AR NA SAOLTA SEO
Gortghlanadh ó Bhun de Dhíth ar Bhoird na nEagras Gaeilge
Breandán Delap Breandán Delap Breandán Delap

Ba cheart do phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge ceachtanna maidir le rialachas corparáideach a fhoghlaim as cliseadh Mheitheal Forbartha na Gaeltachta, dar le Breandán Delap

Íomhá
Cuidiú
Íomhá
MFG
Íomhá
Deireadh lae agus deireadh Meithle
Íomhá
Baile na Finne
Íomhá
An Spidéal

Teip thubaisteach don bhord stiúrtha ag aon chuideachta é má chliseann ar an chuideachta sin agus más gá éirí as a bheith ag trádáil. Níor mhiste mar sin a fhiafraí cé mhéid eolais go díreach a bhí ag bord Mheitheal Forbartha na Gaeltachta faoi na cleachtais a bhí ar bun ag an eagraíocht phobail Ghaeltachta sin sular chinn siad éirí as trádáil ar an 7 Meán Fómhair seo caite de bharr dócmhainneachta. Tar éis an tsaoil, ní inniu ná inné a thosaigh fadhbanna MFG, agus is leor mar chruthú ar sin líon na bhfiosrúchán agus na dtuarascálacha a coimisiúnadh maidir le riaradh na cuideachta i gcaitheamh na mblianta.

Níl amhras ar bith faoi dhindiúirí pearsanta na gcomhaltaí aonair boird agus gur fheidhmigh siad le dea-rún. Ina dhiaidh sin is uile, tá soiléiriú de dhíth faoi chúpla gné den scéal. Má bhí an bord ar an eolas faoi na fadhbanna úd agus mura ndeachaigh siad i ngleic leo, ní thiocfadh a rá go raibh sé ag feidhmiú i mbarr a mhaitheasa. D’fhéadfadh, áfach, go raibh na comhaltaí boird ar an eolas faoi na deacrachtaí ach nach raibh siad ábalta a dhath a dhéanamh fúthu. Sa chás sin, ba bheag an mhaith mar bhord iad agus bhí sé de cheart acu uilig éirí as oifig.

Tuarascáil Eatramhach

Rinne an eagraíocht Pobal iniúchadh ar an chuideachta in Eanáir 2010 agus tuairiscíodh gur cuireadh cinntí a gcuid fiosrúcháin faoi bhráid bhord MFG i Meitheamh na bliana seo. Ag eascairt as sin, d’iarr Pobal ar na comhairleoirí gnó agus airgeadais Mazars iniúchadh a dhéanamh ar na fadhbanna a chonaic siad agus bealaí a aimsiú le dul i ngleic leo. Chuir Mazars a dtuarascáil eatramhach faoi bhráid Pobal i lár mhí Lúnasa seo caite agus faoi bhráid bhord MFG ar an 7 Meán Fómhair. Ag 4pm ar an lá cinniúnach úd, chinn an bord éirí as trádáil agus tús a chur leis an phróiseas le deireadh a chur leis an chuideachta ar fad. D’fhág sin go raibh os cionn 30 post foirne ar fud na Gaeltachta le himeacht agus suas le 100 duine eile ar an ghannchuid a bhí ag baint sochar as scéimeanna a bhí faoi stiúir MFG.

Bhain tobainne an chinnidh siar as achan duine agus go fóill féin níl radharc ag na fostaithe nó ag pobal na Gaeltachta frí chéile ar thuarascáil Mazars. Cad é a bhí sa tuarascáil a bhí chomh scanrúil sin a spreag chun gnímh iad? Airgead an phobail a d’íoc as an tuarascáil sin ach níl freagra na ceiste sin againn go fóill. An raibh an scéal chomh dona sin nach raibh an dara rogha acu? An amhlaidh go raibh impleachtaí ann do bhaill an bhoird féin? Ceisteanna gan freagraí iad sin, go fóill.

An Bhróg ag Teannadh

Mhaígh iar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív sa Dáil ar an 14 Meán Fómhair go raibh dliteanas de tuairim is €100,000 ar MFG mar aon le hordú Ard-Chúirte go gcaithfí suim suntasach a aisíoc le hiarfhostaí dá gcuid. Is mór an méid airgid é sin ar na saolta deireanacha seo agus ba shoiniciúil an chéad réiteach a mhol an Teachta Ó Cuív, ’sé sin go nglanfadh an Stát na fiacha seo mar shocrú aon uaire. Ní bheadh a leithéid ceart ná cóir ag am nuair atá an bhróg ag teannadh in achan réimse de shaol na tíre.

Ach tá ceachtanna go leor le foghlaim ó thaobh rialachas corparáideach ag comhlachtaí Gaeltachta agus Gaeilge ó chliseadh MFG. An bhfuil boird áirithe rómhór agus an bhfuil caighdeáin, cumas agus taithí na mball sách maith? An dtuigeann na comhaltaí go soiléir ról s’acu agus an dtig leo idirdhealú a dhéanamh idir a gcuid dualgais féin agus feidhmeanna na bainistíochta? An n-éilíonn siad agus an bhfaigheann siad oiread eolais agus atá riachtanach lena gcúram a dhéanamh go hiomlán?

Má amharcann muid ar ghné amháin den scéal, díol spéise é líon na mball ar bhord stiúrtha MFG, i gcomórtas le cuideachtaí eile. Ochtar stiúrthóir atá ar bhord Apple, naonúr ar bhord Microsoft, naonúr ar bhord Google, naonúr ar bhord Amazon agus deichniúr ar bhord Ryanair, gan ach roinnt bheag samplaí a lua. Ceathrar agus fiche ball a bhí ar bhord MFG de réir suíomh idirlíon na cuideachta, cé nach bhfuil ach 17 acu sin liostáilte ansin. Tuigim go maith gur ionadaithe ó ghrúpaí sainspéise éagsúla agus ó réigiúin ar leith a bhí i gceist agus go raibh an coincheap a bhaineann le forbairt ‘ón bhonn aníos’ mar fhealsúnacht bunaidh. Ach an bhfágann sin gur bord stiúrtha feidhmiúil a bhí ann?

Údarás na Gaeltachta

Tá 20 duine ar bhord Údarás na Gaeltachta (seachtar déag comhalta tofa agus triúr comhalta ainmnithe, an Cathaoirleach ina measc) ach go bhfuil se ráite go ndéanfar ciorrú ar an bhord sin sa bhille úr Gaeltachta. Fós meastar gur tuairim is dosaen comhaltaí a bheas air feasta más fíor d’Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley. Déarfadh an té atá soiniciúil go bhfuil an struchtúr atá ann faoi láthair ag feidhmiú thar cinn ar fad ....... ’sé sin do bhaill an bhoird féin!

Tá a rian sin le feiceáil ó na costais is na táillí flaithiúla a bronnadh orthu le dornán blianta anuas agus iad ag taisteal na tíre le freastal ar chruinnithe den bhord, de choistí réigiúnda, agus d’imeachtaí eile. Go deimhin bhí comhaltaí áirithe ag baint a mbeatha i dtír go huile is go hiomlán ag freastal ar na cruinnithe seo agus ar chinn de chuid na gComhairlí Contae. Cuimhnímis gur cúram páirtaimseartha é a bheith i do bhall de bhord stáit. Ní raibh sé i gceist ariamh go mbainfí slí beatha amach as.

Ach an bhfuil dosaen stiúrthóir de dhíth i ndáiríre ar Údarás na Gaeltachta le spaga teoranta a riaradh? An bhfuil aon ghá le 24 ball ar bhord stiúrtha Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge? Cad faoi bhord Fhoras na Gaeilge ar a bhfuil cúig bhall déag? An gcuireann sé le héifeacht Choiste Gnó Chonradh na Gaeilge go bhféadfadh idir 25 agus 60 ball a bheith air? An bhfuil gá i ndáiríre le Coiste Naisiúnta ar a bhfuil dhá scór ball le féile an Oireachtais a stiúradh? Cén sórt amaidí a d’fhág go raibh a trí oiread ball ar bhord MFG ná mar atá ar bhord Apple?

Feidhm Boird

Is minic fosta go mbíonn dul amú ar bhaill de bhoird sa tír seo faoin ról atá le cur i gcríoch acu. Ba cheart go bhfeidhmeoidh bord éifeachtach mar a bheadh cigirí ann; iad ag faire go géar ar chur i bhfeidhm aidhmeanna straitéiseacha is dúnghaoisí na comhlachta nó na cuideachta agus ag cinntiú go gcloítear le rialachas corparáideach. Ba cheart gur don chuideachta féin seachas do limistéir ar leith, do dhream sainspéise nó do leas áitiúil nó pearsanta a thabharfadh ball boird a dhílseacht. Tá impleachtaí ann anois faoin leasú a déanadh ar Acht na gCuideachtaí do stiúrthóirí a bhíonn ag trádáil go faillíoch agus go mbeadh pionóis tromchúiseacha á ngearradh as sárú na reachtaíochta. Faraor, is beag cúisimh chorpráideacha a thagann go ceann scríbe in Éirinn murab ionann is tíortha eile.

Ní hé ról an chomhalta boird a bheith ag tabhairt a bheannacht scun scan gan cheist do chinntí atá déanta cheana féin ag feidhmeannaigh na comhlachta. Ba cheart do bhaill boird iad féin a chur ar an eolas faoi thuairimíocht eile nach mbeadh ar aon dul lena bhfuil á chur chun cinn ag an bhainistíocht. Rómhinic, áfach, a bhíonn boird ar nós Údarás na Gaeltachta (mar is léir ó mhiontuairiscí na gcruinnithe boird) gaibhte le ceisteanna micreabhainistíochta a bhaineann i ndáiríre le cúram na bhfeidhmeannach.

Tá cur síos paiteanta déanta ag an chraoltóir Bob Quinn ins an leabhar Maverick ar an tsíorchoimhlint idir baill boird agus feidhmeanaigh chomhlachta stáit. Maidir lena thaithí phearsanta mar bhall d’Údarás RTÉ deir sé:

“I soon found out that the real masters were the permanent officers of the Executive....It is the nature of all organisations, public and private, to give information to the boards on a need-to-know basis.”

I bhfianaise a leithéid de bheartaíocht shlítheanta níor mhiste go gcuirfí go mór le leibhéal na hoiliúna a chuirtear ar dhaoine a cheaptar ar bhoird sula dtéann siad i mbun cúraim lena chinntiú go bhfuil siad go hiomlán ar an eolas faoi réim na bhfreagrachtaí a thiteann orthu, faoina gcuid dualgais shainiúla, faoi na paraiméadair trína bhfeidhmíonn siad agus faoina ndliteanas i gcás teipe.

Modhanna Ceapacháin

Agus cad faoi chaighdeán na gcomhaltaí? Cairde sa chúirt ab ea go leor de cheapacháin bhoird go dtí go ríghairid. Cuimhnímis ar an agallamh cáiliúil úd a rinne Taoiseach an ama, Bertie Ahern, le Bryan Dobson i 2006. Agus é ag míniú nár thug sé aon fhabhar faoi leith d’éinne a thug ‘cúnamh airgid’ dó, dúirt an t-iar-Thaoiseach:

“I might have appointed somebody but I appointed them because they were friends, em, not because of anything they had given me.”

I bhfocail eile, ba ar bhonn cairdis seachas ar bhonn cumais a ceapadh daoine áirithe ina mbaill de bhoird stáit le linn an ama sin.

Níor mhiste a rá go bhfuil athrú éigin tagtha ar seo le tamall anuas sa mhéid is go bhfuil ranna áirithe stáit anois ag lorg “léiriú spéise” ó dhaoine a mheasann go mbeidís oiriúnach do bhallraíocht ar bhoird stáit agus go leanann próiseas níos oscailte maidir le ceapacháin. Ach tá tuilleadh gortghlanadh le déanamh. Ná bíodh sé le rá faoi bhoird na n-eagras Gaeilge nó Gaeltachta go dtagann siad leis an teilgean smolchaite: “a group of the unwilling chosen from the unfit, to do the unnecessary.”

MAIDIR LEIS AN ÚDAR

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.