CÚINNE NA nEALAÍON/AN RÓGAIRE DUBH
Leanann an nós úr an sean-nós
Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin Antaine Ó Faracháin

albam úrnua dar teideal Rógaire Dubh curtha amach ag Lorcán Mac Mathúna. Labhair Antaine Ó Faracháin leis an amhránaí óg ó Bhaile Átha Cliath faoin dlúthdhiosca, agus faoi na foinsí inspioráide atá aige.

Íomhá
Tá albam úrnua curtha amach ag Lorcán Mac Mathúna
Íomhá
Lorcán agus duine de na ceoltóirí ar an albam, Jane Hughes, i mbun taifeadta
Íomhá
Clúdach an albaim úir, An Rógaire Dubh.
Íomhá
An t-amhránaí Liam Ó Maonlaí

“...Tá mo stoca ‘s mo bhróg’ ag an rógaire dubh,

mo stoca ‘s mo bhróg’ ag an rógaire dubh,

Tá mo stoca ‘s mo bhróg’ ag an rógaire dubh,

Is mo naipicín póca le bliain ‘s an lá inniu....”

Antaine Ó Faracháin: A Lorcáin, inis dom i dtosach faoin albam nua seo.

Lorcán Mac Mathúna: Albam amhrán atá ann, ach b’fhéidir gurb é an difríocht idir an ceann seo agus stuif eile ná gur chuireas béim ollmhór ar an gceol atá sna hamhráin agus chóirigh mé iad le ceoltóirí breátha a bhí cruthaitheach agus sásta rudaí nuálaíocha a thriail.

AÓF: Céard atá ar an albam go díreach?

LMacM: Tá deich n-amhrán air, ocht gcinn acu atá réitithe le tionlacan ceoil. Ar ndóigh, fágann sé sin dhá cheann gan tionlacan: "An Buachaillín Bán" agus "Tuireamh Mhic Fhinín Duibh".

AÓF: Cé hiad na ceoltóirí atá ar an albam?

LMacM: An píobaire Mícheál Ó Briain, a sheinneann an fheadóg chomh maith ar an albam, Caoimhín Ó Raghallaigh ar an bhfidil, ar an bhfeadóg mhór agus an bhfeadóg stáin agus ar uirlis thaibhsiúil ón Iorua darb ainm an hardanger. Ina dteannta, tá Helen Lyons ar an gcruit, Conor Lyons ar an mbodhrán agus Jane Hughes ar an dordveidhil.

AÓF: Cá bhfuair tú na hamhráin atá ar an albam agus cá bhfaigheann tú do chuid amhrán de ghnáth?

LMacM: Gach amhrán ar chuir mé spéis ann, caithfidh mé rá gur tharla sé go tobann. D’airíos mothúchán éigin géar agus mé ag éisteacht le casadh faoi leith de. Gan eisceacht, b’in an spreagadh a bhí agam le gach amhrán atá agam a fhoghlaim. An t-amhrán "An Clár Bog Déil", cuir i gcás; is cuimhin liom go maith an lá a chualas é den chéad uair ag an bhfleadh i mBéal an Átha. Bhí fear darb ainm Mícheál Ó Seighin á chasadh i seomra lom, íseal, plódaithe, agus bhí gach éinne faoi gheasa beagnach ag an gceol agus ag an mothúchán a bhí á léiriú sa chasadh sin den amhrán. Chuaigh sé sin go mór i bhfeidhm orm.

AÓF: An mbíonn sé deacair ort amhrán a fhoghlaim?

LMacM: Uaireanta, agus bíonn cúiseanna difriúla leis sin. Uaireanta taitníonn leagan faoi leith go mór liom, ach nuair a dhéanaim iarracht é a chanadh ní oireann sé dom. Bíonn sé mar aidhm agam i gcónaí an mothúchán agus an tuiscint ar an gceol a d’aithin mé féin san amhrán a chothú i mo leagan féin.

AÓF: Tugaim faoi deara go bhfuil amhráin agat ar an albam i gcanúintí éagsúla. An bhfuil cúis ar leith leis sin? An mbíonn sé deacair iad a fhoghlaim?

LMacM: Is dócha go bhfuil fáil níos fairsinge ar amhráin de chuid na gceantar éagsúil anois ná mar a bhí, agus bím ag éisteacht le hamhránaithe iontacha ó chuile cheantar den tír, ní hamháin ón tréimhse seo, ach ón aimsir atá thart chomh maith má tá taifeadadh déanta díbh. Spreagtar mé chun amhrán a fhoghlaim ó bheith ag éisteacht leis an mothú, leis an mbrí, agus leis an gceangal atá idir scéal agus ceol an amhráin. Ní dóigh liom gur chóir do dhaoine a bheith cúthaileach maidir le hamhráin a fhoghlaim - scéal ár muintire atá iontu agus is linne ar fad iad.

AÓF: Tá cóiriú déanta ar chuid de na hamhráin ar an albam. Cén fáth ar shocraigh tú go gcuirfeá tionlacan leo? Cad as ar tháinig an cóiriú seo?

LMacM: Agus mé ag éisteacht le hamhrán, músclaíonn sé mothúchán faoi leith ionam ach tuigim nach mbíonn an tionchar céanna aige ar gach duine. Bhíos ag iarraidh an mothúchán agus an ceol sin a léiriú go soiléir do lucht éisteachta nua, daoine nár chuir suim sa sean-nós roimhe seo b’fhéidir, agus shocraigh mé go mba mhaith an rud é ceol a chur leis na hamhráin. Sin rud atá tábhachtach sa tionscadal seo: an ceol a sheinm gan é a bheith ag cur isteach ar an amhrán agus gan cruth na n-amhrán a aistriú leis na teicnící agus na modhanna tionlacain atá ar fáil anois. Bhí mé ag lorg ceoltóirí a bhí toilteanach agus ábalta an t-amhrán a sheinm agus nach mbeadh ag iarraidh é a cheansú.

AÓF: Cén t-amhrán is fearr leat féin ar an albam?

LMacM: "Johnny Seoighe", mar ceapaim gur léirigh Mícheál Ó Briain, an ceoltóir a sheinn liom, na mothúcháin cheannann chéanna a theastaigh uaim féin a chur in iúl. Is amhrán searbh feargach é agus tá sé sin an-soiléir ón leagan seo de.

AÓF: Níl aon amhrán Béarla ar an albam. An bhfuil cúis leis sin? An mbíonn tú ag canadh as Béarla ar chor ar bith?

LMacM: Níl agus ní bhím. D’éirigh mé aníos le hamhráin Ghaeilge.

AÓF: An bhfuil aon amhrán Béarla cloiste agat ba mhaith leat a fhoghlaim?

LMacM: Tá mé gafa ag cúpla ceann acu le déanaí, go háirithe amhráin an tuaiscirt - "Craigie Hill", mar shampla.

AÓF: Céard é an t-amhrán deireanach a d’fhoghlaim tú?

LMacM: "An raibh tú ar an gcarraig?"

AÓF: Cé a chuala tú á chasadh?

LMacM: Liam Ó Maonlaí.

AÓF: An ndearna tú iarracht amhráin a chumadh riamh?

LMacM: Ní dhearna.

AÓF: An bhfuil suíomh gréasáin agat? An féidir le daoine éisteacht le giotaí ó d’albam aon áit agus cén áit a bhfuil sé le ceannach?

LMacM: Tá suíomh agam a bhfuil fáil air ag www.lorcanmacmathuna.com. Níl sé go hiomlán réidh fós, áfach. Ach is féidir le daoine cuairt a thabhairt ar www.myspace.com/lorcanmacmathuna, áit ar féidir roinnt amhrán a chloisteáil. Tá an t-albam ar fáil sna siopaí agus ó Cheirníní Cladaigh (www.claddaghrecords.com).

Is féidir é a cheannach ar líne fosta ó www.cdworld.com, comhlacht atá lonnaithe i nDún Dealgan, agus ó www.cdbaby.com, comhlacht atá lonnaithe i Meiriceá. Is féidir sampla dhá nóiméad de gach amhrán ar an albam a chloisteáil ag www.cdbaby.com chomh maith.

Is amhránaí, ceoltóir, múinteoir agus fear spraoi é Antaine Ó Faracháin. Is as Baile Átha Cliath ó dhúchas* é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.