Creideann Dónall Ó Maolfabhail go bhfuil a fhios ag an Aire Dlí agus Cirt agus ag ceannasaíocht an Gharda Síochána níos mó faoi bhás Eddie Fullerton i nDún na nGall ag tús na nóchaidí ná mar atá siad sásta a admháil.
An mhí seo caite ag comhdháil bhliantúil eagraíocht na nGardaí, Cumann Ionadaíochta an Gharda Síochána, dúradh gurb é an garda ag bun an dréimire amháin atá thíos leis na líomhaintí tromchúiseacha atá ag eascairt ó Bhinse Morris agus cuireadh i leith an Aire Dlí agus Cirt Michael McDowell nach bhfuil sé ag cur brú ar cheannasaíocht an fhórsa aghaidh a thabhairt ar na líomhaintí. Táthar den tuairim gur cosaint cheannasaíocht an Gharda Síochána is cúis leis an Aire diúltú tuarascáil na nGardaí maidir le dúnmharú an iar-chomhairleora contae Eddie Fullerton a fhoilsiú. Agus gur seo, leis, a thug air amhras a chaitheamh go mí-ionraic ar fhianaise úrnua a thug clár ar TG4 faoi dhúnmharú Fullerton (a raibh mé féin bainteach leis) chun solais le gairid.
Comhairleoir contae de chuid Sinn Féin i nDún na nGall a bhí in Eddie Fullerton nuair a dúnmharaíodh é i 1991 i mBaile Bhun Cranncha. Mhaígh an UFF ag an am gurbh iad a bhí freagrach as an dúnmharú. Ach tá go leor amhrais ann ó shin go raibh claonpháirteachas i gceist le fórsaí slándála na Breataine. Ní hamháin sin ach bhí tuairim fhorleathan ann ag an am nach ndearna na Gardaí an cás a fhiosrú mar ba chóir.
I Meitheamh 2003 bhronn aturnae mhuintir Fullerton comhad ar an Aire McDowell ina raibh fianaise úr ó fhinné nua, fianaise ní hamháin a chaith amhras ar iompar na nGardaí, ach fianaise a thacaigh leo siúd a chreid go raibh claonpháirteachas i gceist i ndúnmharú an Uasail Fullerton. De thairbhe an chomhaid seo, cheap Coimisinéir na nGardaí Ard-Cheannfort le fiosrúcháin na nGardaí ag an am a athscrúdú.
De réir an chomhaid seo, ar oíche an dúnmharaithe chonaic fear a raibh cónaí air sna Sé Chontae, gar don teorainn, triúr fear ag léim isteach i ngluaisteán neamh-mharcáilte de chuid an RUC. Mar gheall ar an dóigh a raibh na fir gléasta, an áit ina raibh siad agus an t-am a chonacthas iad, creidtear go láidir gur ag teitheadh i ndiaidh dhúnmharú an Uasail Fullerton a bhí an triúr. An lá dár gcionn chuaigh an finné chun cainte leis an RUC agus d’inis gach a bhfaca sé dóibh. Ainneoin go ndúirt an RUC go mbeadh duine i dteagmháil leis, níor léir dó go raibh mórán spéise acu ina raibh le rá aige.
Níos déanaí an lá céanna tháinig ball de chuid an RUC chuig a dhoras agus d’iarr air a theacht amach chuig gluaisteán a bhí páirceáilte lasmuigh. Nuair a shuigh sé isteach sa ghluaisteán cuireadh in aithne é d’Ard-Cheannfort de chuid an RUC agus ball sinsearach de chuid an Gharda Síochána. De réir an fhinné, níor chuireadar aon cheisteanna air faoin ngluaisteán a chonaic sé. An bhféadfadh sé na fir a chonaic sé a aithint arís? B’in amháin ba spéis leis an bheirt phóilíní. *“I told them that I would not be able to identify their faces and at that they appeared to relax…I felt that my life could be on the line if I put a foot wrong or said the wrong thing…I was shaking when I got home and the hairs were standing on the back of my neck. It was a very strange interview.” *
Deir na Gardaí anois nach raibh aon eolas acu faoin bhfinné seo go dtí gur bhronn aturnae mhuintir Fullerton a chomhad nua ar an Aire. Ní hamháin sin ach deir na Gardaí freisin nach eol dóibh fiú go fóill cérbh é an garda a bhí i dteannta ard-cheannfort an RUC sa ghluaisteán nuair a bhuaileadar leis an bhfinné.
Ag freagairt ceisteanna ó Theachtaí Dála Shinn Féin agus an Teachta Dála neamhspleách Finian McGrath, dúirt an tAire Dlí agus Cirt sa Dáil an mhí seo caite go raibh an Garda Síochána ag fanacht ar an PSNI teacht ar ais chucu agus, dá bhrí sin, nach raibh a dtuarascáil maidir le cás an Uasail Fullerton críochnaithe acu go fóill. Ar an 17 Aibreán 2005 shéan urlabhraí de chuid an PSNI an méid seo in alt san *Irish Independent *agus dúirt go rabhadar siúd ag fanacht ar na Gardaí a theacht ar ais chucusan.
Cúpla lá ina dhiaidh sin dúirt an tAire sa Dáil nach bhfuil sé ar intinn aige tuarascáil an Gharda Síochána maidir le dúnmharú an Uasail Fullerton a fhoilsiú, “either in its interim or final stage.” *Anuas air sin dúirt sé gur cuireadh in iúl dó nach bhfuil an finné nua ag seasamh leis an ráiteas a thug sé d’aturnae mhuintir Fullerton agus go bhfuil ráiteas nua tugtha aige don Gharda Síochána ó shin. Ráiteas bréagach ón aire a bhí sa mhéid seo. Tuigtear do *Beo! nach bhfuil ach miondifríocht idir an dá ráiteas.
Sa chlár a chuaigh amach ar TG4, luaigh an finné conas a ghlac an RUC ráiteas iomlán uaidh cúpla lá i ndiaidh na heachtra sa ghluaisteán. Is é an t-aon difríocht idir an dá ráiteas a thug sé ná nach raibh aon tagairt don mhéid seo sa bhunráiteas a thug sé d’aturnae mhuintir Fullerton.
I gclár TG4, “Fullerton”, dúirt iarurlabhraí Pháirtí Lucht Oibre na Breataine ar Thuaisceart Éireann, Kevin McNamara: “I think the Garda should be pursuing the allegations that their was a member of the gardai in the car when the witness was talking to the RUC. It should be pursued by the RUC. It shouldn’t be left there to gather dust.” Ní léir go bhfuil ceannasaíocht an Gharda Síochána ná an tAire Dlí agus Cirt buartha faoi ainm an gharda shinsearaigh a aimsiú a chas leis an bhfinné i dteannta Ard-Cheannfort an RUC – agus, más fíor, nár inis an méid seo dá cheannasaíocht.
Dá bhrí sin, is deacair gan teacht ar an tuairim go bhfuil a fhios go maith ag an Aire agus ag Ceannfort na nGardaí, mar atá a fhios ag *Beo!, *cérbh é an garda, agus nach bhfuil anseo ach sampla eile d’ár nAire Dlí agus Cirt ag cosaint mí-iompair i measc cheannasaíocht an Gharda Síochána.
As Baile Átha Cliath é Dónall Ó Maolfabhail. Is saoririseoir é atá ag scríobh d’fhoilseacháin éagsúla.