AR NA SAOLTA SEO
Easpa Uisce
Robert McMillen Robert McMillen Robert McMillen

Feidhmítear feidhmeannascad é is fiú é? Tá Robert McMillen den bharúil gur mithid don Fheidhmeannas anois thar ariamh cheana cromadh chun oibre agus a fhiúntas a chruthú do na daoine atá ar easpa uisce le rófhada.

Íomhá
Laurence Mac Kenzie, an Príomhfheidhmeannach
Íomhá
Béal tuile, ó dheas
Íomhá
Dearadh álainn ar ghlas soláthair

“Okay a pháistí - ciúnas ag an chúl, sea, thusa McKenzie - inniu, tá muid ag dul a fhoghlaim fá uisce agus an rud a tharlaíonn dó nuair a reonn sé. “Nuair a reonn uisce, atfaidh sé. Tá toirt an oighir tuairim’s ar 10 faoin chéad níos mó ná toirt an uisce. Tá gné seo an uisce neamhghnách ach tarlaíonn an rud céanna d’iarann.”

Mí na Nollag 2010. Thit an oiread sneachta ar na Sé Chontae (agus glacaim leis nach n-aithníonn an aimsir an chríochdheighilt) go raibh an stát ina chiolar chiot. Thit an sneachta ar bhóithre agus ar chuibhrinn, ar shráideanna cathrach agus ar shléibhte dorcha. Druideadh scoileanna, bóithre, aerfoirt agus ionaid oibre.

I ndiaidh an tseaca, tháinig an choscairt agus an triomach. Ní raibh daoine - 40,000 acu, meastar - in ann iad féin a ní, an leithreas a shruthlú, bolgam tae a dhéanamh réidh. Nuair a chuardaigh siad eolas práinneach ó Northern Ireland Water (NIW), má d’éirigh leo freagra a fháil ón taobh eile den ghuthán, ní raibh an t-eolas ar fáil nó ní raibh an t-eolas beacht. Triomach eolais mar bharr ar donas.

Is léir go raibh bord conspóideach stiúrtha NIW as láthair nuair a bhí an ceacht sin thuas á thabhairt mar a bhí siad as láthair ag na ranganna áirimh, staidéir ghnó, cumarsáide agus dá mbeadh rang soláthar uisce ar fáil, is cinnte go gcaillfeadh siad an rang sin fosta. Tá daoine ag rá gur cheart an locht a chur ar an aimsir, nach raibh sé chomh fuar ó bhí an oighearaois dheireanach ann, ach tá an pobal míshásta, ní leis an aimsir ach fan dóigh a raibh ciuránacht ar NIW agus an ghéarchéim os a gcomhair.

Mar is gnách i gcásanna mar seo, tá an uile dhuine ag cur an loicht ar an uile dhuine eile, ach tá gach taobh aontaithe go bhfuil praiseach déanta ag NIW - bhuel, seachas Conor Murphy an tAire Forbartha Réigiúnach, a bhfuil freagracht air as cúrsaí uisce i ndeireadh na dála. Bhí an chuma ar an scéal gur chuir an tAire ceist ar NIW cad é bhí á dhéanamh acu, gur fhreagair siadsan go raibh siad ag déanamh a ndíchill, agus gur dhúirt An tAire Murphy ‘Okay, maith go leor.”

Gan ach Púdar ar Fud na Mias

Ach bhí NIW ag stopadh uisce i gceantracha áirithe, ag aistriú uisce ó cheantar amháin go dtí ceantar eile, ag cur an uisce ag dul in áiteanna eile - gan inse d’áitritheoirí.

Ná déanaimis dearmad go bhfuil praiseach i ndiaidh praisigh ag dul ar aghaidh taobh istigh den eagraíocht. Rinne iar-Phríomhfheidmeannach amháin, Kathryn Bryan, botún cuntasaíochta a chiallaigh go mbeadh ardú sna táillí uisce sular imigh sí agus £250,000 ina póca aici mar chúiteamh.
Thug Conor Murphy bata agus bóthar do cheathrar ball den bhord i ndiaidh fiosrúcháin ar chúrsaí bronnta conartha agus d’ainmnigh sé ceathrar eile ach ba léir go raibh an eagraíocht mhífheidhmiúil i bhfad sular thit an chéad sneachta.

Ar na gnéithe is suimiúla fan chruachás, tá an caidreamh idir Conor Murphy agus an leas-Chéad Aire Martin McGuinness, beirt Shinn Féineach. Ba léir gur shíl McGuinness nach raibh a chomhghleacaí inchurtha leis an dúshlán agus sin an fáth gur ghlac sé freagracht don Fheidhmeannas sa ghéarchéim. Leoga, tá ceannaireacht á léiriú ag McGuinness nach bhfacthas ach sa bheag i measc Airí Stormont. Cá bhfuil Peter Robinson, mar shampla?

Le linn do Murphy a bheith ag tabhairt tacaíochta do NIW agus dá Phríomhfheidhmeannach, Laurence McKenzie, níor chuir McGuinness fiacail ann agus é ag cur an locht ar an an eagraíocht.
An ainnise seo, is díol deirce é dóibh sin atá ag iarraidh táillí uisce a thabhairt isteach ó thuaidh, cás láidir a dhéanamh go bhfuil an t-airgead breise riachtanach le go gcuirfear feabhas ar an bhonneagar uisce.

Feidhmíodh an Feidhmeannas Anois!

Ba dhoiligh ag an Rúnaí Stáit Coimeádach, Owen Paterson, a lúcháir a cheilt agus é ag maíomh gur faoin Fheidhmeannas amháin a bheas sé an córas uisce a chur ina cheart.

A mhalairt atá fíor i measc na gnáthmhuintire, ar ndóigh, atá ag cur na ceiste, cén fáth go mbeidh orthu sin díol as córas atá chomh lochtach is atá? Tá daoine ina scuainí ar fud na Sé Chontae ag bailiú uisce ó leoraithe móra inniu, agus muid i 2011. Cuid eile, tá siad ag bailiú uisce ó aibhneacha i radharc atá coitianta sa Tríú Domhan ach ní in áit atá chomh Briotanach le Finchley. Imeoidh Laurence McKenzie ó NIW i mbliana, tiocfaidh duine úr isteach a bhfuil taithí aige i soláthar uisce agus cuirfear athchruth ar an eagraíocht.

Cuirfidh Martin McGuinness cogar i gcluais Conor Murphy ach coinneoidh sé a phost. Is é an ghné is tábhachtaí le cuimhneamh air ná gur fágadh daoine san fhaopach - seandaoine, daoine breoite agus leanaí ina measc – agus nár cheart go dtarlódh sé arís. Mar sin féin, fanann ceisteanna tromchúiseacha. Cá has a dtiocfaidh an t-airgead d’uasghrádú an bhonneagair uisce? An mbeidh an córas in ann déileáil le macasamhail gheimhreadh 2010 i Seo anois an t-am don Fheidhmeannas é féin a chruthú.

RSS FREAGRAÍ NA LÉITHEOIRÍ  

© Oideas Gael, 2010. Cosc ar chóipeáil. Ní gá go mbeadh na tuairimí a nochtar i mBeo! ar aon dul le tuairimí na bhfoilsitheoirí. Suíomh cóirithe ag MBM. Úsáidtear grafaicí de chuid Fam Fam Fam agus Wikimedia Commons ar an láithreán seo.