Beo! (freagraí ar: Is Fada an tÚll ón Úllort) http://beo.ie/alt-is-fada-an-tull-on-ullort.aspx#comments ga Cóipcheart Oideas Gael. Sat, 07 Aug 2010 22:18:09 GMT http://beo.ie/logo.gif Beo! http://beo.ie/ Daithí http://beo.ie/alt-is-fada-an-tull-on-ullort.aspx#comments Níl athrú ó thaobh an gramadaigh de dhíth orainn ach athrú stíl múinteoireachta. Fágaimid go léir an méanscoil, tar éis 13 bliana d'oideachais & ní féidir le triomlach an dhaonra ach cúpla abairt a chur le chéile. Gan amhras tá gramadach na Gaeilge dúshlánach, ach nár chóir é sin bheith ina chuspóir do dhaoine é a chloí. Bheadh, dá mbeadh córas oideachais imleor, sásúil ann. Tar éís 13 bliana, cé mhéad daoine gur féidir leo ach an corr-abairt a chur le chéile seachas "an bhféidir liom dul amach go dtí an leithreas, más é do thoil é?" Is cúis náire í don Roinn Oideachais & dúinnse mar ligeamar é a tharlú.
Sat, 07 Aug 2010 22:18:09 GMT Eoin Mac an t-saoir http://beo.ie/alt-is-fada-an-tull-on-ullort.aspx#comments Níl aon chaint faoi athchaighdeánu an Bhéarla ós rud é go bhfuil míorúiltí mígrammadúla ar nós Sarah Palin ar an fhód:

“I utterly refudiate the necessitation for such dramatitastical measures.”

(Óicé, is mise a chum an tseoid thuas. Ach luíonn se leis an spiorad céanna).

Ach, déanta na fírinne, is cuid lárnach iad na botúin de cad is brí le ‘daonna’. Tá a fhios ag Dia nach mbeadh mórán againn saolaithe féin murach botún inteacht, rud a léiríodh go flúirseach cheana sa teaghlach Palin.
Fri, 06 Aug 2010 17:23:52 GMT Seán http://beo.ie/alt-is-fada-an-tull-on-ullort.aspx#comments Tá cruinneas na Gaeilge tábhachtach gan amhras ar bith. Tá go leor deacrachtaí ag foghlaimeoirí gan a bheith ag éisteacht le botún chomh simplí le haidiacht gan séimhiú i ndiaidh ainmfhocal baininscneach. Silim go bhfuil sé tábhachtach gan a bheith ag cur brú ar fhoghlaimeoirí mura bhfuil a gcuid Gaeilge róchruinn ach níl leithscéal ar bith ag na craoltóirí. Is mór an trua nach bhfuil ar gcraoltóirí ina bhfoinsí údarásaí agus is léir nach bhfuil.

Ó thaobh cruinnis de áfach, thug mé faoi deara go bhfuil an leabhar ‘Forbairt na Gaeilge’ sa ghrianghraif thuas. Scríobh Niall Ó Dónaill an leabhar seo agus más buan mo chuimhne ní leabhar gramadaí atá ann.
Tue, 03 Aug 2010 10:59:54 GMT