tabhair freagratabhair freagra #1 Fearn 9 Feabhra 2012, 13:25 GMT
" Rinneadh iontas de fhéile Shasana ag an am, 1975, ach measadh go raibh gnóthaí ola na hAlban sa mheá chuige. B’fhíor an méid sin. Is é is dóigh chomh maith go raibh tionchar ‘Albanaigh’ .i. Preispitéirigh, nó ó cheart, Saor-Phreispitéirigh na Sé Chontae go háirithe ar an bhronntanas gan choinne in Albain, Comhairle nan Eilean, a theacht ar an saol"

Má fuair gach "condae" úr sa Bhreatainn na cumhachtaí chéanna in 1975, conas in ainm Chroim, a mbeadh an t-áitiús thuas, fiú, bheith i bhfoisceacht scread asail den fhirinne?

Agus is iontach go deo an breathnú claon agat ar stair na hÉireann agus na hAlban agat.
tabhair freagratabhair freagra #2 Niall File 9 Feabhra 2012, 13:44 GMT
Ach is gá cuimhneamh nach ag na hAlbanaigh amháin atá an ola - céard faoi na lochlannaigh sna hOileain i dTuaisceart na tíre?

Agus níl aird ná meas ag na hAlbanaigh ar na Gaeil ná an Gháidhlic ach oiread.
tabhair freagratabhair freagra #3 Fearn 9 Feabhra 2012, 13:53 GMT
An síleann daoine i ndairíre gur ar bhonn chúinsí stairiúla agus chreidimh a ndéantar socraithe phoilitiúla na linne seo?
tabhair freagratabhair freagra #4 Harpic 13 Feabhra 2012, 12:44 GMT
Cad ina thaobh nach dtugann tú Salmold air ar nós chuile dhuine eile?
tabhair freagratabhair freagra #5 Niall File 3 Márta 2012, 16:19 GMT
Ní Salmond a bhíonn againne abhus air ar chor ar bith, a chara, ach "Wee Eck"!
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!