AGALLAMH BEO
Irial Mac Murchú
Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin Caoimhe Ní Laighin

Tá an comhlacht léirithe Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeltachta is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach. Labhair Caoimhe Ní Laighin le bunaitheoir an chomhlachta, Irial Mac Murchú, ar na mallaibh le léargas a fháil ar an bhfoirmle rúnda atá de dhíth le haghaidh comhlachta rathúil teilifíse.

Íomhá
Íomhá
Láithreoirí "The Health Squad". Craoladh an cúigiú sraith den chlár seo ar RTÉ le déanaí
Íomhá
Bhunaigh Irial Mac Murchú an comhlacht teilifíse Nemeton in 2003
Íomhá
Thaispeántaí buaicphointí na gcluichí ón sraithchomórtas Spáinneach ar an gclár "Olé Olé"
Íomhá
An galar crúibe is béil ba chúis le roinnt deacrachtaí sa chomhlacht
Íomhá
Leabharlann Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge: tá ard-diplóma i léiriú teilifíse á reáchtáil ag Nemeton i gcomhar leis an institiúid
Íomhá
Tá Nemeton i lár an ghoirt maidir leis an nuatheicneolaíocht
Íomhá
Coláiste na Rinne: tá Mac Murchú an-bhrodúil as a phréamhacha

Nemeton – garráin dhiaga a dtagadh druideanna le chéile iontu tráth den saol, lena ndeasghnátha a chleachtadh agus le corrainmhí bocht donasach a bhronnadh ar na déithe mar íobairt.

Is dócha go mbeadh mearbhall éigin ar na druideanna ársa céanna dá bhfeicfidís áit i bPort Láirge ar a dtugtar Nemeton sa lá atá inniu ann. Bheadh sé deacair a rá céard a shílfidís de na veaineanna satailílte atá páirceáilte sa charrchlós!

Bhunaigh Irial Mac Murchú an comhlacht léirithe teilifíse Nemeton sa bhliain 1993. Ba i gContae Phort Láirge a lonnaigh sé é, ar leithnis álainn Ghaeltacht na Rinne. Tá an tuairim ann go forleathan go bhfuil Nemeton ar cheann de na comhlachtaí Gaeilge is mó a bhfuil rath air san earnáil teilifíse Éireannach, agus moltar go minic an obair cheannródaíoch atá déanta ag Mac Murchú sa tionscal. Ag tógáil an chomhlachta “céim ar chéim”, mar a deir sé féin, tá borradh ollmhór tagtha faoi Nemeton, faoi stiúir Mhic Mhurchú, ón uair a bunaíodh é. Soláthraíonn siad cláracha do TG4, RTÉ agus TV3. Chomh maith leis sin, baineann cliaint mhóra eile úsáid as a n-áiseanna craolta sheachtraigh - Channel 4, BBC, Eurosport, S4C agus fiú NBC, ar stáisiún ollmhór Meiriceánach é.

“Tá cothrom is caoga post lánaimseartha sa chomhlacht faoi láthair,” a deir Mac Murchú, “ach d’fhéadfadh sé tarlú go mbeadh suas le 150 duine amuigh le linn deireadh seachtaine faoi leith ag déanamh taifeadta ar chláracha de chuid an chomhlachta”.

Tá sé ráite go minic go bhfuil Nemeton ar nós “rannóg spóirt TG4”. Agus níl an cur síos sin mí-oiriúnach.clúdach déanta acu ar chluichí CLG, ar shacar na Spáinne, ar chispheil, rugbaí agus rásaí na Gaillimhe thar na blianta. Bíonn siad ag léiriú sraitheanna faisnéise ar chúrsaí spóirt do TG4 fosta – “Ard san Aer” agus “Laochra Gael” ina measc – mar aon le sraith shláinte dar teideal “The Health Squad” do RTÉ agus an clár spóirt “Hurling Bootcamp” do TV3. Tá roinnt cláracha faisnéise á bhforbairt acu faoi láthair, sraith amháin i dtaobh stair CLG agus a nasc le náisiúnachas san áireamh.

Mar bharr ar an obair léirithe agus an soláthar áiseanna a bhíonn ar siúl ag an gcomhlacht, tá ard-diplóma i léiriú teilifíse curtha ar bun acu i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge le déanaí.

FiontraíSular bunaíodh Nemeton, bhí Irial ag obair mar shaoririseoir d’fhoilseacháin ar nós The Irish Times, The Irish Independent agus The Irish Press. D’oibrigh sé fosta mar thráchtaire spóirt ar Raidió na Gaeltachta agus RTÉ Raidió 1.

In agallamh san Irish Times in 2002, dúirt sé: “I had intended to do a little bit of TV now and again, but TV is an all-consuming animal. Once it gets hold of you, it consumes you completely.” Is fear cruthaitheach é Irial, ach ní leor an chruthaitheacht ealaíonta ina haonar, dar leis. “Bhí suim agam riamh i gcúrsaí gnó”, a deir sé, “agus bhí ‘srón’ maith agam dó”.

Tá neart scríofa i dtaobh theoiricí na fiontraíochta agus i dtaobh thréithe an fhiontraí. D’fhéadfadh daoine áirithe beag is fiú a dhéanamh de na teoiricí seo mar “chaint san aer” acadúil. Ach tá sé deacair an chaint seo a shéanadh agus Irial sa seomra leat mar is léir go bhfíoraíonn sé na teoiricí ó thaobh na slí a gcuireann sé é féin i láthair, agus ó thaobh a fhéinmhuiníne agus a údaráis cainte de.

Aithníonn Irial é féin go bhfuil tréithe an fhiontraí ag baint leis. “Léigh mé rud suimiúil tráth ar a dtugtar, ‘The Hedgehog Principle’. An rud a bhí sa phrionsabal seo ná trí cheist.

“B’iad na ceisteanna ná, ‘an gcuirfeadh do ghnó thú as an leaba mura mbeadh pingin riamh le déanamh as’; ‘an féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile nó* an gcreideann tú *gur féidir leat é a dhéanamh níos fearr ná éinne eile’ agus ‘an bhfuil ciall airgeadais ag baint leis?’”

De réir Irial, más féidir le duine freagra dearfach a thabhairt ar na trí cheist sin, is féidir leis an duine sin a bheith ar nós gráinneoige agus é i mbun a ghnó. Is féidir leis a spící a chur amach agus é féin a dhúnadh isteach chun a rud féin a dhéanamh, is cuma céard atá ag tarlú taobh amuigh.Agus is léir go bhfuil Irial ríchompordach taobh istigh dá spící féin, compord nach mbraithfeadh sé dá mbeadh sé ag obair in eagraíocht mhórle craoltóir, fiú. “Ní fhéadfainnse post ‘sabháilte’ a dhéanamh. Dá gcaithfinnse éirí gach maidin agus siúl isteach in institiúideagraíocht stáit chun post a dhéanamh, gheobhainn bás mall lá i ndiaidh lae!”

Taitníonn na dúshláin atá ag baint leis an bpost leis – agus admhaíonn sé nach post é do dhuine ach amháin a bhfuil “tairseach leadráin an-íseal” aige. Is amhlaidh go raibh sé riamh mar sin. “Ba é an ‘post’ ba mheasa a bhí agam riamh ná a bheith ar scoil! Bhí an ghráin agam uirthi mar go raibh sí leadránach. Ní fear acadúil mise, ach fear gnímh.”Blianta tosaigh Nemeton

Cé nach raibh taithí theilifíse ag Irial ag an am, chuir sé tús leis an gcomhlacht sa bhliain 1993 i “gcoire-theach”. Ní raibh fostaí ar bith ag obair sa chomhlacht ansin ach amháin Irial féin. Ní haon ionadh é gur dhírigh sé ar chúrsaí spóirt ar dtús – tá baint mhór tar éis a bheith aige le CLG ar feadh a shaoil agus tá sé ina roghnóir go fóill don chlub áitiúil.Ar dtús, ní raibh taobh teicniúil ag baint leis an gcomhlacht, agus chuaigh Irial i mbun smaointe a ghiniúint agus iarratais a chur faoi bhráid eagarthóirí coimisiúnaithe. Tháinig an dara duine agus de réir a chéile cuireadh leis an bhfoireann bheag. Agus cúpla conradh mór faighte acu, thóg siad an foirgneamh ina bhfuil siad go fóill.“Bhí an-chabhair ar fad agam sna laethanta luatha sin ó Michael Davitt, mo chara nach maireann a thuilleadh. Thug sé an méid sin cabhrach agus comhairle agus meantóireachta dom, nach bhfaighinn in aon áit eile. Bhí Údarás na Gaeltachta ar fheabhas ar fad freisin. Bhí siad ceannródaíoch agus fadradharcach, i ndáiríre.”

Léirigh Nemeton a gcéad sraith, “Ard san Aer”, gan áiseanna dá gcuid féin a bheith acu. Ach ansin fuair siad a gcéad mhórchonradh: sraith dar teideal “Olé Olé” inar taispeánadh buaicphointí ó chluichí sacair na Spáinne. B’éigean dóibh a gcuid áiseanna eagarthóireachta féin a cheannach leis an tsraith a léiriú mar go raibh orthu na buaicphointí a chur in eagar agus an clár á chur le chéile go gasta le go mbeadh sé “eisiach”. Mar thoradh ar a gclár seo, d’éirigh le TG4 buaicphointí shacar na Spáinne a chraoladh uair roimh Eurosport agus 24 uair roimh Sky Sports.

Sna blianta tosaigh, bhíodh Irial ag léiriú agus ag stiúradh na gcláracha, ach anois tá sé go huile is go hiomlán gafa le hobair bhainistíochta – rud nach gcuireann aiféala ar bith air mar gheall ar gur “léiriú ar scála difriúil í an obair so. ‘Oll-léiriú’ is ea í agus go cinnte; tá cruthaitheacht ag baint léi fosta.”

Sárú na ndúshlánMás fíor go mbíonn sé deacair a thomhas céard iad na comhlachtaí a bhfuil an X factor acu san earnáil theilifíse, b’fhéidir go bhféadfaí a thuar go mbeadh rath ar Nemeton. Deirim é seo mar is léir gur féidir le hÓ Murchú dúshláin a shárú. Is féidir leis foghlaim ó na dúshláin sin agus straitéis úr a chur i bhfeidhm mar thoradh orthu. Tá solúbthacht ag baint leo mar chomhlacht agus tuigeann siad an margadh ina bhfuil siad ag feidhmiú.

Fianaise ar an méid atá thuas ná an tslí ar fhoghlaim Irial ceacht faoi thábhacht an tsean-clíche gnó “diversify or die” in 2001 nuair a cuireadh an t-iliomad urdhálaí spóirt ar ceal timpeall na tíre ar feadh sé seachtaine. An galar crúibe is béil ba chúis leis na cealuithe seo, agus dar le hIrial, ba é seo an tréimhse ba dheacra i saolré an chomhlachta.

"Is cuimhin liom go raibh deireadh seachtaine an-ghnóthach go deo ag teannadh linn. Bhí beochraoladh ar rugbaí socraithe againn d’oíche Dé hAoine, ar chispheil d’oíche Dé Sathairn agus oíche dD Domhnaigh. Bhíomar uilig in ainm is a bheith i bPáirc an Chrócaigh chun na cluichí club a chraoladh.”

Cuireadh chuile rud ar ceal agus, dar le hIrial, tháinig an crú ar an tairne sa chomhlacht mar go raibh siad ag brath go huile is go hiomlán ar chláracha spóirt ag an am. “Thángamar as an tsáinn áirithe sin,” a deir sé, “agus d’fhoghlaíomar ár gceacht gan ár n-uibheacha ar fad a chur in aon chiseán amháin. Agus níl ár n-uibheacha curtha againn in aon chiseán amháin ó shin i leith.

“Caithfidh tú a bheith sásta éagsúlacht jabanna a bheith agat,” a deir sé. “Déanaimid cláracha spóirt, cláracha sláinte agus cláracha faisnéise. Má theipeann ar aon réimse amháin, is féidir linn díriú ar na réimsí eile. Níl sé sláintiúil a bheith ag obair in aon réimse amháin, nó d’aon chliant amháin.”

Tá éirithe le Nemeton dúshláin eile a shárú ar bhealaí cruthaitheacha fosta. Mar shampla, dar le hIrial, ba é an dúshlán ba mhó a bhí riamh acu ná “daoine maithe oilte a raibh Gaoluinn acu agus a bhí sásta cur fúthu sa Rinn a fháil.”

Chun dul i ngleic leis an easpa seo, chuir Nemeton, i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus Údarás na Gaeltachta, tús le hard-diplóma sna scileanna teilifíse anuraidh. Tá an cúrsa dírithe ar dhaoine a bhfuil Gaeilge acu agus is í an Ghaeilge an teanga teagaisc. Ach deir daoine áirithe go bhfuil an iomarca cúrsaí dá leithéid á reáchtáil faoi láthair – idir chúrsaí i nDún na nGall agus Gaillimh agus chéim nua san iriseoireacht

agus sa Ghaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath – agus nach mbeidh go leor fostaíochta ar fáil do na rannpháirtithe ina ndiaidh. “Raiméis”, a deir Irial go neamhbhalbh. “Tá Béarla líofa ag na rannpháirtithe seo chomh maith, tuigtear dom! Tá na cúrsaí seo ag freastalar riachtanais an tionscail i gcoitinne.”

Earnáil léirithe na Gaeilge

Cé go bhfuil sé cruthaithe ag Irial go bhfuil éagsúlú ríthábhachtach san earnáil seo, nuair a chuirim ceist air mar gheall ar na fadhbanna is mó atá san earnáil léirithe Ghaeilge faoi láthair, ní hé “easpa éagsúlaithe” an freagra a thugann sé.

Is é an freagra a thugann sé, gan anáil a tharraingt, ná “buiséid ísle TG4.”

Abair seo linn ...

Cén leabhar atá á léamh agat faoi láthair? Leabhar Mhaidhc Dháith le Máirtí VerlingCén ceol is fearr leat?Roc-cheol, ceol claisaiceach agus ceol traidisiúntaCén scannán is fearr a chonaic tú riamh?The Life of BrianCá dtéann tú ar saoire?Áiteanna difriúla i gconaí, ach is breá liom na hAillichí i gCorcaighCé mhéad uair a bhí tú thar lear anuraidh agus cá raibh tú? Ceithre huaire - Amsterdam, Barcelona, Londain, Oileán SgeitheanachCén bhialann is fearr leat?The White Horses san Aird MhórCén duine is mó a bhfuil meas agat air/uirthi?Steve Jobs nó Gerry RobinsonCén rud is mó agus an duine is mó a chuireann isteach ort?An fógra raidió le Steve Davis - athraím an stáisiún nuair a thagann sé ar siúlCad iad na huaireanta a oibríonn tú gach seachtain?

50

Cad iad na rudaí a chuireann strus ort?Jab nach bhfuil déanta i gceart ar ghá domsa glanadh suas ina dhiaidh

An bhfuil tú sásta le do shaol agus leis an méid atá bainte amach agat?Níl mé ach ina thosach!

“Fadhb an-mhór san earnáil Ghaeltachta is Ghaoluinne go forleathan atá ann,” dar leis. “Ní fheadar an dtuigtear go díreach é chomh tromchúiseach is atá sé. Tá na comhlachtaí go léir ag dul trí am an-chrua ar fad faoi láthair.”

Ach cad chuige go bhfuil sé sin amhlaidh? Shamhlófá go mbeadh borradh faoi chúrsaí airgid mar thoradh ar an gciste Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún Craolacháin na hÉireann sa Phoblacht agus an Chiste Craoltóireachta Gaeilge ó thuaidhcistí ar cuireadh tús leo le maoiniú a chur ar fáil do chláracha oidhreachta agus Gaeilge. Maidir leis an gcéad chiste a luadh, Fís agus Fuaim, bhíothas ag tuar ag am a bhunaithe go n-athródh sé an earnáil léirithe neamhspleách ó bhonn, an earnáil léirithe Ghaeilge ach go háirithe. Bunaíodh an ciste faoin Acht Craolacháin (Maoiniú) 2003, agus tagann an t-airgead atá sa chiste ón gceadúnas teilifíse.

“An rud ab fhearr agus an rud ba mheasa a tharla le blianta anuas ná bunú chiste an Choimisiúin Craolacháin. Chuir sé ar chumas léiritheoirí cláracha ar ardchaighdeán a dhéanamh. Ach ag an am céanna, mar gheall ar go raibh an oiread sin airgid le caitheamh ag an gciste in aon iarracht amháin, thiomáin sé rátaí na saoroibrithe in airde ar fad ar fad – ceamaradóirí, eagarthóirí, stiúrthóirí srl. Creid é nó ná creid, is iad na léiritheoirí a thuilleann an pá is ísle ar fhormhór na léiriúchán anois.”Ó thaobh TG4 é féin de, bíonn sé deacair a bheith cáinteach faoi chomh híseal is atá a mbuiséid, a deir Irial, ach tá léiritheoirí ag éirí cáinteach anois toisc go bhfuil an oiread sin brú orthu.

“Bíonn léiritheoirí tuisceanach mar caithfidh siad a bheith tuisceanach. Níl a ndóthain airgid ag TG4. Ach is féidir a bheith tuisceanach agus rudaí ag dul go maith duit. Ach bíonn daoine ag gearán faoi TG4 nuair atá rudaí deacair, mar atá faoi láthair.“Is iad na comhlachtaí beaga na comhlachtaí is mó a bhfuil brú orthu. Tá siad ag dul ó choimisiún go coimisiún. Ní féidir leo daoine a fhostú ar eagla nach bhfaighidh siad an chéad choimisiún eile. Mura bhfaigheann siad an coimisiún, beidh siad ag fanacht ar feadh sé mhí go dtí an chéad bhabhta coimisiúnaithe eile. Bíonn sé an-deacair go deo orthu.”Fadhb eile atá ann ná an drogall atá ar chuid acu páirtíocht a bhunú le comhlachtaí eile, nó féidearthachtaí comhléirithe a fhiosrú. “Tá ré an chomhlachta big thart. Ní thuigeann comhlachtaí beaga go bhfuil buntáistí móra ag baint le comhoibriú. Easpa aibíochta is cúis leis an easpa tuisceana seo – daoine a bhfuil meon suarach acu, a cheapann go gcaithfidh siad gach pingin a fháil agus gach cinneadh a smachtú iad féin.”

Teacht na nuatheicneolaíochtaÓ thaobh na meán i gcoitinne de, measann Ó Murchú gurb é an dúshlán is mó atá le sárú faoi láthair ná teacht na nuatheicneolaíochta. “Ní léiritheoirí teilifíse a bheidh sna comhlachtaí amach anso, ach léiritheoirí ábhair. Beidh an t-ábhar seo á léiriú acu, ní hamháin don teilifís, ach don idirlíon, don iPod agus do gach rud eile. Beidh rud - ar a dtugtar anois ‘teilifíseán’ - i bpóca gach duine. Beidh an lucht féachana ag breathnú ar pé clár is maith leo ag pé am is mian leo. Caithfimid a bheith ag smaoineamh, ‘an bhfuil an shot seo oiriúnach, ní hamháin don teilifís, ach don ghléas póca; an bhfuil an fhuaim oiriúnach; an bhfuil leaganacha difriúla den táirge céanna ag teastáil i gcomhair na meán éagsúil?’”

Ach, dar le hIrial, tá an future-proofing déanta ag Nemeton. “Tá sé ríthábhachtach dúinn taighde agus forbairt a dhéanamh go leanúnach ar na rudaí a bheas ag teacht chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de, ó thaobh riachtanais na gcraoltóirí de, i dtaobh an idirlín agus i dtaobh dhúnadh na bearna idir an teilifís agus an t-idirlíon."Mar aon leis na tuairimí láidre atá ag Irial faoi threo nua na meán, tá moladh aige faoin mbealach ar chóir do TG4 aghaidh a thabhairt ar an todhchaí. Cé go bhfuil sé lán molta maidir leis an méid atá bainte amach ag TG4 go dtí seo, measann sé go bhfuil sé “anois in am dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar cé hé an lucht féachana atá acu”.Measann sé gurb é lucht féachana TG4 ná “daoine a bhfuil oideachas orthu, daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí na tíre agus daoine a bhfuil Gaoluinn acu nó tuiscint ar thábhacht na teanga”. Measann sé freisin gur chóir do TG4 “díriú isteach ar an sciar sin daoine a bhfuil neamhaird iomlán tugtha ag na cainéil eile orthu – *cliché *atá anso, ach is éard atá i gceist agam ná muintir na tuaithe. Tá lucht féachana fíornádúrtha ansin do TG4.

“Ní mar cháineadh a deirim seo, ach ní dhéanann sé mórán céille dul in iomaíocht le leithéidí Channel 4 ó thaobh gnéchláracha nó cláracha stíl mhaireachtála de. Tá seans againn a bheith difriúil.”

An GhaeilgeAgus Nemeton á bhunú aige, deir Irial nach raibh sé “i gceist aige riamh” an comhlacht a lonnú in aon áit ach amháin sa Rinn. Agus cé go bhfuil sé an-bhródúil as an mbaint a bhí ag Nemeton leis an mbuanú teanga sa Rinn trí fhostaíocht a chur ar fáil do dhaoine áitiúla, deir sé nach mbraitheann sé dualgas ar bith maidir le caomhnú nó cosaint na teanga.

“Tarlaíonn sé go bhfuil an comhlacht lonnaithe anso. Tarlaíonn sé go ndéanann muid ár gcuid oibre go léir tré Ghaoluinn. Má tá spin-off do phobal na háite anso, go iontach! Ach ní éirím ar maidin ag rá liom féin ‘caithfidh mé a chinntiú go bhfuil méid áirithe daoine ag labhairt Gaoluinne sa Rinn inniu!’ Ní gnó í an Ghaoluinn. Is gnó é léiriú teilifíse. Níl sa Ghaoluinn dúinne ach an meán cumarsáide taobh istigh den ghnó.”

Is faoi eagraíochtaí agus ranna stáit atá cúram na teanga, dar leis. Ach déanann sé cúr síos ar a n-iarrachtaí i dtaca le buanú teanga mar rud “Python-esque”. Ní thuigeann sé cén fáth a bhfuil na comhairlí contae ag tabhairt cead pleanála do na céadta teach nach labhrófar Gaeilge go deo iontu le linn do Roinn na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta a bheith ag doirteadh airgid isteach sna ceantair Ghaeltachta leis an teanga a bhuanú. “Tá sé scannalach agus náireach”, dar leis.

cáil ar earnáil léirithe na Gaeilge mar earnáil ina bhfuil bearna ollmhór idir na comhlachtaí beaga agus na comhlachtaí móra. Aimsir bhunú Theilifís na Gaeilge sa bhliain 1996, bunaíodh an t-iliomad comhlachtaí nach raibh ach duine nó beirt ag obair iontu. Theip ar chuid mhór acu, tá cuid eile acu ag maireachtáil ar éigean agus tá cuid eile acu ag dul in éag. Ach tá comhlachtaí áirithe ann atá faoi bhláth. Is iadsan na príomhiomaitheoirí san earnáil sa lá atá inniu ann. Bíonn sé deacair a thuar céard iad na comhlachtaí a mbeidh an *X factor *nó an fhoirmle rúnda acu. Ach maidir le hIrial, is léir gur fear físe é. Ach ní ag caint ar “fhís” i dtéarmaí teibí atá mé – is é an cineál físe atá ag Mac Murchú ná tuiscint domhain i dtaobh cé hé féin, céard é an jab atá le déanamh aige, cén treo ina bhfuil a chomhlacht ag dul agus cén cineál ainmhithe go díreach í an earnáil ina bhfuil sé ag saothrú.

D’fhéadfadh an té atá ina ábhar léiritheora neart a fhoghlaim ó dhuine mar Irial, ar fear é a bhfuil foirmle rúnda an chomhlachta rathúil teilifíse aimsithe aige.Is í Caoimhe Ní Laighin eagarthóir na hirise seo.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.