar ceal agus ordaíodh atriail. Ag tús na hatrialach i mí an Mheithimh, rialaigh an breitheamh nach ligfí isteach an fhianaise a bhain leis an iarmhar dhíluchtú arm tine. Ar 2 Lúnasa, aithníodh an éagóir a bhí á déanamh ar Barry le hocht mbliana anuas nuair a fuair giúiré neamhchiontach é i ndúnmharú Jill Dando.
Creideann Michelle nach dtabharfaí aon duine os comhair na cúirte mar gheall ar an dúnmharú dá mba rud nach mbeadh ach gnáthdhuine i gceist. Ach bhí aithne is cion ag daoine ó cheann ceann na Breataine ar Jill Dando agus ba é sin ba chúis leis an triail, d’ainneoin na fianaise lochtaí. Bíodh is go raibh bua le ceiliúradh ag muintir George i mí Lúnasa, ní dhearna Michelle dearmad gur dúnmharaíodh bean agus nach bhfuil an dúnmharfóir gafa go fóill. "Níl ceartas faighte ag muintir Dando go fóill. Tá súil agam go leanfaidh na póilíní ar aghaidh ag lorg an dúnmharfóra."
Cé go raibh bua ag muintir George sa deireadh thiar thall, níor cuireadh i gcrích é gan a rian a fhágáil ar an teaghlach. "Bhí an méid sin stró ar mo mháthair ag pointe amháin nach raibh aon rud á ithe ná á ól aici. De dheasca an struis a cuireadh ar mo chorp féin, bhí cnapanna agam i mo chíoch. Le linn na n-ocht mbliana bhí dhá bhithóipse agam."
I bhfianaise na fulaingthe a bhí á tarraingt uirthi féin agus ar an teaghlach, caithfidh gur rith sé léi uair amháin ar a laghad droim láimhe a thabhairt leis an bhfeachtas ar son a dearthár. "Rith, cinnte. I 2007 buaileadh breoite m’fhear céile. Siad inchinne a bhí air agus lasitigh de dheich seachtaine, bhí sé marbh. Thóg mé cinneadh go bhféadfadh duine éigin eile a bheith mar urlabhraí ar son Barry. Ní raibh mé in ann leanúint ar aghaidh. Ach dúirt mo thriúr leanaí liom, "ní éireoidh tú as an troid. Rachaidh tú ar ais go Sasana mar teastaíonn ó Barry tusa a bheith ann." Tá leanaí iontacha agam agus ghlac siad leis go raibh orm cabhrú le Barry."
Níorbh é a teaghlach an t-aon tacaíocht amháin a bhí ag Michelle, áfach. "Tá creideamh láidir agam, bhí riamh, seachas sna déaga b’fhéidir. Guím agus labhraím le Dia go minic. Feicim ghníomhartha Dé i rudaí ámharacha éagsúla a tharla le linn na n-ocht mbliana. Ní dhéanaim aon rud gan é a phlé le Dia roimh ré."
Agus dhá mhí caite ag Barry anois mar dhuine saor neamhchiontach, an bhfuil sé ag dul i dtaithí ar an saol lasmuigh den phríosún? "Tá sé an-dian air, agus tá sé dian ar gach íospartach atá thíos le hiomrall ceartais agus atá i ndiaidh a bheith scaoilte saor. Tagann siad amach agus dearmad glan déanta acu ar na scileanna sóisialta a bhí acu tráth. Ní thuigeann siad conas airgead a láimhseáil, conas na billí a íoc."
TacaíochtDar le Michelle, caitear níos fearr le gnáthphríosúnaigh ná mar a chaitear le híospartaigh a bhfuil iomrall ceartais i gceist ina gcásanna. "Nuair a scaoiltear saor príosúnach a bhí ciontach i gcoir éigin, tugtar tacaíocht éigin dó. Ach nuair a fhágann íospartach neamhchiontach príosún, ní thugtar aon chúnamh dó é féin a chur in oiriúint don saol lasmuigh den phríosún. Agus measaim go bhfuil strus iarthrámach díreach ag teacht air."
Ar smaoinigh sí Barry a thabhairt go hÉirinn léi, áit a mbeadh sé níos éasca aire a thabhairt dó agus nach mbeadh an méid sin brú ó na meáin chumarsáide. "Ní dóigh liom go mbeadh sé in ann cónaí anseo. Tá taithí aige ar an underground, ar bhusanna a thagann gach cúpla nóiméad. Bheadh frustrachas air anseo gan rudaí den saghas sin a bheith aige. Thairis sin, gheobhaidh sé seirbhísí sóisialta níos fearr i Londain. Rud amháin a tháinig as na trialacha ná go dtuigtear anois cé chomh tromchúiseach agus atá a mhíchumas agus cuirfear seirbhísí cearta ar fáil dó anois."
Anois, agus a deartháir saor, beidh i bhfad níos mó ama ag Michelle di féin. An bhfuil a fhios aici go fóill cad a dhéanfaidh sí as seo amach? "Ní bheidh deireadh leis na turais rialta go Sasana go ceann bliana eile ach ina dhiaidh sin, ba mhaith liom rud éigin a bhaineann le caidreamh poiblí a dhéanamh. Ba mhaith liom comhoibriú le
MOJO, eagraíocht atá bainteach le hiomraill cheartais (www.mojonational.com). Cabhraíonn MOJO le híospartaigh iomrall ceartais agus lena muintir. Is eagraíocht charthanach é agus fuair mé an-chúnamh uathu le linn an fheachtais chun neamhchiontacht Barry a chruthú. Faigheann an eagraíocht sin litreacha gach seachtain ó phríosúnaigh in Éirinn mar níl a leithéid de rud sa tír chun teacht i bhfóirithint ar phríosúnaigh neamhchiontacha. Dá gciontófaí Barry anseo bheadh sé ciontaithe go fóill. Ba mhaith liom an saghas cabhrach a fuair mé ó MOJO a thabhairt do dhaoine a bhfuil an trioblóid chéanna acu."
Is cinnte go rachadh duine solabhartha mar Diskin chun sochair d’aon eagraíocht a ndéanfadh sí obair ar a son. Deir sí liom, áfach, nach mar sin a bhí sí i gcónaí: "Tá mé athraithe ó thosaigh mé ag labhairt amach ar son Barry ocht mbliana ó shin. Roimhe sin bhí mé thar a bheith cúthail agus ní raibh aon mhuinín agam asam féin in aon chor. Ach ní fhéadfainn é sin a rá anois.”
Ní foláir nó go bhfuil a deartháir buíoch di go bhfuair sí an ceann is fearr ar an gcúthaileacht agus cá bhfios, seans go bhfuil íospartaigh eile atá thíos le hiomrall ceartais agus a bheidh buíoch di as seo amach.
Is Corcaíoch é Alan Desmond atá ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Chaitliceach Lublin ó bhí mí Dheireadh Fómhair 2003 ann. Foilsíodh úrscéal gearr d’fhoghlaimeoirí leis, *An Foghlaimeoir Fásta (Comhar) ag deireadh 2006. Bronnadh an chéad duais air as ábhar léitheoireachta d’fhoghlaimeoirí fásta i gComórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge anuraidh.*