TEANGA AGUS CULTÚR/DÚSHRAITH NA GAEILGE
Gael Linn
Antoine Ó Coileáin Antoine Ó Coileáin Antoine Ó Coileáin

San alt rialta seo, ceistíonn Beo! duine as eagras, comhlacht nó institiúid de chuid na Gaeilge faoin obair atá á déanamh acu. An mhí seo: Antoine Ó Coileáin, Gael Linn, Baile Átha Cliath.

Íomhá
  1. Cén ról atá agat féin i nGael Linn agus cén fhad atá tú sa phost?

Is mise Príomhfheidhmeannach Gael Linn agus tá mé sa phost le bliain anuas.

  1. Cathain a bunaíodh an comhlacht agus cé a bhunaigh é?

Bunaíodh Gael Linn caoga bliain ó shin, sa bhliain 1953. D’eascair an smaoineamh ó eagras darbh ainm An Comhchaidreamh, eagras do mhic léinn agus do chéimithe ollscoile. Na daoine a bhunaigh Gael Linn ná Dónall Ó Móráin, Seán Ó Síocháin, Máirtín Ó Cadhain, Máire Bhreathnach agus Aodhgán Brioscú.

  1. Cén fáth ar bunaíodh é?

Bhraith na bunaitheoirí nach raibh go leor ar siúl ag an Rialtas chun an Ghaeilge a chur chun cinn agus go raibh gníomh práinneach ag teastáil sa Ghaeltacht. Shocraigh siad dá mbeadh ioncam dá chuid féin ag eagras go bhféadfaí dul i mbun tionscadal fiúntach a rachadh chun tairbhe na Gaeilge agus na Gaeltachta.

  1. Cé mhéad duine atá fostaithe ag Gael Linn anois?

Cúig dhuine is fiche atá fostaithe go lánaimseartha agus dáréag eile fostaithe ar saincheadúnas.

  1. Cén obair atá idir lámha agaibh faoi láthair?

Is féidir gníomhchlár Gael Linn a roinnt mar a leanas:

Múineadh na Gaeilge - cúrsaí samhraidh, cúrsaí do dhaoine fásta, cúrsa cumarsáide don idirbhliain, srl. Tacú le Múineadh na Gaeilge - póstaeir, Feisteán (ábhar do mhúinteoirí), ábhar ar CD-Rom agus ar an idirlíon (www.gael-linn.ie). Úsáid na Gaeilge - Díospóireachtaí, Coirm (drámaíocht), Siansa (ceol agus amhráin) agus imeachtaí eile. Gnó - Ceirníní Gael Linn, Caife Trí D, atá ar 3 Sráid Dásain, Baile Átha Cliath. Cistíocht - Cairde (síntiúis) agus scríobchártaí.

  1. An bhfaigheann sibh maoiniú ar bith ón stát? Má fhaigheann, an leor é mar dheontas?

Faigheann Gael Linn maoiniú ach go háirithe i leith an chlár imeachtaí atá againn do dhaoine óga. I mbliana, gearradh an bundeontas 10% agus scoireadh an maoiniú ar thionscadail, rud a fhágann nach leor ar chor bith an maoiniú reatha ón stát.

  1. An bhfuil mórán de na spriocanna a leagadh síos i dtús ama bainte amach ag Gael Linn?

In imeacht caoga bliain, tá an-chuid bainte amach ag Gael Linn chun aisling na mbunaitheoirí a fhíoradh. Chabhraigh Gael Linn le forbairt na Gaeltachta agus chruthaigh sé deiseanna do na glúnta teacht i dteagmháil leis an nGaeilge ar bhealach taitneamhach. Thar aon rud eile, tugann Gael Linn íomhá chomhaimseartha don Ghaeilge agus spreagann sé mórtas cine.

  1. Cad iad na laigí agus na láidreachtaí a bhaineann leis an gcomhlacht?

Láidreachtaí

Táimid aitheanta mar eagras cruthaitheach, fiontraíoch. Tá gréasán maith daoine againn ar fud na tíre. Tá cáil ar ár gclár imeachtaí agus ar ár gcuid cúrsaí.

Laige

An éiginnteacht a bhaineann le maoiniú Stáit ó bhliain go chéile.

  1. Ainmnigh na trí rud is tábhachtaí, dar leatsa, ba cheart a bheith bainte amach ag Gael Linn faoi cheann cúig bliana.

Áiseanna, imeachtaí agus cúrsaí nua a bheith ar fáil chun freastal ar riachtanais fhoghlaimeoirí agus phobal na Gaeilge. Bonn láidir gnó a bheith faoinár gcuid fiontar. Go mbeadh tionchar ag Gael Linn ar úsáid na Gaeilge a leathadh i sochaí na hÉireann.

  1. Cén fhís atá agat féin don Ghaeilge?

Is mian liom bunphobal suntasach daoine a fheiceáil a mbeadh an Ghaeilge ina teanga laethúil acu. Chinnteodh a leithéid gur pobal inmharthana a bheadh iontu agus chothódh sé éileamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.