AGALLAMH BEO
Martin Dowling
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Anuraidh, ceapadh Martin Dowling, Meiriceánach de bhunadh Éireannach, mar an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste. Labhair Robert McMillen leis an fhidléir, staraí agus socheolaí seo faoina shaol mar cheoltóir agus mar scoláire.

Íomhá
Íomhá
Íomhá
Íomhá
Donal Lunny: cóiriúcháin den scoth déanta aige ar an cheol
Íomhá
Mairéad Ní Mhaonaigh: tá ag éirí léi bheith beo ar an cheol
Íomhá
Tá súil ag Martin go mbeidh sé in Ollscoil na Ríona go fadtéarmach
Íomhá

In alt a bhí in Lá Nua an tseachtain seo caite, tuairiscíodh go raibh “baill aontachtacha de Chomhairle na Mac Léinn ag Ollscoil na Banríona tar éis vótáil in éadan aitheantas a thabhairt do Chumann Cheol Phobal na hÉireann. Mhaígh siad le linn an chruinnithe is déanaí den Chomhairle go bhféadfadh an Cumann a bheith ag spreagadh is ag léiriú tacaíochta don sceimhlitheoireacht trí ‘amhráin reibiliúnacha’ a cheol.”

Tá siad ann a déarfadh nach raibh an institiúid ardléinn i mBéal Feirste riamh fabhrach don chultúr dúchasach ach anuraidh ceapadh an chéad Ollamh le Ceol Traidisiúnta san Ollscoil, Martin Dowling.

Tháinig Martin ar an saol i Chicago ach tógadh i Milwaukee é, áit a mbíonn féile ollmhór bhliantúil Éireannach ar siúl, an ceann is mó ar domhan b’fhéidir.

“Is as an Ghoirtín i gContae Shligigh do mo mháthair, ceantar ina bhfuil ‘nead’ ceoltóirí, sa sráidbhaile agus sa cheantar máguaird,” a mhínigh Martin dom ina oifig san ollscoil. “Tá Bealach an Doirín ar na gaobhair, baile dúchais Matt Molloy agus b’as Goirtin do Shéamus Tansey agus Peter Horan, Fred Finn agus fiú na ceoltóirí sin ó na 1920í a rinne ceirníní 78 i Nua-Eabhrac – leithéidí Michael Coleman, James Morrison, Paddy Killoran – b’as ceantar mo mháthar iad uilig.”

B’as an Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí d’athair Martin, agus ar ndóigh is teaghlach mór GAA iad muintir Dhúlaing. Bhí uncail dó, John Dowling, ina réiteoir sna 1960í agus ina uachtarán ar an eagraíocht sna 1970í.

Nuair a bhí mé féin ag fás aníos in iarthar Bhéal Feirste, bhí pacáiste ar fáil do gach gasúr óg – cléireach altóra, ranganna damhsa Gaelach agus Cumann Lúthchleas Gael. An raibh sé amhlaidh do Martin agus é ag fás aníos san Oileán Úr?

“Bhuel, ní raibh an pacáiste iomlán agam,” ar sé, “mar gur bhog m’athair ó áit go háit cuid mhór mar gheall ar a chuid oibre. Mar thoradh air sin, mhothaigh mé rud beag scoite amach ón mhórphobal Éireannach. Ach damhsóirí a bhí i mo dheirfiúracha.”

Murar fhoghlaim sé Caidhpín an Chúil Aird agus na Ceithre Rince Beirte agus é scoite ó cheoltóirí traidisiúnta, d’fhoghlaim Martin an veidhlín agus é óg, ag seinm i gceolfhoireann. Bhí leabhar clúiteach ceoil Captain O’Neill aige agus ba ghnách leis a dheirfiúracha a thionlacan nuair a bhíodh siad ag déanamh damhsaí Gaelacha sna hionaid siopadóireachtai dtithe altranais.

Ach níor bhreathnaigh Martin ar an cheol mar ghairm – bhí suim aige i gcúrsaí acadúla. Bhí sé ag smaoineamh ar an eacnamaíocht a dhéanamh agus ansin céim sa dlí, nó gairm a athar a leanstan sa chuntasóireacht, ach sa bhliain dheireanach dá chéim in Ollscoil Chicago, rinne sé cúrsa dhá mhodúl faoi stiúir Emmet Larkin, saineolaí ar stair an hEaglaise Caitlicí in Éirinn agus an scoláire Yeats, Frank Kinahan.

“Ina dhiaidh sin, mar dhuine a bhí ina chónaí i Wisconsin, mheas mé gur cheart dom oiliúint a fháil san institiúid ardcháile seo ina raibh roinn staire iontach.

“Bhí mé sáite i gcúrsaí ceoil agus bhí mé ag iarraidh oibriú amach cad é mar a thiocfadh liom dul go hÉirinn. Níorbh fhéidir staidéar a dhéanamh ar an cheol áit ar bith, mar sin chinn mé ar thaighde a dhéanamh ar stair eacnamaíochta agus shóisialta na tíre i rith an lae agus bheith ag seinm ceoil istoíche.”

Ba é *Tenant Right and Agrarian Society in Ulster, 1600-1870 *toradh a chuid oibre. Le linn na tréimhse seo, phós sé Christine agus deir sé gur chaith siad mí na meala – a bhuíochas do na deontais thaighde a fuair sé! – i Madison, atá leath bealaigh idir Chicago agus Minneapolis, agus in raibh baicle bheag de cheoltóirí traidisiúnta.

“An áit a ndeachaigh mé féin agus mo bhean Christine, ar fliúiteadóir í – trasna stát Wisconsin – ná Chicago, áit a mbuailfeá le Kevin Henry, an fliúiteadóir, nó Johnny McGreevy nuair a bhí sé beo, agus bhíodh daoine eile fán aois chéanna linne ansin – Liz Carroll, John Williams, Jimmy Keane. Tá siad ag tarraingt ar an leathchéad anois ach 20 bliain ó shin bhí siad ag buachaint gradam uile-Éireann agus mar sin de.

“Bhí Daithí Sproule sna Twin Cities. Bhí grúpa darbh ainm The North Star Céilí Band ann agus daoine atá ansin go fóill, leithéidí Chuck agus Ann Heyman – tá Ann ina saineolaí ar an chláirseach luath – Lara McKenzie, mo dheartháir agus a bhean.”

Buíon cheoil san ollscoilAgus é ar an ollscoil, chuaigh Martin féin isteach i mbuíon cheoil. Sa bhuíon chéanna, bhí Michael Donaghy, Éireannach a bhain an-chlú amach i Londain mar fhile, agus a bhain Duais Whitbread, ach sa bhuíon sheinn sé ar an fheadóg stáin agus ar an bhodhrán! Ar an drochuair, thug ainéaras bás Michael cúpla bliain ó shin.

“Tá mé go mór faoi chomaoin ag Michael mar gur thug sé isteach sa bhuíon mé, agus chuir sé ina luí orm go dtiocfadh liom roinnt airgid a dhéanamh ag an ealaín seo.”

Ach cén fáth ar roghnaigh sé an ceol traidisiúnta mura raibh sé ina chuid thábhachtach d’oidhreacht a theaghlaigh, má bhí sé scoite amach ón mhórphobal Éireannach?

“Ceist dheacair,” a deir sé. “Tháinig sé aniar aduaidh orm. Rinne mé é le mo thuismitheoirí a shásamh nuair a bhí mé óg ach i ndiaidh dom an baile a fhágáil, mhothaigh sé ceart. Ag an am sin, bhí leithéidí Dhaithí Sproule (cara mór le Martin), Skara Brae, Dónal Lunny, Planxty, daoine mar sin, bhí siad ag cruthú fuaim úrnua, thar a bheith corraitheach. Ag an am chéanna, bhí mé ag éisteacht le ceol na bhfidléirí; an chastacht i dteannta leis an inrochtaine agus leis an athráiteacht, is meascán iontach deas é sin.

“Tá teacht ag daoine a bhfuil teicnící bunúsacha foghlamtha acu ar na foinn uilig ach, ag an am chéanna, tá castacht bhídeach na tobchumadóireachta ina ábhar iontais ach is furasta gan a thabhairt faoi deara. Deir daoine go bhfuil an fhuaim chéanna le gach fonn traidisiúnta ach tá gné éigin ansin féin a fhaigheann greim ort.”

Beidh Martin ag iarraidh draíocht an cheoil thraidisiúnta a chur ina luí ar a chuid mac léinn ach cad é an chiall a bhaineann leis an fhocal “traidisiúnta” i gceol traidisiúnta, ceist achrannach go maith ach tá na ceisteanna féin ag athrú.

“Ní bhaineann sé leis an difear, mar shampla, idir stíl fidléireachta na Carraige agus stíl Ghleann Cholmcille, tá sé sin imithe,” ar sé. “Baineann sé le scoth na n-oirfideach agus iad ag éirí aibí, an stíl a fhorbraíonn as taithí fadsaoil ag seinm repertoire atá measartha cúng.

“Is é iontas Planxty nó The Bothy Band é go bhfuil dhá ghné iontacha fán dá bhuíon sin. An chéad cheann, na harmónaigh agus na cóiriúcháin a chruthaíonn Dónal Lunny nó Daithí Sproule, ach anuas air sin, tá scileanna na n-oirfideach aonair measctha isteach ansin. Is é forbairt, dul chun cinn, athrú pearsanta na ndaoine sin, Paddy Keenan, Tommy Peoples, Liam O’Flynn, croí a gcuid ceoil.

“Is féidir tionlacan iontach casta a chluinstin i Meiriceá, san Iodáil, sa Ghearmáin, ach mura bhfuil an ghné indibhidiúil sin sa cheol, tá rud éigin in easnamh.”

Cúrsaí éagsúlaThosaigh Martin ina phost úr i lár na bliana acadúla agus tá sé ag ullmhú cúrsaí de réir a chéile.

“An rud a dhéanfaidh mé, roinnfidh mé an cúrsa ina dhá leath, dhá mhodúl dhá sheachtain déag. Bhí mé ag iarraidh ceann a chur le chéile a phléann le stair shóisialta an cheoil, an tréimhse sin sular tugadh “ceol traidisiúnta” air. Ceol na ndaoine a bhí beo ar an oileán agus an dóigh ar fhorbair sé sin; tionchar an Ghorta Mhóir agus an dóigh ar athraigh an ceol nuair a bhí an tír á bánú sna blianta sin i ndiaidh an Ghorta. Chaill Eire cuid mhór, mhór daoine ach d’fhás an geilleagar go hiontach gasta i ndiaidh an Ghorta agus d’athraigh an saol cuid mhór.

“Ó thaobh an cheoil de, tháinig uirlisí úra Réabhlóid na Tionsclaíochta isteach - boscaí ceoil, consairtíní, tháinig an bainseó ó Mheiriceá, tosaíodh ag baint úsáide as an phianó sa cheol traidisiúnta. Mar sin de, is léargas ar stair na hÉireann fríd an cheol atá sa chéad chuid den chúrsa.

“Sa dara cuid, beidh muid ag díriú ar an cheol é féin, an struchtúr, an bhaint atá aige le damhsa agus leis an amhránaíocht.”

Níl gné taibhithe ar bith i gceist leis an chúrsa go fóill. Tiocfaidh sin ach dúshlán atá ann, dar le Martin.

Má amharcann tú ar Ollscoil Luimnigh agus ar Ollscoil Chorcaí, dhá ollscoil ina bhfuil an ceol traidisiúnta mar chuid de na céimeanna ceoil le tamall anuas, tá na cúrsaí sin bunaithe ar an taibhiú.

“San áit a bhfuil mé in Ollscoil na Ríona, tá mé leath bealaigh – go fisiciúil – idir ranna láidre anseo i Scoil an Cheoil agus na n-Ealaíon Sonach.

“An rud atá againn na ceoleolaithe, daoine atá an-eolach ar ghnéithe de stair cheol clasaiceach an iarthair; tá clár láidir cumadóireachta anseo faoi stiúir Piers Hellawell agus Simon Mawhinney. Ar an taobh thall den champas, tá saotharlann úrscothach, an-costasach a phléann le teicneolaíocht an cheoil agus ina bhfuil eolaithe ríomhaireachta agus cumadóirí ag obair as lámh a chéile.

“Ansin, tá Fiona Palmer anseo a bhfuil clár uaillmhianach taibhithe á reáchtáil aici, ach cá háit a luíonn taibhiú an cheoil thraidisiúnta ina measc siúd!

“Dúirt cara liom, ‘tá súil agam nach ndéanfaidh tú ceol clasaiceach den cheol traidisiúnta!’ ach ní dhéanfaidh. Tá an faobhar garbh sin agus an cur in iúl aonair sin riachtanach agus b’fhurasta sin a mhilleadh dá mbeadh an clár iontach righin.”

Ach beidh daoine ag cur ceist cad é is fiú an cúrsa a dhéanamh, mar sin? Dar liom féin, ní smaoiníonn ceoltóirí i dtús a saoil ar an cheol mar ghairm. Tá sé sin ag athrú, áfach, dar le Martin.

“Tá an margadh d’oirfidigh thraidisiúnta iontach solúbtha, níl sé struchtúrtha cosúil le gairmeacha eile. Is gairm í a roghnaíonn go leor daoine óga, mé féin ina measc, ar feadh tamaill ghairid, ach níl ach céatadán an-bheag daoine a n-éiríonn leo gairm ré saoil a chruthú dóibh féin i saol an cheoil. Maireád Mooney, Paddy Moloney, Matt Molloy, daoine den chineál sin, is tearc iad.

“Ach tá daoine eile an a thosaíonn mar cheoltóirí, a fhaigheann jabanna eile, ach a philleann ar an cheol proifisiúnta. Tá mé ag smaoineamh ar Paul O’Shaughnessy a dtiocfadh leis fanacht leis an ghrúpa Altan ach a chuaigh isteach sa státseirbhís, a thóg clann, agus anois tá sé ar ais ag seinm ceoil.

“Bhí Oisín McAuley ó Danú anseo (tá albam iontach aonair amuigh ag Oisín faoi láthair) ach Méabh O’Hare nó Tara Connaghan ó na Gleanntaí, daoine a chuaigh go Corcaigh nó go Luimneach, ba mhaith linn iad sin a choinneáil ó thuaidh,” arsa Martin.

“Nuair a amharcann tú ar leithéidí Tara, tá sise mar Chomhordaitheoir na nEalaíon Réigiúnach le hOifig Ealaíon Chomhairle Chontae an Chláir. Tá Méabh O’Hare ag déanamh éachtaí i gcúrsaí teilifíse, mar sin tá go leor gairmeacha ann ina bhfuil, ní hamháin, taibhiú an cheoil thraidisiúnta ach cúlra an cheoil sin, an rud atá mé a theagasc anseo, ina chuidiú; d’fheadfadh sin a bheith mar chuid thábhachtach de ghairmeacha eile seachas an ceol.”

Chuala mé daoine ag rá dhá rud chontrártha fán cheol traidisiúnta. Dúirt Bertie Ahern agus é ag lainseáil Fhéile Cheoil Tíre Bharra an Teampaill go raibh líon na seisiún ag méadú sna tithe tábhairne ina dháilcheantar féin, ach dúirt Deirdre Scanlan liom gur ag dul i léig a bhí siad. Cén bharúil atá ag Martin?

“Tá na seisiúin breá láidir go fóill, go háirithe anseo i mBéal Feirste,” ar sé. “Ní bhím suas an tír oiread agus ba ghnách liom ach caithfidh mé a rá nach gcaithfidh mé - tá an oiread sin ag titim amach i mBéal Feirste. Tá sé iontach. Tá meascán ann de na seisiúin ardtráchtála sin a fheiceann tú i nGaillimh, i gCorcaigh, in Inis, Contae an Chláir nó i mBaile Átha Cliath, ainneoin go bhfuil cuid mhór mhór ceoltóirí iontacha ann, tá an scene ró-scaipthe, ró-ghnaitheach.

“I mBéal Feirste, tá seisiúin le fáil ina ndíoltar na ceoltóirí ach, ar an dea-uair, tá áiteanna eile ann atá báúil leis na ceoltóirí agus a bhfuil lucht éisteachta tuigseach iontu. Tá Maddens agus The Duke of York ann agus beidh Paul Flynn ón Chomhairle Ealaíon ó thuaidh ag eagrú cumann ceoil tíre sa Garrick i mBéal Feirste ar ball ach níl gach rud mar a d’iarrfadh do bhéal é. Ní ann do na pubanna beaga teaghlaigh sin, Blackthorn mhuintir Slevin, nó The Kitchen Bar sular athchóiríodh é, pubanna ina bhfuil suíocháin na gceoltóirí agus ina múchtar an teilifís fiú má bhíonn chluiche sacair ar siúl!”

Conradh trí blianaNuair a fógraíodh an modúil “Ceol Traidisiúnta na hÉireann: Foirm agus Stíl” go gearr i ndiaidh na Nollag, d’aistrigh duine is fiche ó mhodúil eile go dtí an ceann sin!

Tá Martin ar chonradh trí bliana san ollscoil agus má chruthaíonn sé go bhfuil éileamh ann – má dhéanann mic léinn staidéar ar an Ghaeilge nó ar an antraipeolaíocht, cuir i gcás, toisc go mbeidh siad ábalta an caol traidisiúnta a dhéanamh fosta – beidh sé anseo go fadtéarmach, dar leis.

Tháinig an post chun cinn ag an am cheart do Martin. Bhí sé díreach i ndiaidh críoch a chur le trí bliana de thaighde sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar an téama “Identity in the Field of Irish Traditional Music”, inar chuir sé agallamh ar chorradh le céad ceoltóir i gceithre chathair, Béal Feirste, Baile Átha Cliath, an Roimh agus Minnesota. Cad é fuair sé amach?

“Tá suim agam i síceolaíocht na gceoltóirí,” ar sé. “Tá daoine ann nach cuimhin leo an chéad uair gur chuala siad fonn mar go bhfuil sé sáite i dtaithí an teaghlaigh. A mhalairt atá fíor fá na coimhthigh ach tá daoine i mBaile Átha Cliath féin nach raibh teagmháil ar bith acu leis an cheol traidisiúnta ach a dtáinig sé aniar aduaidh orthu. Mothaíonn siad go bhfuil sé saoithiúil agus andúchasach agus iontach ach ag an am chéanna gur dóibh féin é.

“Tá daoine ann a chuala Seán Ó Riada den chéad uair, nó chuala siad píobaí Paddy Moloney, uirlis nár chuala siad riamh roimhe, agus chuaigh sé i bhfeidhm go mór orthu.

“Tá a fhios agam duine a chonaic an fhidil den chéad uair agus thit sé i ngrá leis an scrolla agus is cuimhin liom féin an chéad uair gur oscail mé cás na fidle agus an boladh saoithiúil a bhí ag baint leis.”

Don taighde eile atá á dhéanamh ag Martin, tá sé ag léamh oiread leabhar agus is féidir leis fán cheol sa 18ú agus 19ú haois, ach níl iontu ach blúiríní den chuid is mó.

“Tagann bunús an eolais ón uasaicme liteartha, iadsan a bhreac rudaí síos agus tá na cartlanna teaghlaigh sin i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Mar sin, sa 18ú céad, bhíodh baintreacha óga, iad footloose and fancy free, ag dul chuig cóisirí i mBaile Átha Cliath nó ag dul amach faoin tuath, agus i litreacha a scríobhadh siad chuig a ndeirfiúracha i Sasana, deireadh siad go raibh siad ina leithéid seo d’áit agus go raibh a leithéid seo de phíobaire ag seinm.

“Tá mé ag léamh fosta fá laethanta luatha an Feis Cheoil Association agus an ceangal míchompordach a bhí acu le lucht Chonradh na Gaeilge agus lucht leanúna an cheoil chlasaicigh a bhunaigh an Association agus an bhéim a leag siad ar na píopaí uilleann ach is iontach bheith ag léamh thuairiscí na ndaoine sin a tháinig ar na píopaí den chéad uair riamh.”

Beidh leabhar ag teacht amach uaidh, stair an cheoil thraidisiúnta, rud a bheadh in oiriúint don chúrsa atá sé a theagasc.

“Tá teoiric agam gur tháinig an rud ar a dtugann muid ceol traidisiúnta le cheile sa 18ú céad. Tá sé sin conspóideach, ar ndóigh, mar tá traidisiún cláirseoireachta agus amhránaíochta ann atá i bhfad níos sine ná sin. Tá sé suimiúil an dóigh ar cuireadh teicnicí agus stileanna cláirseoireachta in oiriúint don phíb.

“Tá an 17ú céad déag iontach deacair do staraithe, mar go bhfuil an fhianaise chomh tearc sin – bhí daoine róghnóthach ag troid, bhí an geilleagar stálaithe agus bhí cúrsaí polaitíochta thar a bheith neamhchobhsaí.

“Ach le teacht an 19ú haois, tá an tSuirbhéireacht Ordanáis ann agus píosaí beaga thall is abhus fán fhidléireacht nó fán amhránaíocht agus de réir a cheile tá níos mó tráchtaireachta sna hirisí míosúla fán amhránaíocht agus fán phíobaireacht. Ina dhiaidh sin, tá an Athbheochan Chultúrtha ann agus ina dhiaidh sin arís, tá an ceol á thaifeadadh agus tá i bhfad níos mo ábhair ag staraithe, barraíocht in amanna,” arsa Martin ag gáire.

Ach tá todhchaí gheal ag an cheol traidisiúnta, dar leis an Dochtuir Dowling.

“Gheobhaidh an ceol traidisiúnta greim ar shamhlaíocht daoine – mar a rinne sé i mo chás féin – go deo na ndeor,” ar sé. “Sílim, le forbairt gheilleagar an eolais go n-aithneoidh níos mó daoine go bhfuil fiúntas sa cheol agus go mbeidh níos mó daoine á sheinm.”

Is iriseoir leis an Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.