Ní raibh Maighread Ní Dhomhnaill ach ina cailín óg scoile nuair a ghlac sí páirt i dtaifeadadh albam Skara Brae i 1971, albam a áirítear ar cheann de na cinn is fearr a eisíodh i nGaeilge riamh, agus tá sí ag canadh léi ó shin i leith. Labhair sí le hÉamonn Ó Dónaill faoina cúlra ceoil, faoi bhás tragóideach a dearthár Mícheál anuraidh agus faoin ócáid mhór a bheas ar siúl i Vicar Street i mBaile Átha Cliath ar an 24 Bealtaine le saol Mhícheáil a cheiliúradh.
Ar an 24 Bealtaine, tiocfaidh cuid de na ceoltóirí is mó le rá i gceol traidisiúnta na hÉireann le daichead bliain anuas le chéile do cheolchoirm speisialta i Vicar Street i mBaile Átha Cliath. Tá an ócáid seo á heagrú in ómós do Mhícheál Ó Domhnaill, an t-amhránaí agus giotáraí a fuair bás tobann i mBaile Átha Cliath ar an 7 Iúil anuraidh. Bhain Mícheál clú amach mar bhall den ghrúpa The Bothy Band sna seachtóidí agus d’fhág sé rian láidir ar cheol traidisiúnta na hÉireann ón am sin i leith.Nuair a labhair mé le Maighread Ní Dhomhnaill, deirfiúr Mhícheáil, faoin cheolchoirm ag deireadh na míosa seo caite, ba léir go raibh a bhás ag goilleadh go mór uirthi go fóill, in ainneoin beagnach bliain a bheith imithe ó cailleadh é. Tháinig an-tocht ar Mhaighread, mar shampla, nuair a d’fhiafraigh mé di cé a smaoinigh ar an choirm cheoil seo a reáchtáil.
“Mé féin agus Tríona [a deirfiúr]. Bhí muid ag smaoineamh air i ndiaidh an tórraimh ach tháinig sé isteach inár gcloigeann arís roimh an Nollaig. Bhí muid ag déanamh cárta cuimhneacháin do mo mháthair [a fuair bás cúpla mí sular cailleadh Mícheál] agus shocraigh muid nach dtiocfadh linn sin a dhéanamh do Mhícheál – mheas muid gurbh fhearr i bhfad rud inteacht mar an choirm cheoil seo a dhéanamh.”
Deir Maighread nár cheol sí féin agus Tríona mórán le bliain anuas mar go raibh bás Mhícheáil, bás deartháir eile leo, Éamonn, trí bliana ó shin, agus bás a máthar, ag luí chomh trom sin orthu. Tá súil ag Maighread go bhfaighidh siad sólás ón ócáid seo i Vicar Street agus go mbeidh níos mó foinn orthu díriú ar an cheol arís i ndiaidh na “tréimhse dorcha” seo ina saol. Tá an tacaíocht atá á fáil acu ó dhaoine éagsúla atá bainteach leis an imeacht, go háirithe na ceoltóirí, i ndiaidh misneach iontach a thabhairt dóibh.
“Níl muid ag rá gur gig de chuid an Bothy Band é seo mar nach sin an rud atá ann cionn is nach mbeidh Mícheál ann. Ach tá siad uilig [baill an ghrúpa] ag teacht. Tá Paddy Keenan ag teacht as Meiriceá, tá Donal [Lunny] ag teacht as an tSeapáin, tá Kevin Burke ag teacht as an Astráil (beidh seisean ar chamchuairt ansin ag an am), tá Matt [Molloy] ag dul a bheith ann.
“An rud is iontaí faoin choirm cheoil ná an dóigh a bhfuil daoine ag iarraidh a bheith páirteach ann. Faoi Mhícheál atá an rud uilig – ní bheidh an aird ar dhuine ar bith faoi leith. Nuair a dúirt muid go raibh sé le tarlú, tháinig achan rud le chéile go hiontach gasta. Is cuimhin liom gur dhúirt Paddy Keenan, ‘Look, I’ll drop everything, I’ll be there.’ Tá siad uilig ag iarraidh a bheith ann.”
I measc na gceoltóirí eile a bheidh páirteach san oíche mhór seo beidh an t-amhránaí agus giotáraí Mick Hanly, a bhí sa ghúpa Munroe le Mícheál, an fidléir Paddy Glackin, ar dhlúthchara le Mícheál é, agus na hamhránaithe Mary Black, Máire Ní Bhraonáin as Clannad agus Mairéad Ní Mhaonaigh ón ghrúpa Altan, a bheas mar bhean an tí ar an oíche.
“Mar a dúirt Máire Brennan, dá mbeadh achan duine agat atá ag iarraidh bheith páirteach, thiocfadh leat deireadh seachtaine a dhéanamh de seo. Nuair a smaoiníonn tú ar an tórramh, bhí an oiread sin daoine ann. Ach shocraigh muid gur daoine ar oibrigh sé leo a bheadh páirteach sa choirm cheoil, mar sin tá an Band ann, Noel Hill agus Tony Linnane. Rinne Mícheál albam iontach dá gcuid a léiriú, so shíl mé go mbeadh sé deas Noel agus Tony a bheith ann. Bhí croí Mhicheáil istigh i Jimmy Crowley i gcónaí, mar sin ceolfaidh Jimmy amhrán, déarfainn.”
Bronnfar an brabús ar fad ón oíche ar Thaisce Cheol Dúchais Éireann (www.itma.ie) i mBaile Átha Cliath.
Óige i gCeannanus Mór
Rugadh Maighread i gCeannanus Mór i gContae na Mí sa bhliain 1955. Thug Coimisiún na Talún talamh i mBaile Ghib sa chontae céanna sin dá hathair mór agus a máthair mhór sna tríochaidí agus bhog siad ansin óna gceantar dúchais, Gaeltacht Rann na Feirste i dTír Chonaill. Faoin am a saolaíodh Maighread, áfach, bhí an chuid is mó den teaghlach i ndiaidh bogadh ar ais go Rann na Feirste.
“Bhí siad i mBaile Ghib ar feadh seacht mbliana déag ná mar sin ach níor shocraigh siad riamh ann. Sílimse gur chronaigh siad an fharraige agus na cnoic. Gealladh talamh maith dóibh ach ní bhfuair siad talamh maith. Ach sílimse féin nár oibrigh Baile Ghib chomh maith is a d’oibrigh Ráth Cairn cionn is go raibh meascán ann [daoine as áiteanna éagsúla sa tír]. So, an bhliain a tháinig mise ar an tsaol, chuaigh siadsan ar ais go Rann na Feirste.
“Faoin am sin, bhí m’athair [Hiúdaí] ag teagasc i gCeanannas Mór, sa cheardscoil ansin, agus bhí Éamonn, Mícheál agus Tríona ar an tsaol, mar sin d’fhan muidinne i gCeannanus Mór. Tógadh muid ansin ach cionn is go raibh sé ag teagasc chaitheadh muid an samhradh iomlán, Samhain, an Cháisc i Rann na Feirste.”
Bhí an t-athair ag iarraidh go mbeadh Gaeilge líofa ag Maighread, mar sin chuir sé ar scoláireacht Gael Linn go Rann Feirste í agus í go fóill sa bhunscoil, rud a bhí coitianta ag an am.
“Chaith mé sé mhí ansin. Chuir mé aithne níos fearr an dóigh sin ar mhuintir na háite ná mar a chuir an chuid eile den chlann. Ag an am sin, bhí mise i gcónaí ag tarraingt ar Dhún na nGall, ag tarraingt ar Rann na Feirste.
“Chuir m’athair sin ionainn. Bhí seisean i gcónaí ag obair go crua ach chomh luath géar is a bhíodh muid ar an bhealach go Dún na nGall thagadh athrú mór air féin. So, shíl muidinne i gcónaí gur sin an áit a raibh an spórt.
“Ansin, nuair a phós mé Cathal [Goan] agus nuair a bhí na páistí beag, chuaigh muid i gcónaí ar ais agus ghlac muid teach ar cíos ansin. Tógadh mé i gContae na Mí agus sin an áit a bhfuil m’athair, mo mháthair agus Mícheál agus Éamonn – tá siad uilig curtha i gCeanannas Mór – ach tá mo chroí i Rann na Feirste.”
Nuair a bhí an chlann ag tarraingt ar na déaga, rinne an t-athair cinneadh iad a chur chuig an choláiste samhraidh i Rann na Feirste. Go dtí sin, bhíodh teach ar cíos ag an teaghlach cuid den am agus d’fhanadh siad leis an mháthair mhór an chuid eile den am.
“Bhí muid idir an dá rud; ní raibh muid ar an choláiste agus ní muintir na háite a bhí ionainn ach oiread. So, chuir sé ar an choláiste muid agus sin an dóigh ar casadh Jim McCloskey agus Dáithí Sproule agus an scaifte sin orainn.”
D’fhás an grúpa Skara Brae as an chairdeas a bhí idir muintir Dhomhnaill agus Sproule ach bhí suim ag Maighread san amhránaíocht thraidisiúnta ó bhí sí ina cailín óg de bhrí go raibh amhránaithe ar an dá thaobh den teaghlach.
“Bhí m’athair ag bailiú do Choimisiún Béaloideasa Éireann agus nuair a bhí muidinne beag bhí sé i gcónaí ag taifeadadh rudaí. Bhíodh sé ag dul thart ar na tithe i Rann na Feirste ag taifeadadh leithéidí Sarah Chonaill agus na daoine sin, i gcónaí ag bailiú. Agus rinne sé taifeadadh nuair a bhí mise trí bliana d’aois agus mé ag ceol – tá sin agam go fóill. Cuireadh suas ar dheasc mé ar mo chéad lá ar scoil agus cheol mé ‘The Hills of Donegal’!
“Bhí m’athair i gcónaí ag dul don cheol. Bhí claisceadal aige i gContae na Mí, i gCeannanus Mór, nuair a bhí muid iontach beag agus chuireadh sé isteach ar an Oireachtas iad achan bhliain. Bhíodh muidinne thuas sa leaba ag éisteacht leis seo ag dul ar aghaidh thíos staighre. Bhí ceol thart fán teach i gcónaí.
“Bhí guth galánta ag mo mháthair – ní ó thaobh m’athar amháin a tháinig an ceol. Ba ghnách léise bheith i gcónaí ag ceol linn.”
Bhí tionchar mór ag a haintín Neilí, deirfiúr a hathar, ar Mhaighread agus ar Thríona fosta.
“Níor tháinig muid ar Neilí go dtí go raibh muid níos sine. Níor smaoinigh muid agus muid óg go raibh ceol aici. Ach nuair a thosaigh an Bothy Band agus nuair a bhí Tríona ag lorg amhrán, ag an phointe sin dúirt m’athair, ‘Gabh suas chuig Neilí go bhfeice tú - tá neart amhrán ag Neilí.’ Agus sin an t-am a chuir muidinne suim i Neilí. Thosaigh sí a cheol agus ní raibh stad uirthi ansin! Caithfidh sé gur fhan sise ciúin fhad is a bhí granny beo. Ach bhí na hamhráin uilig aici.
“Bhí stór mór amhrán ag a haintín, Máire John. Agus fuair sí amhráin fosta ó Ghráinne Chonaill agus Maggie Chonaill agus daoine mar sin. Bhíodh oícheanta airneáil ann agus is dócha cionn is go raibh Neilí dall ní dheachaigh sise amach chuig na damhsaí agus na rudaí a dtéadh daoine eile chucu. Nuair a bhíodh suim aici in amhrán, deireadh sí leis an duine a raibh sé aige é a cheol uair nó dhó agus an dara huair bhíodh sé aici. Bhí cuimhne iontach aici. Bhí stór chomh mór sin aici d’amhráin.”
Ceoltóirí SasanachaLe linn do Mhaighread a bheith sa choláiste samhraidh i Rann na Feirste, thosaigh Mícheál ag éisteacht le grúpaí traidisiúnta as Sasana, leithéidí Pentangle agus Steeleye Span, agus chuaigh giotáraithe áirithe mar Bert Jansch agus John Redbourne go mór i bhfeidhm air. Bhí tionchar ag The Beatles agus a gcuid armóiní air chomh maith.“Thagadh muid chun an bhaile le hamhrán a chuala muid ar an choláiste agus deireadh Daidí, ‘Tá leagan eile de sin ann.’I ndiaidh roinnt mhaith ama a chaitheamh ag cleachtadh, chuaigh Skara Brae isteach sa stiúideo i 1971 le halbam a thaifeadadh. Áirítear an taifeadadh sin ar cheann de na halbaim Ghaeilge is fearr a rinneadh riamh agus tá an fhuaim chomh draíochtach céanna anois is a bhí ag an am úd. An rud atá dochreidte ná nach raibh Maighread ach cúig bliana déag ag an am agus nár chaith siad ach cúpla uair an chloig ar an taifeadadh.
“Chuir muid an ceirnín le chéile i lá amháin, tráthnóna amháin! I ndiaidh am lóin chuaigh muid isteach go Halla Marianella i Ráth Garbh [Baile Átha Cliath]. Bhí Sony reel-to-reel ann, agus dhá mhicreafón, stereo pair, ag teacht anuas [ón tsíleáil]. Ceann amháin do na giotáir agus an chlárchruit agus ceann eile do na guthanna.”B’éigean do Mhaighread amhrán amháin, “Inis Dhún Rámha”, a chanadh nach raibh cleachta aici fiú amháin. Bhí Mícheál agus Dáithí in ainm is an t-amhrán a chanadh ach d’athraigh siad an cóiriú agus mheas siad go mbeadh sé níos fóirsteanaí do Mhaighread.“Dúirt siad, ‘Ceol thusa é.’ Tá cuimhne agam m’athair ag dul amach taobh amuigh agus ag dul fríd na focla uilig liom. Chuaigh muid isteach agus chuir mise síos an traic ansin.”
Níor fhan Skara Brae i bhfad le chéile. Chuaigh Maighread ar ais chun na scoile agus d’imigh na baill eile chun na hollscoile. Chuaigh Maighread leis an bhanaltracht i ndiaidh di an Ardteistiméireacht a chur di agus chuaigh na baill eile den ghrúpa leis an cheol i ndiaidh dóibh a gcuid oideachais a fháil. Cad chuige nach ndeachaigh sise leis an amhránaíocht go lánaimseartha?
“Ní raibh m’athair sásta muid a bheith ag ceol go lánaimseartha. Deireadh sé, ‘Tá seo alright ach caithfidh tú rud inteacht fiúntach a bheith agat i do shaol. Ní thig leat a bheith beo ar an cheol.’ Tá céim ... bhí céim ag Mícheál sa Léann Ceilteach agus bhí sé féin agus Dáithí Sproule sa bhliain chéanna. Ansin, rinne Tríona céim sa Fhraincis agus sa tseandálaíocht! Rud nár bhain sí úsáid as riamh ina dhiaidh sin! Bhí banaltracht i gcónaí i mo chloigeann féin, mar sin chuaigh mise ar aghaidh leis sin a dhéanamh.”Lean Maighread uirthi ag obair mar bhanaltra go dtí lár na nóchaidí, nuair a ceapadh a fear céile, Cathal Goan, mar cheannasaí ar TG4 (nó Teilifís na Gaeilge, mar a bhí air ag an am) agus bhí orthu bogadh go Gaillimh. “Fiú amháin nuair a bhí na páistí óg dhéanainn cúpla lá sa tseachtain, an mhaidin, agus ansin bheinn on call b’fhéidir oíche amháin sa tseachtain. Ní raibh mé ag iarraidh é a thabhairt suas ach ní bheinn ábalta é a dhéanamh anois!”
Deir sí go raibh éad uirthi le Tríona agus Mícheál nuair a bhí siadsan sa Bothy Band ach deir sí fosta gur dóigh léi gur fhorbair sí mar amhránaí ó bheith ag canadh léi féin i gclubanna i mBaile Átha Cliath mar an Tradition Club agus i gcinn eile ar fud na tíre. Deir sí go raibh sé deacair a bheith ag taifeadadh agus ag obair ag an am chéanna, fiú go páirtaimseartha.
“Nuair a rinne mé Gan Dhá Phingin Spré i 1990 bhí mé ag obair achan mhaidin, go dtí leath i ndiaidh a haon, ansin théinn amach go dtí an stiúideo agus bhínn ansin go dtí a dó a chlog ar maidin. Ar ais amach ag obair ar maidin ansin arís! Ní raibh mé ag iarraidh am saor a ghlacadh.”
Ba é Donal Lunny a léirigh an t-albam sin agus deir sí go bhfuil “a croí istigh” sa saothar go fóill.
Ba é Gan Dhá Phingin Spré an dara halbam a rinne Maighread a thaifeadadh – tháinig an chéad cheann amach ceithre bliana déag roimhe sin.
“An chéad albam sin, tháinig sé amach arís le gairid, ar dlúthdhiosca – sin an ceann a rinne mé i 1976. Mícheál a bhí mar léiritheoir air agus Gael Linn a d’eisigh é. Chríochnaigh mé an taifeadadh díreach coicís sular pósadh mé. Tá guth iontach óg le cluinstin air. Ansin, bhí an briseadh sin ann go dtí gur tháinig Gan Dhá Phingin Spré amach. Bhí an cailín óg le cluinstin ar cheann amháin agus an bhean ar an cheann eile.”
Bhí a guth féin aimsithe aici mar amhránaí ach tá daoine ann i saol an cheoil a deir nach amhránaí ceart traidisiúnta í Maighread, go bhfuil stíleanna eile i ndiaidh dul i bhfeidhm barraíocht uirthi.
“Tá daoine áirithe nach maith leo tionlacan. Ach sílimse gur choinnigh muidinne i gcónaí smacht air sin, nár athraigh muid an stíl, nach raibh sé i bhfad ón rud nádúrtha, ón traidisiún.”
An todhchaíDeir Maighread go bhfuil go leor daoine ag iarraidh uirthi albam eile a thaifeadadh ach gur ghoill bás a deartháireacha oiread uirthi nach raibh fonn uirthi tabhairt faoi a leithéid de thionscadal. Tá sí dóchasach, áfach, go dtiocfaidh an fonn ar ais san am atá romhainn.
Tá sí féin agus Tríona ag cleachtadh le chéile arís agus le cois a bheith le feiceáil ar an stáitse i Vicar Street beidh siad ag canadh ag ceolchoirm ina mbaile dúchais, Ceannanus, i mí Iúil agus ag Scoil Samhraidh Oideas Gael i nGleann Cholm Cille an mhí chéanna. Bhí siad páirteach i gceolchoirm i Zurich na hEilvéise Lá Fhéile Pádraig le Liam O’Flynn, Paddy Glackin agus Manus Lunny agus beidh siad ag tabhairt aghaidhe ar fhéile i bPoblacht na Seice leis na ceoltóirí céanna sin i mí Lúnasa.
“Tá mé féin agus Tríona ag déanamh i bhfad níos mó le chéile. An nós atá againn anois ná grand piano a úsáid, pianó agus an dá ghuth. Tá muid ag smaoineamh air sin, go mbeadh sé go deas rud inteacht mar sin a thaifeadadh. Le bliain nó dhó anuas tá muid i ndiaidh cuid mhór coirmeacha ceoil mar sin a dhéanamh agus tchítear domh go bhfuil sé sin deas. Sílim go bhfuil na guthanna iontach gar dá chéile agus tarlaíonn rud inteacht idir an bheirt againn; ní thig liomsa é a dhéanamh le duine ar bith eile agus ní thig léise é a dhéanamh le duine ar bith eile ach oiread.”
An dóigh léi go bhfuil aitheantas bainte amach aici féin agus ag Tríona, agus ag Mícheál, sa tír seo, go bhfuil meas ag daoine orthu.
“Sílim go bhfuil níos mó measa orainn taobh amuigh den tír seo. Rinne muid cúpla camchuairt sa tSeapáin agus i gcúpla tír eile agus bhí meas mór ag daoine orainn. Ach anseo in Éirinn tá deacrachtaí ann i gcónaí. Ní thig leat a rá nach bhfuil daoine ann a bhfuil suim acu sa cheol atá againn ach níl mórán acu ann.
“Agus rud eile: níl daoine sásta íoc as coirmeacha ceoil. Tiocfaidh siad amach le Dolly Parton a fheiceáil sa Point – anois, tá mo chroí féin istigh i Dolly Parton! – ach nuair a bhíonn ár ndúchas féin, ár gceol féin i gceist, bíonn sé deacair daoine a mhealladh.”
Chomh maith le bheith ag ceol, tá sí féin agus Tríona, le cuidiú mór óna mbainisteoir, Tom Sherlock, ag cur le chéile bailiúchán de na hamhráin is fearr a rinne Mícheál a thaifeadadh thar na blianta. “Chuaigh muid chuig Tom agus eisean atá i ndiaidh an rud uilig a tharraingt le chéile. Tá sé dochreidte an méid oibre atá sé i ndiaidh a chur isteach sa rud ar fad."Chuaigh muid fríd na hamhráin ar fad agus phioc muid na rudaí ab fhearr. Tá cúig déag nó sé déag traic ann ar fad. Muna mbíonn sé ar fáil oíche na coirme ceoil beidh sé ar fáil gan mhoill ina dhiaidh sin.”
Chuir sé iontas ar Mhaighread go raibh na comhlachtaí ceoil ar fad sásta na cearta do na hamhráin a chur ar fáil don albam nua seo.
“Tá achan dream i ndiaidh na cearta a thabhairt gan stró ar bith. Sílim go bhfuil sé féin [Mícheál] thuas ansin ag stiúradh an rud uilig!”
Tá an Mícheál Ó Domhnaill Trust Fund bunaithe ag teaghlach Mhícheáil agus a chairde (Cathal Goan agus Paddy Glackin ina measc) agus cuirfear an brabús a shaothrófar ón dlúthdhiosca isteach sa chiste sin. Cuirfear airgead an chiste ar fáil do mhic léinn ar mian leo staidéar a dhéanamh ar an Ghaeilge agus ar an traidisiún i Rann na Feirste.Tá suíomh in ómós do Mhícheál curtha le chéile ag a dheirfiúr chéile agus tá sé seo le feiceáil ag www.michealodomhnaill.com. Tá eolas le fáil ar an suíomh mar gheall ar an choirm cheoil mhór seo ag deireadh na míosa, grianghraif de Mhícheál agus cur síos ar a shaol agus ar a chuid ceoil. Tá sé i gceist físeáin a chur ar fáil air go luath chomh maith. Sula bhfágaim slán ag Maighread, fiafraím di an bhfuil mórán ceoil ag an ghlúin úr de mhuintir Dhomhnaill.
“Fuair mé amach le gairid go bhfuil guth galánta ag m’iníon! [Déanann Maighread gáire croíúil]. Ar feadh na mblianta, agus í thart orm, níor cheol sí riamh – rud nár thuig mé. Le bliain nó dhó, tá sise ag ceol anois. Ansin Manus, seinneann seisean ar an ghiotár agus, san aghaidh, tá sé cosúil le Mícheál s’againne nuair a bhí seisean an aois chéanna.
“Tá cuimhne agam nuair a bhí sé seacht nó ocht de bhlianta d’aois, an t-am a bhí mise ag déanamh Gan Dhá Phingin Spré, lá amháin bhí mé ag ceol ‘Martha, the Flower of Sweet Strabane’ agus stad mise a cheol agus thosaigh mo dhuine i gcúl an chairr agus cheol sé an t-amhrán ar fad! Tá a fhios agam go bhfuil sé acu, mar sin. Tá Róise i ndiaidh cuid de na seanamhráin a fhoghlaim – níor thuig mé sin – agus tá sí á gceol.
“Agus tá triúr iníonacha Chonaill s’againne ag seinm. Tá Tríona ag seinm ar an fhliúit, tá Deirdre ar an fhidil agus tá Siuán bheag ar an fheadóg. Tá guthanna deasa acu fosta.”Is cinnte go bhfuil an ceol slán go ceann i bhfad i measc mhuintir Dhomhnaill.Tá ticéid don cheolchoirm in ómós do Mhícheál Ó Domhnaill i Vicar Street ar an 24 Bealtaine le ceannach ó Ticketmaster (www.ticketmaster.ie) nó ó Claddagh Records, 2 Sráid Cecilia, Barra an Teampaill, Baile Átha Cliath 2. Praghas: €36Mura féidir leat a bheith i láthair ag an cheolchoirm, ach más mian leat tacú leis an chiste thuasluaite, téigh go www.michealodomhnaill.com* chun síntiús a íoc.*