Tá titim mhór tagtha sa líon daoine atá ag ól i dtithe tábhairne na hÉireann le tamall anuas ach measann Breandán Delap go bhfuil sé in am ag na tábhairneoirí dul i ngleic leis an fhadhb, seachas bheith de shíor ag gearán.
Cliché a chloistear go minic ag an am seo bliana ná “there’s no room in the inn” ach dá mbeadh Naomh Iosaef agus a chomhluadar ina steillbheatha arís, is dócha go ndéarfaí leo go bhfuil neart spáis sa teach leanna. É sin nó go bhfuil sé druidte, de cheal gnó. Tá an iliomad cúiseanna leis seo, an costas mór a bhaineann le feighlithe leanaí agus an cosc ar chaitheamh tobac, ina measc. Ach gan dabht ar bith is é an dianfheachtas atá ar bun ag na Gardaí le dornán míonna anuas an buille is troime atá faighte ag tionscal na dtithe leanna le fada. Go deimhin, tá go leor ann a deir gur buille an bháis é don tábhairne tuaithe. Tuairiscítear, mar shampla, go bhfuil cinn i dTír Chonaill nach bhfuil ag oscailt anois ach ag amanna áirithe agus laethanta áirithe fiú.
Ach is beag duine nach gcreideann gur maith an rud é an feachtas céanna seo – seachas corr-Chomhairleoir Chontae i dTiobraid Árann, b’fhéidir. Is doiligh cur i gcoinne beartais a bhfuil sé mar aidhm aige líon na marbh ar na bealaí a laghdú. Ach os a choinne sin, ba bhoichte go mór saol sóisialta na tíre dá ligfí don teach tábhairne – agus an comhluadar, teolaíocht is craic a ghabhann leis – dul i léig. Ní gá duit a bheith i do bhall de Mensa le teacht ar an tuiscint nach gá go gcealódh ceachtar den dá ní a chéile, ach teacht ar chomhréiteach sásúil eatarthu. Ar an drochuair, is beag atá déanta le teacht ar an chomhréiteach céanna.
Rinne “Nuacht TG4” pobalbhreith ar an ábhar seo ar na mallaibh agus ba spéisiúil na torthaí a bhí air. Cheistigh TNS/MRBI 500 duine i 50 ionad éagsúil ar fud Chontae Shligigh agus thuaisceart Chontae Liatroma – dáilcheantar úr a bhfuil meascán mór de cheantair thuaithe agus uirbeacha ann. Aontaíonn tromlach mór de lucht an dáilcheantair leis an bhealach a ndeachaigh an Rialtas i ngleic le hól agus tiomáint le gairid. Tá an tacaíocht níos láidre i measc lucht uirbeach (96% i gcomparáid le 82% sna limistéir thuaithe). Cé go ndeir 62% go bhfuil siad ag dul chuig an teach tábhairne chomh minic céanna ó thosaigh na Gardaí ag faire ar thiomáint faoi thionchar an óil, léirigh breis agus an ceathrú cuid (28%) athrú ar a n-iompar, á rá nach dtéann siad chuig an teach tábhairne chomh minic. Is iad is dóchúla a bheith ar an dream deiridh sin: fir, aois idir 35-64 agus iad ina gcónaí i limistéir uirbeacha.B’fhéidir go bhfuil baint ag cur isteach ar shaol pearsanta leis an mhíshástacht láidir le tástáil anála ar maidin i measc 50% de lucht an dáilcheantair. Is léir scoilt láidir uirbeach/tuaithe faoi thástáil anála ar maidin; tá 71% de thoghthóirí uirbeacha ina fhabhar, agus níl tacaíocht aige ach ó 36% faoin tuath. Chomh maith leis sin, tá roinnt bheag míshástachta leis an teorainn alcóil de 80mg in aghaidh 100ml atá ann faoi láthair; deir 32% go bhfuil sé ródhian (líon níos mó fear agus daoine faoin tuath), creideann thart ar a leath (48%) go bhfuil sé díreach ceart agus ní mheasann ach 13% go bhfuil sé ró-réidh.
Easpa córais iompair
Tá neart tátail gur féidir a bhaint as an suirbhé seo ar leibhéal náisiúnta. Ar an chéad ásc, níor mhór a áiteamh gur léir go bhfuil tromlach an phobail i bhfabhar cur chuige na nGardaí i leith tiomáint faoi thionchar an óil. Ach is mór an difear idir barúil bhunadh na tuaithe agus na cathrach ar an cheist achrannach seo. Níor cheart go gcuirfeadh sé seo iontas dá laghad orainn. Óir níl aon chóras iompair
gurbh fhiú trácht air i bhformhór na gceantar tuaithe ó cheann ceann na tíre. Bhí tuairisc ar an chlár raidió “Drivetime” le gairid faoi bheirt fhear as deisceart Chill Chainnigh arbh éigin dóibh scairt a chur ar thacsaí ó chathair Phort Láirge le hiad a thabhairt abhaile, cúpla míle slí siar an bóthar! Is cuma cé mhéad seanmóireachta a dhéantar faoi a bheith ag tiomáint faoi thionchar deochanna meisciúla (agus ní féidir a leithéid a chosaint ar dhóigh ar bith) ní bhíonn de rogha anois ag leor daoine ach a gcuid siamsaíochta a dhéanamh ina dteach féin, de bhrí nach bhfuil síob abhaile acu.
Díol spéise fosta na torthaí i leith an leibhéil dí atá ceadaithe. Tá go leor athruithe tagtha ar an leibhéal seo le blianta beaga anuas. Ba bheag éifeacht a bhí ag na hathruithe sin ar dhearcadh an phobail, áfach, cionn is nár chuir na Gardaí i bhfeidhm riamh iad. Anois tá an spriocleibhéal íslithe go mór agus tá an dlí á chur i bhfeidhm! Tá sciar den locht, mar sin, ar na Gardaí as cuid den phobal bheith ar nós cuma liom maidir le bheith ag ól agus ag tiomáint. Níor mhór dóibh, mar sin, sciar den fhreagracht a ghlacadh as an dearcadh sin a athrú.
Ní éireoidh leo é seo a bhaint amach má leantar leis an chleachtas bómánta análú ar maidin. (Cuimhnigh ar ár gcairde as deisceart Chill Chainnigh agus cé chomh háiféiseach is a bheadh sé dá gcaillfidís a gceadúnas de bharr iad a bheith beagán os cionn na sprice an mhaidin i ndiaidh dóibh na scórtha euro a íoc le hiad a thabhairt cúpla míle slí abhaile!) Ba cheart go mbeadh sé mar chuspóir ag na Gardaí nósmhaireacht úr a chruthú – is é sin, go bhfágfadh daoine an carr sa bhaile nuair a bheadh fonn dí orthu. Ach ní leor sin anois, mar go bhfuil an baol ann go mbéarfaí ort an mhaidin dár gcionn. Go bhfios dom, níl sé mar aidhm ag na Gardaí deireadh a chur ar fad leis an ólachán agus mholfainn dóibh discréid a léiriú san ghné seo dá bhfeachtas.
An béal bochtAgus cén réiteach atá ag na tábhairneoirí ar an scéal? Faic na ngrást, ach gearáin agus an béal bocht. Go deimhin, tá níos mó olagón ná ólacháin á dhéanamh sna tithe tábhairne faoi láthair. Chuir éileamh Uachtarán Chónaidhm
Fíoncheannaitheoirí Éireann, Paul Stevenson, go ndíolfaí cúiteamh le tábhairneoirí as an mhéid airgid atá caillte acu de bharr fheachtas na nGardaí i leith tiomáint agus ól, idir alltacht agus iontas ar dhaoine. Éileamh a bhí ann nach gcreidfeá dá gcuirfí i láthair é mar scéal Amadán Aibreáin. Rinne siad soiléiriú ar an ráiteas ó shin agus iad ag maíomh anois gur cúiteamh do thábhairneoirí a chuireann córas taistil ar fáil dá gcustaiméirí a bhí i gceist. Ach maireann an cur i gcéill.
Brúghrúpa iad na tábhairneoirí atá thar a bheith cumhachtach agus sotalach. D’éiligh siad le déanaí, mar shampla, go laghdófaí an dleacht mháil ar dheochanna meisciúla sa Cháinaisnéis, dleacht a cuireadh air d’fhonn srian a chur ar ró-ólachán sa tír. Anuas air sin, chuir siad neart aighneachtaí faoi bhráid an Rialtais ag cur i gcoinne phleananna an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell dlíthe ólacháin na tíre a athrú agus ceadúnais a thabhairt le haghaidh caife-bheár. Theip ar iarrachtaí an Aire i ndeireadh na dála, de bharr easpa tacaíochta óna chuid comhghleacaithe rialtais. Níl mórán a chreideann gur trí chomhtharlú a ardaítear praghas na dí an méid céanna ag an am céanna i dtithe tábhairne éagsúla! Agus mar bharr dánaíochta, chuir na tábhairneoirí i gcoinne na reachtaíochta a bhaineann le hól agus tiomáint nuair a bhí sí á hachtú. Dream iad na tábhairneoirí, mar sin, atá glórach go maith i mbun éilimh ach tostach go maith ag moladh réitigh.
Óir tá fianaise ann go raibh na tithe tábhairne ar an dé deireadh i bhfad sular thosaigh dianfheachtas na nGardaí. Is beag athrú atá tagtha ar phubanna ó tháinig an Tíogar Ceilteach i méadaíocht. Is minic, mar shampla, go mbíonn na leithris bréan, brocach. Ina theannta sin, níl siad ag teacht i dtír ar an chultúr mór fíona atá sa tír anois, ná baol air. Murab ionann agus in Albain agus i Sasana, áit a mbíonn raon fairsing fíona ar fáil ar phraghas réasúnta, ní bhíonn de rogha ag óltóirí na hÉireann ach buidéil bheaga agus fíon nach bhfuil mórán de bhlas air. Cá hiontas, mar sin, go bhfuil go leor daoine ag déanamh a gcuid ólacháin sa bhaile anois?
Sampla na mbialann SíneachTarlaíonn sé i ngach gnó nach mór go dtagann athrú sa mhargadh ó am go chéile. Nuair a tharlaíonn a leithéid, caithfear cinneadh a dhéanamh dul ar mhalairt treo. Níl oiread ratha is a bhíodh, mar shampla, ar bhialanna Síneacha in Éirinn faoi láthair. In áit dul as gnó, áfach, tá athrú bunúsach tagtha orthu agus iad i mbun gnó anois mar bhialanna Téalannacha nó Áiseacha. Ach in ionad dul i bhfóirstean do mhianta úra an mhargaidh, is é an t-aon teacht aniar atá ag na tábhairneoirí ná iarracht a dhéanamh a dtionchar a imirt ar pholaiteoirí na tíre agus lámh chúnta a fháil uathu. Ach fainic amháin, bhí an dearcadh céanna ag tiománaithe tacsaí deich mbliana ó shin, más buan mo chuimhne.
I bhfocail eile, is faoi na tábhairneoirí féin atá sé teacht ar réiteach na faidhbe más mian leo leanstan lena ngnó. Níor mhór moladh mór a thabhairt don tábhairneoir as ceantar na nOileán i gConamara atá ag cur seirbhís tacsaí saor in aisce ar fáil dá chustaiméirí (agus tá ag éirí go maith leis, de réir na dtuairiscí.) Ar ndóigh, d’fhéadfadh tábhairneoirí comhoibriú le chéile lena leithéid de sheirbhís iompair phoiblí a airgeadú. Sa bhreis ar sin, íocann tábhairneoirí airgead le ceoltóirí le custaiméirí a mhealladh isteach. Dá mbeadh rogha ag daoine idir ceoltóir sa chúinne nó síob abhaile, is iomaí duine a roghnódh an bealach saor, sábháilte abhaile seachas rogha agus togha an cheoil!
Ach tá rud amháin cinnte, is é sin nach bhfuil seans dá laghad, agus tréimhse na Nollag díreach caite againn, go ndéanfar aon chúlú ar an chosc ar chaitheamh tobac ná ar dhianfheachtas na nGardaí i gcoinne tiomána faoi thionchar an óil. Is faoi na tábhairneoirí féin atá a dtodhchaí.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap. Tá cónaí air sa Spidéal.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ-TG4 é Breandán Delap. Tá sé ina chónaí sa Spidéal, Co na Gaillimhe.