AR NA SAOLTA SEO/AN tSÚIL NIMHE LE BALOR
Fís agus aisling Mhicí agus Bhertie
Balor Balor Balor

An soiscéal de réir Bhalor.

Íomhá
© Seán Ó Domhnaill

Agus tharla sna laethanta sin gur tháinig tairngire i measc phobal na cathrach sin agus tharla nár aithin an pobal é. Tharla fosta nach raibh an tairngire doiligh a aithint nó ní bheadh duine ar bith eile ach tairngire sásta dul i measc an phobail agus stánadh go míchéadfach orthu amach as leathshúil ollmhór ghránna ghráiciúil éagruthach i lár chlár a éadain. Ach pobal stalcach, stóinsithe, stuacach a bhí iontu.

Nuair a labhair Balor Fáidh leo níor éist siad lena fhírinne ghlan, agus ní dhearna siad beart de réir a bhriathair, agus chruaigh siad a gcroí agus chaith maslaí leis agus clocha agus cnagáin cháidheacha as cairn aoiligh. Agus d’imigh Balor Fáidh as measc an phobail sin nó bhí siad dúr agus dolúbtha agus diúnasach, agus ghlan sé brus na háite sin dá chuid cuarán agus d’imigh leis siar an bealach go dtí an Muileann gCearr.

Ach tharla go raibh fear feasa feachtnach fíréanta amháin ag éisteacht le Balor Fáidh i ngan fhios do dhuine ar bith " agus i ngan fhios dó féin, fiú. Bertie Buíoch Beannachtach a bhí ar an fhear seo. Chroch Bertie suas a threabhsar agus a mhisneach, d’fhág slán ag a chairde béalfhliucha i dTigh Fagan’s, agus as go brách leis siar an bealach.

Agus tharla insan Mhuileann gCearr gur chruaigh an pobal na háite sin a gcroí fosta. Agus tharla nach raibh ar an bhaile sin ach an t-aon fhear amháin feasa feachtnach fíréanta a bhí sásta cluas le héisteacht a chur air féin. Micí Mealltach Mímhúinte Ó Ryanair a bhí ar an fhear seo. Gan leisce, gan leointíocht, gan leithscéal a thug sé an mhéar dhíreach san aer do lucht fochaide an bhaile agus an dá mhéar spréite san aer do lucht caite cloch agus caca agus masla an bhaile.

Ina dhiaidh sin d’éirigh sé agus chuir sé ordú catha air féin agus sháigh trí mhéar a dheasláimhe faoi shrón lucht an díchreidimh agus dúirt: “Léigí idir na línte a scaifte húranna gan mhaith.” Agus d’fhág sé an baile agus ghlan sé brus na háite sin dá chuid cuarán agus d’imigh leis níos faide siar an bealach, áit a raibh Bertie Buíoch Beannachtach agus Balor Fáidh ag fanacht leis taobh amuigh de theach tábhairne i lár na tuaithe glaise glaine.

Agus tharla insan áit sin go ndearna Balor a chuid géag uachtaracha a leathadh agus a chuid géag íochtaracha a leathadh agus dhírigh aire na beirte ar leithead a leata. Agus ar an dóigh sin a dhírigh sé aire na beirte ar leithead agus ar chothroime agus ar réadas an talaimh ar an taobh ó thuaidh den áit ghlas ghlan sin, agus ar an taobh ó dheas de, agus nochtaigh sé dá bheirt dheisceabal plásóga ollmhóra, míne, cothroma, leathana, ceann acu ar a láimh dheas agus ceann acu ar a láimh chlé.

Ansin labhair Balor Fáidh agus dúirt: “Iad siúd a bhfuil súile acu le hamharc leo, amharcaidís; agus iad siúd a bhfuil cluasa acu le héisteacht leo, éistidís; agus iad siúd a bhfuil béal acu le hithe leis agus sceadamán le hól leis, bíodh greim le hithe agus cúpla pionta acu liomsa ar dtús.”

Agus lean Micí Mealltach Mímhúinte agus Bertie Buíoch Beannachtach Balor Fáidh isteach sa tábhairne agus réitíodh bia agus deoch dóibh, agus d’ith siad agus d’ól siad a sáith, agus dúirt go raibh méid an bhia agus méid na dí de dhíth, agus bhí. Ansin tharraing Balor Fáidh píopa beag cailce amach as a phóca agus las ina láthair é agus dúirt fríd an ghal: “Caithigí é seo!” “An gcaithfidh muid?” a d’fhiafraigh an bheirt eile d’aonghuth. “Caithfidh sibh! Anois caithigí!”

Ansin a dúirt Bertie Buíoch Beannachtach: “Ááá, tá a fhios agam, loike you know, go gcaithfidh mé, you know loike, caitheamh, agus níl mé ag iarraidh bheith ag caitheamh anuas ortsa, ach loike, má chaithim é sin beidh mé, ááá sorta loike you know, ag caitheamh aníos ort, mar, I mean, loike, ní chaithim!” Agus, i mbeagán focal, dúirt Micí Mealltach Mímhúinte mórán an rud céanna.

Agus ag caint dóibh mar sin sa tábhairne spréigh gal an phíopa ar fud an tseomra agus tharla fís agus aisling agus taibhreamh. Agus chonacthas dóibh triúr mar a bheadh na milliúin d’fhir agus de mhná agus de pháistí na hÉireann agus iad ag tarraingt ar na plásóga míne, cothroma, ollmhóra, leathana, ceann acu ar an láimh dheas agus ceann acu ar an láimh chlé. Agus bhí na daoine sin ag dul as amharc isteach i gceo a bhí thart ar na plásóga sin.

Ansin rinne Balor Fáidh tuar agus tairngreacht agus dúirt: “Roghnaigh mé sibh as measc mhuintir dhúr na tíre seo nó aithníonn sibh sladmhargadh maith nuair a fheiceann sibh é, fiú i gceo na haislinge. Tá na plásóga míne, cothroma, ollmhóra, leathana sin ar díol ar phraghas an-mhaith. Mé féin atá á ndíol agus ar an ábhar sin tá a fhios agam gur margadh maith atá sibh a fháil. An rud a fheicfidh sibh anois ní fheicfidh duine ar bith eile beo go dtí go dtagann lá na físe. Anois amharcaigí go géar.”

Agus sháigh Bertie Buíoch Beannachtach agus Micí Mealltach Mímhúinte a gcloigne isteach sa ghal agus tharla mar a bheadh scaipeadh ceo agus chonacthas dóibh dhá fhógra ollmhóra, ceann acu ar dheis agus ceann acu ar chlé. Agus scríofa go soiléir ar an fhógra ar dheis bhí na focail Babhla Bhertie, agus taobh thiar den fhógra sin chonacthas dóibh staid a bhí ní ba mhó agus níb fhairsinge agus ní ba scópúla ná Páirc an Chrócaigh féin, agus é lán go poll an phaidrín le daoine.

Agus scríofa go soiléir ar an fhógra ar chlé bhí na focail An Dara Terminal, agus taobh thiar den fhógra sin chonacthas dóibh aerfort a bhí ní ba mhó agus ní b’fhairsinge agus ní ba scópúla ná JFK féin, agus é sin fosta lomlán le daoine. Agus bhí aire gach duine acu dírithe ar eitleán ollmhór a raibh cláirseach ar a eireaball agus eochracha na Pápachta ar a chabhail.

Agus ina sheasamh ag doras an eitleáin bhí pápa beag baoideach a raibh meangadh mór ar a ghnúis. Agus labhair an pápa beag baoideach i nglór mór ard agus dúirt “Habemus Babhla et Habemus Terminum Secundum. Fógraím an dá rud ar oscailt go hoifigiúil.” Agus le liúbhéiceanna agus ruabhéiceannana na ndaoine a bhí cruinnithe isteach sa *Terminal *agus sa Bhabhla thit ceo dorcha ar an taibhreamh agus d’imigh an fhís, agus labhair Balor Fáidh agus dúirt: “Deirim libh anois, a dheisceabail, má cheannaíonn sibh na giotaí talaimh seo uaimse tiocfaidh an lá sin.”

Agus d’amharc Bertie Buíoch Beannachtach agus Micí Mealltach Mímhúinte isteach i leathshúil Bhalor Fáidh agus tháinig deora lena súile agus uisce lena bhfiacla agus thosaigh siad beirt ag dord d’aonghuth: “Tiocfaidh ár lá! Tiocfaidh ár lá! Tiocfaidh ár lá!” Agus tiocfaidh... b’fhéidir.

Léaráid: Seán Ó Domhnaill (www.cartuin.net)

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.