THALL IS ABHUS
I mBád Aeir Chuig Sceir Mhór na hAstráile
Aoife Uí Fhaoláin Aoife Uí Fhaoláin

Tháinig Aoife Uí Fhaoláin agus a fear céile ar mhodh aoibhinn éasca le Sceir Mhór na hAstráile a shiúl gan tinneas farraige: ar bord an mhuireitleáin, nó an bád aeir. Is slí thaistil éasca é agus gheobhaidh tú radharc amach ar áille na mara agus ar na hoileáin.

Íomhá
Dec ag an eitleán sa Chuan Bán
Íomhá
An tOileán Fada ón eitleán
Íomhá
Trá an Oileáin Fhada
Íomhá
Sceir an Chroí
Íomhá
Oileánra
Íomhá
Trá Whithaven

Mholfainn go mór don té a éiríonn breoite ar bord loinge cuairt a thabhairt ar an ‘Mórsceir Bhacainneach’ ar mhuireitleán mar a rinne muidne le linn dúinn a bheith ar saoire sna hOileáin Chincíse. Ní fhéadfainnse dul go dtí an mhórsceir ar bord loinge mar bíonn tinneas farraige chomh dona orm go n-éirím tinn ar an mbád ó Ros a’ Mhíl go hÁrainn! Buntáiste eile a bhaineann le muireitleán a thógáil ná go mbíonn an turas bainte amach againn=we (had) reached">="gloss" title="very quick">an-sciobtha don té a mbíonn ganntanas ama air.

Is ar an Oileán Fada a bhí mé féin agus m’fhear céile ag fanacht nuair a rinne muid an turas sin. Dúradh linn fanacht cois farraige ag am díthrá agus thuirling an muireitleán anuas chun sinn a thabhairt ar bord. Bhí dream beag ar an turas mar níor thóg an t-eitleán sin thar deichniúr in am ar bith. Níl cur síos ar na radhairc a chonaic muid ar an aistear go dtí an mhórsceir. Ba iad na hoileáin dhronnlacha, ghlasa de chuid oileánra na Cincíse a bhí le feiceáil ar dtús, agus an fharraige mhuirghorm mórthimpeall orthu. Taobh istigh d’uair an chloig, bhí an mhórsceir féin bainte amach againn agus ba dhochreidte na radhairc a chonaic muid os ár gcomhair.

Meascán de dhathanna gorma agus glasa atá sa mhórsceir agus is léir ón spéir gur órgánach beo mór millteach í. Sheas an t-eitleán ag lamairne de chuid an chomhlachta thurasóireachta agus tugadh deis dúinn dul ar an snámh gaosáin. Caithfidh mé a admháil nach bhfuil bang láidir snámha agam féin ach bhí flúirse snámhán ar fáil agus d’éirigh go geal liom faoin uisce le cabhair na snámhán. Nuair a bhí mé faoin uisce b’iomaí iasc agus sliogiasc a ghluais thar bráid, gach ceann acu ar na héisc is gile agus is ildaite dá bhfaca mé riamh. Bhí fásra mara agus an mhórsceir le feiceáil go soiléir faoin uisce freisin ach níl cead ag na turasóirí lámh a leagan orthu toisc a leochailí is atá siad.

Trá na hÍonghlaine

Bhí gloine seaimpéine againn san fharraige sular thug muid aghaidh ar an gcéad cheann scríbe eile, Trá Whitehaven ar Oileán Cincíse, an t-oileán is mó sa ghrúpa sin. Trá gheal, fholamh í an trá seo a shíneann níos mó ná seacht gciliméadar ar chósta an oileáin atá mar chuid de Pháirc Mhuirí na Mórsceire Bacainní. Ní fhaca mé gaineamh chomh geal ná chomh glan leis sin riamh agus b’iontach an deis í cuairt a thabhairt ar an áit shíochánta sin ar feadh cúpla uair. Tugadh ciseán míre don bheirt againn agus shocraíomar síos i lúib dheas den trá chun ár scíth a ligean tar éis ghníomhaíochtaí na maidine.

Ba leasc liom Trá Whitehaven a fhágáil i mo dhiaidh nuair ba mhithid dúinn filleadh ar an muireitleán. Tá na duaiseanna atá bronnta ar an gcríoch seo, ar nósAn trá is áille i Queensland’ agus ‘An trá is éiceabháiche ar domhan’, tuillte go maith aici. Tá áiteanna éagsúla ar domhan a rachadh in iomaíocht leis an trá seo ó thaobh radhairc de, ach ní dóigh liom go mbeadh trá ar bith eile chomh glan nó chomh ciúin le Trá Whitehaven agus é a bheith insroichte ag an am céanna.

Níorbh í Trá Whitehaven an ní ab áille dá bhfaca muid an lá sin, áfach. Bhí scoth na háilleachta bainte amach ag an Mórsceir Chroíchruthach a chonaic muid ón muireitleán ar an mbealach go dtí an lamairne ar maidin. D’ardódh an chuid sin den mhórsceir croí duine ar bith agus b’iontach an deis í súil a leagan uirthi ón aer.

D’fhill muid ar an Oileán Fada an tráthnóna sin, áit ar chaith muid beagnach seachtain ag ligean scíthe. Bhí gach cineál áise san ionad saoire sin – beár snámha, cluichí uisce, cúrsa mionghailf, móide togha na gréine gach lá. Bhain mé an-taitneamh as an am a chaith muid sna hOileáin Chincíse agus bhí mé thar a bheith sásta leis an tsaoire ar fad – go dtí go raibh orm aghaidh a thabhairt ar an mbád farantóireachta le filleadh ar tír mór!

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.