CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Mac Bradain, Saor-Phreispitéirigh agus Éireannaigh na hAlban
Íomhá
Armas nan Eilean Siar
(le Walden69 ar Vicipéid)
Íomhá
Alastar Mac Bradain
(le Riaghaltas na hAlban ar Vicipéid)
Íomhá
An Abhainn Thuaidh
(le Mick Knapton ar Vicipéid)

Is ainm agus aidiacht leochailleach é ‘Albanach’ nuair a bhíonn ‘Preispitéireach’ i gceist mar is as an stair a tháinig sé anuas chugainn. Cuimhnímis go bhfuil sinsear an Phreispitéirigh leis na céadta bliain. Mura bhfuil ann ach leath an achair ama is atá caite ag an Normannach inár measc, is mithid fós féin ‘Éireannach’ a thabhairt ar an ‘Albanach’ a mhaíonn gur Éireannach é. Ceart dom, ceart duit. Tá na Preispitéirigh in Éirinn leis na céadta bliain. An méid Preispitéireach nár theith go Ceanada nuair a thiontaigh córas an stáit abhus glan ina n-éadan i ndiaidh 1798 agus 1803, bhí orthu umhlú agus is féidir céatadán sách ard díobh a shonrú i bPáirtí na Comhghuaillíochta inniu.

Lenár linn féin, bronnadh in Albain, gan choinne, an cineál údaráis a rabhthas á lorg don Ghaeltacht abhus, Comhairle nan Eilean. Fágadh Albanaigh agus gach éinne ag tochás a gcloiginn. Cad chuige, cé a bheartaigh bronntanas mar é? Rinneadh iontas de fhéile Shasana ag an am, 1975, ach measadh go raibh gnóthaí ola na hAlban sa mheá chuige. B’fhíor an méid sin. Is é is dóigh chomh maith go raibh tionchar ‘Albanaigh’ .i. Preispitéirigh, nó ó cheart, Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae go háirithe ar an bhronntanas gan choinne in Albain, Comhairle nan Eilean, a theacht ar an saol.

A Mhalairt de Scéal Abhus

Is beag nach raibh gach údarás seachas arm agus airgeadas faighte acu, agus d’oibrigh Caitlicigh agus Saor-Phreispitéirigh in éineacht lena chéile sa Chomhairle ó shin. Bhí córas an stáit ag cur ord agus eagar ar dhílseoirí na hÉireann ag an am, ag sceanairt na náisiúnach ó thuaidh agus ag leagan buamaí ó dheas nuair a shantaigh siad sin a dhéanamh. Scanraigh ceannaireacht Shasana áfach nuair a thosaigh Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae ar an chlampar agus ar stailc mhór na Loyalist Workers. Is í an áit eile a raibh mathshlua Saor-Phreispitéireach, Albain, sa Free Presbyterian Church of Scotland.

Ní foláir go bhfuil ceannaireacht Londain na linne seo faoi sceimhle ag dul chun cinn agus ag gnóthaí Alastar Mhic Bhradain agus an Páirtí Náisiúnach. Tiocfaidh leis an tSaor-Phreispitéireachas a bheith ina bhagairt ar ceannasaíocht Londain chomh mór amach anseo is a bhíodh an Seacaibíteachas i bhfad siar. Thacaigh an Eaglais Phreispitéireach le Fuadach nan Gàidheal 1782 – Uileloscadh na hAlban – feall a thug an deis do na Saor-Phreispitéirigh gean agus taca an mhuintir Ghaidhealtachd na hAlban a bhaint dóibh féin. Bhí breis is 700 gaelscoil bunaithe acu faoi 1843.

Caitlicigh na hÉireann, na hAlban agus Shasana, ba bhagairt iad tráth den tsaol. Anglachánaigh Chorn na Breataine, Modhaigh na Breataine Bige, Preispitéirigh, agus Saor-Phreispitéirigh go háirithe, na hAlban, is céim idé-eolaíoch ar leith ar shiúl iad ó chreidimh Londain, Protastúnachas Anraí viii. Is é sin, roghnaigh ‘Ceiltigh’ Oileán na Breataine a leagan ar leith féin den Phrotastúnachais.

Éireannaigh na hAlban, ní miste dóibh cuimhneamh nach amháin gur Éireannaigh iad ach gur Gaeil iad fosta agus tacú lena macasamhail eile ar neamhchead datha, teanga is creidimh. B’fhearr dá bhfanfadh farraigí, oileáin is ola agus chaon cheo lastuaidh den Abhainn Thuaidh - an Tweed - faoi riar an Albanaigh. Saorsa na hAlban agus suas leis a’ Ghàidhlig!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.