AR NA SAOLTA SEO
Maidhmeanna sneachta: ábhar mór buartha do shléibhteoirí
Tony Birtill Tony Birtill Tony Birtill

Le roinnt blianta anuas tá maidhmeanna sneachta tar éis bás roinnt sléibhteoirí a thabhairt in Albain. Tuairisc ó Tony Birtill.

Íomhá
Aonach Mór, atá in aice le Beinn Nimheis
Íomhá
Radharc eile ar Aonach Mór
Íomhá
Roger Wild, fear a bhfuil an t-ádh air a bheith fós beo

Tá contúirt mhór ag baint le maidhmeanna sneachta do shléibhteoirí in Albain ag an am seo den bhliain. Fuair beirt Albanach bás ar an 9 Márta, mar shampla, ar Bheinn Dearg sna Garbhchríocha Thiar Thuaidh.

Tháinig maidhm shneachta gan choinne ar Ian Collier (42) agus Douglas McQuaker (35) nuair a bhí siad ag dreapadh Penguin Gully. B’éigean don fhoireann tarrthála streachailt trí shneachta domhain agus gaoth láidir ar feadh cúig huaire sular aimsigh siad na coirp.

I mí Feabhra scuab maidhm shneachta Learphollach, Mike Doyle (68), agus a chara Pamela Hope (53) 200 troigh síos Aonach Mór, atá cóngarach do Bheinn Nimheis, an sliabh is airde in Albain. Cé go raibh an t-ádh orthu gur tháinig siad chun talún ar shneachta bog, bhris Mike Doyle a dhá chos agus a ghualainn. Shiúil Pamela Hope ar feadh 12 uair tríd an oíche agus gaoth láidir ann chun cuidiú a fháil dó. Ar an bhealach, bhuail maidhm shneachta eile í, scuabadh síos 100 troigh eile í agus bhris sí a rúitín. D’éirigh léi leanúint ar aghaidh go dtí an sráidbhaile mar sin féin agus chuir sí fios ar fhoireann tarrthála Lochaber www.mrc-scotland.org.uk ar 7 a.m. Chuir Mike Tighe, ball den fhoireann, in iúl go raibh sé an-deacair Mike Doyle a aimsiú mar go raibh an chuid is mó dá chorp clúdaithe le sneachta. Thug Doyle “laoch” ar a chara óna leaba san otharlann in Inbhirnis.

Tá droch-clú ar Aonach Mór de thairbhe an mhéid maidhmeanna sneachta a bhíonn ann. Bhí mé féin ag traenáil ansin anuraidh mar chuid de chúrsa oiliúna a bhí ar siúl do cheannairí siúil sléibhe in Albain. Bhí an-bhéim ar mhaidhmeanna sneachta agus an dóigh is fearr le hiad a sheachaint. Bíonn tuairisc ann fá dtaobh díobh gach lá ina mbíonn scála baoil - ó uimhir 1 (baol íseal) suas go huimhir 5 (baol an-ard). Bhí tuairisc uimhir 5 ar an chlár fógraí an mhí seo agus measúnú priacail Al Capone scríofa air: “If nobody moves, nobody gets hurt”.

Tubaiste

Arú anuraidh casadh orm Roger Wild, ball d’fhoireann tarrthála Lochaber, a tháinig slán as tubaiste mhillteanach maidhme sneachta ar Aonach Mór i mí na Nollag 1998.

Bhí seisear ó Kent Shasana ag déanamh cúrsa sléibhteoireachta geimhridh faoi chúram Wild nuair a bhuail maidhm shneachta iad ar 10.30 a.m. ar an 29 Nollaig. Bhí siad uilig faoin sneachta ar feadh 12 uair sula bhfuair an fhoireann tarrthála sa Ghearasdan teachtaireacht go raibh siad thar am teacht abhaile.

Chuaigh trí fhoireann, madraí cuardaigh agus héileacaptar de chuid an RAF amach á lorg. Déanann foireann tarrthála a ndícheall i gcónaí nuair a bhíonn duine ar bith i mbaol, ach bhí spreagadh ar leith acu an t-am seo: bhí siad ag cuartú a gcara atá ina stiúrthóir traenála ag an fhoireann.

Ar 1 a.m. chonaic ball den fhoireann sciathán ag gobadh amach as an sneachta agus thochail siad an grúpa amach. Míorúilt a bhí ann go raibh triúr as an seachtar beo (Wild ina measc) tar éis 16 uair faoin sneachta. Níor tháinig Matthew Lewis (28), Ian Edwards (30), Emma Ray (29) ná a buachaill Paul Hopkins (30) slán, áfach.

Bhí fiosrúchán oifigiúil ann faoin tubaiste, ar ndóigh, agus dúirt an Sirriam Kenneth Forbes ina thuairisc nach raibh locht ar bith ar Roger Wild. Timpiste a bhí ann, a dúirt sé, agus d’aontaigh athair Emma Ray leis an tuairim sin.

Foilsíonn gach foireann tarrthála tuarascáil bhliantúil agus cé nach raibh ainmneacha na ndaoine a tarrtháladh ann, bhí sé ait a bheith ag léamh faoin tarrthálaí ar tarrtháladh é féin.

Tá an tUasal Wild ar ais ag obair mar cheannaire anois, agus ina bhall den fhoireann tarrthála go fóill.

Caitheann an fhoireann tarrthála uilig curghlacadóir maidhme sneachta anois nuair a bhíonn siad ar dualgas sa gheimhreadh. Ligeann an gléas seo comhartha amach má bhíonn sé faoin sneachta tar éis maidhme sneachta, nó timpiste de chineál ar bith, agus mar sin bíonn sé i bhfad níos fusa daoine a aimsiú.

Bhí ceann in éineacht linne nuair a chaith muid oíche i bpoll sneachta 3,000 troigh thuas ar Chreag Meagaidh. Bíonn sé deas ciúin istigh sa pholl agus faigheann tú codladh maith. Ach má bhíonn maidhm shneachta ann i rith na hoíche beidh d’uaigh féin tochailte agat!

Níor tharla a leithéid dúinn agus bhí radharc álainn againn trasna na sléibhte nuair a mhúscail muid ar maidin. Ag am mar sin tuigeann tú cén fáth a mealleann sléibhte na hAlban sléibhteoirí sa gheimhreadh, in ainneoin na ndeacrachtaí agus an dainséir a bhaineann leo.

Is as Learpholl ó dhúchas é Tony Birtill agus is múinteoir agus iriseoir é. Bíonn sé i mbun cúrsaí siúil sléibhe Oideas Gael i nGleann Cholm Cille i rith na Cásca agus le linn mhíonna an tsamhraidh.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.