tabhair freagratabhair freagra #1 Páid Ó Donnchú 4 Lúnasa 2011, 01:14 GMT
An-mhaith a Dhonncha. Creidim féin, áfach, go bhfuil ceangal láidir idir Protastúnachas agus an cultúr Gearmánach. Luíonn an tsaoirse meoin atá ag teastáil ón bhFear Tuaisceartach níos fusa le réabhlóid Luther. http:/​/​www.languageandpeace.com/​lang/​en/​protestant_reformation.html
tabhair freagratabhair freagra #2 An tAstrálach 8 Lúnasa 2011, 07:45 GMT
"Tá mé den tuairim gur díbríodh an oiread céanna daoine amach as an tír seo de bharr easpa saoirse ina saol pearsanta is a ndeachaigh ar imirce ar chúinsí geilleagair is ar easpa fostaíochta."
Mar an gcéanna leis na Caitlicigh sa Tuaisceart a d'imigh thar lear, agus ní raibh aon fháilte romhaibh iompó ina bProtastúnaigh ach an oiread!
tabhair freagratabhair freagra #3 An Spailpín Fánach 8 Lúnasa 2011, 21:59 GMT
Bhuel a Dhonnacha tá post i ndán duit leis an Irish Times ag scríobh altanna leisciúil, lán de “cliches”, frith-Chaitliceach – sort leagan Gaeilge de Fintan O’Toole!! Agus taobh amuigh den bhúr réamhchlaonadh féin an bhfuil aon fíricí nó taighde chun tacaíocht a thabhairt do bhur tuairim seafóideach – “gur díbríodh an oiread céanna daoine amach as an tír seo de bharr easpa saoirse ina saol pearsanta is a ndeachaigh ar imirce ar chúinsí geilleagair is ar easpa fostaíochta”. Sea d’fhág na millte a chuaigh ar imirce sna caogaidí agus sna seascaidí postanna maith chun dul thar lear ag lorg saoirse!!!!
tabhair freagratabhair freagra #4 Conall Cearnach 11 Lúnasa 2011, 23:04 GMT
Sí an fhadhb is mó atá ag an Chríostaíocht ná 'Titim an Chine Dhaonna'. Muna raibh 'Titim' ann, ní raibh aon gá le 'Slánú'. Iarraim ar aon Chríostaí, Muslamach, no Giúdach, fiú, a léann 'Beo', nó éinne d'aon tsaghas chreidimh eile ar bith dá bhfuil, nó aon ainchreideamhach d'aon tsaghas ach oiread - níor mhaith liom bheith teoranta sa chuardach seo - pé fianaise atá ann don 'Titim' seo, má's fíor, a cur ar mo shúilibh.
tabhair freagratabhair freagra #5 Fearn 14 Lúnasa 2011, 13:54 GMT
An mbeadh an ceart agam a shílstin gur fuadach "Donncha Ó hÉallaithe" agus gur thug leathstócach a aiste cheapadóireachta isteach ina áit is gur fhoillseadh é tré fáillí.

Sin smaointe leathstócaigh ag cur dúshlán a thuistí agus a mhuinteoirí. Ní miste é sin a dhéanamh, dar ndóigh, ach is fear argóint stuama thar leathsmaointe bhacacha streachlánacha
tabhair freagratabhair freagra #6 Daithi 16 Lúnasa 2011, 22:24 GMT
Is mó bharúíl laidir ní iompóidh Chaitlicigh na hÉireann go hEaglais Protastúnach ar chor a bith ach fanfidh siad ina gcreideamh fhéin nó gan creideamh ar bith. Tá an Eaglais Protastúnach i Sasana níos laige ná an Eaglais Románach in Éirinn agus tá roint díobh ag iompú go Chaitliceachas. Níl an scéal chomh simplí sin.
tabhair freagratabhair freagra #7 Anna Livia 19 Lúnasa 2011, 19:44 GMT
Maith thú, a Dhonncha, tá ábhar machnaimh agus fiúntas i d'alt! Is cinnte gur suntasach an rud é go bhfuil formhór na gCaitliceach in Éirinn fós ag glacadh - a bheag nó a mhór - le heagras atá á riaradh ag dream chomh lofa leo siúd atá i réim sa Vatacáin, agus le teagasc atá chomh sotalach is go maíonn Eaglais na Róimhe go bhfuil an ceart ar fad aici féin agus dul amú ar na billiúin eile ar fud an domhain. Aontaím leat gurb é an duine a chruthaigh dia na Críostaíochta agus na déithe uilig seachas a mhalairt; agus i mo thuairim féin, b'fhearr go mór córas móráltachta a bhunófaí ar dhaoine ag déanamh leasa a chéile ar son a chéile, agus ar son an domhain nádúrtha a bhfuilimid ag brath air, seachas ar son déithe is saoil iarbháis nach bhfuil fianaise ná cruthú ann chucu. Ach tá traidisiúin, draíocht, nascanna pobail agus freagraí ríshimplí (dar liom) á soláthar ag creidimh reiligiúnda, agus ní scaoiltear leo go réidh.
tabhair freagratabhair freagra #8 Erasmus 27 Lúnasa 2011, 12:55 GMT
A Dhonncha, a chara, mar chaitliceach liobrálach mé féin atá fríd a chéile ag an méid a tharla, le do thoil, ná bí ag insint dúinn cad é a ba cheart dúinn a dhéanamh - tá muid sách mór ár gcinntí féin a dhéanamh gan tráchtairí cosúil leat féin ag déanamh uasal le híseal linn.
Ár leithscéal, tá cosc ar fhreagraí anois agus deireadh curtha le foilsiú Beo!