CAINT AN tSRÁIDBHAILE
Is Fada an tÚll ón Úllort
Íomhá
Blaiseadh de chéad bliain de leabhair ghramadaí
Íomhá
Cuidiú chun cruinnis, an leabhar gramadaí

Cloisim daoine ag caint ar athchaighdeánú na Gaeilge, nó ar athchaighdeánú an Chaighdeáin más maith leat. Chonaic mé ar an láimh eile, leathanach atá cruthaithe ag daoine ar Facebook le cur in éadan athchaighdeánú na Gaeilge. Is acusan atá an ceart, dar liom, óir níor tháinig as an mhír dheireanach den athchaighdeánú, imeacht cúig fhocal deiridh an tuisil tabharthaigh sna 1990aidí, cuirim i gcás, ach simpliú. (tuis. tabh. cluais > cluas srl.) Tá ceisteanna beaga míne le réiteach istigh sa teanga féin, ceart go leor, ach tá deacrachtaí i bhfad Éireann níos tromchúisí ag baint leis na cainteoirí a labhraíonn an Ghaeilg, nó a dhéanann iarracht í a labhairt, is cirte a rá (agus a scríobh dá réir)!

Is í an áit a mba cheart díriú, ar na deacrachtaí sa duine féin agus sa dóigh a mhíláimhseálann an tÉireannach (ní hionann is an duine) an teanga Ghaeilge. Ní bhaineann an deacracht sin le séimhiú, le hurú, le claonadh uimhreach, le claochchlú foircinn faoi réir thuisil, ná lena dhath mar iad. Baineann an fhadhb is mó atá againn le cumas an Éireannaigh forasreacht a chruthú, a reáchtáil agus a fhorbairt. Is gné de bhéascna mhuintir na tíre a leithéid a dhéanamh i gceart, nó a dhéanamh amscaí. Níl in iompar nó i mí-iompar teangan ach léiriú den ghné sin sa duine. D’fhéadfaí a mhaíomh fiú amháin, gur seachaint na faidhbe atá san éileamh ar athchaighdeánú na teangan. Caithfear díriú níos mó ar iompar an duine.

Tá sé iontach simplí ‘líne dhíreach’, ‘líne mhaith’ agus ‘líne bhreá’ a rá. Níl de riail i gceist ach séimhiú a chur ar aidiacht. A mhalairt a chloisimid seachtain i ndiaidh a chéile ar chlár a d’íoc TG4 as. Is cainteoir Gaeltachta é an tráchtaire, ní hionann is cainteoir dúchais Gaeltachta ar ndóigh. Bíodh gur chaith sé roinnt blianta ar an ollscoil lena dhintiúirí a bhaint amach, níl a chuid cainte (ná scríobh, chreidfinn) réidh le cur os ard go fóill. Is í an cheist mar sin: Cén fáth go gceadaítear an Ghaeilg seo a chodail amuigh i measc tráchtairí teilifíse agus raidió?

An tIdirlíon, Suíomh Idirlín; ar an Idirlíon

Tá an méid sin sách simplí, ‘an t-idirlíon’, ‘suíomh idirlín’ agus ‘ar an idirlíon’. Céard a chloisfear ar TG4 agus ar RnaG domhnach is dálach, ach gach duine i ndiaidh a chéile ag trácht ar rud éigin eile a chiallódh ‘the interline’ i mBéarla. Arís eile, níl duine ar bith sa dá fhoras sin in ann cuid áirithe den fhoireann, nó de na comhlachtaí a oibríonn dóibh, a thabhairt ar chruinneas urlabhra. Ar láimh amháin, bíonn na cainteoirí is deise ar domhan le cloisteáil ag caint ar an dá mheán sin, RnaG agus TG4. Cén fáth go gceadaítear do dhream an mhíchruinnis obair mhaith na coda eile a mhilleadh? An samhlaítear nach dtugtar an míchruinneas faoi deara, go forleathan? Cén fáth nach gcuidítear le craoltóir an mhíchruinnis i ndiaidh cláir, nó an mhaidin dár gcionn? Sin, nó a bhaint d’obair an chraolacháin! Ní hé go mbeifí ag súil le cruinneas chuile lá den saol ag duine, ach tá roinnt a chaithfear cuidiú leo. Go bunúsach, is iad na daoine céanna a bhíonn contráilte i dtólamh. Is cosúil nach bhfuil aon chóras i bhfeidhm a leigheasfadh an marach urlabhra a nochtfar i sraith, nó ar chlár, in achar gairid ama.

Ní fiú tabhairt faoi athchaighdeánú teanga ar bith in aon tír nach dtugann aird dá laghad ar chruinneas urlabhra i bhforais chraolacháin náisiúnta na tíre. Caithfear díriú ar an bhall lag thall is abhus agus cuidiú leis nó léi ón chéad lá a chraolfaidh sé/sí.

An Fotheidealú

Níl an fotheidealú furasta, de cheal ama. De réir mo thuigse, is minic nach mbíonn ach bearna 11 soicind ag an fhotheidealóir lena leagan féin a bhrú isteach. Chonaic mé in imeacht na mblianta:

‘na caoirigh) á ndíol i mBéal an Mhuirthead ...’ mar: ’they used to wash the sheep ...’. (ndíol vs. ní)

‘Frank Hall’ ina ‘Frank Corr’,

‘domhsa’ mar ‘to them’ (domhsa vs. dóibhsean)

‘na héin is na failltreacha’ (recte ‘na n-éan is na bhfailltreacha’ sa chás áirithe sin) mar: ‘the birds and seagulls’ ((f)ailltreacha vs. faológa/faoileáin)

lámhscríbhinní Laidine’ mar ’Leinster manuscripts’ (Laidine vs. Laighin, t. gin. Laighean).

Ní thig liom lucht na bhfotheideal a lochtú fós féin. Níl ach bearna an-ghearr ama acu lena bhfreagra a roinnt leis an bhogearra, go bhfios dom. Is scéal eile an tráchtaire. Caithfidh sé /sí a bheith oilte, snasta, líofa, fileata, socair agus bíonn a bhformhór mór acu amhlaidh. Caithfidh daoine eile é/í a stiúradh agus a stiúradh chun cruinnis más gá. Sin, nó a choinneáil ar shiúl ón mhicreafón.

Is cóir a lua ar eagla na míthuisceana, go bhfuil tír is talamh faoi chomaoin mhór ag foireann RnaG agus TG4 as an tseirbhís ar dóigh agus as an tsaibhreas aisteach mhiorúilteach Ghaeilge a roinneann siad linn ó cheann ceann na bliana. Tá a fhios ag Dia a bhfuil déanta acu le glúin agus le leath glúine anuas agus treise leo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.