CÚRSAÍ TEICNEOLAÍOCHTA
Lá Dár Saol É
Roseanne Smith Roseanne Smith Roseanne Smith

Réitigh i gceart is ní bheidh mífhoighid ar ghasúir ná ar dhuine ar bith. Tá comhairle ar theicneolaíocht na saoire le roinnt ag Roseanne Smith.

Íomhá
Les Sables d'Olonne
(le Christophe Alary ar Flickr)
Íomhá
Port Olona, Les Sables d'Olonne
(le Annie Dalbera ar Flickr)
Íomhá
Sa bhaile, Brú Globetrotters i mBÁC
(le Tas Michaelidis ar Picasaweb)
Íomhá
Brú i mBÁC
(le Ethan Anderson ar Picasaweb)

Is mé ag ullmhú do mo shos bliaintúil ón teicneolaíocht, casadh m’intinn ar cheist laethanta saoire agus ar an tionchar atá ag an teicneolaíocht orthu. Dá mbeinn ag áiteamh ar son an teicneolaíocht a úsáid ar saoire, cé na deiseanna teicneolaíochta nár chóir a fhágáil i do dhiaidh sa bhaile?

Ach roimh imeacht as an teach fiú amháin, is dócha ceann de na hathruithe is mó atá ann ná an méid réamheolais is féidir linn a bhailiú ónár dtolg féin. Ní hamháin gur féidir linn cuardach a dhéanamh chun eolas oifigiúil a fháil ar cheantar ar leith ach is féidir linn eolas a fháil ónár líonraí sóisialta féin agus ó ghnáthdhaoine a thug aghaidh ar na háiteanna céanna. Ní hiad na bialanna is fearr amháin, ach cá bhfuil an tseirbhís is fearr ó thaobh clainne, atmaisféar, fáilte an úinéara in ionad roinnt an eolais ó thaobh an bhia amháin. Le Google ar ár dtoil againn is féidir linn cuardach a dhéanamh ní hamháin ar ‘Sables d’Olonne’ ach ar ‘What to avoid in Sables d’Olonne’ nó ar an ‘Best ice-cream in Sables d’Olonne’ (Tomhais anois cá mbeidh mo thriall ar saoire...!) Agus ar bhrú cnaipe is féidir teacht ar léirmheasanna, grianghrafanna, sainsuíomhanna, blagmhíreanna agus ar eolas beo go deimhin trí Twitter, Flickr, Instagram, Facebook agus a leithéid eile.

Ní hé Nipper 2.0 amháin atá ag comhaireamh na laethanta idir seo agus ár n-imeacht ar saoire. Caitheann a athair (m’fhear chéile) 10 nóiméad chuile oíche ag breathnú is ag léamh tuairiscí aimsire inár gceannscríbe. Tá neart suíomhanna agus feidhmchláiríní a chuireann an t-eolas seo ar siúl ach is fiú go mór Weatherpro a chuireann feidhmchláiríní ar fáil do iOs, Android, Blackberry, WIndowsPhone agus Nokia agus go dtí seo, bíonn an réamhaisnéis uaidh ceart níos minicí ná a mhalairt. Cuirtear neart eolais ar fáil, ní hamháin faoin teocht, ach faoin ngaoth, bogthaise, uaireanta gréine agus neart eile. Tá sé an-chuimsitheach agus soláthraíonn sé gach eolas i gcóir níos mó ná dhá mhilliún ionad ar domhan.

Buntáiste Fograíochta

baint mhór ag an idirlíon freisin, gan amhras, leis an ísliú i gcostais taistil agus lóistín. Nuair nach mbíonn gníomhaire taistil sa mheá, is féidir linn costas a ghearradh más mian linn. Is féidir leis na comhlachtaí taistil na coigilitis chéanna a dhéanamh freisin. Ach ní hiad na gníomhairí amháin atá gearrtha amach: níl an costas céanna ag baint le fógraíocht ar an idirlíon ach oiread, go háirithe nuair a bhíonn cuardach chomh sainithe á dhéanamh ag taistealaí.

Ceann de na comhlachtaí teicneolaíochta is ráthúla sa tír seo ná Web Reservations International. Iadsan a chruthaigh Hostelworld agus a thuig go luath an dlúthbhaint atá ag caitheamh airgid le barrfheabhas inneall cuardaigh agus le fógraíocht sin íoc na cliceála (PPC). Má íocann tusa 20c féin ar an gcliceáil, agus má íocann an custaiméar €2 ar an leaba sa bhrú, tá brabas déanta agat ón bhfógraíocht sin. Is minice le cúrsaí taistil go mbíonn toradh dearfach ar chuardach ná a mhalairt.

Má dhéantar cuardach ar bhrú i mBarcelona mar shampla, tá seans maith go mbeidh na torthaí gar don rud atá de dhíth nó is cur amú ama is airgid don bhrú é. Má tá na brúanna ar fad i mBarcelona líostaithe ar do shuíomh, tá seans níos fearr go bhfaighfidh tú fiúntas do chuid airgid ar PPC.

Rud atá blaisín beag seanaimseartha anois ná an cárta poist. Go pearsanta, is annamh a sheolaim iad, ach cúpla bliain ó shin cruthaigh Barry’s Tea feidhmchláirín beag iPhone mar chuid dá feachtas “Golden Moments”. Ligfidh an feidhmchláirín seo duit grianghraf a tharraingt, nóta a chur leis agus é a sheoladh abhaile go Mamaí nó cibé áit ar bith is mian leat. Ar ndóigh tá lipéad Barry’s Tea air ach chuirfinn suas le sin ar son cárta poist uathúil. Measc le feidhmcláirín cosúil le FrametasticCamera+ agus beidh tú i do John Hinde ceart cruthanta! John Hinde Collection

Agus ar ndóigh tugaim píosa taecneolaíochta eile ar saoire liom i gcónaí - mo mhálaí tae. Éireannach go lár mo chroí! Is fiú breathnú ar Postagram AppPostcard on the Run más fearr leat feidhmchláirín a úsáid gan meirge comhlachta ar an gcárta poist.

Áis don Uile Ní

I mo mhála nó ar m’uirlisí iOS i mbliana don tsaoire, beidh Kindle - an-áisiúil leis an srian ar bhagáiste na laethanta seo agus más léitheoir mór thú. Go háirithe na leabhair ficsean eolaíochta sin - a thiarcais, nach iad atá mór! Is fiú freisin an feidmhchláirín iOS, go háirithe má bhíonn tú ag campáil mar beidh tú in ann léamh, ar neamhcead don dorchadas fiú amháin. Níl, ar ndóigh, fiúntas ar bith leis an áis iOS faoi sholas na gréine! B’fhéidir go n-oirfeadh Audible.com níos fearr do chách. Seo seirbhís chlosleabhair ó Amazon. Tharla feidhmchláirín ar fáil uathu don iOS, Android agus don Blackberry, ní bheidh ort oiread is leathanach a chasadh arís go brách!

Beimid ag tabhairt GPS linn freisin - éiríonn go geal liom gan an uirlis seo in Éirinn tharla go bhfuil tíreolaíocht na tíre seo ar mo thoil agam. Ach má bhíonn triúr gasúir óga sa charr atá ar bís faoin ionad campála/ cladaigh/ páirc súgartha, níor chóir bomaite breise a chaitheamh thar mar is gá sa charr. Mar sin cabhraíonn uirlis GPS leat do bhealach a rianadh gan stró. Agus fiú más fearr leat a bheith caillte “there’s an app for that” Ligeann Drift duit siúlóid a ghlacadh agus taifead a chruthú is a roinnt de do chomharsanacht féin. Broken City Lab

Ach céard faoi saoire fíornua-aimseartha? Saoire sa todhchaí? Cinnte, ní hé go bhfuilim tar éis teacht ar sheirbhís amthaistil, ach tá comhlachtaí ann atá ag cur saoire spáis ar fáil. Má tá $150m agus bliain le spáráil agat céard eile a dhéanfá? Space Adventures

Excalibur Almaz

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.