Sliocht as úrscéal nua le Joe Steve Ó Neachtain.
Bhí a fhios agam ón soicind a shiúil Éamonn a’ tSeoige isteach doras an Lodge nach síocháin a bheadh ina chuideachta. Fios ag madraí an bhaile go raibh an ghráin shaolach ag na Seoigigh ar Bhairéadaigh an Lodge. Iad in árach a chéile ó tháinig cuimhne dom. A gclann mhac ní ba nimheanta in éadan a chéile ná mar a bhí a gcuid aithreacha, cé go raibh a gcuid aighnis ligthe i ndearmad le himeacht aimsire ó thréig na Seoigigh an ceantar tar éis bhás tragóideach an tSean-Seoigigh.
Ón dlí a rith Éamonn. Smidiríní a dhéanamh d’fhuinneoga an Lodge le cith cloch a rinne sé sul má theith sé. Ní raibh a fhios an beo nó marbh é nó gur shiúil sé isteach an doras chomh teanntásach le ruifíneach a mbeadh an braon éirithe sa gcírín aige. Ní bheadh doicheall ar bith agam roimhe murach an áit a raibh muid. Ramhraigh an t-aer le teannas ar an bpointe boise. Éamonn ag siúl i dtreo an chuntair chomh dúshlánach is dá mba leis an áit. Chonaic mé an colg ag géarú i súile na mBairéadach, chomh follasach leis an bhfionnach ag seasamh ar mhada oilbhéasach gan ag teastáil ach aithne na díchéille lena gcur ag pléatáil a chéile. Mhothaigh mé an teannas ag tabhairt fuarallais amach trí mo bhaithis. Fáilte an deamhain is an diabhail romhat, ar fhaitíos nach raibh ár ndóthain teannais againn do d’uireasa, a smaoinigh mé go bréan dom féin. Cén bhrí ach gur dhóbair mé féin agus mo bhean chéile bheith bailithe linn abhaile leathuair roimhe sin. Thob ann agus thob as againn ár ndeoch a thaoscadh agus éalú linn ach gan é de mhuineál againn cuid suntais a dhéanamh dínn féin ó b’annamh linn corraí amach.
Dá mbeadh breith ar m’aiféala agam ba chois na tine sa mbaile a bheadh muid ag ól dí mar nach cúpla cois cuntair muid mura gcuirfeadh ócáid éigin de dhualgas orainn é. Orm féin a bhí an milleán nár fhág ar a sáimhín só í. Gan mac an éin bheo ag cur isteach ar cheachtar againn ach ag goradh ár mbonnachaí os comhair gríosach bhreá chlochmhóna agus chaon duine againn bíogtha ag an gclár teilifíse a bhí ag ceiliúradh Oíche Chinn Bliana na mílaoise ar fud an domhain. Ní dea-phaidir a chuir mé i ndiaidh an fhóin nuair a thosaigh sé ag glaoch go mífhoighdeach. Ise a d’fhreagraíodh go hiondúil ach ba mise a d’éirigh an geábh seo ó tharla go raibh sé ar dheis mo láimhe.
’Hello.’
’It’s David.’
’David?’
’Yes, David Jennings.’
’Good Lord, Dave Jennings? Where the hell are you ringing from?’
’From home - New Zealand.’
Ní raibh gaol ná dáimh againn leis ach gur fhan sé féin agus a bhean ar lóistín againn nuair a thosaigh muid ar an Leaba agus Bricfeasta i dtús ama agus go mba linn uilig iad as sin amach.
’It’s nice to hear from you, Dave. How’s Jennifer?’
’Fine, right here beside me. We wanted to wish yourself and Susan a Happy New Millennium.’
’The same to both of you. Another two hours, Dave, until the year 2000.’
’Two hours? We are six hours into the New Year and still celebrating.’
’That’s right, we saw that on T.V.’
’The whole world is celebrating. Hi, when are you and Susan coming over to visit us?’
’Ha, ha - when we win the Lotto, I suppose.’
’You know you are welcome here. We would love to have you.’
’Thanks for the offer.’
’Make that your New Year’s Resolution, a trip to New Zealand.’
’Some time, Dave. Some time, but not yet.’
’What are you waiting for? You have your children reared now. Are they there with you?’
’No, they were here for Christmas, but they’ve gone back. There is only the two of us here.’
’Well, we wish you a Happy New Year.’
’The same to you, and thanks for ringing.’
’My pleasure. It’s always a pleasure to talk to good friends. Get out and celebrate.’
Diabhal a fhios agam nach fíor dó é, a deirimse.
‘Téana ort is ólfaidh muid deoch sa Lodge ós í Oíche Chinn Bliana í.’Choinnigh an compord í sa gcruth ina raibh sí, a súile ag tuineadh le cinneadh ciallmhar.
‘Gabh i leith uait,’ a deirimse, ag éirí i mo sheasamh. ‘Tá an domhan is a mháthair ag ceiliúradh na Mílaoise is muide ag suí ar ár dtóin. Éirigh, ó d’fhág Dia an tsláinte againn.’
Drogallach go maith a chuir sí fúithi na cosa.
‘Déanfaidh tú píosa comhrá le Helen. Is mór an t-ardú croí é éirí amach corruair.’
‘Caithfidh mé éadach a athrú.’
‘Tá tú sách feistithe ar scáth a dhul soir chomh fada leis an Lodge. Cuir ort do chóta os cionn a bhfuil ort.’
Ach bhí fiche nóiméad caite ag tornáil an urláir agam sul má shiúil sí amach as an seomra chomh pioctha le cat siopa.
‘Beidh muid sa mbaile arís roimh mheán oíche. Beidh na gasúir ag glaoch ar an bhfón agus ba mhaith liom glaoch ar Mhaim.’
‘Mar a thograíos tú féin anois, adeirimse. Diabhal fonn amach ormsa ach oiread leatsa, murach an oíche atá ann.’
Bhí an t-éirí amach tar éis an bheirt againn a ghríosadh chun siamsaíochta agus muid ag dréim le fáilte lúcháireach Helen nuair a d’oscail mé isteach an doras. Amach arís a chúlódh an bheirt againn murach na trí phéire súl a d’aimsigh ar an toirt muid. An mharbhlann féin, ní bheadh chomh ciúin. ‘Tub’ atá básaithe, an chéad smaoineamh a thiocfadh trí m’intinn murach gurbh é ab fheiceálaí den triúr, ina shuí ag bord i gcoirnéal. Scéin ina dhá shúil a bhí ag cur cuma an diabhail air. Ba dheacair liom amharc mo shúl a chreidiúint mar go raibh sé socraithe i m’intinn agam nach bhfeicfí sa Lodge arís go brách é ó d’éirigh le Helen is le Dónal a theacht ar shocrú leis agus é a ruaigeadh isteach i dteach banaltrais as a mbealach. Ba é béal Helen féin a chuala mé á rá, istigh ar an teallach againn. Na deora léi le teann ríméid go mbeadh saoirse aici féin is ag Dónal ón réimeas brúidiúil is ón teanga gháirsiúil a bhí mar spré acu ón lá a phós siad. Anoir chugainne a thagadh Helen ar thóir sóláis. Bhí chuile scéal roinnte aici féin is ag Susan lena chéile. Iad fós ag mothú beagán strainséartha lena rún a ligean le muintir na háite. Bhí rudaí cloiste agamsa ar an teallach nach sceithfinn le Dia ná le duine. B’in é an fáth gur chuir sé oiread déistine orm nuair a chonaic mé romham ina amhasóir é mar bheadh sé tagtha as Ifreann chun ceiliúradh na mílaoise a chur ó rath. Brúisc de bhean óigeanta lena thaobh nár aithin mé ar an gcéad amharc, í ramhar otair ag breathnú.
Thóg sí a súile díom ar an toirt. Oilbhéas ag bruith ina leicne dearga mar a bheadh sí tar éis a bheith ag ropaireacht ... Oh Jays… Ba í Connie í. Iníon ‘Tub’ - an t-aon iníon a bhí aige - bhuel, go hoifigiúil ar aon nós. Bean nach bhfaca muid sa gcomharsanacht le hachar aimsire, deich mbliana ar a laghad. Bhí sí tite i lúta chomh mór is go raibh sí tar éis dul ó aithne orm. Lámh a chroitheadh leis an mbeirt acu agus fáilte nach dtiocfadh ó mo chroí a chur abhaile rompu an chéad mhaith a dhéanfainn, ach ghoin m’aire mé. Bhí Susan tar éis breith ar uillinn orm do mo stiúradh go discréideach go dtí coirnéal neodrach. Níor bhain sí cóta ar bith di agus d’aithin mé gur cuairt ghearr ghairid a bhí ann sa mbealach a leag sí a cairín ar an gcathaoir.
‘Céard a ólfas tú?’ a deirimse, agus fios maith agam gur gloine d’fhíon dearg a thaitníodh léi. Tá boladh achrainn san áit seo, a sméid sí ar ais orm le caochadh dá súil. Ní raibh dé ná deatach ar Helen. Dónal ina mhúta ar chúl an chuntair, áit nach bhfaca mé riamh cheana é.
‘Pionta agus gloine d’fhíon dearg, a Dhónail, más é do thoil é.’
Chas sé mar a dhéanfadh fear a mbeadh néal air gan sea ná ní hea a rá, gan breathnú díreach orm. Líon sé an pionta gan gleo gan torann ach rinne sé cartadh ar thóir an fhíona, gan a fhios aige beirthe ná beo cá n-aimseodh sé é agus leisce orm a bheith rótheanntásach, nó go mb’éigean dom faoi dheireadh é.
‘An buidéilín beag ar an tseilf láir, a Dhónail.’ Mar a bheinn ag caint le balbhán. Breith air agus é a leagan os mo chomhair gan aon athrú a theacht ina dhreach. Nóta deich bpunt a bhí i mo láimh agam.
‘Cé mhéid é sin?’
A bhos a chrochadh os mo chomhair agus casadh uaim a rinne sé mar chomhartha nach nglacfadh sé tada. Theastaigh uaim ‘Go raibh míle maith agat’ agus ‘Bliain Nua Mhaith daoibh agus go mb’fhearr a bheas sibh i gceann bliana’ agus go leor eile a rá, ach mhothaigh mé nach mba thráth cainte é. Bhí tubaiste de chineál éigin ag cothú teannais sa gciúnas. B’in é an uair a smaoinigh mé nár sheas Helen istigh ar an urlár againn i gcaitheamh na Nollag ná i bhfad roimhe sin dá mbeinn in ann mo chuimhne a thabhairt chun cruinnis.
Ar bharr mo chos a shiúil mé ar ais chuig Sue. Focal níor tháinig as a béal siúd ach oiread, ná cor níor bhain sí as a leiceann ach a súile ag tabhairt sciuirde timpeall ó dhuine go duine nó gur chaith sí fuíoll a hamhairc i dtreo na bhflaitheas nuair a d’aimsigh muid amharc a chéile...? Ceathrú uaire, cheapfainn, nó b’fhéidir níos faide a mhair an ciúnas, muid ag seachaint na sclogaíola a dhéanann deoch i bpíobán chomh maith is a d’fhéad muid. Cúrsa spioradálta a chuir sé i gcuimhne dom, cé gur bheag é m’eolas ina thaobh.
Thuig muid féin a chéile, chaon duine againn ag déanamh ár mbarainne ar an mí-ádh a chorraigh amach as ár nead te teolaí féin muid. Bhí sé chomh soiléir le solas an lae anois nach raibh aon charr eile sa gcarrchlós, pé brí cén fáth nár bhain mé meabhair as sul má shiúil mé isteach i ndiaidh mo mhullaigh. Imithe isteach go dtí Baile Mór na Gaillimhe, san áit a raibh soilse ceiliúrtha na Mílaoise ag pléascadh go caithréimeach in ard na spéire a bhí cuid de na daoine. Bheadh a fhios ag chuile dhuine sa gceantar gur ciúin onórach a bheadh an ceiliúradh sa Lodge ach ó tharla nach raibh aon teach ósta eile i bhfoisceacht deich míle dínn, shíl mé go mbeadh cúpla seanriadaire eile cosúil linn féin ag triall air. Smaoinigh mé ar Phurgadóir, ach mheas mé go bhféadfá osna a ligean i bPurgadóir. Thug racht casachta a bhuail ‘Tub’ as beophian muid. Faoiseamh as torann de chineál éigin a chloisteáil. Faoiseamh nár mhair i bhfad. Bhí dearmad déanta aige go raibh muid i láthair, de réir cosúlachta. Cársán na haoise ag cur stad ina chuid cainte. É ag grúscán leis féin go friochanta nó gur chroith sé a dhorn go bagrach i dtreo Dhónail, ag maíomh go borb gurbh é féin an t-úinéir agus go gcaoinfidís an lá a ruaig siad as seilbh é.
‘Sssssh,’ adeir Connie, ag iarraidh a bheith ag ceilt an easaontais orainn ach bhí sé chomh maith di bheith ag iarraidh suaimhneas a chur sa ngaoth.
Scanraigh mé gur amach thar chuntar le cnagaide a thabhairt dó a bhí Dónal ag teacht. An teilifís a chasadh air a rinne sé agus é a chasadh suas chomh hard is gur phlúch sé caint an athar. Níorbh fhearr linne rud dá ndearna sé. Faoiseamh a bhí ann. An chuid ba lú den chaint ag an tráth sin ba í an chuid ab fhearr linn í. Le sonc de m’uillinn a chuir mé in iúl do Susan go n-ólfadh muid deoch amháin eile go sciobtha tar éis thob ann agus thob as a bheith againn éirí agus imeacht nuair a d’fholmhódh muid an chéad cheann.
‘Pionta eile agus gloine fíona, a Dhónail, agus bíodh deoch agat féin an babhta seo.’
Bhrúigh mé an nóta deich bpunt ina threo, ach bhrúigh sé ar ais chugam in éineacht leis an dá dheoch é.
‘Ah, Jays no, tóg an t-airgead, a Dhónail.’
Amach thar mo ghualainn a bhí sé ag breathnú. An fhuil a bhí ag coipeadh ina ghrua ag tabhairt dath geal air, fuath agus fearg ag géarú a dhá shúil mar a bheadh dhá mheana ag tolladh duine éigin ar mo chúl. Bhí torann an dorais cloiste agam agus chas mé timpeall de gheit ar fhaitíos gurbh é an taibhse a bhí feicthe aige.
‘Ó, Íosa Críost,’ a sciorr ina geoin fhaiteach faoi m’anáil agus meall doichill ag at i mo chliabhrach. Thug mé súil chráite i dtreo Susan ar thóir fóirithinte ón ngéibheann ach ba léir go mb’fhearr léise freisin dá slogfadh an talamh í nuair a shiúil Éamonn a’ tSeoige isteach an doras chomh dána le buachaill bó nó buachaill báire.
Bhuaigh an saothar as ar tógadh an sliocht thuas, *Lámh Láidir, Gradam Litríochta Chló Iar-Chonnachta 2002 agus duais €6,350. Foilseoidh Cló Iar-Chonnachta an t-úrscéal iomlán amach anseo.*
As an gCré Dubh sa Spidéal i gCo. na Gaillimhe é Joe Steve Ó Neachtain. Tá geamaireachtaí agus drámaí scríofa aige, amhráin agus filíocht, scripteanna agus sceitseanna, agallaimh bheirte agus lúibíní chomh maith lena shaothar do pháistí agus do dhéagóirí. Tá aithne air ar fud na tíre mar aisteoir, ach go háirithe as a pháirt mar Pheadar i Ros na Rún.