Na fíréin abhus, samhlaítear iad mar shíol an diabhail ag an duine thall. Bhí Robert McMillen ag caitheamh súile ar sheanchas dhá fhéiniúlachta.
’I get down on my knees and do what must be done
And kiss Achilles’ hand, the killer of my son.’
(Ó Ceasefire le Michael Longley)
Rith na línte seo i mo chloigeann an mhí seo caite nuair a dhiúltaigh Ardmhéara Bhéal Feirste, Niall Ó Donnghaile, gradam Duke of Edinburgh a bhronnadh ar chailín 15-bliana d’aois a bhí ina dalta in Arm na Breataine. Gníomh suarach a bhí ann ach bhí sé ar an bheagán mheancóg atá déanta ag an Ardmhéara Sinn Féineach 25-bliana d’aois - an tArdmhéara is óige riamh i stair na cathrach - ach má tá ciall ar bith leis an fhocal “athmhuintearas” is ins na gníomhartha beaga seo a chruthófar iad. Ainneoin nach mbíonn siad luaite go minic. tá próiseas an athmhuintearais ag dul ar aghaidh ar bhonn laethúil ó thuaidh agus ní i measc an mheánaicme daonchairdiúil amháin, ach sna háiteanna is mó coimhlint san am atá thart i measc daoine is mó a bhí páirteach sna troideanna sin, mar ghníomhaithe nó mar íobartaigh.
Ach tá fadhb chasta nó áiméar mór ar na gaobhair – cuimhneacháin.
Pléifidh mé an Titanic am éigin feasta, ach is é an cuimhneachán polaitiúil is mó a bheas ar siúl i mbliana, 2012, ná Conradh agus Cúnant Sollúnta Uladh caipéis a shínígh ceathrú milliúin duine ar an 28ú Meán Fómhair 1912 inar thug géillsinigh seo Sheoirse V móid go seasfadh siad taobh le taobh lena chéile agus “an ghéarchéim” faoi Pharlaimint Riail Dúchais a bhunú in Éirinn a fhuascailt. Ba le haimhleas Chúige Uladh agus na hÉireann a leithéid de Pharlaimint a bhunú, dar leo, mar go gcuirfeadh sé a saoirse chreidimh agus shibhialta de dhroim seoil, go scriosfadh sé a saoránacht agus go gcuirfeadh sé aontas Impireacht na Breataine i mbaol.
Fuil Uladh mar Íobairt
Chum an file Rudyard Kipling - yep, an fear céanna is a scríobh Jungle Book, dán darbh ainm Ulster 1912 inar scríobh sé:
Before an Empire’s eyes
The traitor claims his price.
What need of further lies?
We are the sacrifice.
Sin mar a chonaic Aontachtaithe an Riail Dúchais, ach cad é mar a chonaic Náisiúnaithe é? Chuir páipéar náisiúnaíoch amháin, The Frontier Sentinel, síos ar theachtaireacht an Chúnaint mar a chonaic an nuachtán é - diúltaíonn sé go bhfuil sé de cheart agus de chumas ag Éireannaigh iad féin a rialú; gurb iad Caitlicigh na hÉireann “the spawn of the devil” nach bhfuil d’aidhm acu ach Protastúnaigh a scor; gurb é an móramh Protastúnach/Aontachtach i gceithre contae de chuid Chúige Uladh amháin a chleachtann an fhíor-Chríostaíocht agus iarrann an Cúnant ar Dhia a bheith ina fhinné ar bhréaga, dar leis an Sentinel.
Tá an chumhacht chéanna ag baint leis an Chúnant i measc Aontachtaithe inniu is atá ag Forógra na Poblachta i measc Náisiúnaithe, mar sin, cad é mar is féidir réadúlacht stairiúil an Chúnaint ina chomhthéacsanna éagsúla a cheiliúradh i 2012 ar bhealach nach gcuirfidh isteach ar Aontachtaithe cionn is nach n-aithníonn sé an chrógacht agus an mórtas cine a bhí ina measc agus nach gcuirfidh isteach ar Náisiúnaithe cionn is nach n-aithneofar an seicteachas agus an bhagairt fholaithe foréigin atá ann?
Bunaíodh an bhuíon pharaimíleatach na Ulster Volunteers/Ulster Volunteer Force ag an am seo le troid in éadan Riail Dúchais - bhíodh na hAontachtaithe go minic ag beartú foréigin sular smaoinigh Náisiúnaithe air - agus ba é an UVF - mar an 36th (Ulster) Division - a throid ag sléacht an Somme i mí Iúil 1916. Abair an t-ainm le náisiúnaithe, áfach, agus smaoineoidh siad ar an bhuíon pharaimíleatach a chuir an lasair sa bharrach ó thuaidh i 1966 ag cur tús leis na trioblóídí agus éiteas an Chúnaint go láidir iontu ag an am sin féin.
Inné agus Inniu
Ach ag breathnú siar ar stair na 26 Chontae, cé a dearfadh go raibh lucht eagair an Chúnaint contráilte fá Riail Dúchais agus Riail na Róimhe? Nach bhfuil an stát ó dheas ag caitheamh uathu le scor bliain anuas na laincisí a chuir Eaglais na Róimhe orthu leis na céadta bliain? Nach raibh an ceart ag Carson agus Craig sa mhéid sin? Sin an fáth go bhfuil na cuimhneacháin atá romhainn ó thuaidh chomh tábhachtach céanna ó dheas is a bheas siad ó thuaidh mar, tá súil agam, fáiscfidh díospóireachtaí astu a threoróidh muid i dtreo tuigse níos doimhne as an stair agus go mbeidh muid ag breathnú ar imeachtaí iaróige, mar a déarfadh TG4, le súil eile.
Mar shampla beag amháin, tá beairic i mBaile Coinnleora i gContae an Dúin ina ndearna an 36th Ulster Division cuid mhór dá thraenáil sula ndeachaigh siad a throid ag an Somme i 1916. Ní hiontas ar bith é go bhfuil an áit chomh tábhachtach sin i stair, i bhfinscéalaíocht, i bhféiníomhá na nAontachtach. Ach trí bliana i ndiaidh an Somme agus Cogadh na Saoirse ar bun, baineadh feidhm as Campa Bhaile Coinnleora mar ionad braighdeanais inar coinníodh náisiúnaithe idir 1919-1923, roimh an chríochdheighilte agus ina diaidh.
Áit amháin, dhá thraidisiún
(Mar a tharla i gcampaí géibhinn na Naitsithe, bhí na healaíona faoi bhláth agus rinne na braighdeanaigh pictiúir agus bunaíodh ceolfhoireann sa tréimhse sin. Is é Martin Walton, bunaitheoir an chomhlachta cheoil, Walton Music fear na féasóige ar thaobh na láimhe deise sa phictiúr as Baile Coinnleora. Tuilleadh eolais ó Glenside