AGALLAMH BEO
Kevin Myers
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Tá Kevin Myers ar dhuine de na hiriseoirí is mó a bhfuil aithne air in Éirinn. Is minic an chonspóid sna sála air mar go gcuireann sé i gcoinne an chomhdhearcaidh ar réimse leathan ábhar. Ach i gcodarsnacht lom lena phrós géar, is duine gleoite é nach bhféadfá gan dúil a chur ann, mar a tharla do Chaoimhe Ní Laighin nuair a bhuail sí leis le gairid.

Íomhá
Íomhá
D'fhreastail Myers ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath sna seascaidí
Íomhá
Íomhá
Bhí baint ag Myers le cainteanna a shocrú idir poblachtánaigh agus an UVF
Íomhá
Joe Duffy: rinneadh alt Myers a cháineadh ar a chlár siúd, "Liveline", agus cláracha eile raidió
Íomhá
Is fada Myers agus Michael D. Higgins in adharca a chéile mar gheall ar cheist na hinimirce
Íomhá
Tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste do James Connolly
Íomhá
Táthar ag tuar go dtiocfaidh méadú mór ar dhaonra na Breataine
Íomhá
Ní shíleann Myers go bhfuil sé d'acmhainn ag mná strainséirí a shabháil
Íomhá
Bhí údar cogaíochta ag an ANC, dar le Myers

Is beag duine in Éirinn nach mbeadh trácht cloiste aige ar an iriseoir míchlúiteach Kevin Myers. Colúnaí bisiúil atá ann a bhfuil cáil bainte amach aige de thoradh a phróis ghéir, agus tá suas le ceathrú milliún focal den phrós sin á bhfoilsiú go bliantúil i nuachtáin náisiúnta na tíre ó bhí 1981 ann. Le linn dó a bheith ag scríobh a cholúin laethúil, “An Irishman’s Diary”, don Irish Times spreag altanna Myers níos mó litreacha chuig an eagarthóir ná altanna a chomhghleacaithe uilig le chéile. D’fhág sé an Times anuraidhi gcúinsí nach bhféadfaí cur síos orthu mar scaradh na gcarad – agus tá sé anois ag scríobh don Irish Independent.D’fhéadfaí a rá go mbraitheann Éireannaigh go bhfuil aithne acu ar Myers. Bíonn a thuairimí – a ndéanfadh cuid mhór daoine cur síos orthu mar sheasaimh nimhneacha – os ár gcomhair de shíor. Is aoi dofheicthe é ag ár gcóisirí dinnéir, a mbíonn a chuid tuairimí á bplé go fíochmhar inár measc. Is duine é ar breá linn fuath a bheith againn dó.Dealraíonn sé go mbaineann Myers spórt as “ba naofa” na hÉireann a mharú – an Ghaeilge ina measc – agus déanann sé a dhícheall i gcónaí snámh i gcoinne an easa. Cuireann sé in aghaidh chomhdhearcadh na coitiantachta agus i gcoinne dioscúrsa atá san fhaisean. Bhuail mé leis le gairid ina theach álainn cuibhiúil i gContae Chill Dara, áit ar chuir sé fáilte mhór romham. Ach chuir rud amháin díomá orm. Thaitin sé liom. Go mór.


Rugadh Myers in Leicester Shasana i 1947 ach b’Éireannaigh iad a thuismitheoirí. Tháinig sé go hÉirinn agus é ocht mbliana déag d’aois de bhrí nár éirigh leis áit a ghnóthú in aon ollscoil sa Bhreatain. Chuaigh bás a athar i bhfeidhm air “go leibhéal tubaisteach” agus é ar scoil, agus thosaigh a thorthaí ag dul in olcas dá bharr. “Bhí an t-ádh liom nach raibh cuóta na mac léinn eachtrannach líonta sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus d’éirigh liom áit a fháil ansin.” Bronnadh céim céad onóracha sa stair air trí bliana ina dhiaidh sin.

“Nuair a tháinig mé go hÉirinn i dtosach, bhí uaigneas orm. Níor thaitin mé le daoine agus bhí neart cliques in UCD. Bhraith daoine go raibh pearsantacht ait agam agus níor thaitin mo bhlas aisteach leo ach an oiread.

Leftie amach is amach a bhí ionam. Níor smaoinigh mé riamh na laethanta sin ar cén ghairm bheatha ar mhaith liom tabhairt fúithi. Is dócha go raibh mé i gcoinne ‘nóisean na gairme’ ar bhonn idé-eolaíoch mar gur bhain mé go láidir le polaitíocht na heite clé – creid é nó ná creid!”Is dócha, mar sin, go n-aontódh Myers le ráiteas cáiliúil Winston Churchill: “If a man is not a socialist by the time he is 20, he has no heart. If he is not a conservative by the time he is 40, he has no brain.”Cogaíocht

Seans maith go síleann go leor daoine faoi thríocha bliain d’aois nach bhfuil in Myers ach colúnaí deisbhéalach a raibh post bog sábháilte aige leis an Irish Times ar feadh na mblianta. Caithfidh mé a admháil go mbeinnse féin den tuairim sin mura mbeadh a leabhar, Watching the Door, léite agam.Tá a thuairimí maidir le coimhlintí éagsúla agus maidir le huafás na cogaíochta bunaithe ar thaithí phearsanta. Chaith sé tréimhsí ag tuairisciú ó ionaid choinbhleachta i rith chogadh cathartha na Liobáine sna hochtóidí agus sa Bhoisnia le linn na nóchaidí. Ba é an tréimhse ab fhaide a bhí sé ar láthair chogaíochta faoi leith ná na blianta a chaith sé i mBéal Feirste, 1971 go 1978, agus tuairisciú á déanamh aige ar na Trioblóidí mar iriseoir de chuid RTÉ i dtosach, agus ní ba dhéanaí mar fhostaí de chuid an Observer agus NBC.

Leabhar cumhachtach atá sa saothar Watching the Door, ar cuimhní cinn ar a bhlianta i mBéal Feirste é. Foilsíodh anuraidh é agus scríobh léirmheastóirí, cuid acu nach n-aontódh lena dhearcadh polaitiúil in aon chor, léirmheasanna an-dearfacha mar gheall air. Sampla dá leithéid é an ceann a scríobh Pat McArt, eagarthóir The Derry Journal, ar an leabhar:

Kevin Myers is just about everything a nationalist detests ... Therefore, I had little doubt that his story of his years covering the Troubles in Belfast would confirm all my prejudices. So hands up - I was wrong! [It] is not only a very honest personal account of his life in Belfast, it is also - despite Myers’ breezy writing style - a very dark story about an awful time in our history.

“Caithfidh mé a rá gur éirigh mé mothúchánach agus mé ag labhairt le hiriseoirí eile mar gheall ar an leabhar. Próiseas mothúchánach a bhí i gceist agus mé á scríobh, go cinnte. Bhí dlúthbhaint agam le formhór na maruithe a ndearna mé cur síos orthu sa leabhar – bhí mé ag scríobh faoi íospartaigh a raibh mé cairdiúil leo, a ndearna mé tuairisciú ar a ndúnmharú nó a raibh mé i láthair ag a sochraid.“An rud nach féidir liom a réiteach i m’intinn go fóill ná an dóigh a ndeachaigh teaghlaigh na n-íospartach as radharc. Níl áit ar bith tugtha dóibh sa stair. Agus dealraíonn sé anois go ndéanann muid na marfóirí ba chúis le hanró na dteaghlach sin a cheiliúradh. Ní fheictear dom go bhfuil sé cuí nó ceart cumhacht a bhronnadh ar leithéidí Shinn Féin/IRA mar dhuais.”Aon uair a luann Myers Sinn Féin i rith an agallaimh, nascann sé an IRA leo - rud a thugann le fios go soiléir cén dearcadh atá aige ina leith.Chonaic Myers rudaí i mBéal Feirste a fhanfaidh leis go deo.“Bhí mé i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite agus chonaic mé bean ag rith trasna líne Luas. Chuaigh sí sa seans agus is ar éigean a tháinig sí slán. Ach caithfidh mé a admháil,” a deir sé agus a ghuth ag briseadh air, “nach raibh mé buartha fúithi. An t-aon rud a rith liom ná ‘ní féidir liom breathnú ar chorp eile. Ní féidir liom.’”Cé go ndeachaigh Myers go Béal Feirste mar iriseoir, bhí ról aisteach aige agus é ó thuaidh. Bhí dlúthbhaint aige le muintir Bhéal Feirste agus bhí sé ar nós gníomhaire faoi cheilt, ach amháin nach raibh sé ag obair d’aon ghrúpa míleata nó paraimíleata. Chuir sé mearbhall ar chuile dhuine – ní raibh daoine cinnte cé acu ar spiaire de chuid Arm na Breataine é, nó an raibh sé ag obair do na Sealadaigh.

Ach ní dóigh liom go raibh sé ríshoiléir dó féin céard a bhí mar aidhm aige, nó céard a theastaigh uaidh a bhaint amach. Bhraith mé, ón leabhar, gur bhain sé taitneamh as dlúthchaidrimh a chothú le muintir Bhéal Feirste, agus gur thaitin sé leis go mbíodh sé i lár an aonaigh in amanna. Mar shampla, bhí baint aige le sraith cainteanna a shocrú, idir an UVF agus an IRA Oifigiúil i dtosach, agus idir an UVF agus na Sealadaigh ní ba dhéanaí. “Bhraith mé go hiontach aimsir na gcainteanna sin. Sea, d’fhéadfá a rá gur bhraith mé tábhachtach. Tá rud iontach domhain i sícé na bhfear. Téann siad sa tóir ar chontúirt, agus taitníonn aon ghníomhaíocht leo a bhfuil baint aici le téististéarón – bíodh sé gnéasbagairt ar shaol.”

MoBsCaithfidh gur chúiteamh é an moladh a fuair Myers as Watching the Door in 2006 ar an annus horribilis a bhí aige in 2005. Ar 8 Feabhra na bliana sin, scríobh sé alt a tharraing clampar sna meáin chumarsáide agus i gcroí agus aigne mhuintir na tíre.Seans go gcuirfidh na focail thíos an eachtra i gcuimhne daoibh:

“how many girls...consciously embark upon a career of mothering bastards because it seems a good way of getting money and accommodation from the State? Ah. You didn’t like the term bastard? No, I didn’t think you would.....Mob members usually have stressed-out MoBs for mothers, and absent FoBs for dads”

“Roghnaigh mé an focal ‘bastard’ mar gur bhraith mé gur acrainm maith néata a bhí in ‘MoB’ – i.e. ‘mothers of bastards’.“Úsáideann iriseoirí na seifteanna seo go minic. Uaireanta, ní éiríonn leo. Sa chás áirithe seo, theip go tubaisteach ar m’acrainm-se. Bhí aiféala an domhain orm gur ghortaigh mé daoine leochaileacha. Bhí fochialla uafásacha ag baint leis an bhfocal ‘bastard’, go háirithe do mhná ar rugadh páistí dóibh sna Tithe Níocháin Maigdiléanacha. Tuigim go maith go bhfuil cumhacht agam sa tsochaí. Agus

measaim gurb é an rud is déistiní is féidir le duine a bhfuil cumhacht aige a dhéanamh ná mí-úsáid a bhaint as a stádas. Rinne mise amhlaidh, agus is cúis náire dom é.”

Cáineadh an t-alt go láidir sna nuachtáin agus ar chláracha raidió Pat Kenny, Vincent Brown agus Joe Duffy ar RTÉ. Bhí an scéal mar phríomh-mhír nuachta ar an teilifís agus ar an raidió lá i ndiaidh fhoilsiú an ailt.

Níl cuntas iomlán tugtha ag Myers ar an taifead go dtí seo ar an tslí a ndeachaigh an eachtra i bhfeidhm air agus cé go n-aithníonn sé go raibh an locht air féin go príomha, ní raibh cuid de na nithe a thit amach tar éis fhoilsiú an ailt tuillte aige, dar leis féin.“Bhí mé i mbialann áitiúil cúpla lá i ndiaidh bhriseadh an scéil agus fuair mé glaoch anaithnid.Bang Bang – you’re a dead mad Kevin’, a dúirt an duine ar an líne liom. D’fhág mé an áit agus bhí an teachtaireachtWho’s the bastard now?’ scríofa i salachar ar fhuinneog mo ghluaisteáin. B’éigean dúinn Gardaí faoi airm a bheith againn sa teach ar feadh cúpla oíche.”Cé go maíonn Myers nach mbraitheann sé “searbhas ar bith” mar gheall ar an eachtra anois de bhrí gur “mothúchán amaideach í an tseirbhe”, is léir óna chuid cainte nach bhfuil sin go huile is go hiomlán fíor.“Bhí anacair as cuimse ag baint leis an tréimhse sin ó mo thaobhsa de. Bhraith mé go mór faoi ionsaíní hamháin mar gheall ar na bagairtí báis a fuair mé, ach mar gheall ar gur bhraith mé gur loic m’fhoireann eagarthóireachta orm go huile is go hiomlán. Ní raibh siad sásta tacaíocht ar bith a chur ar fáil dom, cé nár luaigh siad sular cuireadh an t-alt i gcló go mb’fhéidir go mbeadh sé conspóideachníorbh é sin an t-aiseolas a fuair mé uathu tar éis dóibh an t-alt a léamh. Níor tugadh aon rabhadh dom agus tháinig casaoid an phobail aniar aduaidh orm. Síleadh i dtosach gur gnáthalt a bheadh ann, a mheallfadh litir ghearáin nó dhó. Bhraith mé ar an imeall i rith na tréimhse sin, i bhfírinne.

“Ní dhearna an nuachtán aon rud le mé a chosaint. Thug mé dílseacht don Irish Times ar feadh na mblianta. Ba bheag nach bhfuair mé bás agus mé sa Bhoisnia

ag tuairisciú ar an gcogadh thall ar a son. Agus níor fhág mé an nuachtán nuair a bhí trioblóidí airgeadais acu ceithre bliana ó shin in ainneoin go rachadh sé go mór chun sochair dom ó thaobh airgid de dá bhfágfainn mar go raibh tairiscintí fiala faighte agam ó nuachtáin eile.”Is léir go ndeachaigh an eachtra go mór i bhfeidhm air – bhí sé uaigneach agus bhraith sé go raibh sé fágtha ar an trá fholamh ag an Irish Times. Tháinig an crú ar an tairne i mí na Samhna 2005 nuair a d’eisigh Michael D. Higgins ráiteas inar chuir sé i leith Myers gur chiníochaí a bhí ann tar éis do Myers alt achrannach ar chúrsaí inimirce a scríobh an lá roimh ré. D’fhoilsigh The Irish Times cuid mhór de ráiteas Higgins.

“Ní chuireann nuachtáin ionsaithe ar a gcuid iriseoirí féin i gcló de ghnáth. Ag an gcéim sin, bhí a fhios agam go raibh rud fíor-thromchúiseach i ndiaidh titim amach, rud nach bhféadfaí a chur ina cheart go deo. Anuas air sin, níor tugadh cead dom alt a scríobh don fhorlíonadh speisialta a cuireadh le chéile mar chomóradh ar nócha bliain Éirí Amach na Cásca. Ba léir dom nach raibh mé ag teastáil san Irish Times a thuilleadh agus d’fhág mé.”

MiotasDealraíonn sé gurbh é an fáth nach raibh seirbhísí Myers ag teastáil agus an forlíonaidh speisialta á chur le chéile ná go bhfuil Éirí Amach na Cásca i measc na “mbó naofa” is mian leis a mharú. Ba é an comhdhearcadh, dar le Myers, ar thángthas air sa tír seo maidir leis an dóigh a ndéanfaí an comóradh a láimhseáilgo ndéanfaí é a cheiliúradh agus go mbronnfaí stádas an laoich orthu siúd a bhí ina bhun.

Measann Myers, áfach, nach bhfuil sa leagan sin den scéal ach miotas. “Cén chaoi ar féidir linn stádas an laoich a bhronnadh ar dhaoine a bhraith go raibh ceart diaga acu dul i mbun sléachta agus áir ar shráideanna Bhaile Átha Cliath? Ní raibh na hÉireannaigh faoi chois ag Sasana ag an am; ní raibh a leithéid de rud agus sclábhaíocht sa tír. Bhí daonlathas parlaiminteach in Éirinn mar a bhí in Albain agus sa Bhreatain Bheag. B’amhlaidh go raibh na hÉireannaigh ag baint sochair as an Aontas mar go raibh cuid mhór airgid á dhoirteadh isteach sa tír. “Ní hionann sin is a rá nach bhfuil mé den tuairim go raibh neamhspleáchas ag teastáil ó na hÉireannaigh nó nach raibh ceart acu é sin a bhaint amach. Ach déanann gach duine dearmad ar an dul chun cinn a bhí déanta ag John Redmond sna blianta díreach roimh Éirí Amach na Cásca. Déantar dearmad go príomha mar go bhfuil a ról - go caoithiúil - laghdaithe sna leabhair staire. D’éirigh le Redmond

a áitiú ar Londain Acht an Aontais a aisghairm gan úsáid a bhaint as dúnmharú. Bhí tús curtha le próiseas a rabhthas ag súil go dtógfaí air céim ar chéim. Ach ghread na gunnadóirí leo isteach sa scéal agus cuireadh tús le tréimhse áir nach bhfuil muid tagtha slán uaithi go fóill.”Is léir nach bhfuil meas madra ag Myers ar lucht sínithe Fhorógra na Cásca.“An duine ba mheasa acu ná Connolly, dar liomsa. Chuir sé ina luí ar a mhac ceithre bliana déag d’aois páirt a ghlacadh sa chath. Dúirt Connolly gurbh é an aidhm a bhí aige maidir le rannpháirtíocht an ghasúir óig ná go marófaí é, nó go maródh sé duine éigin eile. Ní raibh an gasúr seo aibí go leor le deimhiú go raibh sé toilteanach é seo a dhéanamh. Dá dtógfadh Connolly a mhac ceithre bliana déag d’aois chuig striapach, bheadh muid den tuairim gur dhrochrud é. Mar sin, cén fáth a bhfuil muid ag rá gur laoch é an fear seo? Níos measa fós, tá urraim ag pobal náisiúnach Iarthar Bhéal Feirste dá ainm. Tá Connolly ar an íocón is tábhachtaí, dar leosan. Sin léiriú ar chumhacht an mhiotais – gur féidir le fear a bhí ina chiontóir a bheith ardaithe go stádas an laoich.”An GhaeilgeTá Myers an-tógtha ina chuid scríbhneoireachta le cumhacht an mhiotais agus an dóigh a gcruthaíonn miotas comhdhearcadh na coitiantachta.Is miotas eile í an Ghaeilge, dar leis.

Is tionscadal í an Ghaeilge “ar theip go tubaisteach air. Is mithid dúinn a admháil gur cur i gcéill atá i gceistthe emperor is naked! Cur amú acmhainní agus fuinnimh atá inti ar gá dúinn a bheith réadúil fúithi anois. Níl aon rud bainte amach ó thaobh an teanga a chur ar bhonn slán. Tá sí ar leaba a báis.“Bíonn daoine i gcónaí ag rá liom go bhfuil ag éirí go hiontach leis an nGaeilge i gceantair faoi mhíbhuntáiste agus go bhfuil an teanga á tabhairt do lucht labhartha nua. Tá sin an-ghreannmhar! Níl páistí ag labhairt Gaeilge lena chéile i mBaile Munna anois agus ní bheidh go brách.Come on – tá 24 faoin gcéad de na páistí scoile ag fágáil na meánscoile agus iad neamhliteartha ó thaobh an Bhéarla de, gan trácht ar an nGaeilge. Agus táimid fós ag iarraidh Gaeilge a bhrú ar scoileanna atá ag bun an tábla. Tá sé go huile is go hiomlán ar mire. Caithfimid ár dtosaíochtaí maidir le cúrsaí oideachais a chur ina gceart.

“Ach níl fuath agam don Ghaeilge, mar a shíleann a lán daoine. Is fiú go mór aon teanga a fhoghlaim, go háirithe teanga a bhfuil baint aici le do dhúchas. An fhadhb atá agam leis an nGaeilge ná nach mbíonn rogha ag daoine. Agus go gcaitear an oiread sin airgid ar thionscadail a bhfuil sé mar aidhm acu cuma dhátheangach a chur ar an tír. Arís, léiriú ar chumhacht an mhiotais atá ann gur féidir linn cur ina luí orainn féin gur tír dhátheangach í Éire.”

Tuairimí conspóideachaÁbhar eile a bhfuil Myers paiseanta faoi ná an inimirce agus is minic a chothaíonn a dhearcadh ina taobh an-chuid conspóide.

“Féach air seo,” a deir sé agus é ag taispeáint ailt ón nuachtán Sasanach The Telegraph dom a bhfuil “The UK’s population could almost double within a lifetime to more than 100 million, new figures have shownmar cheannteideal air.“Is breá liom an tír seo. Táim paiseanta fúithi. Tá grá agam d’Éirinn agus d’Éireannaigh. Is é an grá sin is cúis le mé a bheith chomh docht daingean faoi líon na n-inimirceach a theorannú. Níl mé ag iarraidh go mbeidh an tír comhdhéanta de Pholannaigh agus de Shínigh – táim ag iarraidh go mbeidh sí comhdhéanta d’Éireannaigh. Tá faitíos ar dhaoine an t-ábhar áirithe seo a phlé go macánta. Agus cén fáth? Mar gheall ar go gceapann siad go gcuirfear seineafóibe ina leith. Is cladhairí iad ar fad.”Tá sé tábhachtach a lua go ndeir Myers go bhfuil sé go mór i bhfách le hinimirce, ach í a theorannú ionas nach mbeidh “líon criticiúil” d’eachtrannaigh sa tír.“Arís, dealraíonn sé gurb é is tábhachtaí ná an idé-eolaíochtis cuma faoi na fíricí. Teastaíonn ó dhaoine iad féin a chur in iúl mar liobrálaithe agus bíonn faitíos orthu líon na n-inimirceach atá ag plódú isteach sa tír a cheistiú.”

Scríobh sé an méid seo san “Irishman’s Diary” i mí na Samhna 2005: “Debate becomes a morality contest in which the winners are the side which can most loudly declare their love of immigration as they denounce sceptics as racists.”

“Measaim i ndáiríre, agus tá a fhios agam go dtiocfaidh seo trasna mar shotal, go bhfuil mé níos cróga ná daoine eile. Bím sásta rudaí a scríobh nach mbeadh sé de mhisneach ag daoine eile a rá go poiblí.”Tá an tuairim chéanna aige mar gheall ar an gcomhionannas fosta.

“Tá creideamh sa chothromaíocht ghlan *en vogue *sa lá atá inniu ann. Ach ní oibríonn sí i bprionsabal. Tá sé áiféiseach go mbíonn daoine ag súil go mbrisfidh bean isteach i dteach atá ar thine chun páistí strainséara a tharrtháil. Bheadh bean sásta bás a fháil ar son a páistí féin, ach ag fir amháin atá an acmhainn fhisiceach agus mhothúchánach le strainséirí a shábháil. Maidir le cuótaí agus a leithéid, tá siad maslach. Cén fáth a mbeifeá ag iarraidh post a fháil ar an mbonn gur bean, nó gur fear, nó gur eachtrannach thú?”Is maith an rud é nach raibh an dearcadh céanna aige maidir le cuótaí agus é ag glacadh lena áit in UCD.Easpa loighceIs léir gur fear fíoréirimiúil é Myers, cé go gcuirfeadh a chuid loighce mearbhall ar dhuine uaireanta. Mar shampla, rinne sé na trí ráiteas seo le linn an agallaimh:

“Má chreideann tú i nDia, níl cead agat duine eile a mharú. Níl eisceachtaí ann.”

Agus: “Ní síochánaí* *mise. Measaim go mbíonn sé de cheart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean i gcúinsí áirithe – má tá rud éigin ina bhagairt do shíocháin dhomhanda, cuir i gcás.”

Mar sin, tá an ceart ag an stát úsáid a bhaint as foréigean, ach tá cosc ar gach duine eile a leithéid a dhéanamh.Ach cúpla bomaite ina dhiaidh sin, deir sé:

“Dá mbeinn i m’fhear óg san Afraic Theas aimsir na cinedheighilte, bheinn i mo bhall den ANC. Measaim go raibh údar gearáin acu.”

Admhaíonn sé an méid seo: “Níl mé ag maíomh go bhfuil an ceart agam faoi chuile rud. Guth eile sa díospóireacht atá ionam. Ach creidim sa mhéid a scríobhaim, cé nach n-aontaím leis i gcónaí an lá dár gcionn.” D’admhaigh sé go poiblí go raibh malairt tuairime aige maidir leis an gcogadh san Iaráic, cuir i gcás.Tá sé deacair gan gnaoi a bheith agat ar Myers ar leibhéal pearsanta, cé go n-easaontóinn féin le cuid dá thuairimí. Measaim gurb é is cúis le dearcadh an phobail ina leith ná go mbíonn an tuin chainte in easnamh ina chuid scríbhneoireachta. Bíonn sé níos fusa glacadh le cuid dá thuairimí nuair a chloiseann tú é á rá os ard, tuairimí a mbeadh cuma an-ghéar go deo orthu dá mbeidís scríofa síos.Cuireann Watching the Door cumas Myers agus é i mbun pinn i gcuimhne dúinn agus léiríonn sé go bhfuil i bhfad níos mó ag baint leis mar scríbhneoir ná an challaireacht phoileimiciúil a bhíonn ar siúl aige go minic. B’fhéidir, fiú, go mbeidh sé ar dhuine de na tráchtairí sóisialta ón tréimhse seo is mó a mairfidh a chuimhne i measc mhuintir na hÉireann.Ach bheadh sé go deas dá bhféadfadh sé diúltú anois is arís don chathú a bhraitheann sé an scian a shá i ndaoine ... Watching the Door, A Memoir 1971-1978 (2006) ar fáil i siopaí ar fud na tíre.

Beidh an dara bailiúchán d’altanna Myers ón ‘Irishman’s Diary’ (Irish Times) ar fáil go luath. *Is é The Lilliput Press foilsitheoirí an dá leabhar. *Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.