Bíonn blas ar an mbeagán agus ní maith an rud barraíocht, de réir na seanfhocal. Feictear do Sheosamh Ó Riain gurb shin é go díreach i dtaca le luiteamas na hóige le suímh idirlín.
Ní lia duine ná tuairim ó thaobh féidearthachtaí na meán sóisialta de, ach an eol dúinn na míbhuntáistí atá ag roinnt leo ina dhiaidh sin? De réir taighde nua atá déanta ag Ionad frithmhaistíneachta Choláiste na Tríonóide, theagmhaigh lámh fhuarchroíoch na cibearbhulaíochta le duine as gach ceathrar cailíní agus le buachaill as gach seisear. Tagann an méid sin lenar thug Growing Up In Ireland agus Microsoft araon le fios ina gcuid taighde siadsan. Dar le Growing Up In Ireland, rinneadh maistíneacht ar 24% de dhaoine óga idir naoi 9 agus 17 d’aois. Mar chuid de ‘Suirbhé Sábháilteachta na hEorpa ar Líne’ a rinne Microsoft i 2009, léiríodh gur fhulaing 22% de dheagóirí na hÉireann maistíneacht ar líne.
Agus í ag caint ar an ábhar, dúirt Frances Fitzgerald, An tAire Leanaí agus Gnóthaí Óige, “is féidir le maistíneacht tionchar uafásach agus creimeach a imirt ar ár gcuid páistí agus ar dhaoine óga, ar a bhféinmhuinín, a bhféinmheas, a sláinte intinne. Déanann sí mí-úsáid ar dhaoine óga agus déanann sí an-dochar. Tá ardrátaí féinmharaithe againn cheana féin agus is iad na daoine is soghonta a bheas thíos léi.”
Ba léir ó scéal brónach Tyler Clementi nach raibh aon áibhéil i gcaint an Aire. Mac léinn ba ea Tyler in Ollscoil Rutgers i New Jersey. Scaip beirt mhac léinn eile eolas ar an Idirlíon gur homaighnéasach é. Trí lá ina dhiaidh sin, ar 22 Meán Fómhair 2010, chuaigh cúrsaí chun tubaiste ar fad nuair a chuir Tyler lámh ina bhás féin trí léim amach ón George Washington Bridge. Ní raibh sé ach 18 mbliana d’aois an duine bocht.
An Dubh ina Gheal
Bíodh nach bhfuil an bhagairt de bheith á chiapadh ag daoine gránna ar líne chomh coitianta céanna le cibearbhulaíocht, is ann don chontúirt fós. Tharla gur líonmhaire lucht Facebook ná daonra an AE, is léir nach beag an chontúirt.
Maítear ar shuímh idirlín na meán sóisialta mór uile, Facebook san áireamh, go gcaithfidh an t-aos óg a bheith os cionn 13 mbliana d’aois chun teacht ar a gcuid seirbhísí. Níl le déanamh acu, ámh, ach maíomh gur os cionn 13 iad. Tá gach cosúlacht ar an scéal nach bhfuil bealach fós ag na suímh seo chun cinntiú nach gcuirtear an geal ina dhubh orthu i dtaobh aois na bpáistí.
Is é bun agus barr an scéil ná go bhfuil sé d’acmhainn ag páistí teacht ar eolas ar Facebook agus eile nár cheart dóibh a bheith á léamh ag aos leochaileach soineanta. Mar bharr ar an donas, tá an-deis ag creachadóirí ar líne, péidifiligh ina measc, dul i dteaghmháil leo ar na suímh siúd.
De réir tuarascáil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le ballstáit a bheith ag cur moltaí i bhfeidhm ó thaobh cosaint a thabhairt do pháistí sa domhan digiteach, níl treoirlínte tugtha isteach ach ag deich gcinn acu. Níl Éire ina measc, faraor.
An imríonn Facebook agus na meáin shóisialta eile tionchar mór ar aigne na n-óg agus iad as líne? Imríonn, dar le dhá staidéar a rinneadh sna Stáit Aontaithe agus sa Bhreatain, agus tá na torthaí le sonrú go soiléir sa seomra scoile fiú. Bíonn tionchar diúltach ar pháistí ag na suímh idirlín seo dar le hOllscoil Stáit California, agus is dóichí go bhfaigheadh daoine a théann ina múinín marcanna níos ísle sa scoil go mion minic dá dheasca.
I nGreim ag Suímh
Choimeád taighdeoirí súil ar dhaltaí ar feadh 15 nóiméad a fhad is a bhí siad ag tabhairt faoi obair bhaile a bhí thar a bheith tábhachtach dóibh. Chuir a dtarla iontas an tsaoil ar na taighdeoirí – theip ar na daltaí díríu i gceart ar an obair rompu de thoradh an riachtanais a leathanach Facebook a sheiceáil arís agus arís eile, thart ar gach uile 3 nóiméad!
Dar leis an staidéar, is dócha ná a mhalairt go mbeidh fadhbanna iompraíochta ag daltaí as a bheith ag caitheamh iomarca ama ar na suímh meán sóisialta seo. Ina theannta sin, chuile sheans go mbeidh siad níos tugtha d’iompraíocht atá uallach, trodach, and neamhshóisialta.
Is mór an baol freisin go mbeidh páistí faoi 13 mbliana d’aois níos tugtha do ráigeanna imní, dúlagair, fadhbanna codlata agus do thinneas goile.
Ar na 500 múinteoir a ndearna JCA pobalbreith orthu sa Bhreatain, tá a leath den tuairim go bhfuil an dúil mhór mhillteach atá ag na daltaí i suímh leithéidí Facebook, Twitter agus MySpace ag cur isteach ar a gcumas le díríu ar an obair sa seomra ranga. Maítear, os a choinne sin, nach mbíonn páistí a théann ar líne ar iompú boise ó thús deireadh an lae chomh toilteanach sin a bheith i dteaghmháil le daoine fásta. Agus chreid 58% de na múinteoirí seo gurb iad na gutháin phóca agus na ríomhairí is bun leis an iliomad fadhb litearthachta a bhíonn ag na páistí.
Ní dea-scéal sin don tír seo againne, áit a bhfuil, de réir taighde idirnáisiúnta, deacrachtaí litearthachta ag 25% de dhaoine fásta!
Ciarraíoch is ea Seosamh Ó Riain a rinne Córais Ríomhaireachta in Ollscoil Luimnigh agus Ard-Dioplóma san Aistriúchán in Ollscoil na hÉireann, Má Nuad ina dhiaidh sin.