AR NA SAOLTA SEO
Iniúchadh grinn ar straitéisí an IRA
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Tá Robert McMillen i ndiaidh alt conspóideach a léamh a dhéanann anailís ar na straitéisí a bhí ag an IRA le linn bhlianta na dTrioblóidí sna Sé Chontae.

Íomhá
An tOllamh Brendan O'Leary: as Coraigh ó dhúchas é
Íomhá

alt thar a bheith suimiúil sa Field Day Review, ar tháinig an chéad eagrán de amach ar na mallaibh. Is é Brendan O’Leary, Ollamh Lauder le hEolaíocht Pholaitiúil, agus Stiúrthóir Ionad Solomon Asch do Staidéar na Coimhlinte Eitneapholaitiúla in Ollscoil Pennsylvania, a scríobh an t-alt seo. Is Corcaíoch é.

Ar na habairtí is conspóidí san alt 29 leathanach, tá an ceann seo: “The final implementation of the comprehensive Good Friday Agreement can be seen as the culmination of the IRA’s mission, though it is not just that.”

Mothaím critheagla na n-aontachtaithe agus iad ag léamh na habairte sin, ach measaim féin go bhfuil an ceart ag an ollamh O’Leary, ainneoin an chomhartha ceiste atá mar chuid de theideal an ailt, Mission Accomplished? Looking Back at the IRA.

Is gá a rá ón tús nach bhfuil O’Leary – ná mé féin - ag moladh an IRA. Leoga, cuimsíonn sé na meancóga uilig a rinne na paramílitigh.

Luann sé meatacht an IRA, léirithe sa tuigbheáil a bhí acu ar "legitimate targets" a bhí níos leithne ná mar a bhí ag an sean-IRA. Measann O’Leary go bhfuil 967 duine - saighdiúirí, póilíní, oifigigh phríosúin, paraimílitigh dhílseacha – maraithe ag an IRA ach níl ansin ach 56% den líon daoine a mharaigh siad ar fad (corradh le 1,750).

Chomh maith leis an chostas daonna, bhí costaisí eile ann nach féidir a mheas go furasta. Ní fios cad é an fhorbairt gheilleagrach a bheadh curtha i gcrích sna Sé Chontae ach go bé an foréigean. Meastar gur chaith an Bhreatain £4,150 milliún ar chúrsaí slándála idir 1969 agus 1982. Ó dheas, meastar gur caitheadh IR£1,050 milliún ar chúrsaí slándála sa tréimhse chéanna.

Ach cad é fá na cailliúintí eile, i gcúrsaí ceart daonna, mar shampla. Cá mhéad duine a chaill a shaoirse mar gheall ar reachtaíocht éigeandála a thug na rialtais ó thuaidh, ó dheas agus sa Bhreatain isteach? Truaillíodh cleachtais sheanbhunaithe dlí agus dhaonlathacha agus scriosadh an meas a bhí ag daoine ar “British justice”.

D’imigh eilimintí i seirbhísí rúnda na Breataine ó smacht sna 1970í mar gur shíl siad go rabhthas ag géilleadh don IRA. Bhí siad páirteach in uisce faoi thalamh in éadan rialtas Pháirtí an Lucht Oibre i Westminster.

Straitéisí

Is iomaí tionchar a bhí ag an IRA taobh amuigh de na himeachtaí uafásacha a chonaic muid ar ár scáileáin teilifíse gach oíche.

Déanann O’Leary iniúchadh ar straitéis an IRA nó, níos beaichte, straitéisí na heagraíochta.

Meastar go raibh trí thréimhse éagsúla inar baineadh úsáid as straitéisí difriúla. Ó 1970-75 mheas ceannairí an IRA go mbeadh cogadh gairid ann mar a bhí i 1920-22. Shíl siad go mbeadh siad ábalta an Bhreatain a ghortú níos mó ná mar a bhí siad; níor thuig siad diongbháilteacht na n-aontachtaithe ó thuaidh agus ní bhfuair siad a sáith tacaíochta ón taobh eile den teorainn d’fheachtas ionsaitheach in áit feachtais chosanta.

I 1975 a thosaigh straitéis úr: an cogadh fada tnáithithe, a mhair go dtí 1981 agus ar lean na buanna polaitíochta é a ghnóthaigh Sinn Féin mar thoradh ar stailc ocrais na bliana sin.

D’aithin an IRA agus Sinn Féin – amharcaim ar an cheangal idir an dá eagraíocht mar phósadh, ní hionann fear agus a bhean chéile ach is lánúin iad, níl duine amháin i gcónaí freagrach as iompar an duine eile – go raibh féidearthachtaí ann deireadh a chur leis an “streachailt armtha” agus a gcuspóirí a thabhairt chun críche.

Deir O’Leary go raibh ceithre chúis leis seo.

Ar dtús, d’aithin an IRA nach raibh an cogadh á bhaint acu ainneoin nach raibh siad á chailleadh. Ní raibh an Bhreatain réidh le himeacht.

Ba é déimeagrafaic an tuaiscirt an dara cúis a d’imir tionchar ar an IRA agus Sinn Féin. Bhí an chuma ar an scéal go mbeadh móramh náisiúnach ó thuaidh taobh istigh den mheántéarma.

An tríú cúis: mheas poblachtánaigh go mbeadh na haontachtaithe ar nós cuma liom fá athaontú na tíre agus iad ag amharc ar an dul chun cinn geilleagrach a bhí déanta ó dheas.

An chúis dheireanach: chuir daoine taobh istigh agus taobh amuigh de ghluaiseacht na poblachta ina luí ar cheannairí, ar chimí, agus ar na hÓglaigh iad féin – an chuid is mó acu seo ar scor ar bith – gurbh é próiseas síochána bunaithe ar chomhoibriú le náisiúnaithe eile an bealach ab fhearr le spriocanna poblachtánacha a bhaint amach, fiú dá gcaithfí an IRA scor.

Mar thoradh air seo uilig, fógraíodh na sosanna cogaidh poblachtánacha i 1994 agus i 1997 agus lean dul chun cinn polaitiúil iad.

Scríobhann O’Leary: *“The IRA did not fight for power-sharing in a Stormont parliament … but its existence, and the skilled trading of its capacities for constitutional an political concessions, obliged others to create comprehensive power-sharing institutions in and across Northern Ireland, Ireland and Great Britain all of which are consistent with the core idea of Irish national self-determination.” *

Cuimsíonn an focal sin “Irish” *náisiúnaithe agus aontachtaithe. Ar an bhonn sin, is féidir leis an IRA scor *“in a manner that the majority of the ghosts of the First Dáil would approve,” a scríobhann O’Leary.

Is iriseoir leis an *Irish News i mBéal Feirste é Robert McMillen. Is as an chathair sin ó dhúchas é.*

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.