Tá beagnach caoga bliain caite ag an scoláire Michael Krauss ag plé le teangacha bundúchasacha Alasca agus ba é a bhunaigh an Alaska Native Language Center ag tús na seachtóidí. In ainneoin na hoibre sin go léir, áfach, níl sé dóchasach go mairfidh aon cheann den 20 teanga mhionlaigh atá á labhairt sa stát faoi láthair agus measann sé nach bhfuil cúis dóchais ag cainteoirí Gaeilge ach oiread maidir lena dteanga siúd. Labhair Éamonn Ó Dónaill leis an mhí seo caite faoi bhfuil i ndán do theangacha an domhain san aois seo, dar leis.
Gach cúpla seachtain glaonn an teangeolaí Michael Krauss, ollamh emeritus de chuid Ollscoil Alasca, Fairbanks, ar sheanchara dá chuid, Marie Smith Jones, bean a bheas naoi mbliana is ceithre scór ar an 14 Bealtaine. Tá cónaí ar Smith Jones i mbloc glas árasán i gcathair Anchorage agus tá aird an domhain uirthi le roinnt blianta anois, go háirithe ó fuair a deirfiúr Sophia bás i 1993. An fáth? Is í Marie Smith Jones cainteoir dúchais deireanach na teanga Alascaí Eyak. Tá Krauss ag déanamh staidéir ar Eyak ó bhí na seascaidí ann agus tá doiciméadú déanta aige ní hamháin ar an teanga sin ach ar go leor de na naoi dteanga dhéag eile atá á labhairt go fóill in Alasca.
Nuair a labhair mé le Kruass le gairid ar an ghuthán, mhínigh sé dom gur chaith sé suas le bliain in Inis Meáin ag deireadh na gcaogaidí ag déanamh staidéir ar chóras fuaime na Gaeilge agus ag foghlaim na teanga, agus gur spreag an tréimhse sin é lena shaol a chaitheamh ag plé le teangacha mionlaigh atá i mbaol báis. D’fhiafraigh mé de ar glacadh leis san oileán, nó an raibh daoine amhrasach faoi mar a tharla i gcás scoláirí eile, go háirithe antraipeolaithe, a chaith sealanna i bpobail éagsúla de chuid iarthar na hÉireann san aois seo caite.
“Bhuel, ní antraipeolaí mé agus bhí mé ansin leis an teanga a fhoghlaim, rud a rinne mé ar dhóigh shóisialta. Sílim gur Synge féin a dúirt – cé nach bhfuil an oiread sin measa agam ar Synge – go raibh cleachtadh ag bunadh an oileáin, fiú caoga bliain roimhe sin, ar eachtrannaigh bheith ag tabhairt cuairte ar an oileán ó gach cearn chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus mar sin de. Ní raibh mise ar an gcéad duine nó an chéad teangeolaí a thug cuairt ar an áit. Bhí ar a laghad triúr scoláirí eile ansin romham, daoine ón Danmhairg agus ón nGearmáin.”
Rugadh Michael Krauss i Cleveland, Ohio sa bhliain 1934 agus fuair sé a chuid oideachais in institiúidí éagsúla i Meiriceá agus san Eoraip. Bhain sé a bhunchéim amach in Ollscoil Chicago sa bhliain 1952; MA in Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac dhá bhliain ina dhiaidh sin agus a dhochtúireacht, bunaithe ar an obair allamuigh a rinne sé in Inis Meáin, ó Harvard i 1959. Rinne sé bunchéim ghinearálta ach chuaigh sé leis an teangeolaíocht ansin agus fuair sé an deis bheith ag staidéar sa Sorbonne i bPáras agus in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
Fuair sé comhaltacht arbh fhiú £50 í ón institiúid chun staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge agus chuir seo ar a chumas an tréimhse a chaitheamh in Inis Meáin. Chuir sé an tráchtas i dtoll a chéile ansin agus chuir faoi bhráid Harvard é. D’éirigh leis an dochtúireacht a bhaint amach ach ní dóigh leis go raibh an ollscoil róthógtha lena shaothar.“Chuir Harvard an stampa rubair ar an tráchtas – tá mé in amhras ar léigh duine ar bith é, fiú – ar chóras fuaime na Gaeilge, rud nach raibh tuiscint chomh maith sin air go dtí sin. Bhí mé rud beag roimh m’am agus sin an fáth nár chuir Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath fáilte roimhe ach oiread. Rinneadh dearmad ar an taighde ina dhiaidh sin agus níor thosaigh mé féin ag cur suime ann arís go dtí le cúpla bliain anuas nuair a thosaigh mé ag scríobh chuig daoine in Éirinn mar gheall air.”
D’éirigh le Krauss post a bhaint amach mar léachtóir le Fraincis in Ollscoil Alasca, Fairbanks sa bhliain 1960 ach ní sa teanga sin a bhí a spéis ach i mionteangacha an stáit.
“Dealraíonn sé go raibh suim agam i gcónaí i bpobail imeallacha mhionlaigh inar labhraíodh teangacha a bhí faoi mhíbhuntáiste agus tá mé cinnte gur sin an rud a mheall mé i dtreo na Gaeilge.”
Chaith Krauss tamall ag déanamh staidéir ar an Íoslainnis agus ar theanga eile, an Fharóis, nach labhraíonn ach líon beag daoine í ach nach bhfuil i mbaol báis, mar atá an Ghaeilge. Cén fáth a bhfuil an teanga áirithe sin faoi bhláth agus an Ghaeilge faoi bhagairt mar theanga phobail?“Ní raibh an Ghaeilge ach céim amháin, ó thaobh na tíreolaíochta de, ar shiúl ón mBéarla, agus bhí sí faoi dhorn Shasana. Tá an Íoslainn agus na hOileáin Fharó achar fada ón Danmhairg, agus ní raibh siad oiread faoi dhorn na tíre sin. Sin an difear idir teangacha na dtíortha sin agus an Ghaeilge. Bhí siad níos faide ar shiúl agus bhí siad faoi ualach nach raibh leath chomh cumhachtach ná chomh sotalach. "Measadh tráth go raibh an baol ann go bhfaigheadh an Íoslainnis agus an Fharóis bás ach, i ndáiríre, ní raibh an baol ann riamh go n-imeoidís. Níl ach daonra de 50,000 duine sna hOileáin Fharó; ní raibh teanga scríofa acu ná ní raibh stádas ag an teanga go dtí gur thosaigh an ghluaiseacht náisiúnta rómánsach sa naoú haois déag. Ag an am sin, ní raibh ach daonra de thart ar 10,000 duine sna hoileáin, líon níos lú daoine ná daonra na gcainteoirí Gaeilge in Éirinn. Ach tá an Fharóis tar éis fás go mór: déantar na nótaí airgid a priontáil i bhFaróis, is í an Fharóis teanga na nuachtán, an raidió agus na teilifíse, faigheann na páistí oideachas trí Fharóis. Mar sin, cé nach bhfuil ach 50,000 cainteoir ag an teanga, níl baol ar bith go bhfaighidh sí bás.”
Droch-chaoiNuair a thosaigh Krauss ag déanamh staidéir ar theangacha Alasca ar dtús, bhain sé geit as chomh holc is a bhí cúrsaí, i gcomparáid le hÉirinn, an Íoslainn agus na hOileáin Fharó. Chonaic sé cosúlachtaí ón tús idir cúinsí in Alasca agus in Éirinn.“In Alasca, mhair na teangacha mar gheall ar go rabhthas á labhairt san iargúltacht nó de bhrí nach raibh acmhainní nádúrtha sna ceantair ina raibh siad á labhairt. Cé gur tharla sé míle bliain níos moille, thosaigh na teangacha dúchasacha ag síothlú, arís mar gheall ar ruathar sotalach agus brúidiúil an Bhéarla. Rinneadh páistí a lascadh nuair a labhair siad a dteanga féin. Bhí cur faoi chois na dteangacha chomh holc is a bhí sé in Éirinn.
“Ní raibh Alasca riamh mar a bhí an Wild West, áit ar lámhachadh bundúchasaigh. Níor scaoileadh Indiaigh ar bith in Alasca. Ní raibh an dearcadh ann gurbh é an tIndiach marbh an t-aon Indiach maith – an tIndiach a bhí sibhialaithe agus ar Chríostaí é, b’in an tIndiach maith, dar le go leor. Cuireadh an pobal dúchasach faoi chois tríd an oideachas seachas tríd an gcinedhíothú.”
Fiú ag tús na seascaidí, nuair a bhain Krauss Alasca amach, ní rabhthas ag cur suim dá laghad sna teangacha dúchasacha.“Bhí na teangacha á mbrú faoi chois, b’in an méid a bhí ag tarlú, agus ní raibh ómós ar bith ann dóibh. Bhí 18,000 duine ag labhairt Central Yup’ik, agus b’in i bhfad níos mó daoine ná mar a bhí ag labhairt Faróise. Bhí seans ag an teanga maireachtáil ach cailleadh an seans mar gheall ar na Stáit Aontaithe agus a cumhacht agus sotal ar thaobh amháin, agus neamhchumhacht na gciní seo “gan tábhacht” ar an taobh eile, a rabhthas ag súil leo comhshamhlú. Ní raibh sí conspóideach fiú mar cheist.
“Nuair a tháinig mé anseo ar dtús, cuireadh an-doicheall romham. Chuir na cainteoirí dúchais fáilte romham ceart go leor, cé go raibh siad den tuairim go raibh mé as mo mheabhair! Ach iadsan a raibh an chumhacht acu i gcúrsaí oideachais agus eile, níor chuir siadsan fáilte ar bith romham. Bhí sé inghlactha don fhear uasal, don fhear léinn, na curios seo a bhailiú sula n-imeoidís. Bhí daoine sásta go ndéanfainn sin, ach ní mar gheall ar go raibh na teangacha i mbaol, ach mar gheall ar gur shaothraigh sé airgead [don ollscoil]. Bhí dearcadh eile ag an National Science Foundation maidir leis na cúrsaí seo, buíochas le Dia, agus thug an ollscoil cead mo chinn dom mar gur shaothraigh mo chuid iarrachtaí airgead dóibh. Ach bhí an Roinn Oideachais san ollscoil ar a dícheall ag an am ag iarraidh fáil réidh leis na teangacha dúchasacha agus ag iarraidh an daonra dúchasach a ghalldú. Sin mar a bhí an scéal sna seascaidí ar fad.”
Tháinig athrú ar mheon na n-údarás de réir a chéile, áfach. Bhí gluaiseacht na gceart sibhialta i mbarr a réime sna Stáit Aontaithe ag deireadh na seascaidí agus tosaíodh ag éileamh ceart teanga don phobal Easpáinneach agus bhí tionchar mór ag an fheachtas i gcoinne an chogaidh i Vietnam ar chúrsaí chomh maith. D’athraigh an aeráid pholaitiúil agus fhealsúnach ar fud na Stát Aontaithe, a deir Kruass, ach go háirithe in Alasca. “Bhí muid ábalta, mar sin, faoi 1971 nó 1972 cur ina luí ar an reachtas tacaíocht a chur ar fáil do na teangacha dúchasacha agus an Native Language Center a bhunú mar chuid den tacaíocht sin. Ní tharlódh sin, áfach, murach an smaointeoireacht nua radacach a bhí tagtha chun cinn sa tréimhse idir 1968 agus 1972.”Bhí Krauss ar dhuine de na daoine a bhunaigh an tIonad Teangacha Dúchasacha agus chuir sé féin agus a chomhghleacaithe rompu teangacha Alasca a dhoiciméadú mar gur mheas siad nach bhféadfaí na teangacha a bhí ar an dé deiridh a athbheochan gan taifead maith a bheith ar fáil díobh.
Nuair a fhiafraím de Krauss an dóigh leis go bhfuil éirithe leis an tionscadal mórán a bhaint amach, deir sé go bhfuil obair thábhachtach déanta acu ach nach féidir labhairt faoi “rath” a bheith ar a leithéid de thionscadal má fhaigheann na teangacha ar fad bás mar theangacha pobail. “Is cuma cad é a dhéanfaimid ní éireoidh linn cur ina luí ar bheirt tuismitheoirí teanga [dhúchasach] a labhairt lena bpáistí, agus sin an cheist is lárnaí i gcúrsaí marthanais teanga, ar ndóigh.” Deir sé go bhfuil oiread den chos ar bolg imeartha ar an phobal dúchasach, go bhfuil siad tar éis tráma agus bochtaineacht a fhulaingt, agus go ndéanann sé sin slánú na dteangacha i bhfad níos casta.
Míbhuntáiste eile atá i gceist in Alasca, a deir Krauss, ná go bhfuil fiche teanga ann, seachas ceann amháin.
“In Éirinn, d’fhéadfá a rá nach bhfuil agaibh ach teanga dhúchasach amháin, ach tá 20 ceann anseo againn. Is cinnte nach n-éireodh le réabhlóid ar bith tacú le fiche teanga, cuid acu nach bhfuil ach níos lú ná 200 duine á labhairt. I gcás níos mó ná leath na dteangacha, níl ach bonn daonra de níos lú ná míle duine acu.”
Chuaigh Krauss ar scor óna phost mar stiúrthóir Ionad Theangacha Dúchasacha Alasca seacht mbliana ó shin ach tá oifig aige ansin go fóill agus caitheann sé go leor ama san ionad. Braithim ón mhéid a deir sé liom nach bhfuil sé róthógtha le cuid den dream atá ag obair ansin anois agus nach bhfuil siadsan róthógtha leisean ach oiread.
“Chuaigh mé ar scor sa bhliain 2000 ach tá mé gníomhach liom, rud atá ag cur míshásaimh ar go leor de mo chomharbaí. Bhí sé i mo chinniúint go mbeadh orm leanúint ar aghaidh ag obair, mar tá go leor acu nach bhfuil suim acu in aon rud ach amháin bheith ag úsáid na dteangacha chun páipéir léannta a scríobh, a shaothróidh turais saor in aisce dóibh go dtí an Mhongóil, agus áiteacha mar sin. Sin an rud atá ag tarlú go pointe san ionad anois agus táthar ag cur ceiste an féidir leanúint ar aghaidh á dhéanamh sin.” FáistiníRinne Krauss roinnt fáistiní maidir le teangacha an domhain sé bliana déag ó shin agus deir sé gur beag athrú atá déanta aige ar na figiúirí ó shin i leith. Measann sé go gcaillfidh muid suas le leath ár dteangacha san aois seo agus go bhfaighidh tuilleadh teangacha bás sa chéad aois eile, go dtí nach mbeidh fágtha ach 5 nó 10% den líon atá ann anois.
“Tá fiche faoin gcéad de theangacha an domhain díbheo, agus tá cúig faoin gcéad slán. Ciallaíonn sé sin go bhfuil gach teanga idir an dá ghrúpa sin idir dhá cheann na meá, an Ghaeilge ina measc.”
Deir Krauss go bhfuil gach seans ann go mairfidh teangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt faoi láthair, cé go ndeir sé go dtiocfadh le brúidiúlacht stáit deireadh a chur le teanga a mbeadh fiú an méid sin cainteoirí aici. Deir sé gur cineál d’eisceacht í an Bhriotáinis; níl sé chomh fada sin siar ó bhí milliún duine ag labhairt na teanga sin ach tá titim thubaisteach tagtha ar líon na gcainteoirí le cúpla glúin anuas, agus measann Krauss, agus beagnach gach teangeolaí eile, go bhfuil a port seinnte.
Go ginearálta, áfach, deir Krauss gur féidir a bheith dóchasach faoi theangacha a bhfuil ar a laghad milliún duine á labhairt agus luann sé cúinse eile atá riachtanach má tá teanga le maireachtáil: tacaíocht láidir stáit. Deir sé go bhfuil os cionn dhá chéad teanga ar domhan a bhfuil tacaíocht oifigiúil stáit acu agus gur eisceacht í an Ghaeilge sa mhéid is go bhfuil an rialtas ag tacú léi ach gur beag duine atá á labhairt mar sin féin agus gur dócha go bhfuil an bás i ndán di mar theanga phobail. (Deir sé go ndéarfadh go leor daoine nach bhfuil an stát ag tacú leis an Ghaeilge i ndáiríre ach measann sé go gcaithfeadh na daoine sin a admháil, dá olcas rudaí in Éirinn, go bhfuil an scéal i bhfad níos measa i gcás teangacha mionlaigh eile – an Bhriotáinis, mar shampla.)
“Níl a fhios agam teanga ar bith eile ar domhan atá ag fáil oiread tacaíochta ón stát ach a bhfuil a cuid cainteoirí chomh himeallaithe mar sin féin.”
Deir sé go magúil go mbeadh an-rath ar an Ghaeilge arís dá mba rud é gur chuir na Sasanaigh Éirinn ar fad faoi chois!Cuirim ceist ar Krauss cúpla uair le linn an agallaimh cad é is féidir linn a dhéanamh leis an taoide a chasadh agus stop a chur le meath na dteangacha. Luann seisean arís is arís an tábhacht a bhaineann leis an dá rud thuasluaite (pobal mór bheith ag labhairt teanga agus tacaíocht stáit a bheith aici) agus is léir go mbraitheann sé gur beag eile is féidir a dhéanamh mura bhfuil an méid sin i gceist. Cuireann sé iontas air go mbíonn daoine de shíor ag caint faoi ainmhithe mar na pandaí nó “feithid amaideach éigin” bheith i mbaol díothaithe ach gur beag trácht a bhíonn ar thragóid atá chomh holc céanna, dar leisean: bás teangacha. “I gcás an bhithsféir, a éiceachórais, tá tús curtha leis an gcath, ar a laghad. Tá dhá thaobh éagsúla ann, ach i gcúrsaí teanga ní fhéadfá a rá go bhfuil sé sin ann, fiú. Níl daoine ag smaoineamh ar chailliúint na hilghnéitheachta teanga, intleachtaí agus cultúrtha – níl daoine den tuairim gur tubaiste a bheas ansin.
“Tá go leor ceachtanna le foghlaim againn ó na caomhantóirí, na comhshaolaithe, agus d’fhéadfaimis fiú bheith ag obair as lámh a chéile agus cur ar a súile do dhaoine céard a tharlóidh má chaillimid ár n-ilghnéitheacht chultúrtha. Beimid fós ábalta ithe agus análú ach an mbeimid daonna? Táimid ag cailleadh ár ndaonnachta.”
Deir Krauss go gcabhraíonn teangacha linn tuiscint a fháil, ní hamháin ar ár dtimpeallacht áitiúil féin, ach ar cheisteanna uilíocha agus fadhbanna a bhaineann leis an chine daonna i gcoitinne, de bhrí go bhfuil slite difriúla ag a gcainteoirí le féachaint ar spás, ar am agus ar an chaidreamh idir daoine.“Tá ilghnéitheacht ag teastáil, ní hamháin maidir leis an gcomhshaol, ach ilghnéitheacht smaointeoireachta i dtaca leis an timpeallacht chéanna chun go mbeidh níos mó guthanna ar an ngiúiré, níos mó gaoise le roinnt. Nuair a chaillfimid an Ghaeilge, beidh sé chomh holc céanna leis an bpanda a chailleadh. Ach níl aon duine buartha faoi sin.”
Deir Krauss gur bhreá leis cuireadh a fháil léachtaí a thabhairt in Éirinn mar go dtabharfadh sé deis dó plé a dhéanamh le daoine ar chúrsaí Gaeilge agus ar cheisteanna atá ag dó na geirbe aige. Thabharfadh sé a chuid léachtaí i nGaeilge, a deir sé. Ní raibh sé ar ais in Éirinn ach uair amháin ó bhí deireadh na gcaogaidí ann, i 1985, ach deir sé nach dtógfadh sé ach seachtain air teacht isteach ar an teanga arís. An t-am sin, dhá bhliain is fiche ó shin, chuaigh sé ar ais go hInis Meáin, agus cuireadh agallamh air ar Raidió na Gaeltachta, agallamh nár chuir stró ar bith air, a deir sé. Is léir go bhfuil an-mheas aige ar bhunadh Inis Meáin.
“Ba bhreá liom dul ar ais ansin. Tá an-chion agam ar na daoine, cion nár chaill mé riamh, go háirithe ar dhaoine áirithe ansin. Níl dearmad déanta agam ar feadh nóiméid ar chomh lách is a bhí na daoine. B’fhéidir go raibh cuma orthu go raibh siad faoi mhíbhuntáiste ó thaobh mhaoin an tsaoil de ach d’fhoghlaim mé ceacht tábhachtach ansin – go bhfuil rudaí níos tábhachtaí sa saol ná maoin.”Deir sé go magúil go mbeadh dhá bhuntáiste ag baint le dul ar ais go hInis Meáin.
“Bhainfinn pléisiúr as an turas agus tá go leor daoine anseo [san ionad] a bheadh an-sásta mé a fheiceáil ag imeacht ón áit!”
Is léir gur duine righin é Michael Krauss, a deir an méid atá ar a intinn agus nach bhfuil scileanna taidhleoireachta rómhaith aige, ach murach an righne sin bheadh go leor de shaibhreas theangacha mionlaigh Alasca caillte faoin am seo agus ní bheadh oiread airde ar chruachás theangacha an domhain. Tá éacht mór déanta ag Michael E. Krauss le caoga bliain anuas agus tá muid go mór faoi chomaoin aige.